EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D2253

Cinneadh (Euratom) 2020/2253 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 lena bhformheastar an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, agus an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

OJ L 444, 31.12.2020, p. 11–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/2253/oj

31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 444/11


CINNEADH (Euratom) 2020/2253 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Nollaig 2020

lena bhformheastar an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, agus an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’), agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 101 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Feabhra 2020, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta. Ba é an toradh a bhí ar an gcaibidlíocht sin Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise’), agus Comhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, (‘an Comhaontú maidir le Fuinneamh Núicléach’) (‘na Comhaontuithe’).

(2)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, cuimsítear ábhair a thagann faoi inniúlachtaí an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhphobal’), eadhon an comhlachas le clár Taighde agus Oiliúna Euratom agus leis an gComhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt arna rialú le Cuid a Cúig den Chomhaontú Trádála agus Comhair (Rannpháirtíocht i gcláir an Aontais, bainistíocht fhónta airgeadais agus forálacha airgeadais). Ba cheart, dá bhrí sin, an Comhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích freisin thar ceann an Chomhphobail a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’). Tá síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair thar ceann an Aontais Eorpaigh faoi réir nós imeachta ar leithligh.

(3)

Meabhraítear go bhféadfar dréachtchomhaontuithe déthaobhacha idir Ballstát den Chomhphobal agus an Ríocht Aontaithe faoi réim Chonradh Euratom, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le faisnéis eolaíoch nó thionsclaíoch a mhalartú sa réimse núicléach, a thabhairt i gcrích ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha agus na ceanglais nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 29 agus 103 den Chonradh sin.

(4)

I bhfianaise staid eisceachtúil na Ríochta Aontaithe i dtaca leis an Aontas agus leis an gComhphobal, agus i bhfianaise a phráinní atá an staid maidir leis an idirthréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2020, ba cheart an Comhaontú Trádála agus Comhair, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart an Comhaontú maidir le Fuinneamh Núicléach a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus go dtí go gcríochnófar an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach agus go mbunóidh na Páirtithe na leaganacha teanga sin agus athbhreithniú críochnaitheach déanta orthu mar leaganacha barántúla críochnaitheacha.

(5)

Ós rud gur go fíordhéanach, díreach 7 lá roimh dheireadh na hidirthréimhse, a tugadh chun críche an chaibidlíocht maidir leis na Comhaontuithe, ní rabhthas in ann dul ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach ar théacsanna na gComhaontuithe sular síníodh iad. Dá bhrí sin, ag tosú díreach tar éis shíniú na gComhaontuithe, ba cheart do na Páirtithe dul ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach ar théacsanna na gComhaontuithe sna 24 theanga bharántúla ar fad. Ba cheart an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch sin a thabhairt chun críche in am trátha. Ba cheart do na Páirtithe, ansin, trí mhalartú nótaí taidhleoireachta, téacsanna na gComhaontuithe sin sna teangacha sin ar fad, agus athbhreithniú déanta orthu, a bhunú mar théacsanna barántúla críochnaitheacha. Ba cheart na téacsanna athbhreithnithe sin a chur ab initio in ionad na leaganacha sínithe de na Comhaontuithe.

(6)

Ba cheart an Coimisiún do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Fuinneamh Núicléach a fhormheas.

(7)

Ba cheart an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo formheastar an Coimisiún do thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2.

2.   Leis seo formheastar an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, lena n-áirítear a fhorálacha maidir le cur i bhfeidhm sealadach, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3.

3.   Tá téacs an Chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 1 i gceangal leis an gCinneadh seo.

Tá téacs an Chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 2 i gceangal le Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle (1).

Airteagal 2

1.   Sula dtabharfar i gcrích é agus faoi réir na cómhalartachta, síneofar an Comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus cuirfear i bhfeidhm é ar bhonn sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2.

2.   Beidh na leaganacha de na Comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach.

Déanfar na leaganacha teanga ar toradh iad ar an athbhreithniú dlítheangeolaíoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú mar leaganacha barántúla críochnaitheacha trí mhalartú nótaí taidhleoireachta leis an Ríocht Aontaithe.

Cuirfear na téacsanna barántúla críochnaitheacha dá dtagraítear sa dara fomhír in ionad na leaganacha sínithe den Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(1) ab initio.

3.   Comhaontófar an cur i bhfeidhm sealadach dá dtagraítear i mír 1 trí mhalartú litreacha idir an Comhphobal agus Rialtas na Ríochta Aontaithe. Tá téacs na litreacha sin i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

1.   Sula dtabharfar i gcrích é agus faoi réir na cómhalartachta, síneofar an Comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(2), a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, agus cuirfear i bhfeidhm é ar bhonn sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

2.   Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí an fógra i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Chinneadh (AE) 2020/2252 gur tugadh chun críche na ceanglais agus nósanna imeachta inmheánacha de chuid an Aontais is gá don chur i bhfeidhm sealadach ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Aontas, roimh an dáta dá dtagraítear i mír 1, gur tugadh chun críche na ceanglais agus na nósanna imeachta inmheánacha dá cuid is gá don chur i bhfeidhm sealadach.

3.   Beidh na leaganacha den Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(2) sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach.

Déanfar na leaganacha teanga ar toradh iad ar an athbhreithniú dlítheangeolaíoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú mar leaganacha barántúla críochnaitheacha trí mhalartú nótaí taidhleoireachta leis an Ríocht Aontaithe.

Cuirfear na téacsanna barántúla críochnaitheacha dá dtagraítear sa dara fomhír in ionad na leaganacha sínithe den Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ab initio.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (AE) 2020/2252 an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).


Top