EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0858

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe paisinéirí a shainaithnítear trí Fhoirmeacha Aimsithe Paisinéirí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/3921

OJ L 188, 28.5.2021, p. 106–118 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/858/oj

28.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/106


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/858 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Bealtaine 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe paisinéirí a shainaithnítear trí Fhoirmeacha Aimsithe Paisinéirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir le cás dearfach COVID-19 a shainaithint tar éis turas trasteorann ar leith, comhlíonann sé na critéir a leagtar amach in Airteagal 9(1) de Chinneadh 1082/2013/AE, toisc go bhféadfadh sé a bheith ina chúis fós le básmhaireacht shuntasach i measc na ndaoine, toisc go bhféadfadh sé fás go tapa ó thaobh scála de, toisc go bhfuil tionchar aige ar níos mó ná Ballstát amháin, agus toisc go bhféadfadh sé freagairt chomhordaithe ar leibhéal an Aontais a éileamh. I gcomhréir le pointe 23 de Mholadh (AE) 2020/1475 an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith shrianadh na saorghluaiseachta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (2), ba cheart faisnéis faoi chásanna COVID-19 a bhraitear ar theacht isteach do dhuine ar chríoch Ballstáit a roinnt láithreach le húdaráis sláinte poiblí na dtíortha a raibh an duine atá i gceist ag fanacht iontu i rith na 14 lá roimhe sin chun críocha rianaithe teagmhálaithe, agus úsáid á baint as an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS) a bunaíodh le hAirteagal 8 de Chinneadh 1082/2013/AE agus atá á oibriú ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (“ECDC”).

(2)

De bhun Mholadh (AE) 2020/1475, d’fhéadfadh na Ballstáit ceangal a chur ar dhaoine atá ag teacht isteach ina gcríoch foirmeacha aimsithe paisinéirí (“PLFanna”) a chur isteach i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint sonraí.

(3)

Trí chomhlánú formáidí éagsúla PLFanna náisiúnta a fhorchur, bailíonn na Ballstáit sonraí PLF ó phaisinéirí trasteorann atá ag teacht isteach ina gcríoch. Bealach amháin a úsáidtear na sonraí sin ná má aithnítear duine a bhfuil PLF líonta amach aige mar chás COVID-19, úsáidtear na sonraí a bhailítear leis an PLF chun turas an duine sin a dheimhniú agus faisnéis ábhartha a tharchur chuig na Ballstáit ar gá dóibh nósanna imeachta rianaithe teagmhálaithe a dhéanamh maidir le daoine ar féidir gur nochtadh iad don phaisinéir atá ionfhabhtaithe.

(4)

Tá sonraí pearsanta a bailíodh trí PLFanna náisiúnta á malartú ag údaráis sláinte poiblí le chéile i roinnt Ballstát cheana féin chun críocha an rianaithe teagmhálaithe i gcomhthéacs phaindéim COVID-19. Is tríd an mbonneagar teicniúil reatha a sholáthraítear faoi EWRS a rinneadh an malartú sin go háirithe.

(5)

An bonneagar teicniúil a sholáthraítear faoi láthair faoi EWRS, níl sé réidh go fóill chun láimhseáil a dhéanamh ar mhéid na sonraí PLFanna a ghintear trí úsáid chórasach agus mhórscála PLFanna. Mar shampla, ní féidir é a aistriú idir formáidí náisiúnta éagsúla agus éilítear iontráil de láimh ina leith, rud a dhéanann dochar do thráthúlacht agus déifeachtacht an rianaithe teagmhálaithe. Sa chás áirithe seo, nuair is gá rianú teagmhálaithe a dhéanamh i ndáil le paisinéirí trasteorann a thaistil ar mhodh iompair amháin ina raibh suíocháin réamhshainithe, aerárthaí, traenacha, báid farantóireachta agus longa cúrsála áirithe, mar shampla, i gcás ina bhféadfadh líon na bpaisinéirí a nochtadh agus fad an nochta do phaisinéir ionfhabhtaithe a bheith suntasach.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart bonneagar teicniúil a bhunú – rud ar a dtugtar “ardán malartaithe PLF” – chun gur féidir sonraí a mhalartú go slán tráthúil éifeachtach idir údaráis inniúla EWRS sna Ballstáit, trí chead a thabhairt faisnéis óna gcórais náisiúnta digiteacha PLF atá ann cheana a tharchur chuig údaráis inniúla eile EWRS ar bhealach idir-inoibritheach agus uathoibríoch. Ba cheart go gcuirfeadh sé leis an ardán malartaithe atá forbartha cheana féin ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“EASA”), agus níor cheart aon ról a bheith ag EASA i gcomhthéacs sonraí pearsanta a phróiseáil tríd an ardán malartaithe PLF mar a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo. Leis an ardán malartaithe PLF, ba cheart go mbeifí in ann sonraí eipidéimeolaíocha teoranta a mhalartú, sonraí atá riachtanach don rianú teagmhálaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Chinneadh 1082/2013/AE. Chun forluí idir gníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht leis na struchtúir agus na sásraí atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh, rabhadh a thabhairt go luath agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chomhrac, ba cheart ardán malartaithe PLF a fhorbairt faoi EWRS mar chomhlánú ar an bhfeidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha atá ann cheana sa chóras sin.

(7)

Ba cheart an t-ardán malartaithe PLF a bheith á oibriú ag ECDC i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(8)

Níor cheart don ardán malartaithe PLF na sonraí PLF agus na sonraí eipidéimeolaíocha atá le malartú a stóráil.

(9)

Mura bhfuil córas digiteach PLF ag Ballstát a forbraíodh go náisiúnta, d’fhéadfadh sé úsáid a bhaint as Comhchóras Digiteach an Aontais Eorpaigh maidir le Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí (“EUdPLF”), córas a chuir an Coimisiún de chúram ar Ghníomhaíocht Chomhpháirteach “EU Healthy Gateways” a fhorbairt (deontas Uimh. 801493) (4). Is é is cuspóir do EUdPLF pointe iontrála aonair agus bunachar sonraí lena mbailítear PLFanna a chruthú. Amach anseo, ba cheart EUdPLF a nascadh le hardán malartaithe PLF ar mhaithe le sonraí a mhalartú idir Ballstáit a bhfuil a gcórais náisiúnta dhigiteacha PLF féin acu, ar thaobh amháin, agus chun na críche sin amháin, agus na Ballstáit sin a bhaineann úsáid as EUdPLF ar an taobh eile. Ní chumhdaítear leis an gCinneadh seo bunú EUdPLF ná ní rialáiltear leis próiseáil sonraí pearsanta ina leith.

(10)

Leis an gCinneadh seo, ní rialaítear bunú PLFanna náisiúnta, ach is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh ina leith. Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit a roghnú an mbaileoidh siad PLFanna ó gach paisinéir atá ag teacht isteach ar a gcríoch, nó ó na paisinéirí amháin a bhfuil an Ballstát sin ina cheann scríbe deiridh acu. Maidir le rianú éifeachtach teagmhálaithe trasteorann atá bunaithe ar shonraí PLF, éilítear go mbaileoidh na Ballstáit tacar íosta coiteann de shonraí PLF trína PLFanna náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí íosta PLF sin a leagan síos. Thairis sin, ar mhaithe le héifeachtúlacht costais, inbhuanaitheacht agus slándáil mhéadaithe an réitigh, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chur chuige comhchoiteann a ghlacadh a mhéid a bhaineann le ceanglas a chur ar gach paisinéir PLFanna a líonadh amach, lena n-áirítear paisinéirí idirthurais, nó ceanglas a chur ar na paisinéirí amháin a bhfuil an Ballstát lena mbaineann ina cheann scríbe acu.

(11)

Ba cheart úsáid an ardáin malartaithe PLF a bheith deonach agus ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit fógra a thabhairt faoi fholáirimh faoin mbonneagar teicniúil atá ag EWRS faoi láthair, ar bhonn sealadach agus ar choinníoll nach gcuireann siad isteach ar chuspóir an rianaithe teagmhálaithe.

(12)

Níor cheart d’údaráis inniúla EWRS tacair dhea-shainithe sonraí a bhailítear trína gcuid PLFanna agus sonraí eipidéimeolaíocha teoranta eile is gá le haghaidh rianú teagmhálaithe a mhalartú ach i gcomhréir le prionsabal íoslaghdaithe na próiseála sonraí pearsanta. I gcás inar féidir leis an mBallstát a thugann fógra foláirimh faoi phaisinéir ionfhabhtaithe na Ballstáit uile lena mbaineann a shainaithint, bunaithe ar na sonraí PLF atá ar fáil dó, níor cheart dó sonraí a tharchur ach chuig údaráis inniúla EWRS sna Ballstáit sin amháin. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás ina mbailíonn an Ballstát a shainaithníonn an paisinéir ionfhabhtaithe PLFanna ó gach paisinéir atá ag teacht isteach ar a chríoch, lena n-áirítear paisinéirí idirthurais a bhfuil nasceitilt díreach acu ón áit imeachta tosaigh.

(13)

I gcás ina mbraitear paisinéir a bheith ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2 i mBallstát, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit sin in ann tacar teoranta sonraí a bhaintear ó na PLFanna a roinnt le húdaráis inniúla EWRS an Bhallstáit imeachta, ar sonraí iad ar cheart a shainiú go beacht maidir lena bhfuil riachtanach chun rianú teagmhálaithe a dhéanamh ar dhaoine a nochtadh sa Bhallstát imeachta agus cónaithe, i gcás nach ionann é agus an Ballstát imeachta – eadhon céannacht agus faisnéis teagmhála an phaisinéara atá ionfhabhtaithe.

(14)

Chomh maith leis sin, i gcás ina mbraitear go bhfuil paisinéir ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2 i mBallstát, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit sin in ann tacar teoranta sonraí a roinnt le húdaráis inniúla EWRS na mBallstát uile nó na mBallstát lena mbaineann, má tá faisnéis ag na húdaráis sin a chuirfidh ar a gcumas na Ballstáit sin a shainaithint. Ba cheart na sonraí a bheith teoranta don áit imeachta, don cheann scríbe, don dáta imeachta, don chineál iompair a úsáidtear (e.g. eitleán, traein, cóiste, bád farantóireachta, long), d’uimhir aitheantais na seirbhíse iompair – is é sin le rá uimhir na heitilte, uimhir na traenach, uimhirphláta an chóiste, ainm an bháid farantóireachta nó na loinge – uimhir shuíochán nó chábán an phaisinéara atá ionfhabhtaithe, agus am an imeachta i gcás nach leor na sonraí thuasluaite chun an modh iompair a aithint. Ba cheart go gcuirfeadh sin ar chumas údaráis inniúil EWRS is faighteoir a fháil amach ar tháinig paisinéirí a nochtadh isteach ar a gcríoch agus, má tháinig, rianú teagmhálaithe a dhéanamh.

(15)

Agus sonraí á roinnt le húdaráis inniúla EWRS eile tríd an ardán malartaithe PLF, ba cheart d’údarás inniúil ábhartha EWRS a bheith in ann faisnéis eipidéimeolaíoch a chur leo atá teoranta don mhéid is gá chun an rianú teagmhálaithe a dhéanamh, i.e. an cineál tástála ar COVID-19 a dhéantar, an t-athraitheach den víreas SARS-CoV-2, agus dáta na samplála agus dáta tosaithe na siomptóim.

(16)

Déanfaidh údaráis inniúla EWRS sonraí pearsanta paisinéirí atá ionfhabhtaithe a phróiseáil, sonraí a mhalartaítear ar ardán malartaithe PLF, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi fhreagracht ECDC chun críocha rianaithe teagmhálaithe, agus é ina oibreoir ar an ardán malartaithe PLF, agus ar an gCoimisiún mar an fophróiseálaí, ní mór di Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (6).

(17)

An foras dlíthiúil le sonraí pearsanta na bpaisinéirí ionfhabhtaithe a mhalartú, lena n-áirítear sonraí ar shláinte, idir údaráis inniúla EWRS chun críche an rianaithe teagmhálaithe, leagtar síos é in Airteagal 9(1) agus 9(3)(i) de Chinneadh 1082/2013/AE, i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) agus Airteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart bearta oiriúnacha agus sonracha a leagan síos sa Chinneadh seo chun cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú. Ba cheart a áireamh orthu sin bearta a bhaineann le sainiú na dtacar sonraí atá le malartú, údaráis inniúla EWRS ar cheart na sonraí a mhalartú leo sna cásanna éagsúla, na bearta slándála iomchuí, lena n-áirítear criptiú, agus na módúlachtaí maidir le próiseáil sonraí idir na húdaráis inniúla náisiúnta ar an ardán malartaithe PLF laistigh den Aontas Eorpach.

(18)

Is le chéile a chinneann údaráis inniúla EWRS atá rannpháirteach in ardán malartaithe PLF cuspóir agus modhanna próiseála sonraí pearsanta in ardán malartaithe PLF, agus dá bhrí sin is rialaitheoirí comhpháirteacha iad. Le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679, cuirtear d’oibleagáid ar na rialaitheoirí comhpháirteacha a gcuid freagrachtaí féin a chinneadh, ar bhealach trédhearcach, chun na hoibleagáidí faoin Rialachán sin a chomhlíonadh. Foráiltear leis freisin go bhféadfaí na freagrachtaí sin a chinneadh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil na rialaitheoirí faoina réir. Dá bhrí sin, ba cheart go gcinnfí leis an gCinneadh seo róil agus freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha.

(19)

Mar sholáthraí réiteach teicniúil agus eagraíochtúil ar ardán malartaithe PLF, déanann ECDC PLFanna agus sonraí eipidéimeolaíocha a phróiseáil thar ceann na mBallstát atá rannpháirteach in ardán malartaithe PLF mar rialaitheoirí comhpháirteacha, agus dá bhrí sin is próiseálaí é de réir bhrí Airteagal 3(12) de Rialachán (AE) 2018/1725. De bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar an phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí a rialú le conradh nó le gníomh dlí faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir agus lena sonraítear an phróiseáil. Dá bhrí sin, is gá rialacha a leagan amach maidir leis an bpróiseáil a dhéanann ECDC mar phróiseálaí.

(20)

Foráiltear le hAirteagal 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 go gcomhoibreoidh ECDC, an Coimisiún agus na Ballstáit chun comhleanúnachas éifeachtach a chur chun cinn idir a gcuid gníomhaíochtaí féin. Dá réir sin, ba cheart comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus ECDC ar mhaithe le comhoibriú le linn fhorbairt agus oibriú teicniúil ardán malartaithe PLF. Ní mór go sonraítear iontu comhroinnt na bhfreagrachtaí (eagraíocht, airgeadais agus teicneolaíocht) idir na páirtithe chun cur chun feidhme an ardáin malartaithe PLF agus na mbeart teicniúil a bhaineann le hoibriú, cothabháil agus forbairt bhreise an ardáin a éascú.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 a leasú dá réir sin.

(22)

Sa bhliain 2021, maoineofar an t-ardán malartaithe PLF leis an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála a cuireadh ar bun chun cabhrú leis na Ballstáit freagairt do phaindéim an choróinvíris trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais ar bhealach straitéiseach comhordaithe ar an leibhéal Eorpach, agus trí “Gníomhaíochtaí tacaíochta leis an mbeartas iompair Eorpach, slándáil iompair agus cearta paisinéirí lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumarsáide”. Sa bhliain 2022, maoineofar é leis an gClár don Eoraip Dhigiteach.

(23)

I bhfianaise an dáta oibríochta atá beartaithe le haghaidh ardán malartaithe PLF, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Meitheamh 2021. Ba cheart go gcuirfí deireadh leis an malartú sonraí tar éis 12 mhí nó tar éis é a bheith dearbhaithe ag Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, éigeandáil atá mar thoradh ar SARS-CoV-2, más rud é go ndéanfar an dearbhú sin níos luaithe.

(24)

Ba cheart oibriú an ardáin malartaithe PLF a theorannú do rialú phaindéim COVID-19. Mar sin féin, d’fhéadfaí é a leathnú amach anseo trí chinneadh cur chun feidhme leasaitheach a dhéanamh i leith eipidéimí den sórt sin lena bhféadfaí ceangal a chur ar na Ballstáit sonraí PLF a mhalartú chun críocha an rianaithe teagmhálaithe, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9(1) agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9(3) de Chinneadh 1082/2013/AE.

(25)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 6 Bealtaine 2021.

(26)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte arna bhunú le hAirteagal 18 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an tAirteagal 1a a leanas isteach:

“Airteagal 1a

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘foirm aimsithe paisinéirí’ (‘PLF’) foirm a líontar amach ar iarraidh ó údaráis sláinte poiblí ina mbailítear ar a laghad na sonraí paisinéirí a shonraítear in Iarscríbhinn I agus lena gcuidítear leis na húdaráis sin teagmhas sláinte poiblí a bhainistiú trína chur ar a gcumas dóibh rianú a dhéanamh ar phaisinéirí a thrasnaíonn teorainneacha agus a bhféadfadh sé gur nochtadh iad do dhuine atá ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2;

(b)

ciallaíonn ‘sonraí maidir le foirm aimsithe paisinéirí’ (‘sonraí PLF’) sonraí pearsanta a bhailítear trí PLF;

(c)

ciallaíonn ‘pointe iontrála digiteach’ suíomh aonair digiteach lenar féidir le húdaráis inniúla EWRS a gcórais náisiúnta dhigiteacha PLF a nascadh go slán leis an ardán malartaithe PLF;

(d)

ciallaíonn ‘turas’ an taisteal trasteorann a dhéanann duine, trí iompar comhchoiteann ina bhfuil suíocháin réamhshainithe, ag féachaint d’áit imeachta tosaigh agus do cheann scríbe deiridh an duine sin, ag a bhfuil céim amháin nó níos mó.

(e)

ciallaíonn ‘céim’ aon taisteal trasteorann a dhéanann paisinéir gan aon nasc ná aon athrú idir eitilt, traein, soitheach nó feithicil;

(f)

ciallaíonn ‘paisinéir atá ionfhabhtaithe’ paisinéir a chomhlíonann an critéar saotharlainne maidir le hionfhabhtú SARS-CoV-2;

(g)

ciallaíonn ‘duine a nochtadh’ paisinéir nó duine eile a bhí i ndlúth-theagmháil le paisinéir atá ionfhabhtaithe;

(h)

ciallaíonn ‘foláireamh’ fógra ina n-úsáidtear an Córas Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS), i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chinneadh 1082/2013/CE.”.

(2)

cuirtear isteach na hAirteagail 2a, 2b agus 2c seo a leanas:

“Airteagal 2a

Ardán chun sonraí PLF a mhalartú

1.   Faoi EWRS bunaítear ardán chun sonraí PLF faoi phaisinéirí atá ionfhabhtaithe a mhalartú go slán chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 a dhéanann údaráis inniúla EWRS ar dhaoine a nochtadh, agus chun na críche sin amháin, mar chomhlánú ar an bhfeidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíoch atá sa chóras sin cheana féin.

Le hardán malartaithe PLF, cuirfear pointe iontrála digiteach ar fáil d’údaráis inniúla EWRS chun a gcórais náisiúnta dhigiteacha PLF a cheangal go slán nó chun ceangal a dhéanamh trí Chomhchóras Digiteach an Aontais Eorpaigh maidir le Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí (“EUdPLF”), chun malartú sonraí a bhailítear trí PLFanna a chumasú.

Beidh údaráis inniúla EWRS in ann an t-ardán malartaithe PLF a úsáid chun sonraí breise a mhalartú, is é sin le rá sonraí eipidéimeolaíocha chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 ar dhaoine a nochtadh, agus é sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 2b(5).

2.   Is é ECDC a oibreoidh an t-ardán malartaithe PLF.

3.   D’fhonn a n-oibleagáidí faoi Airteagal 2 a chomhlíonadh maidir le fógra a thabhairt faoi bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a shainaithnítear i gcomhthéacs bhailiú sonraí PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS na mBallstát a bhfuil sé de cheanglas orthu an PLF a chomhlánú tacar sonraí PLF, faoi mar a shonraítear in Airteagal 2b, a mhalartú tríd an ardán malartaithe PLF.

4.   Féadfaidh údaráis inniúla EWRS leanúint dá n-oibleagáidí faoi Airteagal 9(1) agus 9(3) de Chinneadh 1082/2013/AE a chomhlíonadh maidir le fógra a thabhairt faoi bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a shainaithnítear i gcomhthéacs sonraí PLF a bhailiú trí na bealaí cumarsáide eile atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh seo, ar bhonn sealadach agus ar choinníoll nach dtiocfadh sé salach ar chuspóir an rianaithe teagmhálaithe.

5.   Ní dhéanfaidh an t-ardán malartaithe PLF na sonraí PLF ná na sonraí eipidéimeolaíocha breise a stóráil. Ní cheadóidh sé ach d’údaráis inniúla EWRS sonraí a fháil, sonraí a chuir údaráis inniúla eile de chuid EWRS chucu chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 agus chun na críche sin amháin. Ní bheidh rochtain ag ECDC ar na sonraí ach amháin chun dea-fheidhmiú an ardáin malartaithe PLF a áirithiú.

6.   Ní choimeádfaidh údaráis inniúla EWRS na sonraí PLF ná na sonraí eipidéimeolaíocha a fhaigheann siad tríd an ardán malartaithe PLF ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse choinneála is infheidhme i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí rianaithe teagmhálaithe náisiúnta maidir le SARS-CoV-2.

7.   Comhoibreoidh an Coimisiún le ECDC i gcomhlíonadh na gcúraimí a leagtar air faoin gCinneadh seo, go háirithe maidir le bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le húsáid, cur chun feidhme, oibriú, cothabháil agus tuilleadh forbartha ar an ardán malartaithe PLF.

8.   Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil in ardán malartaithe PLF chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 agus chun na críche sin amháin, déanfar na sonraí sin a phróiseáil go dtí an 31 Bealtaine 2022 nó dtí go mbeidh sé dearbhaithe ag Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, éigeandáil atá mar thoradh ar SARS-CoV-2, cibé acu is luaithe.

Airteagal 2b

Na sonraí atá le malartú

1.   Agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh in ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur chuig údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta an phaisinéara nó áit chónaithe an phaisinéara, i gcás nach ionann an áit chónaithe agus áit tús aistir:

(a)

céadainm;

(b)

sloinne;

(c)

dáta breithe;

(d)

uimhir ghutháin (líne thalún agus/nó fón póca);

(e)

seoladh ríomhphoist;

(f)

seoladh na háite cónaithe.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta an phaisinéara atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF a fhaightear a tharchur chuig Ballstát imeachta seachas an Ballstát atá dearbhaithe sa PLF mar Bhallstát an chéad imeachta, i gcás ina bhfuil faisnéis bhreise ann a thugann le fios gur cheart don Bhallstát sin an rianú teagmhálaithe a dhéanamh.

3.   Agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh in ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstát ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur, i ndáil le gach céim de thuras an phaisinéara sin, chuig údaráis inniúla EWRS na mBallstát uile:

(a)

áit imeachta gach aistir lena mbaineann;

(b)

ceann scríbe gach aistir lena mbaineann;

(c)

dáta imeachta gach aistir lena mbaineann;

(d)

cineál gach iompair lena mbaineann (e.g. eitleán, traein, cóiste, bád farantóireachta, long);

(e)

uimhir aitheantais gach iompair lena mbaineann (e.g. uimhir na heitilte, uimhir na traenach, uimhirphláta an chóiste, ainm an bháid farantóireachta nó ainm na loinge);

(f)

uimhir an tsuíocháin/an chábáin i ngach iompar lena mbaineann;

(g)

i gcás inar gá, am imeachta gach iompair lena mbaineann.

4.   I gcás inar féidir le húdaráis inniúla EWRS an Bhallstát atá ag tabhairt fógra faoin bhfoláireamh na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil dóibh, déanfaidh siad na sonraí a liostaítear i mír 3 a tharchur chuig údaráis inniúla EWRS na mBallstát sin amháin.

5.   Beidh údaráis inniúla EWRS in ann na sonraí eipidéimeolaíocha seo a leanas a sholáthar, i gcás inar gá sin chun rianú éifeachtach teagmhálaithe a dhéanamh:

(a)

an cineál tástála a rinneadh;

(b)

athraitheach den víreas SARS-CoV-2;

(c)

dáta na samplála;

(d)

dáta tosaithe na siomptóm.

Airteagal 2c

Freagrachtaí údaráis inniúla EWRS agus ECDC maidir le próiseáil sonraí PLF

1.   Na húdaráis inniúla EWRS a mhalartaíonn sonraí PLF agus na sonraí in Airteagal 2b(5) le chéile, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhair iontráil agus tarchur na sonraí sin, go dtí go bhfaighfear iad tríd an ardán malartaithe PLF. Déanfar freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha a leithdháileadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Gach Ballstát ar mian leis a bheith rannpháirteach i malartú trasteorann sonraí PLF tríd an ardán malartaithe PLF, tabharfaidh sé fógra do ECDC sula nglacfaidh sé páirt sa mhalartú sin faoina chuspóir agus faoina údarás inniúil EWRS atá ainmnithe mar an rialaitheoir freagrach.

2.   Beidh ECDC ina phróiseálaí ar shonraí a mhalartaítear tríd an ardán malartaithe PLF. Cuirfidh sé an t-ardán malartaithe PLF ar fáil agus áiritheoidh sé slándáil na próiseála, lena n-áirítear sonraí a mhalartaítear tríd an ardán malartaithe PLF a tharchur, agus comhlíonfaidh sé na hoibleagáidí próiseálaí a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.   ECDC agus údaráis inniúla EWRS atá údaraithe chun rochtain a fháil ar an ardán malartaithe PLF, déanfaidh siad tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta ar éifeachtacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil maidir le slándáil na próiseála sonraí PLF a mhalartaítear tríd an ardán malartaithe PLF a áirithiú.

4.   Rachaidh ECDC i dteagmháil leis an gCoimisiúin mar fhophróiseálaí agus áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna a leagtar amach sa Chinneadh seo maidir leis an gCoimisiún.”.

(3)

In Airteagal 3(3), cuirtear ‘Iarscríbhinn IV’ in ionad na bhfocal ‘an Iarscríbhinn’;

(4)

San Iarscríbhinn, cuirtear ‘IARSCRÍBHINN IV’ in ionad an teidil ‘IARSCRÍBHINN’;

(5)

Cuirtear isteach Iarscríbhinní I, II agus III faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meitheamh 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 293, 5.11.2013, lch. 1.

(2)  IO L 337, 14.10.2020, lch. 3.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1).

(4)  Faoi scáth HEALTHY GATEWAYS, an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach maidir le hUllmhacht agus gníomhaíocht ag pointí iontrála (calafoirt, aerfoirt agus turais de thalamh) atá á maoiniú ag an Tríú Clár Sláinte (2014-2020), tugtar le chéile 28 dtír Eorpacha.

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais ar shonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

TACAR ÍOSTA SONRAÍ PLF ATÁ LE BAILIÚ TRÍD AN PLF NÁISIÚNTA

Beidh na sonraí PLF seo a leanas ar a laghad sa PLF:

(1)

céadainm;

(2)

sloinne;

(3)

dáta breithe;

(4)

uimhir ghutháin (líne thalún agus/nó uimhir fóin póca);

(5)

Seoladh ríomhphoist;

(6)

seoladh na háite cónaithe;

(7)

ceann scríbe deiridh an turais iomláin san Aontas Eorpach;

(8)

an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach céim den turas go dtí an Ballstát atá ag éileamh an PLF:

(a)

áit imeachta;

(b)

ceann scríbe;

(c)

dáta imeachta;

(d)

an cineál iompair (e.g. eitleán, traein, cóiste, bád farantóireachta, long);

(e)

am imeachta;

(f)

uimhir aitheantais an mhodha iompair (e.g. uimhir na heitilte, uimhir na traenach, uimhirphláta an chóiste, ainm an bháid farantóireachta nó ainm na loinge);

(g)

uimhir an tsuíocháin/an chábáin.

IARSCRÍBHINN II

FREAGRACHTAÍ NA mBALLSTÁT RANNPHÁIRTEACH MAR RIALAITHEOIRÍ COMHPHÁIRTEACHA AR AN ARDÁN MALARTAITHE PLF

ROINN 1

Roinnt na bhfreagrachtaí

(1)

Áiritheoidh gach údarás inniúil EWRS gur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) a dhéanfar an phróiseáil ar shonraí PLF agus ar na sonraí eipidéimeolaíocha breise a mhalartaítear ar an ardán malartaithe PLF. Thar aon ní eile, áiritheoidh sé gur sonraí cruinn iad na sonraí a iontrálann sé san ardán malartaithe PLF agus na sonraí a tharchuireann sé tríd, sonraí atá teoranta do na sonraí a leagtar síos in Airteagal 2b den Chinneadh seo.

(2)

Is é údarás inniúil EWRS an t-aon rialaitheoir atá ann le bailiú, úsáid agus nochtadh sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise a dhéanamh, agus aon phróiseáil eile ina leith, rud a dhéantar lasmuigh den ardán malartaithe PLF. Áiritheoidh gach údarás inniúil EWRS gur i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a shonraítear le haghaidh an ardáin mhalartaithe PLF a dhéanfar na sonraí a tharchur.

(3)

Is ó phointe teagmhála aon cheann de na rialaitheoirí comhpháirteacha a chuirfear treoracha chuig an bpróiseálaí, i gcomhaontú leis na rialaitheoirí comhpháirteacha eile.

(4)

Ní fhéadfaidh ach daoine atá údaraithe ag údaráis inniúla EWRS rochtain a fháil ar shonraí PLF agus ar shonraí eipidéimeolaíocha breise a mhalartaítear ar an ardán malartaithe PLF.

(5)

Bunóidh gachúdarás inniúil EWRS pointe teagmhála ag a bhfuil bosca ríomhphoist feidhmiúil a fheidhmeoidh mar dheis chumarsáide idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus an próiseálaí. Is í Meitheal Choiste Slándála Sláinte EWRS a rialaíonn próiseas cinnteoireachta na Rialaitheoirí Comhpháirteacha.

(6)

Scoirfidh gach údarás inniúil EWRS de bheith ina rialaitheoir comhpháirteach ó dháta tharraingt siar a chuid rannpháirtíochta san ardán malartaithe PLF. Leanfaidh sé de bheith freagrach, áfach, as bailiú agus as tarchur sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise ar an ardán malartaithe PLF, sonraí a iontráladh sular tharraing sé siar.

(7)

Coimeádfaidh gach údarás inniúil EWRS taifead de na gníomhaíochtaí próiseála a thagann faoi scáth a chuid freagrachta. Féadfar an rialú comhpháirteach a léiriú ar an taifead.

ROINN 2

Freagrachtaí agus róil maidir le hiarrataí ar na ábhair sonraí a láimhseáil agus iad a chur ar an eolas

(1)

Déanfaidh gach údarás inniúil EWRS a bhfuil PLF de dhíth air faisnéis a sholáthar do na paisinéirí trasteorann (‘na hábhair sonraí’) maidir leis na cúinsí a bhaineann le malartú a gcuid sonraí PLF agus a gcuid sonraí eipidéimeolaíocha ar an ardán malartaithe PLF chun críche an rianaithe teagmhála, i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679.

(2)

Gníomhóidh gach údarás inniúil EWRS mar phointe teagmhála le haghaidh na n-ábhar sonraí agus láimhseálfaidh sé na hiarrataí a bhaineann le feidhmiú a gceart gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, iarrataí a chuirfidh siad féin nó a n-ionadaithe isteach. Ainmneoidh gach údarás inniúil EWRS pointe teagmhála sonrach a bheidh tiomnaithe d’iarrataí a gheofar ó ábhair sonraí. Má fhaigheann údarás inniúil EWRS iarraidh ó ábhar sonraí, iarraidh nach dtagann faoina fhreagracht féin, cuirfidh sé an iarraidh sin ar aghaidh go pras chuig an údarás inniúil EWRS atá freagrach, agus cuirfidh sé ECDC ar an eolas ina leith. Má iarrtar sin, tabharfaidh údaráis inniúla EWRS cúnamh dá chéile chun iarrataí na n-ábhar sonraí a bhaineann leis an rialaitheoir comhpháirteach a láimhseáil agus freagróidh siad dá chéile gan moill mhíchuí agus laistigh de 15 lá ar a dhéanaí ón iarraidh ar chúnamh a fháil.

(3)

Déanfaidh gach údarás inniúil EWRS ábhar na hIarscríbhinne seo a chur ar fáil do na hábhair sonraí, lena n-áirítear na socruithe a leagtar síos i bpointí 1 agus 2.

ROINN 3

Bainistiú teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta

(1)

Ina gcáil mar rialaitheoirí comhpháirteacha, tabharfaidh údaráis inniúla EWRS, cúnamh dá chéile chun aon teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, a shainaithint agus a láimhseáil, ar teagmhais iad atá nasctha le próiseáil PLF agus le sonraí eipidéimeolaíocha a mhalartaítear ar an ardán malartaithe PLF.

(2)

Go háirithe, tabharfaidh siad fógra dá chéile agus do ECDC maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

aon riosca féideartha nó iarbhír d’infhaighteacht, rúndacht agus/nó sláine an PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha a bhfuil próiseáil á déanamh orthu san ardán malartaithe PLF;

(b)

aon sárú ar shonraí pearsanta, na hiarmhairtí is dócha a bheidh ag an sárú ar shonraí agus an measúnú ar an riosca atá ann do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, agus aon bhearta a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt ar an sárú ar shonraí pearsanta agus chun an riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a mhaolú;

(c)

aon sárú ar choimircí teicniúla agus/nó eagraíochtúla na hoibríochta próiseála san ardán malartaithe PLF.

(3)

Déanfaidh údaráis inniúla EWRS aon sárú ar shonraí maidir leis an oibríocht próiseála san ardán malartaithe PLF a chur in iúl do ECDC, do na húdaráis mhaoirseachta inniúla agus, i gcás inar gá, do na hábhair sonraí, i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 de Rialachán (AE) 2016/679 nó tar éis fógra a fháil ó ECDC.

(4)

Cuirfidh gach údarás inniúil EWRS bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme, ar bearta iad a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

slándáil, sláine agus rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseálann siad i gcomhpháirt a áirithiú agus a chosaint;

(b)

aon sonraí pearsanta atá ina sheilbh a chosaint ar aon phróiseáil, caillteanas, úsáid, nochtadh nó fáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach;

(c)

a áirithiú nach ndéanfar rochtain ar na sonraí pearsanta a nochtadh ná a cheadú d’aon duine seachas na faighteoirí nó na próiseálaithe.

ROINN 4

Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí

Má tá faisnéis ó rialaitheoir eile ag teastáil ó rialaitheoir d’fhonn a oibleagáidí a shonraítear in Airteagail 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, seolfaidh sé iarraidh shonrach chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil dá dtagraítear i bhForoinn 1(5) de Roinn 1. Déanfaidh an rialaitheoir eile sin a dhícheall an fhaisnéis sin a chur ar fáil.

IARSCRÍBHINN III

FREAGRACHTAÍ ECDC MAR PHRÓISEÁLAÍ SONRAÍ AR AN ARDÁN MALARTAITHE PLF

(1)   

Bunóidh agus áiritheoidh ECDC bonneagar cumarsáide slán iontaofa lena ndéanfar údaráis inniúla EWRS na mBallstát atá rannpháirteach san ardán malartaithe PLF a idirnascadh.

Tá an méid seo a leanas i gceist leis an bpróiseáil a dhéanann ECDC ar an ardán malartaithe PLF:

(a)

Tacar íosta na gceanglas teicniúil a shainiú ionas go bhféadfar bunachair sonraí náisiúnta PLF a úsáid go mín slán;

(b)

idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí PLF náisiúnta a áirithiú ar bhealach slán agus uathoibrithe.

(2)   

Chun a oibleagáidí mar phróiseálaí sonraí ar an ardán malartaithe PLF a chomhlíonadh, rachaidh ECDC i dteagmháil leis an gCoimisiúin mar fhophróiseálaí agus áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna, mar a leagtar amach sa Chinneadh seo, maidir leis an gCoimisiún.

Féadfaidh ECDC údarú a thabhairt don Choimisiún tríú páirtithe a fhostú mar fhophróiseálaithe breise.

Má fhostaíonn an Coimisiún fophróiseálaithe, déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna, faoi mar a leagtar amach sa Chinneadh seo, maidir leis na fophróiseálaithe sin;

(b)

na rialaitheoirí a chur ar an eolas faoi aon athrú a bheadh beartaithe a bhaineann le fophróiseálaithe eile a thabhairt isteach nó a chur in ionad fophróiseálaithe eile, ionas go mbeadh deis ag na rialaitheoirí agóid i gcoinne athruithe den chineál sin trí thromlach simplí.

(3)   

Déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:

(a)

bonneagar cumarsáide slán iontaofa a bhunú agus a áirithiú, bonneagar lena ndéanfar údaráis inniúla EWRS na mBallstát atá rannpháirteach san ardán malartaithe PLF a idirnascadh;

(b)

sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise a phróiseáil, bunaithe ar threoracha doiciméadaithe amháin ó na rialaitheoirí, mura rud é go gceanglaítear air an méid sin a dhéanamh le dlí an Aontais; sa chás sin, cuirfidh ECDC na rialaitheoirí ar an eolas faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin má choisctear an fhaisnéis sin a chur isteach faoin dlí sin ar fhoras tábhachtach arb é leas an phobail é.

(c)

plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i ndiaidh tubaiste a chur i bhfeidhm.

(d)

na bearta is gá a dhéanamh chun sláine PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise a phróiseáiltear a chaomhnú;

(e)

gach beart úrscothach slándála eagraíochtúil, fisiceach agus leictreonach a dhéanamh chun an t-ardán malartaithe PLF a choinneáil ar bun; chuige sin, déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:

(i)

eintiteas a bheidh freagrach as bainistiú slándála a ainmniú ar leibhéal an ardáin mhalartaithe PLF, a fhaisnéis teagmhála a chur in iúl do na rialaitheoirí agus a áirithiú go mbeidh an t-eintiteas sin ar fáil chun freagairt do bhagairtí slándála;

(ii)

freagracht a ghlacadh as slándáil an ardáin mhalartaithe PLF;

(iii)

a áirithiú go mbeidh gach duine dá ndeonófar rochtain ar an ardán malartaithe PLF faoi réir oibleagáide rúndachta conarthaí, gairmiúla nó reachtúla;

(f)

gach beart slándála is gá a dhéanamh le nach gcuirfear feidhmiú mín oibríochtúil an ardáin mhalartaithe PLF i mbaol; chuige sin, cuirfidh ECDC nósanna imeachta sonracha i bhfeidhm a bhaineann le feidhmiú an ardáin mhalartaithe PLF agus an nasc idir na freastalaithe cúil agus ardán malartaithe PLF; áirítear leis sin:

(i)

nós imeachta maidir le measúnú riosca chun bagairtí féideartha don chóras a aithint agus a mheas;

(ii)

nós imeachta iniúchta agus athbhreithnithe ar maithe le:

1)

an comhfhreagras idir na bearta slándála a chuirtear chun feidhme agus an beartas slándála is infheidhme a sheiceáil;

2)

sláine chomhaid an chórais, paraiméadair slándála agus údaruithe deonaithe a rialú go rialta;

3)

sáruithe slándála agus ionsánna a bhrath, agus faireachán a dhéanamh orthu;

4)

athruithe a chur chun feidhme chun laigí slándála atá ann cheana a mhaolú;

5)

foráil maidir le feidhmiú iniúchtaí neamhspleácha agus a bheith rannpháirteach ann, lena n-áirítear cigireachtaí agus athbhreithnithe ar bhearta slándála, lena n-áirítear arna iarraidh sin don rialaitheoirí, faoi réir coinníollacha lena n-urramaítear Prótacal (Uimh. 7) a ghabhann le CFAE ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh (2);

(iii)

an nós imeachta rialaithe a athrú chun doiciméadú a dhéanamh ar an tionchar atá ag athrú sula gcuirtear i bhfeidhm é agus é a thomhas agus na rialaitheoirí a choimeád ar an eolas maidir le haon athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chumarsáid lena mbonneagar agus/nó do shlándáil a mbonneagair;

(iv)

nós imeachta cothabhála agus deisiúcháin a leagan síos lena sonrófar na rialacha agus na coinníollacha atá le hurramú nuair is ceart trealamh a chothabháil agus/nó a dheisiú;

(v)

nós imeachta um theagmhais slándála a leagan síos chun an scéim tuairiscithe agus géaraithe a shainiú, na rialaitheoirí a chur ar an eolas gan mhoill ionas go dtabharfaidh siad fógra do na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta um chosaint sonraí faoi aon sárú ar shonraí pearsanta, agus próiseas araíonachta a shainiú chun déileáil le sáruithe slándála;

(g)

bearta úrscothacha slándála agus/nó leictreonacha a ghlacadh le haghaidh na saoráidí ina bhfuil trealamh an ardáin mhalartaithe PLF agus le haghaidh rialuithe ar rochtain sonraí agus slándála; chun na críche sin, déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:

(i)

slándáil fhisiceach a fhorfheidhmiú chun imlíne slándála soiléire a shuí agus chun sáruithe a bhrath;

(ii)

an rochtain ar na saoráidí a rialú agus clár cuairteoirí a choinneáil ar bun chun críocha an rianaithe;

(iii)

a áirithiú go ndéanfaidh foireann chuí-údaraithe daoine seachtracha a thionlacan dá dtugtar rochtain ar an áitreabh;

(iv)

a áirithiú nach féidir trealamh a thabhairt chun an áitribh, trealamh a ionadú nó trealamh a chur den láthair gan údarú a fháil roimh ré ó na comhlachtaí freagracha ainmnithe;

(v)

an rochtain idir na córais PLF náisiúnta agus an t-ardán malartaithe PLF a rialú;

(vi)

a áirithiú go ndéanfar daoine a fhaigheann rochtain ar an ardán malartaithe PLF a shainaithint agus a fhíordheimhniú;

(vii)

athbhreithniú ar na cearta údaraithe a bhaineann le rochtain ar an ardán malartaithe PLF i gcás sárú slándála ar an mbonneagar sin;

(viii)

bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun rochtain neamhúdaraithe ar shonraí PLF agus ar shonraí eipidéimeolaíocha a chosc;

(ix)

bearta a chur chun feidhme, nuair is gá, chun bac a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar an ardán malartaithe PLF ó fhearann na n-údarás náisiúnta (i.e.: bac ar shuíomh/seoladh IP);

(h)

bearta a dhéanamh chun a fhearann a chosaint, lena n-áirítear gearradh na gceangal, i gcás ina mbeidh diall substaintiúil ó na prionsabail agus ó na coincheapa maidir le cáilíocht nó slándáil;

(i)

plean bainistithe riosca a choinneáil a bhaineann lena réimse freagrachta;

(j)

faireachán– i bhfíor-am – ar fheidhmíocht chomhpháirteanna uile an ardáin mhalartaithe PLF, staitisticí a chur ar fáil go rialta agus taifid a choimeád;

(k)

a chinntiú go bhfuil an tseirbhís ar fáil 24/7, leis an aga neamhfhónaimh inghlactha chun críocha cothabhála;

(l)

tacaíocht a chur ar fáil do gach seirbhís ardáin malartaithe PLF i mBéarla, ar an bhfón, trí ríomhphost nó ar an Tairseach Gréasáin agus glacadh le glaonna ó ghlaoiteoirí údaraithe: comhordaitheoirí an ardáin mhalartaithe PLF agus a ndeasc cabhrach féin, a n-Oifigigh Tionscadail agus a ndaoine ainmnithe ó ECDC;

(m)

cuidiú leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2016/679;

(n)

tacú leis na rialaitheoirí trí fhaisnéis a sholáthar maidir leis an ardán malartaithe PLF, d’fhonn na hoibleagáidí de bhun Airteagail 32, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679 a chur chun feidhme;

(o)

a áirithiú go mbeidh sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha a tharchuirtear tríd an ardán malartaithe PLF dothuigthe d’aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil air, go háirithe trí chriptiú láidir a chur i bhfeidhm;

(p)

gach beart ábhartha a dhéanamh ionas nach mbeidh rochtain neamhúdaraithe ag oibreoirí an ardáin mhalartaithe PLF ar shonraí tarchurtha PLF agus eipidéimeolaíocha;

(q)

bearta a dhéanamh chun an idir-inoibritheacht agus an chumarsáid a éascú idir rialaitheoirí ainmnithe an ardáin mhalartaithe PLF;

(r)

taifead a choinneáil de na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar thar ceann na rialaitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


(*)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


Top