EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R1705
Commission Delegated Regulation (EU) 2021/1705 of 14 July 2021 amending Delegated Regulation (EU) 2020/692 supplementing Regulation (EU) 2016/429 of the European Parliament and the Council as regards rules for entry into the Union, and the movement and handling after entry of consignments of certain animals, germinal products and products of animal origin (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1705 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a dteacht isteach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1705 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a dteacht isteach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/5121
OJ L 339, 24.9.2021, p. 40–55
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 339/40 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1705 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a dteacht isteach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 234(2), 237(4), 239(2) agus 279(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 (2) a fhorlíontar na rialacha maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a dteacht isteach san Aontas. |
(2) |
Tar éis a fhoilsiú Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, an 3 Meitheamh 2020, tugadh mionbhotúin agus easnaimh áirithe faoi deara i bhforálacha an Rialacháin Tharmligthe sin. Ba cheart na botúin agus na heasnaimh sin a cheartú, agus dá bhrí sin ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú dá réir sin. |
(3) |
Ina theannta sin, ba cheart rialacha áirithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun a áirithiú go mbeidh siad comhsheasmhach le rialacha a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe eile arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2016/429, agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(4) |
Is gá freisin Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun imthosca áirithe a chumhdach a fágadh ar lár as raon feidhme an ghnímh sin i dtús báire, agus is gá féidearthachtaí áirithe a chumhdach dá bhforáiltear i ngníomhartha de chuid an Aontais a glacadh roimh Rialachán (AE) 2016/429, agus ba cheart iad sin a choinneáil faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429. Tá sé sin tábhachtach chun aistriú rianúil a áirithiú ó na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha sin de chuid an Aontais a bhí ann roimhe sin maidir le hainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, nó chun soiléiriú a thabhairt faoi na speicis agus na catagóirí ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ar cheart feidhm a bheith ag ceanglais áirithe maidir leo nó nár cheart feidhm a bheith ag ceanglais áirithe maidir leo. |
(5) |
Le Rialachán (AE) 2020/692, ba cheart aistriú rianúil a áirithiú ó na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha de chuid an Aontais a bhí ann roimhe sin maidir le hainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, mar is léir go bhfuil siad éifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart aidhm agus substaint na rialacha sin atá ann cheana a choinneáil sa Rialachán Tarmligthe sin, ach iad a chur in oiriúint don chreat reachtach nua arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/429. |
(6) |
Ina theannta sin, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo, cé is moite de na táirgí sin atá beartaithe lena bpróiseáil tuilleadh san Aontas, ós rud é nach bhfuil aon chúis shuntasach a bhaineann le sláinte ainmhithe ann táirgí den sórt sin a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe sin. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 1(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ina leagtar amach raon feidhme an ghnímh sin, a leasú. |
(7) |
An sainmhíniú ar mhuc-ainmhí, mar a leagtar síos faoi láthair i bpointe (8) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, níl sé oiriúnach ach amháin chun críche teacht isteach na n-ainmhithe sin san Aontas. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún (4) leagtar síos rialacha i ndáil le gluaiseacht táirgí geirmeacha laistigh den Aontas, agus déantar forail ann maidir le sainmhíniú difriúil ar mhuc-ainmhithe, sainmhíniú is iomchuí i gcás deontóirí táirgí geirmeacha. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú ar mhuc-ainmhithe i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun teacht isteach san Aontas de mhuc-ainmhithe agus táirgí geirmeacha ó mhuc-ainmhithe araon a chumhdach. |
(8) |
Níl an sainmhíniú ar “bhád umair” a leagtar síos faoi láthair i bpointe (48) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 i gcomhréir leis an sainmhíniú ar “bhád umair” a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990 ón gCoimisiún (5). Ar mhaithe le comhsheasmhacht rialacha an Aontais, ba cheart an sainmhíniú i bpointe (48) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun é a thabhairt i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990. |
(9) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 leagtar síos ceanglais i ndáil le cigireacht a dhéanamh ar ainmhithe talún sula seolfar iad chuig an Aontas agus, i gcás éanlaithe clóis, cumhdaítear a n-ealta bhunaidh leis sin freisin. Mar sin féin, ba cheart a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag na ceanglais sin maidir le healta bhunaidh sicíní lae, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme go dtí an 21 Aibreán 2021 a leagadh síos i Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún (6). Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 13(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú dá réir sin. |
(10) |
Le Rialachán (AE) 2020/692 a bhfuil feidhm aige ón 21 Aibreán 2021, ba cheart aistriú rianúil a áirithiú ó na ceanglais a leagtar síos i ngníomhartha de chuid an Aontais a bhí ann roimhe sin maidir le hainmhithe talún, agus le táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe talún a theacht isteach san Aontas, mar is léir go bhfuil siad éifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart aidhm agus substaint na rialacha sin a choinneáil sa Rialachán Tarmligthe sin, ach iad a chur in oiriúint don chreat reachtach nua arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/429. Rinneadh foráil in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 ón gCoimisiún (7) maidir le coinsíneachtaí crúbach, seachas crúbacha a bhfuil sé beartaithe iad a choinneáil i mbunaíochtaí teoranta, tar éis iad a theacht isteach san Aontas, go bhfuil siad le fanacht ar an ngabháltas cinn scríbe ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad, mura rud é go seolfar go díreach chuig seamlas iad. Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 a aisghairm le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692. Mar sin féin, ní dhéantar foráil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 maidir leis an bhféidearthacht na crúbacha a aistriú go seamlas le linn na tréimhse 30 lá tar éis a dteacht isteach san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 26 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht sin, ós rud é nach n-eascraíonn aon ábhar imní suntasach faoi shláinte ainmhithe as gluaiseachtaí le linn na tréimhse sin. |
(11) |
Ina theannta sin, an maolú ón gceanglas i ndáil leis an tréimhse chónaithe 30 lá sa bhunaíocht cinn scríbe tar éis a dteacht isteach san Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 26 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 nach bhfuil feidhm aige faoi láthair ach amháin maidir le heach-ainmhithe atá beartaithe le haghaidh comórtas, rásaí agus imeachtaí cultúrtha, ba cheart an maolú sin a leathnú chun gach each-ainmhí a chumhdach, agus ba cheart an tAirteagal sin a leasú dá réir. |
(12) |
I Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 déantar foráil maidir le maolú ó na ceanglais a leagtar síos sa ghníomh sin maidir le teacht isteach coinsíneachtaí éanlaithe clóis agus uibheacha goir ó éanlaithe clóis san Aontas i gcás coinsíneachtaí ina bhfuil líon is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh, agus i gcás coinsíneachtaí ina bhfuil líon is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaithe clóis seachas ó raitítigh. Ceanglais áirithe i ndáil leis an modh iompair, leis na coimeádáin ina n-iompraítear isteach san Aontas iad, lena vacsaíniú in aghaidh fliú éanúil ardphataigineach agus lena ndíghalrú a bhfuil feidhm acu le héanlaith chlóis agus uibheacha goir, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin freisin, áfach, maidir le teacht isteach san Aontas de choinsíneachtaí ina bhfuil líon is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis, seachas raitítigh, agus de choinsíneachtaí ina bhfuil líon is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaithe clóis seachas ó raitítigh. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagail 49 agus 101 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú dá réir sin. |
(13) |
Foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 gur cheart gach éan i mbraighdeanas a sheolfar chuig an Aontas a bheith vacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar Newcastle. Mar sin féin, níl sé sin indéanta go praiticiúil agus níl sé ag teacht leis na ceanglais maidir le teacht isteach i mBallstáit leis an stádas saor ó ionfhabhtú víreas ghalar Newcastle gan vacsaíniú. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 57 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na ceanglais maidir leis na vacsaíní a úsáidtear in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar Newcastle i gcás nach ndearnadh na héin i mbraighdeanas a vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin. |
(14) |
Tagann colúir rásaíochta faoin sainmhíniú ar “éin i mbraighdeanas” a leagtar síos i bpointe (10), Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/429. Dá bhrí sin, na ceanglais shonracha maidir le sláinte ainmhithe i dtaca le héin i mbraighdeanas a leagtar síos i gCuid II, Teideal 3, Caibidil 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, tá feidhm acu maidir leis na hainmhithe sin freisin. Mar sin féin, leis na ceanglais sin cuirtear teorainn leis an bhféidearthacht go dtiocfadh colúir rásaíochta ó thríú tír nó ó thríú críoch nó ó chrios díobh isteach san Aontas agus é mar aidhm go n-eitleoidh siad ar ais go dtí an tríú tír nó tríú críoch nó crios díobh. Ina theannta sin, maidir le colúir rásaíochta a thugtar isteach san Aontas iad agus é mar aidhm go n-eitleoidh siad ar ais go dtí an tríú tír nó críoch tionscnaimh nó crios díobh, ní bhaineann an riosca céanna do shláinte ainmhithe leo agus a bhaineann le héin eile i mbraighdeanas. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le maolú ar na ceanglais shonracha maidir le sláinte ainmhithe d’éin i mbraighdeanas i dtaca le colúir rásaíochta a thabhairt isteach san Aontas ó thríú tír nó ó thríú críoch nó crios díobh, áit a gcoinnítear iad de ghnáth, agus é mar aidhm iad a scaoileadh láithreach agus go mbeifear ag súil leis go n-eitleoidh siad ar ais chuig an tríú tír sin nó an tríú críoch sin nó an crios sin díobh. |
(15) |
Is in Airteagal 74 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leagtar síos na ceanglais sainaitheantais maidir le madraí, cait agus firéid a theacht isteach san Aontas. A mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir lena meán sainaitheantais, tagraíonn sé do ghníomhartha cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2016/429. Mar sin féin, níor glacadh na gníomhartha cur chun feidhme sin go fóill toisc go ndéantar foráil in Airteagal 277 de Rialachán (AE) 2016/429 go leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) d’fheidhm a bheith aige go dtí an 21 Aibreán 2026 maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí de na speicis sin. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 74 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun tagairt a dhéanamh do cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 576/2013. |
(16) |
De bharr easnaimh, níl aon fhoráil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 maidir le cigireacht a dhéanamh ar choinsíneachtaí táirgí geirmeacha sula seolfar chuig an Aontas iad. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh coinsíneachtaí táirgí geirmeacha na ceanglais atá i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 sula gceadófar dóibh teacht isteach san Aontas, ba cheart an Rialachán Tarmligthe sin a leasú dá bhrí sin ionas go leagfar síos ann rialacha a bhaineann leis na scrúduithe agus na seiceálacha is gá ar na coinsíneachtaí sin. |
(17) |
Déantar foráil in Airteagal 86 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 gur cheart cead a thabhairt do choinsíneachtaí úicítí agus suthanna ó bhó-ainmhithe teacht isteach san Aontas má thagann ainmhí bronntach ó bhunaíocht atá saor ó liúcóis bhuaibheach eansótach. In Airteagal 87(2) den Rialachán Tarmligthe sin déantar foráil maidir le maolú le haghaidh bunaíocht nach bhfuil saor ó liúcóis bhuaibheach eansótach faoi réir coinníollacha go bhfuil na hainmhithe bronntacha níos óige na 2 bhliain d’aois agus nach raibh aon chás cliniciúil de liúcóis bhuaibheach eansótach le linn tréimhse 3 bliana roimhe sin ar a laghad. Ba cheart feidhm a bheith ag an maolú sin maidir le bó-ainmhithe bronntacha gan beann ar a n-aois. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 87(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú dá réir sin. |
(18) |
Déantar foráil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 nach mór d’uibheacha goir ó éanlaith chlóis a bheith de thionscnamh ealtaí a ndearnadh cigireacht chliniciúil orthu laistigh de thréimhse 24 uair an chloig roimh am luchtaithe na coinsíneachta uibheacha goir lena seoladh chuig an Aontas. Mar sin féin, chuir tríú tíortha agus geallsealbhóirí in iúl go méadaíonn gan údar an ceanglas sin an t-ualach riaracháin ar údaráis inniúla agus ar oibreoirí agus gur riosca é do bhithshlándáil na mbunaíochtaí. Ós rud é gur de thionscnamh bunaíochtaí formheasta iad na huibheacha sin, ar bunaíochtaí iad a chuireann rialacha diana bithshlándála i bhfeidhm, is iomchuí creat ama níos leithne a cheadú chun cigireacht chliniciúil a dhéanamh ar ealta bhunaidh na n-uibheacha goir, cosúil leis an méid dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (9) maidir le gluaiseacht na dtáirgí sin idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 107 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú dá réir sin. |
(19) |
I gCaibidil 4 de Theideal 2 de Chuid III de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 leagtar síos ceanglais maidir le huibheacha sonraithe saor ó phataiginí a theacht isteach san Aontas, lena n-áirítear ceanglais i ndáil le bunaíocht tionscnaimh na n-uibheacha sin. Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun foráil a dhéanamh go ndéanfar na bunaíochtaí sin i dtríú tíortha a fhormheas i gcomhréir leis na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir leis na bunaíochtaí sin san Aontas. |
(20) |
Ainmhithe uisceacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3) de Rialachán (AE) 2016/429, cuimsíonn sé sin ainmhithe atá ar coimeád agus ainmhithe fiáine. Dá bhrí sin, féadfar a cheadú d’ainmhithe uisceacha a theacht isteach san Aontas ó bhunaíochtaí dobharshaothraithe agus ó ghnáthóga fiáine. Dá bhrí sin, féadfar iad a sheoladh ó “áit tionscnaimh” nó ó “bunaíocht tionscnaimh”. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ba cheart an fhéidearthacht sin a cheadú agus dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 167, pointí (a) agus (d) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú dá réir. |
(21) |
In Airteagal 172 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 déantar foráil maidir le maoluithe le haghaidh catagóirí áirithe ainmhithe uisceacha agus na táirgí díobh ón gceanglas atá orthu a bheith de thionscnamh tríú tír nó tríú críoch, nó crios nó deighleog díobh atá saor ó ghalair. I ngach cás, áfach, ainmhithe dobharshaothraithe agus na táirgí díobh a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ní mór dóibh a bheith de thionscnamh bunaíochta, ar bunaíocht í atá cláraithe nó formheasta i gcomhréir le Cuid IV, Teideal II, Caibidil 1 de Rialachán (AE) 2016/429. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 172 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú leis an Rialachán seo chun a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag an maolú dá bhforáiltear ann maidir le hAirteagal 170, ach go sonrach maidir le hAirteagal 170(1) den Rialachán Tarmligthe sin. |
(22) |
De bharr easnaimh, ba cheart Airteagal 174(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú ionas go dtagróidh sé d’Airteagal 170(1)(a)(iii), seachas d’Airteagal 170(a)(iii). |
(23) |
Déantar foráil in Airteagal 226(3) de Rialachán (AE) 2016/429 go mbeidh bearta náisiúnta formheasta ag na Ballstáit i gcás galar seachas galar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d) den Rialachán sin. Ba cheart Airteagal 175 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus Iarscríbhinn XXIX a ghabhann leis a leasú chun a shoiléiriú go bhféadfaidh na Ballstáit na bearta sin a dhéanamh ní hamháin i gcás galair nach bhfuil liostaithe ach i gcás galair a liostaítear in Airteagal 9(1), pointe (e) de Rialachán (AE) 2016/429. |
(24) |
Mar gheall ar an gcumas fada stocála le haghaidh seamhain, úicítí agus suthanna, ba cheart bearta idirthréimhseacha áirithe maidir le táirgí geirmeacha a bhailítear, a tháirgtear, a phróiseáiltear agus a stóráiltear i gcomhréir le Treoracha 88/407/CEE (10), 89/556/CEE (11), 90/429/CEE (12) agus 92/65/CEE ón gComhairle (13) a leagan síos i gCuid IV de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692. Ba cheart na bearta sin a beith bainteach le formheas na lárionad bailithe seamhain, na lárionad stórála seamhain, na bhfoirne bailithe suthanna agus na bhfoirne táirgthe suthanna faoi na Treoracha sin, agus le marcáil sop agus pacáistí eile ina ndéantar seamhan, úicítí nó suthanna a chur, a stóráil agus a iompar. Ba cheart na bearta sin a bheith bainteach freisin leis na ceanglais maidir le táirgí geirmeacha a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil, leis na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe na n-ainmhithe bronntacha agus leis na tástálacha saotharlainne agus tástálacha eile a dhéantar ar ainmhithe bronntacha agus ar tháirgí geirmeacha faoi na Treoracha sin. Is gá a áirithiú nach gcuirfear isteach ar thrádáil na dtáirgí geirmeacha sin, i bhfianaise na tábhachta a bhaineann leo d’earnáil an phóraithe ainmhithe. Dá bhrí sin, chun leanúnachas a áirithiú maidir le teacht isteach san Aontas de choinsíneachtaí táirgí geirmeacha a bailíodh nó a táirgeadh roimh 21 Aibreán 2021 agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i dTreoracha 88/407/CEE, 89/556/CEE, 90/429/CEE agus 92/65/CEE, ba cheart forálacha idirthréimhseacha áirithe a leagan síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692. Ba cheart an Rialachán Tarmligthe sin a leasú dá réir sin. |
(25) |
I dTábla 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, leagtar síos, i measc nithe eile, na ceanglais maidir le tréimhsí cónaithe le haghaidh each-ainmhithe roimh a dteacht isteach san Aontas. Go háirithe, leagtar síos tréimhsí cónaithe sonracha le haghaidh each-ainmhithe seachas each-ainmhithe cláraithe, le haghaidh each-ainmhithe cláraithe agus le haghaidh teacht isteach capall cláraithe athuair tar éis a n-onnmhairithe shealadaigh. Ba cheart na tréimhsí cónaithe sin a bheith níos mionsonraithe chun díriú ar na rioscaí a eascraíonn as teacht isteach each-ainmhithe nach bhfuil sé beartaithe iad a mharú, teacht isteach capall cláraithe agus teacht isteach each-ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a mharú, chomh maith le teacht isteach athuair capall cláraithe tar éis a n-onnmhairithe shealadaigh. Ba cheart an Iarscríbhinn sin a leasú dá réir sin. |
(26) |
I dTábla 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, leagtar síos na ceanglais maidir le tréimhsí cónaithe le haghaidh éanlaith chlóis roimh a dteacht isteach san Aontas. Go háirithe, leagtar síos tréimhsí cónaithe sonracha d’éanlaith chlóis tháirgiúil le haghaidh táirgeadh feola nó uibheacha lena gcaitheamh agus d’éanlaith chlóis tháirgiúil chun soláthairtí éanlaithe géim a athstocáil, ach ní leagtar síos iad d’éanlaith chlóis tháirgiúil chun táirgí eile a tháirgeadh. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse chónaithe shonrach a leagan síos freisin le haghaidh chatagóir na héanlaithe táirgiúla chun táirgí eile a tháirgeadh. Ba cheart an Iarscríbhinn sin a leasú dá réir sin. |
(27) |
I bpointe 2 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le héanlaith chlóis agus uibheacha goir de thionscnamh tríú tír nó tríú críoch nó crios díobh i gcás nach gcomhlíonann na vacsaíní a úsáidtear in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar Newcastle na critéir shonracha a leagtar amach i bpointe 1 den Iarscríbhinn sin. Mar sin féin, ba cheart soiléiriú breise a thabhairt faoi cé acu de na ceanglais sin a bhfuil feidhm acu maidir le héanlaith chlóis, uibheacha goir agus a n-ealta bhunaidh. Ba cheart an Iarscríbhinn sin a leasú dá réir sin. |
(28) |
Leis na rialacha i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, déantar forlíonadh ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429. Toisc go bhfuil gaol idir na rialacha sin, leagtar síos iad le chéile in aon ghníomh amháin. Ar mhaithe le soiléireacht agus chun iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach, is iomchuí na rialacha lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leagan síos freisin i ngníomh tarmligthe ar leith lena bhforáiltear tacar cuimsitheach ceanglas maidir le hainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas. |
(29) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú dá réir sin. |
(30) |
Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón 21 Aibreán 2021. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):
|
(4) |
in Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “I gcás éanlaithe clóis, seachas sicíní lae, agus éin i mbraighdeanas, cuimseoidh an chigireacht sin ealta bhunaidh na n-ainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a sheoladh chuig an Aontas freisin.”; |
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26: “Airteagal 26 Gluaiseacht agus láimhseáil na gcrúbach tar éis dóibh a theacht isteach san Aontas Tar éis dóibh a theacht isteach san Aontas, fanfaidh crúbaigh, seachas each-ainmhithe, ina mbunaíocht cinn scríbe go ceann tréimhse 30 lá ar a laghad ón dáta a thiocfaidh siad isteach sa bhunaíocht sin, mura n-aistrítear iad lena marú.”; |
(6) |
Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:
|
(7) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 57: “Airteagal 57 Ceanglais shonracha sláinte ainmhithe maidir le héin i mbraighdeanas Ní cheadófar do choinsíneachtaí éan i mbraighdeanas a theacht isteach san Aontas ach amháin má chomhlíonann ainmhithe na coinsíneachta na ceanglais seo a leanas:
|
(8) |
In Airteagal 60, athuimhrítear pointe (b)(vi) mar phointe (c) mar a leanas:
|
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 62: “Airteagal 62 Maolú ar na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe i dtaca le héin i mbraighdeanas a theacht isteach san Aontas 1. De mhaolú ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 3 go 10, seachas i bpointe (a)(i) d’Airteagal 3, in Airteagail 11 go 19 agus in Airteagail 53 go 61, ceadófar do choinsíneachtaí éan i mbraighdeanas nach gcomhlíonann na ceanglais sin teacht isteach san Aontas más de thionscnamh tríú tíortha nó tríú críocha iad a liostaítear go sonrach maidir le teacht isteach éan i mbraighdeanas san Aontas bunaithe ar ráthaíochtaí coibhéiseacha. 2. De mhaolú ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11 agus in Airteagail 54 go 58, maidir le coinsíneachtaí colúir rásaíochta a thagann isteach san Aontas ó thríú tír nó ó thríú críoch nó crios díobh, áit a gcoinnítear iad de ghnáth, agus é mar aidhm iad a scaoileadh láithreach agus go mbeifear ag súil leis go n-eitleoidh siad ar ais chuig an tríú tír sin nó an tríú críoch sin nó crios díobh agus nach gcomhlíontar na ceanglais sin, ceadófar dóibh teacht isteach san Aontas má chomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:
3. De mhaolú ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 59, 60 agus 61, maidir le húdarás inniúil an Bhallstáit ina dtagann na colúir rásaíochta isteach san Aontas, féadfaidh sé a údarú go dtabharfar colúir rásaíochta isteach san Aontas gan iad a iompair go díreach chuig bunaíocht choraintín arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 más rud é:
|
(10) |
in Airteagal 74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Ní cheadófar do choinsíneachtaí madraí, cat ná firéad a theacht isteach san Aontas ach amháin má shainaithnítear gach ainmhí sa choinsíneacht ina n-aonar le trasfhreagróir in-insteallta mar a liostaítear i bpointe (e) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, rud a d’ionchlannaigh tréidlia agus a chomhlíonann na ceanglais theicniúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013.”; |
(11) |
in Airteagal 80, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
(12) |
in Airteagal 83, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(iii):
|
(13) |
i ndiaidh Airteagal 85, cuirtear an tAirteagal 85a seo a leanas isteach: “Airteagal 85a Cigireacht ar choinsíneachtaí táirgí geirmeacha sula seolfar chuig an Aontas iad Maidir le coinsíneachtaí seamhain, úicítí agus suthanna ó bhó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair agus each-ainmhithe, ní cheadófar dóibh a theacht isteach san Aontas ach amháin más rud é gur cuireadh na coinsíneachtaí sin faoi réir scrúdú amhairc agus seiceáil dhoiciméadach, arna ndéanamh ag tréidlia oifigiúil sa tríú tír nó sa tríú críoch thionscnaimh nó i gcrios díobh, laistigh den tréimhse 72 uair an chloig roimh am an tseolta chuig an Aontas mar a leanas:
|
(14) |
in Airteagal 87, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. De mhaolú ar phointe (b)(iii) d’Airteagal 86, ceadófar do choinsíneachtaí úicítí agus suthanna bó-ainmhithe a theacht isteach san Aontas más rud é go dtagann ainmhí bronntach ó bhunaíocht nach bhfuil saor ó liúcóis bhuaibheach eansótach ar choinníoll gur dheimhnigh an tréidlia oifigiúil atá freagrach as an mbunaíocht tionscnaimh nach raibh aon chás cliniciúil de liúcóis bhuaibheach eansótach sa bhunaíocht sin le linn tréimhse 3 bliana roimhe sin ar a laghad.”; |
(15) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 91: “Airteagal 91 Bunaíocht tionscnaimh na n-ainmhithe den chineál caorach agus na n-ainmhithe den chineál gabhair Ní cheadófar do choinsíneachtaí seamhain, úicítí agus suthanna ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair a theacht isteach san Aontas ach amháin más rud é gur bailíodh iad ó ainmhithe bronntacha a thagann ó bhunaíocht a bhí saor ó ionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis agus nach raibh siad riamh in aon bhunaíocht arbh ísle a stádas.”; |
(16) |
in Airteagal 100, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(ii):
|
(17) |
i bpointe (a) d’Airteagal 102, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:
|
(18) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 107, pointe (f):
|
(19) |
Leasaítear Airteagal 110 mar a leanas:
|
(20) |
in Airteagal 111, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(iii):
|
(21) |
i ndiaidh Airteagal 119, cuirtear an tAirteagal 119a seo a leanas isteach: “Airteagal 119a Cigireacht ar choinsíneachtaí táirgí geirmeacha sula seolfar chuig an Aontas iad Coinsíneachtaí seamhain, úicítí agus suthanna dá dtagraítear in Airteagal 117, ní cheadófar dóibh a theacht isteach san Aontas ach amháin más rud é gur cuireadh na coinsíneachtaí sin faoi réir scrúdú amhairc agus seiceáil dhoiciméadach, arna ndéanamh ag tréidlia oifigiúil sa tríú tír nó sa tríú críoch thionscnaimh nó i gcrios di, laistigh den tréimhse 72 uair an chloig roimh am an tseolta chuig an Aontas mar a leanas:
|
(22) |
in Airteagal 125(c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):
|
(23) |
in Airteagal 154, cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis: “3. Na hainmhithe as a dtagann bainne amh, gruth buí nó táirgí atá bunaithe ar ghruth buí a bhfuil a dteacht isteach san Aontas beartaithe, ní cheanglófar orthu an tréimhse chónaithe dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh, ar choinníoll gur tugadh isteach sa tríú tír nó sa tríú críoch nó i gcrios díobh ó:
|
(24) |
Leasaítear Airteagal 167 mar a leanas:
|
(25) |
in Airteagal 169(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(26) |
in Airteagal 172, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: “De mhaolú ar Airteagal 170(1), ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin maidir leis na catagóirí ainmhithe uisceacha seo a leanas:”; |
(27) |
in Airteagal 173, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(28) |
in Airteagal 174, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit an t-údarú dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo a dheonú ach amháin i gcás nach gcuirfear stádas sláinte na n-ainmhithe uisceacha ag áit an scaoilte nó in áit an tumtha i mbaol nuair a scaoilfear nó nuair a thumfar in uiscí nádúrtha iad, agus i ngach cás, comhlíonfaidh an scaoileadh sin san fhiadhúlra an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 170(1)(a)(iii).”; |
(29) |
Leasaítear Airteagal 175 mar a leanas:
|
(30) |
Leasaítear Cuid VII mar a leanas:
|
(31) |
Leasaítear Iarscríbhinní III, VIII, XV, XXVIII agus XXIX i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla)(IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus maidir le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990 ón gCoimisiún an Dé Máirt 28 Aibreán 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe agus le deimhniúchán i dtaca le gluaiseachtaí laistigh den Aontas d’ainmhithe uisceacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha (IO L 221, 10.7.2020, lch. 42).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta de thríú tíortha, críocha, criosanna nó deighleoga óna bhféadfar éanlaith chlóis agus táirgí éineola a allmhairiú isteach sa Chomhphobal agus a bheith faoi bhealach tríd agus na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 206/2010 ón gCoimisiún an 12 Márta 2010 lena leagtar síos liostaí de thríú tíortha, críocha nó codanna díobh atá údaraithe chun ainmhithe áirithe agus feoil úr a thabhairt isteach san Aontas Eorpach agus na ceanglais deimhniúcháin tréidliachta (IO L 73, 20.3.2010, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (IO L 178, 28.6.2013, lch. 1)
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).
(10) Treoir 88/407/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1988 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le trádáil i seamhan ainmhithe clóis den speiceas buaibheach laistigh den Chomhphobal agus maidir lena n-allmhairiú (IO L 194, 22.7.1988, lch. 10).
(11) Treoir 89/556/CEE ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 1989 maidir le coinníollacha le haghaidh sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil i suthanna ainmhithe clóis den speiceas buaibheach laistigh den Chomhphobal agus a n-allmhairiú ó thríú tíortha (IO L 302, 19.10.1989, lch. 1).
(12) Treoir 90/429/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le trádáil laistigh den Chomhphobal de sheamhan ainmhithe clóis den speiceas mucach agus allmhairí díobh (IO L 224, 18.8.1990, lch. 62).
(13) Treoir 92/65/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe, lena rialaítear trádáil agus allmhairithe isteach sa Chomhphobal d’ainmhithe, seamhan, ubháin agus suthanna nach bhfuil faoi réir na gceanglas maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos sna rialacha sonracha Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a ghabhann le Treoir 90/425/CEE (IO L 268, 14.9.1992, lch. 54).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní III, VIII, XV, XXVIII agus XXIX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 mar a leanas:
1. |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
2. |
in Iarscríbhinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1, fonóta (**):
|
3. |
In Iarscríbhinn XV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2: “2. CEANGLAIS SLÁINTE AINMHITHE MAIDIR LE hÉANLAITH CHLÓIS AGUS UIBHEACHA GOIR DE THIONSCNAMH TRÍÚ TÍR NÓ TRÍÚ CRÍOCH NÓ CRIOS DÍOBH I gCÁS NACH gCOMHLÍONANN NA VACSAÍNÍ A ÚSÁIDTEAR IN AGHAIDH IONFHABHTÚ VÍREAS GHALAR NEWCASTLE NA CRITÉIR SHONRACHA A LEAGTAR AMACH I BPOINTE 1 Maidir le héanlaith chlóis agus uibheacha goir de thionscnamh tríú tír nó tríú críoch nó crios díobh i gcás nach gcomhlíonann na vacsaíní a úsáidtear in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar Newcastle na critéir shonracha a leagtar amach i bpointe 1.2, ní mór dóibh na ceanglais a leagtar amach thíos a chomhlíonadh:
|
4. |
in Iarscríbhinn XXVIII, i bpointe 1, sa tábla, sa tríú ró, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála maidir le gealacán uibhe triomaithe:
|
5. |
in Iarscríbhinn XXIX, leasaítear an tábla tríd an téacs thíos a chur go díreach os cionn na líne a thagraíonn don ghalar víréime an Earraigh um víreas carbáin (SVC) agus dá speicis shoghabhálacha:
|