EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R2063

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2063 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2021-2023

C/2021/6160

OJ L 421, 26.11.2021, p. 6–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2063/oj

26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2063 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2021-2023

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 13 de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 (2) ón gCoimisiún, tugtar mionsonraí faoin gcaoi ar féidir an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh ghrinnill áirithe in Uiscí an Iarthair a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse 2021-2023, tar éis dhá mholadh chomhpháirteacha a chuir an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Phortaingéil isteach (“Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt”) agus a chuir an Bheilg, Éire, an Spáinn, an Fhrainc agus an Ísiltír (“Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt”) isteach.

(2)

Faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015, tá díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme go sealadach go dtí an 31 Nollaig 2021. Sna cásanna sin, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu fianaise eolaíoch bhreise a thacaíonn leis an díolúine a chur isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2021. Ba cheart don Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (“STECF”) measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoin 31 Iúil 2021.

(3)

Chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Aibreán 2021, tar éis dóibh dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iarthuaiscirt agus leis an gComhairle Chomhairleach Pheiligeach, inar iarradh leasú ar an bplean maidir le hábhar muirí aischurtha i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthuaiscirt.

(4)

Chuir Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Aibreán 2021, tar éis dóibh dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iardheiscirt agus leis an gComhairle Chomhairleach Pheiligeach, inar iarradh leasú ar an bplean maidir le hábhar muirí aischurtha i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iardheiscirt.

(5)

Rinne STECF (3) athbhreithniú ar na moltaí comhpháirteacha sin i mí na Bealtaine 2021. Chuir an Coimisiún na dréachtghníomhartha tarmligthe faoi bhráid grúpa saineolaithe ina bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit an 16 Iúil 2021 ag cruinniú ar a raibh Parlaimint na hEorpa i láthair mar bhreathnóir.

(6)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 leagtar síos raon feidhme na ndíolúintí is infheidhme i bhfolimistéar 5 d’Uiscí an Iarthuaiscirt (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“ICES”) (seachas roinn 5a agus uiscí an Aontais amháin i roinn 5b), i bhfolimistéar 6 agus roinn 7). Leis an rialachán céanna sin, leagadh síos raon feidhme na ndíolúintí is infheidhme in Uiscí an Iardheiscirt (folimistéir 8, 9 agus 10 ICES (uiscí timpeall ar na hAsóir), agus i gCoiste Iascaigh um an Atlantaigh Thoir Láir (‘CECAF’) i gcriosanna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha). Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart tagairt shainráite a dhéanamh d’uiscí an Aontais sna limistéir sin agus na bearta sin á gcur i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a leasú.

(7)

D’iarr Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt díolúine nua inmharthanachta maidir le leathóga a ghabhtar le saighní (SSC) i ranna 7b go 7k de ICES. Chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt fianaise eolaíoch nua ar fáil chun rátaí arda marthanais a léiriú le haghaidh leathóg san iascach sin. Cuireadh an fhianaise sin faoi bhráid STECF, a tháinig ar an gconclúid (4) go bhfuil na sonraí maidir le rátaí marthanais iontaofa agus go dtugtar meastacháin láidre ar mharthanas leo le haghaidh an iascaigh sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a áireamh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015.

(8)

Le hAirteagal 10(4), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe 2020/2015 deonaíodh díolúine ard-inmharthanachta maidir le roic na súl dubh arna ngabháil le tráil ghrinnill i bhfolimistéar 8 ICES go dtí an 31 Nollaig 2021. D’iarr Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt síneadh a chur leis an díolúine go dtí an 31 Nollaig 2023. Rinne STECF athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a chuir Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt ar fáil agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na rátaí marthanais sna staidéir is déanaí íseal, ach go bhfuil leibhéal ard athraitheachta ag baint leo. Mar sin féin, tá sé beartaithe staidéir bhreise thaighde a dhéanamh in 2021 ina gcomhcheanglófar beogacht ar bord agus faireachán i mbraighdeanas. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a shíneadh go dtí 2022 chun dóthain ama a thabhairt chun na staidéir a chur i gcrích. Ní mór do na Ballstáit torthaí na staidéar sin ó STECF a thíolacadh faoin 1 Bealtaine 2022 ar a dhéanaí.

(9)

Le hAirteagal 13(1), pointe (f), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015, deonaíodh díolúine de minimis maidir le torcéisc arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill i ranna 7b go 7c agus 7f go 7k de ICES. D’iarr Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt go sonrófaí gur cheart ríomh na díolúine a bheith bunaithe ar ghabhálacha gach trealaimh. Tháinig STECF ar an gconclúid (5), cé go bhfuil impleachtaí ag an iarraidh seo maidir le hacmhainneacht cheadaithe an mhéid aischurtha de minimis, gur méid beag a thugtar le fios san ábhar muirí aischurtha ar leibhéal 0,5 % de minimis, is cuma cé acu an gcomhfhreagraíonn gabhálacha do gach trealamh nó nach gcomhfhreagraíonn na gabhálacha ach do na tráil ghrinnill. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine ach amháin maidir le cóid trealaimh na dtrál grinnill ábhartha mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a dheonú ar na téarmaí sin go dtí an 31 Nollaig 2022. Ceanglaítear ar na Ballstáit na sonraí maidir le gabhálacha a iarrann STECF a thíolacadh faoin 1 Bealtaine 2022 ar a dhéanaí.

(10)

Le hAirteagal 13(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 deonaíodh díolúine de minimis maidir le faoitíní arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill agus saighne, tráil pheiligeacha agus tráil bhíoma, i ranna 7b go 7k de ICES. Níor deonaíodh an díolúine sin ach go dtí mí na Nollag 2021, i bhfianaise stádas caomhnaithe foriomlán na bhfaoitíní i bhfolimistéir 7b go dtí k ICES. D’iarr Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt go gcuirfí síneadh leis an díolúine. Rinne STECF athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt ar fáil agus bhain sé de chonclúid (6) as go bhfuil na rátaí aischuir sách íseal agus go bhfuil feabhas tagtha ar roghnaíocht leis na bearta feabhais a tugadh isteach sa Mhuir Cheilteach (7). Mar sin féin, is stoc é an faoitín sa Mhuir Cheilteach a bhfuil dlúthbhaint aige le gabhálacha trosc na Mara Ceiltí agus déantar dianfhaireachán air. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2022 agus tá sé de cheangal ar na Ballstáit na sonraí gabhála a iarrann STECF a sholáthar tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2022.

(11)

Le hAirteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 deonaíodh díolúine de minimis maidir le faoitíní arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil pheiligeacha, tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní i bhfolimistéar 8 ICES. Mar sin féin, ar an liosta giaranna fágadh an trealamh a chomhfhreagraíonn do thráil pheiligeacha ar lár (OTM, PTM agus TM). D'iarr Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt ar an gCoimisiún an t-easnamh a cheartú. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a leasú.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a leasú dá réir.

(13)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta maidir le soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach ar fhoilsiú dó, Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“In Uiscí an Iarthuaiscirt san Aontas (folimistéir 5, 6 agus 7 ICES), Uiscí an Iardheiscirt (folimistéir 8, 9 agus 10 ICES (na huiscí timpeall ar na hAsóir), agus limistéir CECAF 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (na huiscí timpeall na hAsóir), beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 in iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha i gcomhréir leis an Rialachán seo le haghaidh na tréimhse 2021-2023.”

(2)

In Airteagal 6(1), cuirtear isteach an pointe (f) seo a leanas:

“(f)

an leathóg (Pleuronectes platessa) arna ngabháil i ranna 7b go 7k de ICES le saighní (SSC);”

(3)

In Airteagal 10(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

arna ngabháil le tráil ghrinnill i bhfolimistéar 8 ICES go dtí an 31 Nollaig 2022. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu faisnéis bhreise eolaíoch a thíolacadh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2022, faisnéis a thacaíonn leis an díolúine seo maidir le roic na súl dubh arna ngabháil le tráil ghrinnill. Déanfaidh STECF measúnú ar an bhfaisnéis eolaíoch sin faoin 31 Iúil 2022.”

(4)

In Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

i gcás torciasc (Caproidae), suas le huasmhéid 0,5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin maidir le gach trealamh sna limistéir sin, i gcás soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB) i ranna 7b, 7c agus 7f go 7k de ICES;”

(5)

In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“Beidh an díolúine de minimis a leagtar síos i bpointe (a) de mhír 1 infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2022. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu faisnéis eolaíoch bhreise maidir le comhdhéanamh gabhálacha a thíolacadh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2022. Déanfaidh STECF measúnú ar an bhfaisnéis eolaíoch arna soláthar faoin 31 Iúil 2022.”

(6)

In Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)

i gcás faoitíní (Merlangius merlangus), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil pheiligeacha, tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (cóid trealaimh: OTB, OTT, OTM, PTB, PTM, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, TM, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéar 8 ICES;”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 83, 25.3.2019, lch. 1.

(2)  OJ L 415, 10.12.2020, p. 22.

(3)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d

(4)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d

(5)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d

(6)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d

(7)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. IO L 31, 29.1.2021, lch. 31–192.


Top