EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0477

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/477 ón gCoimisiún an 18 Márta 2021 lena bhformheastar leasuithe ar na cláir náisiúnta chun salmonella a rialú in ainmhithe beo agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch áirithe, ar leasuithe iad a chuir an Fhionlainn agus an tSualainn isteach (tugtar fógra faoi dhoiciméad C(2021) 1672) (Is ag na téacsanna san Fhionlainnis agus sa tSualainnis a bheidh an t-údarás agus acu siúd amháin)

C/2021/1672

OJ L 99, 22.3.2021, p. 75–77 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
OJ L 99, 22.3.2021, p. 37–39 (GA)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/477/oj

22.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 99/37


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/477 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Márta 2021

lena bhformheastar leasuithe ar na cláir náisiúnta chun salmonella a rialú in ainmhithe beo agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch áirithe, ar leasuithe iad a chuir an Fhionlainn agus an tSualainn isteach

(tugtar fógra faoi dhoiciméad C(2021) 1672)

(Is ag na téacsanna san Fhionlainnis agus sa tSualainnis a bheidh an t-údarás agus acu siúd amháin)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 an 17 Samhain 2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú salmonella agus oibreáin zónóiseacha bia-iompartha sonraithe eile (1), agus go háirithe Airteagal 6(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 94/968/CE ón gCoimisiún (2) formheasadh an clár oibríochtúil a thíolaic an Fhionlainn chun salmonella a rialú in ainmhithe beo áirithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, lena gcumhdaítear, i measc nithe eile, bó-ainmhithe agus mucra le haghaidh pórúcháin, tairgthe agus maraithe, mar aon le mairteoil, muiceoil agus feoil éanlaithe.

(2)

Le Cinneadh 95/50/CE ón gCoimisiún (3) formheasadh an clár oibríochtúil a thíolaic an tSualainn chun salmonella a rialú in ainmhithe beo áirithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, lena gcumhdaítear, i measc nithe eile, bó-ainmhithe agus mucra le haghaidh pórúcháin, tairgthe agus maraithe, mairteoil agus muiceoil.

(3)

Le Cinneadh 2006/759/CE ón gCoimisiún (4), formheasadh an clár náisiúnta chun salmonella a rialú in ealtaí pórúcháin Gallus gallus a chuir an Fhionlainn isteach, le Cinneadh 2007/848/CE ón gCoimisiún (5), formheasadh an clár náisiúnta chun salmonella a rialú in ealtaí béaróg Gallus gallus a chuir an Fhionlainn isteach, le Cinneadh 2008/815/CE ón gCoimisiún (6), formheasadh an clár náisiúnta chun salmonella a rialú in ealtaí sicíní cuibhrithe Gallus gallus a chuir an Fhionlainn isteach agus le Cinneadh 2009/771/CE ón gCoimisiún (7), formheasadh an clár náisiúnta chun salmonella a rialú i dturcaithe a chuir an Fhionlainn isteach.

(4)

Le Cinneadh 2007/849/CE ón gCoimisiún (8) formheasadh leasuithe ar an gclár chun salmonella a rialú in ealtaí pórúcháin Gallus gallus a chuir an Fhionlainn isteach.

(5)

An 10 Márta 2020, chuir an Fhionlainn leasuithe ar a clár oibríochtúil faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas, ar leasuithe iad chun salmonella a rialú in ainmhithe beo áirithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch i dtaca le mairteoil agus muiceoil, feoil éanlaithe, agus bó-ainmhithe agus mucra le haghaidh pórúcháin, tairgthe agus maraithe, mar aon le leasuithe ar a gcláir náisiúnta chun Salmonella a rialú in ealtaí pórúcháin Gallus gallus, in ealtaí béaróg Gallus gallus, in ealtaí sicíní cuibhrithe Gallus gallus, agus i dturcaithe.

(6)

An 26 Samhain 2019, chuir an tSualainn leasuithe ar a clár oibríochtúil faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas, ar leasuithe iad chun salmonella a rialú in ainmhithe beo áirithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch i dtaca le mairteoil agus muiceoil agus bó-ainmhithe agus mucra le haghaidh pórúcháin, tairgthe agus maraithe.

(7)

Tíolacadh na leasuithe atá beartaithe ar na cláir sin chuig na Ballstát ag an gcruinniú a bhí ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 10 Nollaig 2020. Leis na leasuithe, cuirtear san áireamh an fhorbairt atá tagtha ar chúrsaí san Fhionlainn agus sa tSualainn agus déanann siad na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 a chomhlíonadh.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas.

(9)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na leasuithe a formheasadh le Cinneadh 94/968/CE maidir le mairteoil agus muiceoil, feoil éanlaithe, agus bó-ainmhithe agus mucra le haghaidh pórúcháin, táirgthe agus maraithe, leasuithe a chuir an Fhionlainn isteach an 10 Márta 2020 maidir lena clár oibríochtúil chun salmonella a rialú in ainmhithe beo áirithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, formheastar iad.

Airteagal 2

Na leasuithe a formheasadh le Cinneadh 95/50/CE maidir le mairteoil agus muiceoil, agus bó-ainmhithe agus mucra le haghaidh pórúcháin, táirgthe agus maraithe, leasuithe a chuir an tSualainn isteach an 26 Samhain 2019 maidir lena clár oibríochtúil chun salmonella a rialú in ainmhithe beo áirithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, formheastar iad.

Airteagal 3

Na leasuithe a chuir an Fhionlainn isteach an 10 Márta 2020 a formheasadh le Cinneadh 2006/759/CE, ar leasuithe iad maidir lena clár náisiúnta chun Salmonella a rialú in ealtaí pórúcháin Gallus gallus, formheastar iad.

Airteagal 4

Na leasuithe, atá curtha isteach ag an bhFionlainn an 10 Márta 2020 a formheasadh le Cinneadh 2007/848/CE, ar leasuithe iad maidir lena clár náisiúnta chun salmonella a rialú in ealtaí béaróg Gallus gallus, formheastar iad.

Airteagal 5

Na leasuithe, a chuir an Fhionlainn isteach an 10 Márta 2020 a formheasadh le Cinneadh 2008/815/CE, ar leasuithe iad maidir lena clár oibríochtúil chun salmonella a rialú in ealtaí sicíní cuibhrithe Gallus gallus, formheastar iad.

Airteagal 6

Na leasuithe a chuir an Fhionlainn isteach an 10 Márta 2020 a formheasadh le Cinneadh 2009/771/CE ón gCoimisiún, ar leasuithe iad maidir lena clár náisiúnta chun salmonella a rialú i dturcaithe, formheastar iad.

Airteagal 7

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 325, 12.12.2003, lch. 1.

(2)  Cinneadh 94/968/CE ón gCoimisiún an 28 Nollaig 1994 lena bhformheastar an clár oibríochtúil chun salmonella a rialú in ainmhithe beo agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch áirithe arna dtíolacadh ag an bhFionlainn (IO L 371, 31.12.1994, lch. 36).

(3)  Cinneadh 95/50/CE ón gCoimisiún an 23 Feabhra 1995 lena bhformheastar an clár oibríochtúil chun salmonella a rialú in ainmhithe beo áirithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch arna dtíolacadh ag an tSualainn (IO L 53, 9.3.1995, lch. 31).

(4)  Cinneadh 2006/759/CE ón gCoimisiún an 8 Samhain 2006 lena bhformheastar cláir náisiúnta áirithe chun salmonella a rialú in ealtaí pórúcháin Gallus gallus (IO L 311, 10.11.2006, lch. 46).

(5)  Cinneadh 2007/848/CE ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2007 lena bhformheastar cláir náisiúnta áirithe chun salmonella a rialú in ealtaí béaróg Gallus gallus (IO L 333, 19.12.2007, lch. 83).

(6)  Cinneadh 2008/815/CE ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2008 lena bhformheastar cláir náisiúnta áirithe chun salmonella a rialú in ealtaí sicíní cuibhrithe Gallus gallus (IO L 283, 28.10.2008, lch. 43).

(7)  Cinneadh 2009/771/CE ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2009 lena bhformheastar cláir náisiúnta áirithe chun salmonella a rialú i dturcaithe (IO L 275, 21.10.2009, lch. 28).

(8)  Cinneadh 2007/849/CE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2007 lena bhformheastar leasuithe ar an gclár náisiúnta chun salmonella a rialú in ealtaí pórúcháin Gallus gallus a chuir an Fhionlainn isteach (IO L 333, 19.12.2007, lch. 85).


Top