EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1287

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1287 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hiondocsacarb a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/5625

OJ L 279, 3.8.2021, p. 41–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1287/oj

3.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 279/41


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1287 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Lúnasa 2021

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hiondocsacarb a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Áiríodh an tsubstaint ghníomhach iondocsacarb in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, agus de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 meastar, dá bhrí sin, é a bheith formheasta faoin Rialachán sin, faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

An 26 Meitheamh 2018, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le hiondocsacarb a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18.

(3)

An 12 Samhain 2018, chuir údarás inniúil meastóireachta na Fraince in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Ós rud é go bhfuil meastóireacht iomlán á déanamh ag an údarás inniúil ar an iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) le tuairim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le formheas na substainte gníomhaí a athnuachan laistigh de 270 lá ón uair a gheofar an moladh ón údarás inniúil meastóireachta.

(5)

De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1030 (3), cuireadh siar go dtí an 30 Meitheamh 2022 dáta éaga an fhormheasa maidir le hiondocsacarb a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 chun go mbeidh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Níl an scrúdú tugtha chun críche fós ag an údarás inniúil meastóireachta, ná níl a thuarascáil mheasúnaithe ná conclúidí a mheastóireachta curtha faoi bhráid na Gníomhaireachta fós.

(6)

D’iarr an t-údarás inniúil meastóireachta ar an iarratasóir an 29 Deireadh Fómhair 2020 faisnéis bhreise a chur isteach chun an mheastóireacht a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus leag sé síos an 30 Meán Fómhair 2022 mar sprioc leis an bhfaisnéis seo a chur isteach.

(7)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dóigh gur in éag a rachaidh an formheas maidir le hiondocsacarb a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 sula nglacfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa maidir le hiondocsacarb a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 a chur ar atráth go ceann tréimhse a bheidh fada go leor chun go bhféadfar an scrúdú ar an iarratas a thabhairt chun críche.

(8)

I bhfianaise an ama is gá le go gcuirfeadh an t-údarás inniúil meastóireachta an mheastóireacht i gcrích agus le go n-ullmhódh agus go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht an tuairim isteach, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2024.

(9)

Seachas dáta éaga an fhormheasa, leanfaidh iondocsacarb de bheith formheasta lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I dtaca le dáta éaga an fhormheasa maidir le hiondocsacarb a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, cuirtear ar atráth é go dtí an 30 Meitheamh 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1030 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2019 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le hiondocsacarb a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 (IO L 167, 24.6.2019, lch. 32).


Top