EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D0176

Cinneadh (AE) 2021/176 ón gComhairle an 5 Feabhra 2021 maidir le tabhairt i gcrích leasuithe ar an gComhaontú maidir le comhar faoi dhéileáil le truailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí dochracha eile (Comhaontú Bonn) a mhéid a bhaineann le leathnú raon feidhme chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin agus maidir le haontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú sin

OJ L 54, 16.2.2021, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/176/oj

Related international agreement
Related international agreement

16.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 54/1


CINNEADH (AE) 2021/176 ÓN GCOMHAIRLE

an 5 Feabhra 2021

maidir le tabhairt i gcrích leasuithe ar an gComhaontú maidir le comhar faoi dhéileáil le truailliú na Mara Thuaidh ag ola agus ag substaintí dochracha eile (Comhaontú Bonn) a mhéid a bhaineann le leathnú raon feidhme chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin agus maidir le haontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 196(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa an Comhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) (2) a thabhairt i gcrích trí Chinneadh 84/358/CEE ón gComhairle (3) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 1989. Leasaíodh Comhaontú Bonn in 1989. Formheasadh na leasuithe sin trí Chinneadh 93/540/CEE ón gComhairle (4) agus tháinig siad i bhfeidhm an 1 Aibreán 1994.

(2)

Leis an gCinneadh ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún le caibidlíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais maidir le leasuithe ar raon feidhme ábhartha agus tíreolaíoch Chomhaontú Bonn.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Chomhaontú Bonn, mheas na Páirtithe Conarthacha togra le haghaidh leasú chun raon feidhme Chomhaontú Bonn a shíneadh chun comhar a fheabhsú maidir le faireachas i ndáil le ceanglais Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, arna shíniú i Londain an 2 Samhain 1973, arna fhorlíonadh le Prótacal an 17 Feabhra 1978 (“Coinbhinsiún MARPOL”). Thairis sin, mheas na Páirtithe Conarthacha freisin na leasuithe ar Chonradh Bonn agus a Iarscríbhinn de bharr aontachas na Spáinne leis an gComhaontú sin i gcomhréir le hAirteagal 20 de.

(4)

Tá caibidlíocht déanta ag an gCoimisiún, i gcomhréir le Cinneadh ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019, ar na leasuithe sin ar Chomhaontú Bonn, leasuithe a glacadh trí vóta d’aon ghuth trí dhá chinneadh ag an aonú cruinniú is tríocha de chuid na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú Bonn a reáchtáladh in Bonn an 9-11 Deireadh Fómhair 2019.

(5)

Ba cheart na leasuithe sin ar Chomhaontú Bonn a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo thar ceann an Aontais na leasuithe ar an gComhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) a mhéid a bhaineann le leathnú raon feidhme chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin agus maidir le haontachas Ríocht na Spáinne leis an gComhaontú sin, leasuithe a ghlac na Páirtithe Conarthacha ag an aonú cruinniú is tríocha dá gcuid a reáchtáladh in Bonn an 9-11 Deireadh Fómhair 2019. (5)

Airteagal 2

Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a chumhachtaítear chun fógra a thabhairt, thar ceann an Aontais, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 16 de Chomhaontú Bonn. (6)

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Feabhra 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Toiliú an 19 Eanáir 2021.

(2)  IO L 188, 16.7.1984, lch. 9.

(3)  Cinneadh 84/358/CEE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1984 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (IO L 188, 16.7.1984, lch. 7).

(4)  Cinneadh 93/540/CEE ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 1993 lena bhformheastar leasuithe áirithe ar an gComhaontú maidir le Comhar faoi Dhéileáil le Truailliú na Mara Thuaidh ag Ola agus ag Substaintí Dochracha Eile (Comhaontú Bonn) (IO L 263, 22.10.1993, lch. 51).

(5)  Ní ann do théacsanna na gCinntí maidir leis na leasuithe ar Chomhaontú Bonn sa Ghaeilge.

(6)  Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm na leasuithe ar Chomhaontú Bonn in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


Top