EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1400

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1400 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2021 lena socraítear na rátaí úis atá le húsáid chun na costais a ríomh a bhaineann le bearta idirghabhála maoiniúcháin, bearta lena gcuimsítear ceannach isteach, stóráil agus diúscairt le haghaidh bhliain chuntasaíochta CERT, 2022

C/2021/6117

OJ L 301, 25.8.2021, p. 6–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1400/oj

25.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 301/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1400 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Lúnasa 2021

lena socraítear na rátaí úis atá le húsáid chun na costais a ríomh a bhaineann le bearta idirghabhála maoiniúcháin, bearta lena gcuimsítear ceannach isteach, stóráil agus diúscairt le haghaidh bhliain chuntasaíochta CERT, 2022

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus (4) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um na Cistí Talmhaíochta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir le caiteachas a bhaineann leis na costais mhaoiniúcháin arna dtabhú ag na Ballstáit agus cistí á slógadh chun táirgí a cheannach isteach, foráiltear le hAirteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún (2) go gcinnfear é i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

Foráiltear le pointe I.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 go bhfuil na costais mhaoiniúcháin i dtrácht le ríomh ar bhonn ráta úis aonfhoirmeach le haghaidh an Aontais, ráta a shocróidh an Coimisiún ag tús gach bliana cuntasaíochta. Comhfhreagraíonn an ráta úis sin do mheánrátaí réamhcheaptha 3 mhí agus 12 mhí Euribor, arna dtaifeadadh le linn tréimhse thagartha 6 mhí a bheidh le cinneadh ag an gCoimisiún, roimh an bhfógra ó na Ballstáit dá bhforáiltear sa chéad mhír de phointe I.2 den Iarscríbhinn sin, agus ualú aon trian agus dhá thrian faoi seach aige.

(3)

Chun na rátaí úis is infheidhme maidir le bliain chuntasaíochta ar leith a chinneadh, foráiltear sa chéad mhír de phointe I.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 nach mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, faoin meánráta úis a d’íoc siad go hiarbhír le linn na tréimhse tagartha dá dtagraítear i bpointe I.1 den Iarscríbhinn sin, tráth nach déanaí ná an spriocdháta dá dtagraítear san iarraidh sin.

(4)

Thairis sin, i gcomhréir leis an dara mír de phointe I.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, in éagmais aon fhógra ó Bhallstát, san fhoirm agus faoin spriocdháta dá dtagraítear sa chéad mhír den phointe sin, ní mór a mheas gurb é 0 % an ráta úis a bheidh le híoc ag an mBallstát sin. I gcás ina ndearbhaíonn Ballstát nár íoc sé aon chostas úis toisc nach raibh táirgí talmhaíochta á stóráil go poiblí aige le linn na tréimhse tagartha, ní mór don Choimisiún an ráta úis sin a shocrú i gcomhréir leis an tríú mír den phointe sin.

(5)

Ós rud é nach raibh aon táirge talmhaíochta á stóráil go poiblí le linn na tréimhse tagartha 6 mhí atá socraithe le haghaidh mhí na Samhna 2020 go mí Aibreáin 2021, níor iarradh ar na Ballstáit fógraí a thabhairt faoin gcéad mhír de phointe I.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014. Dá bhrí sin, shocraigh an Coimisiún ráta úis tagartha de bhun an tríú mír den phointe sin.

(6)

I gcomhréir le pointe I.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, tá an ráta úis a chinnfear ar bhonn phointe I.2 den Iarscríbhinn sin le cur i gcomparáid leis an ráta úis aonfhoirmeach arna shocrú ar bhonn phointe I.1 den Iarscríbhinn sin. Ní mór an ráta úis is ísle den dá ráta úis sin a bheith ina ráta úis is infheidhme maidir le gach Ballstát. Mar sin féin, chun caiteachas na mBallstát a aisíoc, ní fhéadfar rátaí úis diúltacha a chur san áireamh.

(7)

Ba cheart na rátaí úis is infheidhme le haghaidh bhliain chuntasaíochta CERT, 2022 a shocrú agus na tosca éagsúla sin á gcur san áireamh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le caiteachas a bhaineann leis na costais mhaoiniúcháin arna dtabhú ag na Ballstáit agus cistí á slógadh chun táirgí a cheannach isteach is inmhuirearaithe ar bhliain chuntasaíochta an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), 2022, socrófar na rátaí úis dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (a), den Rialachán sin ag 0 %.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caiteachas idirghabhála poiblí (IO L 255, 28.8.2014, lch. 1).


Top