EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1056

Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

PE/5/2021/REV/1

OJ L 231, 30.6.2021, p. 1–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/03/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1056/oj

30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 231/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2021

lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 agus do phointe (a) d’Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag féachaint do na tuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gcreat rialála lena rialaítear beartas comhtháthaithe an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027, i gcomhthéacs an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile, rannchuidítear le comhlíonadh ghealltanais an Aontais Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (5) (“Comhaontú Pháras”) a chur chun feidhme, chun leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht dhomhanda a theorannú go dtí faoi bhun 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe trí chistiú an Aontais a dhíriú ar chuspóirí glasa. Leis an Rialachán seo, ba cheart go gcuirtear chun feidhme ceann de na tosaíochtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” agus is cuid é den Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe lena gcuirtear maoiniú tiomnaithe ar fáil faoin Sásra um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an bheartais comhtháthaithe chun aghaidh a thabhairt ar na costais sóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a bhaineann leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach agus aeráid-neodrach, ina ndéantar aon astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fágtha a chúiteamh le hionsúcháin choibhéiseacha.

(2)

Tá an t-aistriú i dtreo geilleagar ciorclach agus aeráid-neodrach ar cheann de na cuspóirí beartais is tábhachtaí atá ag an Aontas. An 12 Nollaig 2019, rinne an Chomhairle Eorpach formhuiniú ar an gcuspóir Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Cé go mbainfidh gach réigiún agus gach Ballstát leas as comhrac an athraithe aeráide agus an díghrádaithe comhshaoil san fhadtéarma agus go gcuirfidh sin deiseanna agus dúshláin ar fáil do chách sa mheántéarma, ní thosaíonn gach ceann acu ar a n-aistriú ón bpointe céanna agus níl an cumas freagartha céanna acu. Tá roinnt acu sin níos forbartha ná cinn eile, agus bíonn tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil níos leithne ag an aistriú ar na réigiúin sin a bhíonn ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise le haghaidh úsáid fuinnimh - go háirithe gual, lignít, móin agus sceall ola - nó ar thionscail atá dian ar gháis ceaptha teasa. I gcás den sórt sin, cruthaítear an baol go mbeidh aistriú ar luasanna éagsúla san Aontas i dtaca leis an ngníomhú ar son na haeráide, ach an baol freisin go dtiocfadh méadú ar na héagothromaíochtaí idir na réigiúin, rud a dhéanfadh dochar do chuspóirí an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh.

(3)

Chun go n-éireoidh leis an aistriú agus chun go mbeidh sé inghlactha go sóisialta ag cách, ní mór dó a bheith cothrom agus cuimsitheach. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit agus dá gcuid réigiún na himpleachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige a chur san áireamh ón tús, agus leas a bhaint as gach ionstraim is féidir chun drochiarmhairtí a mhaolú. Tá ról tábhachtach ag buiséad an Aontais i ndáil leis sin.

(4)

Mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, ba cheart an Sásra um Aistriú Cóir a bheith comhlántach do na gníomhaíochtaí eile faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse ó 2021 go 2027. Ba cheart dó rannchuidiú le dul i ngleic leis na hiarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil, go háirithe d’oibrithe a ndéantar difear dóibh sa phróiseas a bhainfeadh leis an aistriú i dtreo Aontas aeráid-neodracht faoi 2050, tríd an gcaiteachas ó bhuiséad an Aontais ar chuspóirí aeráide agus sóisialta a thabhairt le chéile ar an leibhéal réigiúnach agus trí ardchaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a bheith mar aidhm leis.

(5)

Leis an Rialachán seo, ba cheart an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) a bhunú, ar chiste é atá ar cheann de cholúin de chuid an tSásra um Aistriú Cóir a chuirtear chun feidhme faoin mbeartas comhtháthaithe. Is iad na haidhmeanna atá ag CUAC maolú a dhéanamh ar dhrochiarmhairtí an aistrithe aeráide trí thacaíocht a thabhairt sna críocha is mó a n-imríonn siad tionchar orthu agus do na hoibrithe lena mbaineann agus aistriú cothrom socheacnamaíoch a chur chun cinn. I gcomhréir le cuspóir sonrach amháin CUAC, ba cheart do na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC rannchuidiú go díreach chun laghdú a dhéanamh ar thionchar an aistrithe agus trí mhaolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí diúltacha ar an bhfostaíocht agus trí mhaoiniú a dhéanamh ar éagsúlú agus nuachóiriú an gheilleagair áitiúil. Bunaítear an cuspóir sonrach amháin CUAC ar an leibhéal céanna agus liostaítear é in éineacht leis na cuspóirí beartais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(6)

Mar léiriú ar an gComhaontú Glas don Eoraip arb í straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais agus ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, tá an Ciste um Aistriú Cóir ceaptha rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a phríomhshruthú agus le baint amach sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a chaitheamh ar thacú le cuspóirí aeráide agus leis an uaillmhian 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, agus ag an am céanna aon fhorluí atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a mheas. Is acmhainní breise iad na hacmhainní ó imchlúdach airgeadais CUAC féin a chuirtear leis na hinfheistíochtaí is gá chun an sprioc fhoriomlán go mbeadh 30 % den chaiteachas as buiséad an Aontais ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide a bhaint amach. Ba cheart, trí bhíthin na hacmhainní sin, rannchuidiú go hiomlán leis an sprioc sin a bhaint amach mar aon trí bhíthin na hacmhainní arna n-aistriú ar bhonn deonach ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus ó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Sa chomhthéacs seo, le CUAC, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear caighdeáin aeráide agus chomhshaoil agus tosaíochtaí an Aontais agus nach ndéanann aon dochar suntasach leo do na cuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus lena n-áirithítear an t-aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin, rud a chabhróidh le hAontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050.

(7)

Ba cheart do na hacmhainní ó CUAC comhlánú a dhéanamh ar na hacmhainní a bheidh ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe.

(8)

Is dúshlán do na Ballstáit uile é an t-aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach. Beidh sé ina dhúshlán ar leith do na Ballstáit sin a bhíonn ag brath, nó a bhí ag brath go dtí le déanaí, go mór ar bhreoslaí iontaise nó ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha atá dian ar gháis ceaptha teasa ar gá deireadh a chur leo go céimnitheach nó ar gá iad a oiriúnú i ngeall ar an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach agus nach bhfuil na hacmhainní airgeadais acu chun é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin ba cheart gach Ballstát a chumhdach le CUAC, ach ba cheart agus a acmhainní airgeadais á ndáileadh, díriú ar na críocha sin is mó a ndéanann próiseas an aistrithe aeráide difear dóibh, agus ba cheart don dháileadh sin léiriú a dhéanamh ar acmhainneacht na mBallstát na hinfheistíochtaí atá riachtanach chun déileáil leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach a mhaoiniú.

(9)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle de bhun Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (“an Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna cur chun feidhme indíreach, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht saineolaithe seachtracha agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(10)

Chun úsáid éifeachtach acmhainní CUAC a áirithiú, ba cheart an rochtain ar CUAC a theorannú do 50 % den leithdháileadh náisiúnta do na Ballstáit sin nár thug gealltanas go fóill go gcuirfidh siad chun feidhme an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, leis an 50 % eile á chur ar fáil le haghaidh clársceidealaithe ach a nglacfar leis an ngealltanas sin. Chun cothroime a áirithiú agus chun go gcaithfear go comhionann leis na Ballstáit, i gcás nach bhfuil gealltanas tugtha ag Ballstát an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050 faoin 31 Nollaig i mbliain ar bith ag tosú ó 2022, ba cheart an gealltanas buiséadach don bhliain roimhe sin a shaoradh ina iomláine an bhliain dár gcionn.

(11)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (11) agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní arna leithdháileadh ann, ba cheart bearta téarnaimh agus athléimneachta faoi CUAC a dhéanamh chun dul i ngleic le tionchar ghéarchéim COVID-19 nach raibh a leithéid ann riamh roimhe. Ba cheart na hacmhainní breise sin a úsáid sa chaoi go n-áiritheofar go gcomhlíonfar na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán sin.

(12)

Leis an Rialachán seo, ba cheart cineálacha infheistíochtaí a shainaithint, a gceadófaí le CUAC tacú le caiteachas dá gcuid. Ba cheart gealltanais agus tosaíochtaí aeráide, comhshaoil agus sóisialta an Aontais a urramú go hiomlán agus gach gníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht á saothrú. Ba cheart a áireamh ar liosta na n-infheistíochtaí cinn a thacaíonn le geilleagair áitiúla trína bpoitéinseal fáis inginiúil a spreagadh i gcomhréir leis na straitéisí speisialtóireachta cliste faoi seach, lena n-áirítear turasóireacht inbhuanaithe i gcás inarb iomchuí. Caithfidh infheistíochtaí a bheith inbhuanaithe san fhadtéarma, agus cuspóirí uile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip á gcur san áireamh. Ba cheart do na tionscadail a dtugtar maoiniú dóibh rannchuidiú le haistriú go geilleagar inbhuanaithe, aeráid-neodrach agus ciorclach, lena n-áirítear bearta lena ndírítear ar éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú. Níor cheart tacaíocht a thabhairt don loscadh dramhaíola ós rud é go mbaineann an ghníomhaíocht seo leis an gcuid íochtair d’ordlathas an gheilleagair chiorclaigh dramhaíola. Ba cheart seirbhísí comhairliúcháin a chuireann le cur chun feidhme na mbeart a dtacaíonn CUAC leo a bheith incháilithe freisin. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann, tacú le hathnádúrúchán láithreán, le forbairt bonneagair ghlais agus le bainistiú uisce mar chuid de thionscadal athchóiriúcháin talún. Agus tacaíocht á tabhairt do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart, le CUAC, go bhféadfaí tacú le hinfheistíochtaí amhail iadsan a chuidíonn freisin leis an mbochtaineacht fuinnimh a laghdú, go príomha trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh stoic tithíochta. Le CUAC, ba cheart go bhféadfaí tacú freisin le forbairt teicneolaíochtaí nuálacha stórála.

(13)

Chun na saoránaigh is leochailí ó thaobh an aistrithe aeráide de a chosaint, le CUAC, ba cheart uas-sciliú agus athsciliú, lena n-áirítear oiliúint, na n-oibrithe a n-imrítear tionchar orthu freisin, a chumhdach, gan beann ar cé acu atá siad fós fostaithe nó atá a bpost caillte acu mar gheall ar an aistriú. Le CUAC, ba cheart féachaint le cabhrú leo iad féin a chur in oiriúint do dheiseanna nua fostaíochta. Le CUAC, ba cheart aon chineál tacaíochta iomchuí a chur ar fáil freisin do chuardaitheoirí poist, lena n-áirítear cúnamh chun post a chuardach agus iad a chuimsiú go gníomhach sa mhargadh saothair. Ba cheart do gach cuardaitheoir poist a chaill a bpost in earnálacha a ndéanann an t-aistriú difear dóibh i réigiún atá clúdaithe leis an bplean críochach um aistriú cóir a bheith incháilithe tacaíocht a fháil ó CUAC fiú mura bhfuil na hoibrithe a briseadh as a bpost ina gcónaí sa réigiún sin. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar shaoránaigh atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh, go háirithe agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh á gcur chun feidhme le haghaidh dálaí tithíochta sóisialta feabhsaithe.

(14)

Ba cheart tacaíocht do ghníomhaíochtaí i réimse an oideachais agus an chuimsithe shóisialta a cheadú agus tacaíocht do bhonneagar sóisialta chun críocha saoráidí cúraim leanaí agus seandaoine agus in ionaid oiliúna chomh maith agus ar choinníoll go bhfuil údar iomchuí leis na gníomhaíochtaí sin sna pleananna críochacha um aistriú cóir. I gcás cúram scothaosta, ba cheart an prionsabal maidir le cur chun cinn cúraim phobalbhunaithe a chaomhnú. D’fhéadfadh seirbhísí sóisialta agus poiblí sna réimsí sin an meascán infheistíochta a thabhairt chun críche. Ba cheart údar cuí sna pleananna críochacha um aistriú cóir a bheith ag teastáil maidir le tacaíocht ar bith a sholáthrófar sna réimsí sin agus ba cheart don tacaíocht sin cloí le cuspóirí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(15)

Chun aghaidh a thabhairt ar staid agus ról sonrach na mban san aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach, ba cheart comhionannas inscne a chur chun cinn. Tá ról tábhachtach ag rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus ag an bhfiontraíocht, mar aon le pá comhionann, chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Le CUAC, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha atá thíos go díréireach le drochéifeachtaí an aistrithe, amhail oibrithe faoi mhíchumas. Ní mór féiniúlacht na bpobal mianadóireachta a chaomhnú agus ní mór leanúnachas na bpobal a bhí ann san am a caitheadh agus na gcomhphobal a bheidh ann amach anseo a choimirciú. Is éard atá i gceist leis sin ná aird ar leith a thabhairt ar a n-oidhreacht mhianadóireachta inláimhsithe agus doláimhsithe, lena n-áirítear a gcultúr.

(16)

Chun feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch a n-imríonn an t-aistriú tionchar orthu, ba cheart, le CUAC, tacú le fiontair agus le geallsealbhóirí eacnamaíocha, lena n-áirítear trí thacú le hinfheistiochtaí táirgiúla i micreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide (12) (FBManna). Ba cheart infheistíochtaí táirgiúla a thuiscint mar infheistíocht i gcaipiteal seasta nó sócmhainní neamhábhartha fiontar, d’fhonn earraí agus seirbhísí a tháirgeadh, rud a chuirfidh, dá bhrí sin, leis an oll-infheistíocht agus le fostaíocht. I gcás fiontair eile nach FBManna iad, níor cheart tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla ach amháin má tá siad riachtanach chun caillteanais post a bhíonn ann mar thoradh ar an aistriú a mhaolú, trí líon suntasach post a chruthú nó a chosaint, agus nach mbeidh athlonnú ann mar thoradh orthu ná dá mbarr. Ba cheart infheistíochtaí i saoráidí tionsclaíocha atá ann cheana, lena n-áirítear iad sin a chumhdaítear faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, a cheadú má rannchuidíonn siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050 agus má théann siad cuid mhaith faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus má dhéantar líon suntasach post a chosaint mar thoradh orthu. Ba cheart aon infheistíocht den sórt sin a chuí-réasúnú dá réir sa phlean críochach um aistriú cóir ábhartha. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh agus an bheartais comhtháthaithe a chosaint, ba cheart don tacaíocht do ghnóthais rialacha an Aontais maidir le státchabhair mar a leagtar amach in Airteagail 107 agus 108 CFAE a chomhlíonadh agus, go háirithe, ba cheart tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad a bheith teoranta d’fhiontair atá lonnaithe i limistéir atá ainmnithe mar limistéir fóirithinte chun críocha phointí (a) agus (c) d’Airteagal 107(3) CFAE.

(17)

Chun solúbthacht a sholáthar le haghaidh clársceidealú acmhainní CUAC faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis, ba cheart é a bheith indéanta clár neamhspleách CUAC a ullmhú nó acmhainní CUAC a chlársceidealú i dtosaíocht thiomnaithe amháin nó níos mó laistigh de chláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ nó ón gCiste Comhtháthaithe. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060, d’fhéadfaí acmhainní CUAC a threisiú ar bhonn deonach le cistiú comhlántach ó CFRE agus ó CSE+. I gcás den sórt sin, ba cheart do na méideanna faoi seach a aistrítear ó CFRE agus ó CSE+ a bheith ag teacht leis na cineálacha oibríochtaí a leagtar amach sna pleananna críochacha um aistriú cóir.

(18)

Ba cheart cur chun feidhme éifeachtach ar phróiseas aistrithe i gcríoch sonrach chun geilleagar aeráid-neodrach a bhaint amach a bheith ina choinníoll le haghaidh tacaíocht CUAC. Ar an ábhar sin, ba cheart do na Ballstáit pleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú, in idirphlé sóisialta agus i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, i gcomhréir le foráil ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 um chomhpháirtíocht, agus le tacaíocht ón gCoimisiún, ina leagtar amach mionsonraí an phróisis aistrithe, ag teacht lena bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún Ardán um Aistriú Cóir a chur ar bun, a chuirfeadh leis an ardán atá ann cheana féin le haghaidh na réigiún guail atá i mbun aistrithe, le gur féidir malartuithe taithí déthaobhacha agus iltaobhacha a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na dea-chleachtais, thar gach earnáil a ndéantar difear di. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bardais agus cathracha rannpháirteach i gcur chun feidhme acmhainní CUAC agus go gcuirfear a riachtanais san áireamh sa chomhthéacs sin.

(19)

Sna pleananna críochacha um aistriú cóir, ba cheart na críocha ina mbeidh an tionchar is diúltaí a shainaithint, críocha ar cheart tacaíocht CUAC a dhíriú orthu, agus tuairisc a thabhairt ar ghníomhaíochtaí sonracha atá le déanamh chun spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas a bhaint amach faoi 2050, go háirithe a mhéid a bhaineann le saoráidí ina bhfuil táirgeadh breoslaí iontaise nó gníomhaíochtaí eile atá dian ar gháis ceaptha teasa ar siúl a thiontú nó a dhúnadh. Ba cheart na críocha sin a bheith sainithe go beacht agus ag freagairt do leibhéal 3 den aicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (“réigiúin NUTS leibhéal 3”), arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), nó a bheith ina gcodanna díobh. Ba cheart dúshláin agus riachtanais na gcríoch sin a leagan amach sna pleananna, agus rioscaí ó thaobh dídhaonraithe de á gcur san áireamh, agus na cineálacha oibríochtaí atá de dhíth chun rannchuidiú le poist a chruthú ar leibhéal tairbhithe an phlean a shainaithint agus ar dhóigh a áiritheoidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha a fhorbairt ar bhonn comhleanúnach atá ag teacht leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip freisin. I gcás ina sainaithnítear na críocha sin, ba cheart aird bhreise a thabhairt ar shainiúlachtaí oileán, limistéir oileánacha agus na réigiún is forimeallaí a bhféadfadh go dteastódh, mar thoradh ar na saintréithe geografacha agus socheacnamaíocha, cur chuige difriúil ina leith chun tacú le próiseas an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach. Níor cheart ach d’infheistíochtaí atá i gcomhréir leis na pleananna críochacha um aistriú cóir tacaíocht airgeadais a fháil ó CUAC. Ba cheart do na pleananna críochacha um aistriú cóir a bheith mar chuid de na cláir, de réir an cháis, a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó CUAC, atá formheasta ag an gCoimisiún.

(20)

Chun úsáid acmhainní CUAC a fheabhsú ionas go mbeidh siad dírithe níos mó ar thorthaí, ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a bheith in ann ceartúcháin airgeadais a chur i bhfeidhm i gcás drochfheidhmíocht thromchúiseach ó thaobh na spriocanna arna mbunú le haghaidh chuspóir sonrach CUAC a chomhlíonadh.

(21)

Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh CUAC, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun an miondealú bliantúil ar na hacmhainní atá ar fáil de réir an Bhallstáit a leagan amach.

(22)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon tacaíocht a thabhairt do dhaoine, do gheilleagar agus do chomhshaol na gcríoch sin a bhfuil claochlú eacnamaíoch agus sóisialta ó bhonn rompu chun aistriú go geilleagar aeráid-neodrach, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus ar chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla, agus mar gheall ar an teorainn ar acmhainní airgeadais na mBallstát agus na gcríoch, agus, de bharr an gá le creat cur chun feidhme comhsheasmhach lena gcumhdaítear roinnt cistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte; gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(23)

I bhfianaise ghlacadh an Rialacháin seo tar éis thús na tréimhse clársceidealaithe, agus ag cur san áireamh gur gá CUAC a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe agus comhchuibhithe, agus chun go bhféadfar é a chur chun feidhme go pras, ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine, do gheilleagair agus do chomhshaol na gcríoch sin a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha rompu a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid a shainítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050.

Leagtar síos leis cuspóir sonrach CUAC, an cumhdach geografach agus na hacmhainní a bhaineann leis, raon feidhme na tacaíochta a thugtar leis maidir leis an sprioc Infheistíochta le haghaidh post agus fáis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(2) den Rialachán (AE) 2021/1060, chomh maith le forálacha sonracha maidir le clársceidealú agus na táscairí is gá chun faireachán a dhéanamh.

Airteagal 2

Cuspóir sonrach

I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach aonair maidir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras.

Airteagal 3

Cumhdach geografach agus acmhainní faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis

1.   Tacófar le CUAC leis an sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis sna Ballstáit uile.

2.   Is é EUR 7 500 000 000 i bpraghsanna 2018 a bheidh ar fáil sa ghealltanas buiséadach don tréimhse 2021-2027 sna hacmhainní do CUAC faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis faoi mar a bhunaítear i pointe (g) d’Airteagal 110(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

3.   Féadfar na achmhainní dá dtagraítear i mír 2 a mhéadú, de réir mar a bheidh, le hacmhainní breise a leithdháilfear i mbuiséad an Aontais, agus le hacmhainní eile i gcomhréir leis an mbunghníomh is infheidhme.

4.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní atá ar fáil, lena n-áirítear aon acmhainní breise dá dtagraítear i mír 3, de réir an Bhallstáit i gcomhréir leis na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 4

Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

1.   Déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 a chur chun feidhme faoin Rialachán seo le méid EUR 10 000 000 000 i bpraghasanna 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus faoi réir Airteagal 3(3), (4), (7) agus (9) de Rialachán (AE) 2020/2094.

Measfar gur acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Rialachán seo é an méid sin. De réir mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094, is éard a bheidh sa mhéid sin ioncam sannta seachtrach chun críoch Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.

2.   Cuirfear an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis do na blianta 2021 go 2023, de bhreis ar na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3, mar a leanas:

2021: EUR 2 000 000 000;

2022: EUR 4 000 000 000;

2023: EUR 4 000 000 000.

Méid de EUR 15 600 000 i bpraghsanna 2018 a gcuirfear ar fáil le haghaidh caiteachas riaracháin ó na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

3.   Déanfar an miondealú bliantúil ar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo de réir an Bhallstáit a chumhdach sa Chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3(4) i gcomhréir leis na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

4.   De mhaolú ar Airteagal 14(3) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na rialacha saortha a leagtar amach i gCaibidil IV de Theideal VII de Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis na gealltanais bhuiséadacha a bheidh bunaithe ar acmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, ní úsáidfear na hacmhainní sin le haghaidh clár nó gníomhaíocht a bheidh ann ina dhiaidh sin.

5.   Breacfar na híocaíochtaí sa ghealltanas is túisce a bheidh oscailte de CUAC, ag tosú ar dtús leis na gealltanais ó na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 go dtí go mbeidh siad ídithe.

Airteagal 5

An Sásra Luaíochta Ghlais

1.   Más rud é, de bhun Airteagal 3(3), go méadófar ar na hacmhainní do CUAC roimh an 31 Nollaig 2024, leithdháilfear na hachmhainní breise ar na Ballstáit ar bhonn na sciaranna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.   Más rud é, de bhun Airteagal 3(3) den Rialachán seo, go méadófar ar na hacmhainní do CUAC tar éis an 31 Nollaig 2024, leithdáilfear na hacmhainní breise ar na Ballstáit i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo, ar bhonn an athraithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a saoráidí tionsclaíocha sa tréimhse ón mbliain 2018 go dtí an bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Déanfar an t-athrú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit a ríomh trí astaíochtaí gás ceaptha teasa na réigiúin leibhéal NUTS 3 sin a sainaithníodh sna pleananna críochacha um aistriú cóir, agus sna réigiúin sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán seo.

Déanfar leithdháileadh acmhainní breise do gach Ballstát a chinneadh i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

i gcás Ballstáit ar éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhain gach Ballstát amach a ríomh trí leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain tagartha is déanaí a shloinneadh mar chéatadán de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a tugadh faoi deara in 2018; i gcás Ballstáit nár éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, socrófar an céatadán sin ag 100 %.

(b)

déanfar sciar deiridh gach Ballstáit a ríomh trí na sciaranna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a roinnt ar na céatadáin a thagann as pointe (a); agus

(c)

déanfar toradh an ríomha faoi phointe (b) a athscálú chun suimiú suas go dtí 100 %.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na hacmhainní breise a áireamh ina gcláir agus tíolacfaidh siad leasú cláir i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 6

Leithdháiltí sonracha le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán

Agus a bpleananna críochacha um aistriú cóir á n-ullmhú acu i gcomhréir le hAirteagal 11(1), tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar staid na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha acu a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, ag féachaint dá riachtanais shonracha mar a aithnítear iad in Airteagal 174 agus in Airteagal 349 CFAE.

Agus na críocha sin á gcur san áireamh ina bpleananna críochacha um aistriú cóir, leagfaidh na Ballstáit amach an méid sonrach a leithdháilfear do na críocha sin mar aon leis an mbonn cirt comhfhreagrach, agus dúshláin shonracha na gcríoch seo á gcur san áireamh acu.

Airteagal 7

Rochtain choinníollach ar acmhainní

1.   I gcás nach mbeidh gealltanas tugtha ag Ballstát an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, ní dhéanfar ach 50 % de na leithdháiltí bliantúla don Bhallstát sin a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 3(4) agus 4(3) a chur ar fáil le haghaidh clársceidealaithe agus a áireamh sna tosaíochtaí.

De mhaolú ar Airteagal 10(1) den Rialachán seo, ní dhéanfar an 50 % atá fágtha de na leithdháiltí bliantúla a áireamh sna tosaíochtaí. Sna cásanna sin, ní áireofar sna cláir a fhaigheann tacaíocht ó CUAC agus a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/1060 ach 50 % de leithdháiltí bliantúla CUAC sa tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(ii) d’Airteagal 22(3) den Rialachán sin. Sa tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(i) d’Airteagal 22(3) den Rialachán sin, déanfar na leithdháiltí atá ar fáil le haghaidh clársceidealaithe agus na leithdháiltí nach ndéanfar a chlársceidealú a shainaithint ar leithligh.

2.   Ní fhormheasfaidh an Coimisiún cláir ina bhfuil tosaíocht CUAC, nó aon leasú air, ach amháin i gcás ina n-urramófar na ceanglais a leagtar amach sa chuid sin a bhaineann leis an leithdháileadh clársceidealaithe i gcomhréir le mír 1.

3.   A luaithe a bheidh gealltanas tugtha ag Ballstáit an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, féadfaidh sé iarraidh a thíolacadh go ndéanfar gach clár a fhaigheann tacaíocht ó CUAC a leasú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus na leithdháiltí neamh-chlársceidealaithe nár saoradh a chur san áireamh.

4.   Déanfar gealltanais bhuiséadacha ar bhonn an tábla dá dtagraítear i bpointe (g)(i) d’Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) 2021/1060. Ní dhéanfar na gealltanais a bhaineann leis na leithdháiltí neamh-chlársceidealaithe a úsáid le haghaidh íocaíochtaí agus ní chuirfear san áireamh iad sa bhonn do ríomh an réamh-mhaoiniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 90 den Rialachán sin go dtí go gcuirfear ar fáil iad le haghaidh clársceidealaithe i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

De mhaolú ar Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/1060, in éagmais ghealltanas an Bhallstáit an cuspóir a chur chun feidhme Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050 faoin 31 Nollaig in aon bhliain faoi leith, ag tosú ó 2022, déanfar gealltanais bhuiséadacha don bhliain roimhe sin a bhaineann le leithdháiltí neamhchlársceidealaithe a shaoradh ina n-iomláine an bhliain dár gcionn.

Airteagal 8

Raon feidhme na tacaíochta

1.   Ní thabharfar tacaíocht le CUAC ach amháin do ghníomhaíochtaí atá nasctha go díreach lena chuspóir sonrach faoi mar a leagtar amach in Airteagal 2 agus a chuireann le cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11.

2.   I gcomhréir le mír 1, tabharfar tacaíocht eisiach le CUAC do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear micrifhiontair agus gnólachtaí nuathionscanta, a mbeidh éagsúlú eacnamaíoch, nuachóiriú agus ath-chomhshó mar thoradh orthu;

(b)

infheistíochtaí i gcruthú gnólachtaí nua, lena n-áirítear trí ghorlanna gnó agus seirbhísí comhairliúcháin, a mbeidh cruthú post mar thoradh air;

(c)

infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear arna ndéanamh ag ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde poiblí, agus chun aistriú teicneolaíochtaí nua a chothú;

(d)

infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i gcórais agus bonneagar le haghaidh fuinneamh glan inacmhainne, lena n-áirítear teicneolaíochtaí stórála hidrigine, agus le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú;

(e)

infheistíochtaí san fhuinneamh inathnuaite i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), lena n-áirítear na critéir inbhuaine a leagtar amach sa Treoir sin, agus san éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú;

(f)

infheistíochtaí sa tsoghluaisteacht áitiúil chliste agus inbhuanaithe, lena n-áirítear dícharbónú na hearnála iompair áitiúil agus an bhonneagair a bhaineann léi;

(g)

athshlánú agus uasghrádú na líonraí téimh ceantair d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras téimh ceantair agus infheistíochtaí i dtáirgeadh teasa ar choinníoll go ndéantar na suiteálacha táirgthe teasa a sholáthar go heisiach le foinsí fuinnimh inathnuaite;

(h)

infheistíochtaí i ndigiteáil, nuálaíocht dhigiteach agus i nascacht dhigiteach;

(i)

infheistíochtaí in athghiniúint agus i ndí-éilliú láithreán athfhorbraíochta, in athchóiriú talún agus lena n-áirítear, i gcás inar gá, i dtionscadail bonneagair ghlais agus athrú cuspóra, agus aird á tabhairt ar an bprionsabal “íoc mar a thruaillítear”;

(j)

infheistíochtaí i bhfeabhsú an gheilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear trí dhramhaíl a chosc, laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, athúsáid, deisiú, agus athchúrsáil;

(k)

uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus cuardaitheoirí poist;

(l)

cúnamh i gcuardach poist do chuardaitheoirí poist;

(m)

cuimsiú gníomhach na gcuardaitheoirí poist;

(n)

cúnamh teicniúil;

(o)

gníomhaíochtaí eile i réimsí an oideachais agus an chuimsithe shóisialta lena n-áirítear, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, infheistíochtaí i mbonneagar chun críoch ionad oiliúna, saoráidí cúraim leanaí agus daoine scothaosta mar a léirítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 11.

Ina theannta sin, féadfar, le CUAC, tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, i limistéir atá ainmnithe mar limistéir fóirithinte chun críocha pointí (a) agus (c) d’Airteagal 107(3) CFAE, ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis atá riachtanach faoi phointe (h) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin i gcás ina mbeidh gá leo chun an plean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme, ina rannchuideoidh siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontais faoi 2050 agus le spriocanna comhshaoil gaolmhara a bhaint amach, i gcás ina mbeidh gá lena dtacaíocht chun poist a chruthú sa chríoch a shainaithneofar agus nach mbeidh athshocrú mar thoradh orthu mar a shainaithneofar i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060.

Le CUAC, féadfar tacú freisin le hinfheistíochtaí chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú i ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (i) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin má tá gá leo chun an plean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme.

Airteagal 9

Eisiamh ón raon feidhme tacaíochta

Ní thacóidh CUAC leis an méid seo a leanas:

(a)

díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach;

(b)

monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

(c)

gnóthas atá i gcruachás faoi mar a shainítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (18), mura n-údaraítear dó faoi rialacha sealadacha Státchabhrach a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla nó faoi chabhair de minimis chun tacú le hinfheistíochtaí chun costais fuinnimh a laghdú i gcomhthéacs an phróisis aistrithe fuinnimh;

(d)

infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, iompar, dáileadh, stóráil nó dóchán na mbreoslaí iontaise.

Airteagal 10

Clársceidealú acmhainní CUAC

1.   Déanfar acmhainní CUAC a chlársceidealú i gcomhair na gcatagóirí réigiún ina bhfuil na críocha lena mbaineann, ar bhonn na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11 agus arna bhformheas ag an gCoimisiún mar chuid de chlár nó de leasú ar chlár. Beidh na hacmhainní arna gclársceidealú i bhfoirm cláir shonraigh amháin nó níos mó nó i bhfoirm tosaíochta amháin nó níos mó laistigh de chláir.

Ní dhéanfaidh an Coimisiún clár nó aon leasú air a fhormheas, ach i gcás ina bhfuil údar cuí le sainaithint na gcríoch is mó atá faoi thionchar diúltach ag próiseas an aistrithe, atá sa phlean ábhartha críochach um aistriú cóir, agus go bhfuil an plean ábhartha críochach um aistriú cóir ag teacht le plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Is éard a bheidh i dtosaíocht nó i dtosaíochtaí CUAC cuid nó iomlán acmhainní CUAC a leithdháiltear ar na Ballstáit agus na hacmhainní a aistrítear i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/1060. Ní rachaidh iomlán acmhainní CFRE agus CSE+ a aistreofar chuig CUAC thar thrí oiread mhéid na tacaíochta ó CUAC chuig an tosaíocht sin cé is moite de na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní bheidh an ráta cómhaoinithe, ar ráta é is infheidhme don réigiún ina bhfuil an chríoch nó na críocha a shainaithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo, don tosaíocht nó do na tosaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CUAC os cionn:

(a)

85 % le haghaidh réigiúin lagfhorbartha;

(b)

70 % le haghaidh réigiúin trasdula;

(c)

50 % le haghaidh réigiúin níos forbartha.

Airteagal 11

Pleananna críochacha um aistriú cóir

1.   Ullmhóidh na Ballstáit, i gcomhar le húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha na gcríoch lena mbaineann, plean críochach um aistriú cóir amháin nó níos mó a chumhdaíonn críoch amháin nó níos mó a ndéanann sé difear dóibh, a chomhfhreagraíonn do réigiúin NUTS leibhéal 3, nó codanna díobh, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir leis an oiriúnú measta oibrithe nó caillteanas measta post i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le claochlú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.

2.   Beidh na gnéithe seo a leanas in aon phlean críochach um aistriú cóir:

(a)

tuairisc ar an bpróiseas aistrithe ar an leibhéal náisiúnta i dtreo geilleagar aeráid-neodrach, lena n-áirítear amlíne le haghaidh céimeanna aistrithe tábhachtacha i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, atá comhsheasmhach leis an leagan is déanaí den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

(b)

údar cuí le críocha a shainaithint a bheith faoin tionchar is diúltaí de dheasca an phróisis aistrithe dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus atá le tacaíocht a fháil ó CUAC, i gcomhréir le mír 1;

(c)

measúnú ar dhúshláin an aistrithe atá ann do na críocha a sainaithníodh mar na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, lena n-áirítear tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, ina sainaithnítear líon na bpost a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh agus líon na bpost a d’fhéadfadh cailleadh, na rioscaí dídhaonraithe, agus na riachtanais agus na cuspóirí forbartha, atá le baint amach faoi 2030 agus nasctha le claochlú ó bhonn nó le dúnadh na ngníomhaíochtaí atá dian ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de sna críocha sin;

(d)

tuairisc ar rannchuidiú measta na tacaíochta CUAC maidir le dul i ngleic le tionchair shóisialta, dhéimeagrafacha, eacnamaíocha, sláinte agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, lena n-áirítear an rannchuidiú measta i dtéarmaí cruthú agus caomhnú post;

(e)

measúnú ar a chomhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile;

(f)

tuairisc ar shásraí rialachais ina bhfuil socruithe comhpháirtíochta, na bearta faireacháin agus meastóireachta atá pleanáilte agus na comhlachtaí freagracha;

(g)

tuairisc ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu chun tionchar an aistrithe a laghdú;

(h)

i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d’infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, liosta táscach na n-oibríochtaí agus na bhfiontar atá le tacú agus cuí-réasúnú ar an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí ina léirítear go rachadh na caillteanais post a d’fhéadadh a bheith ann thar líon na bpost a chruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin;

(i)

i gcás ina bhfuil tacaíocht le cur ar fáil d’infheistíochtaí chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, liosta de na hoibríochtaí a bhfuiltear chun tacú leo agus cuí-réasúnú go gcuirfeadh siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach agus go mbeadh laghdú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a rachadh i bhfad faoi na tagarmharcanna ábhartha a bhunaítear don saor-leithdháileadh faoi Threoir 2003/87/CE mar thoradh orthu agus ar choinníoll go bhfuil gá leis na hoibríochtaí chun líon suntasach post a chosaint;

(j)

sineirgí agus comhlántachtaí le cláir ábhartha eile an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha shainaitheanta; agus

(k)

sineirgí agus comhlántachtaí lena mbeartaítear tacaíocht a fháil ó cholúin eile an tSásra um Aistriú Cóir.

3.   Beidh na páirtithe ábhartha agus, i gcás inarb ábhartha, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta, rannpháirteach in ullmhú agus cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060.

4.   Beidh na pleananna críochacha um aistriú cóir comhsheasmhach leis na straitéisí ábhartha críochacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus le straitéisí ábhartha um speisialtóireacht chliste, leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

I gcás ina mbeidh gá le huasdhátú ar phlean críochach um aistriú cóir, de bharr athbhreithniú a dhéantar ar phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, déanfar an t-athbhreithniú sin mar chuid den athbhreithniú meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060.

5.   I gcás inar mian le Ballstáit leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ann tacaíocht a fháil faoi na colúin eile den Sásra um Aistriú Cóir, leagfar amach ina bplean críochach um aistriú cóir na hearnálacha agus na réimsí téamacha a bhfuil tacaíocht beartaithe ina leith faoi na colúin sin.

Airteagal 12

Táscairí

1.   Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus, i gcásanna cuí-réasúnaithe sa phlean críochach um aistriú cóir, táscairí aschuir agus toraidh atá clár-shonrach, i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 16 (1), pointe (d)(ii) d’Airteagal 22(3) agus pointe (b) d’Airteagal 42 (2) de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach. Ní dhéanfar athbhreithniú ar na spriocanna tar éis don iarraidh ar an leasú ar chlár a chur isteach de bhun Airteagal 18 (3) de Rialachán (AE) 2021/1060 a bheith formheasta ag an gCoimisiún.

3.   I gcás ina dtacaíonn tosaíocht CUAC leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (k), (l) nó (m) d’Airteagal 8(2), ní dhéanfar sonraí na dtáscairí a tharchur ach amháin má bhíonn na sonraí uile a bhaineann leis an rannpháirtí sin, a cheanglaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn III, ar fáil.

Airteagal 13

Ceartuithe airgeadais

Bunaithe ar scrúdú ar thuarascáil deiridh ar fheidhmíocht an chláir, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcás ina mbaintear amach níos lú ná 65 % den sprioc a leagtar amach do cheann amháin nó níos mó de na táscairí aschuir.

Beidh na ceartuithe airgeadais i gcomhréir leis an méid a baineadh amach agus ní dhéanfar iad a chur i bhfeidhm i gcás inar ann don mhainneachtain spriocanna a bhaint amach i ngeall ar an tionchar atá ag imthosca socheacnamaíocha nó comhshaoil, i ngeall ar athruithe suntasacha i ndálaí eacnamaíocha nó comhshaoil sa Bhallstát lena mbaineann nó i ngeall ar chúiseanna force majeure a dhéanann difear mór do chur chun feidhme na dtosaíochtaí lena mbaineann.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Faoin 30 Meitheamh 2025, athbhreithneoidh an Coimisiún cur chun feidhme CUAC a bhaineann leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 2, agus na hathruithe a bhféadfaí a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2020/852 agus cuspóirí an Aontais maidir leis an athrú aeráide a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráid-neodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“an Dlí Aeráide Eorpach”), agus an forás i gcur chun feidhme an Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe á gcur san áireamh. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leo.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO C 290, 1.9.2020, lch. 1.

(2)  IO C 311, 18.9.2020, lch. 55 agus IO C 429, 11.12.2020, lch. 240.

(3)  IO C 324, 1.10.2020, lch. 74.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh na Comhairle an 7 Meitheamh 2021.

(5)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánphairtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Viosaí (féach leathanach 159 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1058 an 24 Meitheamh 2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (féach leathanach 60 den Iris Oifigiúil seo).

(8)  Rialachán (AE) 2021/1057 an 24 Meitheamh 2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (féach leathanach 21 den Iris Oifigiúil seo)..

(9)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 23).

(12)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(13)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

LEITHDHÁILTÍ DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

 

Leithdháiltí ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

Leithdháiltí ó acmhainní CAI

Leithdháiltí Iomlána

Sciar na mBallstát ón iomlán

An Bheilg

95

71

166

0,95  %

An Bhulgáir

673

505

1 178

6,73  %

An tSeicia

853

640

1 493

8,53  %

An Danmhairg

46

35

81

0,46  %

An Ghearmáin

1 288

966

2 254

12,88  %

An Eastóin

184

138

322

1,84  %

Éire

44

33

77

0,44  %

An Ghréig

431

324

755

4,31  %

An Spáinn

452

339

790

4,52  %

An Fhrainc

535

402

937

5,35  %

An Chróit

97

72

169

0,97  %

An Iodáil

535

401

937

5,35  %

An Chipir

53

39

92

0,53  %

An Laitvia

100

75

174

1,00  %

An Liotuáin

142

107

249

1,42  %

Lucsamburg

5

4

8

0,05  %

An Ungáir

136

102

237

1,36  %

Málta

12

9

21

0,12  %

An Ísiltír

324

243

567

3,24  %

An Ostair

71

53

124

0,71  %

An Pholainn

2 000

1 500

3 500

20,00  %

An Phortaingéil

116

87

204

1,16  %

An Rómáin

1 112

834

1 947

11,12  %

An tSlóvéin

134

101

235

1,34  %

An tSlóvaic

239

179

418

2,39  %

An Fhionlainn

242

182

424

2,42  %

An tSualainn

81

61

142

0,81  %

AE 27

10 000

7 500

17 500

100,00  %

Leithdháiltí in EUR milliún, i bpraghsanna 2018 agus roimh asbhaintí le haghaidh cúnamh teicniúil agus caiteachas riaracháin (mar gheall ar shlánú aníos nó anuas, d’fhéadfadh sé nach réitíonn na suimeanna iomlána le chéile)


IARSCRÍBHINN II

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH PLEANANNA CRÍOCHACHA UM AISTRIÚ CÓIR

1.   

Leagan amach an phróisis aistrithe agus sainaithint na gcríoch ina mbeidh an tionchar is diúltaí laistigh den Bhallstát

Réimse téacs [12000]

Tagairt: pointe (a) d’Airteagal 11(2)

1.1.

Leagan amach an phróisis aistrithe a bhfuiltear ag súil leis i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus pleananna críochacha eile atá ann cheana maille le hamlíne chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí amhail mianadóireacht ghuail agus ligníte nó táirgeadh leictreachais gualbhreoslaithe nó na gníomhaíochtaí sin a laghdú

Tagairt: pointe (b) d’Airteagal 11(2)

1.2.

Sainaithint na gcríoch a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh an tionchar is diúltaí iontu agus bonn cirt a thabhairt don rogha sin leis an meastachán comhfhreagrach ar na tionchair eacnamaíocha agus fostaíochta bunaithe ar an leagan amach i Roinn 1.1

Tagairt: Airteagal 6

1.3.

Na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí a bhfuil dúshláin shonracha acu sna críocha a liostaítear faoi Roinn 1.1 a shainaithint agus na méideanna sonracha a leithdháileadh ar na críocha sin agus údar cuí sonrach ag gabháil leo

2.   

Measúnú ar na dúshláin i dtaca leis an aistriú, le haghaidh gach ceann de na críocha arna sainaithint

2.1.   

Measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ag an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050

Tagairt: pointe (c) d’Airteagal 11(2)

Réimse téacs [12000]

Sainaithint na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n-earnálacha tionsclaíocha a n-imreofar tionchar orthu, ina ndéantar idirdhealú idir:

earnálacha atá ag dul i léig, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh deireadh leo nó go dtiocfaidh laghdú suntasach ar a ngníomhaíochtaí de bharr an aistrithe, agus amlíne chomhfhreagrach san áireamh;

earnálacha ina bhfuil claochlú ó bhonn ag tarlú, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh clochlú ó bhonn ar a ngníomhaíochtaí, a bpróisis agus a n-aschuir.

I gcomhair gach ceann den dá chineál earnálacha:

na caillteanais post agus na riachtanais i ndáil le hathcháiliú a bhfuiltear ag súil leo, agus réamhaisnéisí scileanna á gcur san áireamh;

an cumas féideartha éagsúlaithe eacnamaíoch agus deiseanna forbartha.

2.2.   

Riachtanais forbartha agus cuspóirí faoi 2030 d’fhonn geilleagar aeráid-neodrach san Aontas a bhaint amach faoi 2050

Tagairt: pointe (d) d’Airteagal 11(2)

Réimse téacs [6000]

Riachtanais forbartha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe;

Cuspóirí agus torthaí a bhfuiltear ag súil leo trí thosaíocht CUAC a chur chun feidhme, lena n-áirítear an rannchuidiú measta i dtéarmaí cruthú agus caomhnú post.

2.3.   

Comhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile

Tagairt: pointe (e) d’Airteagal 11(2)

Réimse téacs [6000]

Straitéisí um speisialtóireacht chliste;

Straitéisí críochacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/…;

Pleananna forbartha réigiúnacha nó náisiúnta eile.

2.4.   

Na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe

Réimse téacs [12000]

Tagairt: pointe (g) d’Airteagal 11(2)

an cineál oibríochtaí atá beartaithe agus an méid a mheastar a rannchuideoidh siad chun tionchar an aistrithe a mhaolú

Tagairt: pointe (h) d’Airteagal 11(2)

Le líonadh isteach má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla in eagraíochtaí nach FBManna iad, agus sa chás sin amháin:

liosta táscach de na hoibríochtaí agus fiontair atá le tacú agus i gcás gach ceann acu, údar cuí leis an ngá atá le tacaíocht den sórt sin trí anailís ar bhearnaí a léiríonn go mbeadh líon na gcaillteanas post a bhfuiltear ag súil leo níos mó ná líon na bpost a bhfuiltear ag súil go gcruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin

Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críocha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil.

Tagairt: pointe (i) d’Airteagal 11(2);

Le líonadh má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach, agus sa chás sin amháin:

liosta d’oibríochtaí a dtabharfar tacaíocht dóibh agus cuí-réasúnú go rannchuidíonn siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach agus go mbeidh laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh leo a rachaidh go substaintiúil faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha arna mbunú don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE agus ar choinníoll go bhfuil siad riachtanach chun líon suntasach post a chosaint

Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críochacha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil.

Tagairt: pointe (j) d’Airteagal 11(2)

sineirgí agus comhlántachtaí na n-oibríochtaí a bheartaítear le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais faoin sprioc “Infheistíocht le haghaidh post agus fáis” (lena dtacaítear leis an bpróiseas aistrithe), le hionstraimí maoiniúcháin eile (an Ciste um Nuachóiriú ar Thrádáil Astaíochtaí an Aontais) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha a sainaithníodh

Tagairt: pointe (k) d’Airteagal 11(2) agus d’Airteagal 11(5)

sineirgí agus comhlántachtaí lena mbeartaítear tacaíocht a fháil ó cholúin eile an tSásra um Aistriú Cóir

na hearnálacha agus na réimsí téamacha, a bheartaítear tacú leo faoi na colúin eile

3.   

Sásraí rialachais

Tagairt: pointe (f) d’Airteagal 11(2)

Réimse téacs [5000]

3.1.   

Comhpháirtíocht

Socruithe chun go mbeadh rannpháirtíocht ag comhpháirtithe in ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an bplean críochach um aistriú cóir;

An toradh ar an gcomhairliúchán poiblí

3.2.   

Faireachán agus meastóireacht

Bearta faireacháin agus meastóireachta atá beartaithe, lena n-áirítear táscairí chun cumas an phlean a chuspóirí a bhaint amach a thomhas

3.3.   

Comhlacht/comhlachtaí comhordaithe agus faireacháin

An comhlacht nó na comhlachtaí atá freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean agus an ról atá acu

4.   

Táscairí aschuir nó toraidh atá clárshonrach

Tagairt: Airteagal 12(1)

Le líonadh isteach má tá táscairí clárshonracha beartaithe, agus sa chás sin amháin:

cuí-réasúnú go bhfuil gá le táscairí aschuir nó toraidh clárshonracha bunaithe ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe

Tábla 1.

Táscairí aschuir

Cuspóir sonrach

Aitheantóir [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Garsprioc (2024)

Sprioc (2029)

 

 

 

 

 

 

Tábla 2.

Táscairí toraidh

Cuspóir sonrach

Aitheantóir [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Bonnlíne nó luach tagartha

Bliain tagartha

Sprioc (2029)

Foinse na sonraí [200]

Barúlacha [200]

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN III

COMHTHÁSCAIRÍ AISCHUIR AGUS COMHTHÁSCAIRÍ TORAIDH LE hAGHAIDH AN CHISTE UM AISTRIÚ CÓIR (1)

Comhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCO) agus Comhtháscairí Toraidh maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCR)

Aschuir

Torthaí

RCO 01 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht (astu sin: micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra) (*1)

RCO 02 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht trí dheontais

RCO 03 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht le hionstraimí airgeadais

RCO 04 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht neamhairgeadais

RCO 05 - Gnólachtaí nuathionscanta dá dtugtar tacaíocht

RCO 07 - Eagraíochtaí taighde atá rannpháirteach i dtionscadail taighde chomhpháirteacha

RCO 10 - Fiontair a chomhoibríonn le heagraíochtaí taighde

RCO 121 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach

RCR 01 - Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht

RCR 102 – Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht

RCR 02 - Infheistíochtaí príobháideacha ar chomh-mhéid le tacaíocht phoiblí (astu sin: deontais, ionstraimí airgeadais) (*1)

RCR 03 – FBManna a thugann isteach nuálaíocht ó thaobh táirgí agus próiseas de

RCR 04 – FBManna a thugann nuálaíocht isteach ó thaobh margaíochta nó eagraíochta de

RCR 05 - FBManna atá i mbun nuálaíocht inmheánach

RCR 06 - Iarratais ar phaitinní a cuireadh isteach

RCR 29a – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE i bhfiontair dá dtugtar tacaíocht

RCO 13 - Luach maidir le Seirbhísí agus táirgí digiteacha arna bhforbairt le haghaidh fiontar

RCR 11 - Úsáideoirí seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach poiblí nua agus uasghrádaithe

RCR 12 - Úsáideoirí táirgí, seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach nua agus uasghrádaithe arna bhforbairt ag fiontair

RCO 15 - Acmhainneacht ghoir arna cruthú

RCR 17 - Fiontair nua fós ar marthain sa mhargadh

RCR 18 - FBManna a úsáideann seirbhísí goir bliain amháin tar éis an ghorlann a chruthú

RCO 101 – FBManna a dhéanann infheistiú i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht

RCR 97 – Printíseachtaí dá dtugtar tacaíocht in FBManna

RCR 98 – Foireann FBManna a chuireann Gairmoiliúint agus Gairmoideachas Leanúnach i gcrích (de réir an chineáil scile: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile) (*1)

RCO 18 – Teaghaisí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe

RCO 19 – Foirgnimh phoiblí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe

RCO 20 - Línte líonraí le haghaidh téamh agus fuarú ceantair a tógadh nó a feabhsaíodh le déanaí

RCO 104 – Líon na n-aonad comhghiniúna ardéifeachtúil

RCR 26 – Príomhthomhaltas fuinnimh bliantúil (as sin: teaghaisí, foirgnimh phoiblí, fiontair, eile) (*1)

RCR 29 – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta

RCO 22 - Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh inathnuaite (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (*1)

RCR 31 - An fuinneamh inathnuaite iomlán arna tháirgeadh (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (*1)

RCR 32 – Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh inathnuaite

RCO 34 - Acmhainneacht bhreise le haghaidh athchúrsáil dramhaíola

RCO 107 – Infheistíocht i saoráidí bailithe dramhaíola ar leithligh

RCO 119 - Dramhaíl arna hullmhú le haghaidh athúsáide

RCR 47 - Dramhaíl arna hathchúrsáil

RCR 48 - Dramhaíl arna hathchúrsáil arna húsáid mar amhábhair

RCO 36 - Bonneagar glas dá dtugtar tacaíocht chun críocha eile seachas oiriúnú don athrú aeráide

RCO 38 - Achar dromchla na talún athshlánaithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 39 - Córais chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir arna suiteáil

RCR 50 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta le haghaidh cháilíocht an aeir (*2)

RCR 52 - Talamh athshlánaithe arna úsáid le haghaidh limistéir ghlasa, tithíocht shóisialta, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó úsáidí eile

RCO 55 - Fad na línte nua tram agus meitreo

RCO 56 - Fad na línte atógtha nó nuachóirithe tram agus meitreo

RCO 57 – Toilleadh an rothstoic atá neamhdhíobhálach don chomhshaol le haghaidh iompar poiblí

RCO 58 - Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 60 – Cathracha agus bailte ag a bhfuil córais dhigiteacha iompair uirbigh nua nó nuachóirithe

RCR 62 – Úsáideoirí bliantúla iompair phoiblí nua nó nuachóirithe

RCR 63 - Úsáideoirí bliantúla línte nua nó nuachóirithe tram agus meitreo

RCR 64 - Úsáideoirí bliantúla bonneagair rothaíochta thiomnaithe

RCO 61 – Dromchla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta

RCR 65 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta

RCO 66 - Líon na leanaí sa seomra ranga i saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 67 - Líon na leanaí sa seomra ranga i saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCR 70 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe

RCR 71 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe

RCO 113 - Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú gníomhaíochtaí comhtháite maidir le cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste  (*2)

 

RCO 69 - Líon na ndaoine i saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 70 - Líon na ndaoine i saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe (seachas tithíocht) dá dtugtar tacaíocht

RCR 72 – Úsáideoirí bliantúla ríomhsheirbhísí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe

RCR 73 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe

RCR 74 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe

omhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCO) agus Comhtháscairí Toraidh maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCR)  (2) ,  (3)

Aschuir

Torthaí

RCO 01 - daoine dífhostaithe, lena n-áirítear daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach  (*2)

RCO 02 - daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach  (*2)

RCO 03 - daoine neamhghníomhacha  (*2)

RCO 04 - daoine fostaithe, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe  (*2)

RCO 05 - líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d’aois  (*2)

RCO 06 - daoine óga idir 16 agus 29 mbliana d’aois  (*2)

RCO 07 - líon na rannpháirtithe atá 55 bliana d’aois nó os a chionn  (*2)

RCO 08 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ná sin (ISCED 0-2) acu (*2)

RCO 09 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu  (*2)

RCO 10 - daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5 nó 8) acu  (*2)

RCO 11 - líon iomlán na rannpháirtithe  (4)

RCR 01 - rannpháirtithe atá ag lorg poist i ndiaidh na rannpháirtíochta  (*2)

RCR 02 - rannpháirtithe in oideachas/oiliúint i ndiaidh na rannpháirtíochta  (*2)

RCR 03 - rannpháirtithe a fuair cáilíocht ar fhágáil dóibh  (*2)

RCR 04 - rannpháirtithe i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, ar fhágáil dóibh  (*2)


(1)  Ar chúiseanna a bhaineann leis an gcur i láthair, déantar na táscairí a ghrúpáil le go mbeidh sé níos éasca iad a chur le chéile leis na táscairí atá san áireamh i rialacháin ciste-shonracha eile.

(*1)  Miondealú nár iarradh le haghaidh clársceidealaithe ach amháin chun tuairisciú a dhéanamh.

(*2)  Na sonraí a thuairiscítear, is sonraí pearsanta iad de réir Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(2)  Tá gach táscaire aschuir agus toraidh a bhaineann le rannpháirtithe le tuairisciú.

(3)  Déanfar na sonraí pearsanta ar fad a mhiondealú de réir inscne (fireann/baineann – daoine neamh-dhénártha, de réir an dlí náisiúnta).

I gcás nach bhfuil torthaí áirithe indéanta, níl sé riachtanach sonraí na dtorthaí sin a bhailiú nó a thuairisciú.

I gcás inarb iomchuí, is féidir comhtháscairí aschuir a thuairisciú bunaithe ar spriocghrúpa na hoibríochta.

Nuair a dhéantar sonraí a bhailiú ó chlárlanna nó ó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid.

(4)  Déanfar an táscaire seo a ríomh go huathoibríoch ar bhonn na gcomhtháscairí aschuir a bhaineann leis an stádas fostaíochta.


Top