EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020D0135

Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

XT/21105/2018/REV/3

OJ L 29, 31.1.2020, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2020/135/oj

Related international agreement

31.1.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 29/1


CINNEADH (AE) 2020/135 ÓN GCOMHAIRLE

an 30 Eanáir 2020

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/1750 (1) lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 (2) maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach an Chomhaontuithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú”).

(2)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(3)

Aon tagairtí don Aontas sa chinneadh seo, ba cheart a thuiscint go n‐áirítear leo an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(4)

An dáta a dtiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm, tiocfaidh deireadh go huathoibríoch, mar thoradh ar an tarraingt siar, le sainorduithe chomhaltaí uile na n‐institiúidí, na gcomhlachtaí agus na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais a ainmníodh, a ceapadh nó a toghadh i dtaca le comhaltas na Ríochta Aontaithe san Aontas.

(5)

Is iomchuí modúlachtaí ionadaíocht an Aontais sa Chomhchoiste agus sna coistí speisialaithe arna mbunú leis an gComhaontú a shainiú. Is é an Coimisiún, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 17(1) CAE, atá chun ionadaíocht a dhéanamh don Aontas agus chun seasaimh an Aontais a chur in iúl, faoi mar a bhunaíonn an Chomhairle iad i gcomhréir leis na Conarthaí. Tá an Chomhairle chun a feidhmeanna sainithe beartas agus a feidhmeanna comhordaitheacha faoi mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 16(1) CAE a fheidhmiú trí na seasaimh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste agus sna coistí speisialaithe a bhunú. Ina theannta sin, i gcás ina n-iarrtar ar an gComhchoiste gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, tá na seasaimh atá le ghlacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste le bunú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sé mhí sula dtiocfaidh Airteagal 5 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar chun bheith infheidhme, déanfar na modúlachtaí do rannpháirtíocht Ballstát i gcruinnithe an Chomhchoiste agus na gcoistí speisialaithe a athbhreithniú, agus an staid nua arna cruthú amhlaidh á cur san áireamh.

(6)

Meabhraítear go ndearnadh roinnt dearbhuithe a chur i miontuairiscí na Comhairle Eorpaí an 25 Samhain 2018., De réir an Dearbhaithe i gcás ina mbainfidh seasamh an Aontais, a bheidh le glacadh sa Chomhchoiste, le síneadh ar an idirthréimhse, gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis na treoirlínte ón gComhairle Eorpach agus cuirfear san áireamh, in aon chinneadh maidir le síneadh a chur leis an idirthréimhse, comhlíonadh na n‐oibleagáidí atá ar an Ríocht Aontaithe faoin gComhaontú, lena n‐áirítear na Prótacail a ghabhann leis. Cuireadh dhá dhearbhú eile ón gComhairle Eorpach agus ón gCoimisiún san miontuairiscí sin thuas de chuid na Comhairle Eorpaí. Dearbhú léiritheach maidir le hAirteagal 184 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus dearbhú maidir le raon feidhme comhaontuithe na socruithe a bheidh ann sa todhchaí.

(7)

I gcás ina bhfuil an tAontas chun seasamh a ghlacadh sa Chomhchoiste, tá an Chomhairle agus an Coimisiún chun na Dearbhuithe a áirítear i miontuairiscí Chomhairle Eorpach an 25 Samhain 2018 a urramú.

(8)

Tá Parlaimint na hEorpa le cur go hiomlán ar an eolas láithreach, mar a fhoráiltear in Airteagal 218(10) CFAE, ar bhonn modúlachtaí praiticiúla comhair lena mbeidh sí ábalta a sainchumais a fheidhmiú go hiomlán i gcomhréir leis na Conarthaí.

(9)

Nuair is gá don Aontas gníomhú chun forálacha an Chomhaontaithe a chomhlíonadh, tá gníomhaíocht den sórt sin le déanamh i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus, san am céanna, teorainneacha na gcumhachtaí a thugtar do gach institiúid á n‐urramú. Dá bhrí sin, seachas i gcás ina dtagraíonn an Comhaontú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí sonracha eile de chuid an Aontais, is faoin gCoimisiún atá sé an fhaisnéis nó na fógraí a cheanglaítear leis an gComhaontú a thabhairt don Ríocht Aontaithe, dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair shonracha, agus cuireadh a chur ar ionadaithe ón Ríocht Aontaithe chun bheith i láthair ag cruinnithe comhairliúcháin nó caibidlíochta idirnáisiúnta mar chuid de thoscaireacht an Aontais. Is faoin gCoimisiún freisin atá sé ionadaíocht a dhéanamh don Aontas os comhair an phainéil eadrána i gcás ina gcuirtear isteach díospóid chun eadrána i gcomhréir le hAirteagal 170 den Chomhaontú. I gcomhlíonadh dhualgas an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) CAE, tá an Coimisiún chun dul i gcomhairle leis an gComhairle roimh ré, mar shampla, trí phríomhlínte na n‐aighneachtaí sin de chuid an Aontais atá beartaithe a chur faoi bhráid an phainéil a chur faoi bhráid na Comhairle, agus trí na barúlacha a thugann an Chomhairle a chur san áireamh. Is ar an gcúis chéanna ba cheart gur faoin gCoimisiún a bheadh sé socruithe riaracháin amhail na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 134 den Chomhaontú a chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe.

(10)

Sa ráiteas uaidh do mhiontuairiscí chruinniú na Comhairle an 29 Eanáir 2018, thug an Coimisiún le fios go ndéanfaidh sé doiciméad treorach a eisiúint, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle, maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach Airteagal 128(5) den Chomhaontú.

(11)

De bhun Airteagal 129(4) den Chomhaontú, féadfaidh an Ríocht Aontaithe, le linn na hidirthréimhse, comhaontuithe idirnáisiúnta arna ndéanamh aici ina cáil féin a chaibidil, a shíniú agus a dhaingniú i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, ar choinníoll nach dtiocfaidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm ná nach gcuirfear i bhfeidhm iad le linn na hidirthréimhse, murar údaraigh an tAontas amhlaidh. Is gá na coinníollacha agus an nós imeachta a leagan amach chun údaruithe den sórt sin a dheonú. I bhfianaise an mheáchain pholaitiúil a bhaineann le cinntí lena dtugtar údaruithe den sórt sin, is iomchuí an chumhacht chun na húdaruithe sin a ghlacadh a thabhairt don Chomhairle trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

(12)

Tugann an Comhaontú aghaidh, i bprótacail ar leithligh, ar chásanna an-sonrach na hÉireann/Thuaisceart Éireann, na Limistéar Bunáite Flaitheasach de chuid na Ríochta Aontaithe sa Chipir agus Ghiobráltar. Ó tharla go mb’fhéidir gur ghá d’Éirinn, do Phoblacht na Cipire agus do Ríocht na Spáinne, faoi seach, comhaontuithe déthaobhacha den sórt sin a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe, de réir mar is gá le haghaidh fheidhmiú ceart na socruithe dá bhforáiltear sna prótacail shonracha sin, is gá na coinníollacha agus an nós imeachta a leagan amach chun údarú a thabhairt don Bhallstát atá i gceist comhaontuithe déthaobhacha den sórt sin a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcás ina mbaineann siad le réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. I bhfianaise an mheáchain pholaitiúil a bhaineann le cinntí lena dtugtar údaruithe den sórt sin, is iomchuí an chumhacht chun na húdaruithe sin a ghlacadh a thabhairt don Chomhairle trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

(13)

De réir Airteagal 18(1) agus (4) den Chomhaontú, tá na Ballstáit óstacha chun doiciméad a fhianaíonn a stádas cónaithe i gcomhréir leis an gComhaontú a eisiúint do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe, dá mbaill teaghlaigh féin agus do dhaoine eile a thagann faoi raon feidhme Theideal II de Chuid a Dó den Chomhaontú. De réir Airteagal 26 den Chomhaontú, tá an Ballstát oibre chun doiciméad a eisiúint do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil cearta acu mar oibrithe trasteorann faoin gComhaontú, doiciméad lena ndeimhnítear an stádas atá acu mar oibrí trasteorann faoin gComhaontú. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na bhforálacha sin laistigh den Aontas d’fhonn é a éascú, go háirithe d’údaráis rialaithe teorann, doiciméid den sórt sin a aithint agus falsú agus góchumadh a chosc trí ghnéithe slándála ardleibhéil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun an tréimhse bhailíochta, formáid dhoiciméid den sórt sin agus na sonraíochtaí teicniúla do dhoiciméid den sórt sin a leagan síos, chomh maith leis an ráiteas coiteann a cheanglaítear a bheith ag gabháil le doiciméid a eisítear faoi Airteagal 18 agus Airteagal 26 den Chomhaontú, eadhon ráiteas gur eisíodh iad i gcomhréir leis an gComhaontú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Chun na críche sin, ba cheart an Coiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún (4). Más gá, féadfar a áireamh i ngníomhartha cur chun feidhme den sórt sin bearta iomchuí chun falsú agus góchumadh doiciméad den sórt sin a chosc. Sa chás sin, níor cheart iad a chur ar fáil ach do na comhlachtaí sin a d’ainmnigh na Ballstáit ina gcomhlachtaí atá freagrach as iad a chur i gcló agus do dhaoine a bhfuil údarú cuí faighte acu ó Bhallstát nó ón gCoimisiún. Ba cheart nár dhochar gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin d’aon socruithe speisialta a d’fhéadfadh Éire a dhéanamh, de bhua an Chomhaontaithe, leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le gluaiseacht daoine sa Chomhlimistéar Taistil.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag Airteagal 50 CAE maidir leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(15)

Faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 50(4) CAE, níor ghlac an Ríocht Aontaithe páirt i bpléití na Comhairle maidir leis an gcinneadh seo ná ina ghlacadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a fhormheas thar ceann an Aontais agus thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Cuirtear téacs an Chomhaontaithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Aon tagairtí don Aontas sa chinneadh seo, tuigfear go n‐áirítear leo an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste agus sna coistí speisialaithe dá bhforáiltear in Airteagal 164 agus in Airteagal 165 den Chomhaontú, agus in aon choiste speisialaithe eile a d’fhéadfaí a bhunú i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 164(5) den Chomhaontú.

Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh go mbeadh ionadaí thar ceann an Bhallstáit sin nó na mBallstát sin i dteannta ionadaí an Choimisiúin, mar chuid de thoscaireacht an Aontais, i gcruinniú den Chomhchoiste nó i gcruinniú de chuid coiste speisialaithe i gcás leas ar leith a bheith ag an mBallstát sin nó na Ballstáit sin in ábhair ar leith a bhfuiltear chun aghaidh a thabhairt orthu ag an gcruinniú sin. Go háirithe, féadfaidh Éire, Poblacht na Cipire agus Ríocht na Spáinne, faoi seach, a iarraidh go mbeadh ionadaí i dteannta ionadaí an Choimisiúin, arb é:

(a)

ionadaí thar ceann na hÉireann, i gcruinnithe an choiste maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcás ina mbaineann na saincheisteanna sin go sonrach le hÉirinn/Tuaisceart Éireann;

(b)

ionadaí thar ceann Phoblacht na Cipire, i gcruinnithe an Choiste maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir;

(c)

ionadaí thar ceann Ríocht na Spáinne, i gcruinnithe an Choiste maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Phrótacail maidir le Giobráltar.

2.   Ionas go mbeidh an Chomhairle in inmhe a cuid feidhmeanna i ndáil le ceapadh beartais, comhordú agus cinnteoireacht a fheidhmiú go hiomlán i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe trí na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste agus sna coistí speisialaithe a bhunú, áiritheoidh an Coimisiún go bhfaighidh an Chomhairle an fhaisnéis agus na doiciméid uile a bhaineann le haon chruinniú den Chomhchoiste, le haon chruinniú den choiste speisialaithe nó le haon gníomhartha atá le glacadh tríd an nós imeachta i scríbhinn in am trátha roimh an gcruinniú sin nó roimh úsáid an nós imeachta i scríbhinn sin.

Cuirfear an Chomhairle ar an eolas in am trátha freisin faoi na pléití a rinneadh ag na cruinnithe den Chomhchoiste agus faoin toradh a bhí ar na cruinnithe sin, faoi chruinnithe na gcoistí speisialaithe agus an nós imeachta i scríbhinn, agus gheobhaidh sí dréachtmhiontuairiscí agus gach doiciméad a bhaineann le cruinnithe nó nós imeachta den sórt sin.

3.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa in inmhe a sainchumais institiúideacha a fheidhmiú go hiomlán i rith an phróisis i gcomhréir leis na Conarthaí.

4.   Le linn na gcéad chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe, go háirithe Cuid a Dó de, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 3

1.   Féadfaidh an Chomhairle an Ríocht Aontaithe a údarú a toiliú a léiriú, ina cáil féin, a bheith faoi cheangal ag comhaontú idirnáisiúnta atá beartaithe teacht i bhfeidhm nó a chur i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse, i réimse ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Ní fhéadfar údarú den sórt sin a dheonú ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

má léirigh an Ríocht Aontaithe go bhfuil leas ar leith aici sa chomhaontú idirnáisiúnta i dtrácht teacht i bhfeidhm cheana féin nó i bhfeidhm a bheith aige cheana féin le linn na hidirthréimhse;

(b)

má tá an comhaontú idirnáisiúnta i dtrácht ag luí le dlí an Aontais is infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 127 den Chomhaontú agus ag luí leis na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 129(1) den Chomhaontú; agus

(c)

mura gcuirfeadh teacht i bhfeidhm nó cur i bhfeidhm an chomhaontaithe idirnáisiúnta i dtrácht, le linn na hidirthréimhse, gnóthú cuspóra de chuid ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i mbaol sa réimse lena mbaineann ná mura ndéanfadh sé dochar ar dhóigh eile do leasanna an Aontais.

2.   Údarú a dheonaítear de bhun mhír 1, féadfaidh sé a bheith faoi réir foráil áirithe a áireamh sa chomhaontú i dtrácht nó a bheith bainte as nó féadfaidh sé a bheith faoi réir cur i bhfeidhm forála áirithe den chomhaontú sin a bheith curtha ar fionraí, más gá sin, chun comhsheasmhacht leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a áirithiú.

3.   Tabharfaidh an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn aici a toiliú a léiriú, ina cáil féin, a bheith faoi cheangal ag comhaontú idirnáisiúnta atá beartaithe teacht i bhfeidhm nó a chur i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse, i réimse ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go pras faoi aon fhógra ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé ar intinn ag an Ríocht Aontaithe a toiliú a léiriú, ina cáil féin, a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú idirnáisiúnta i dtrácht.

4.   Glacfaidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1, trí bhíthin ghníomhartha cur chun feidhme, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún. San áireamh sa togra ón gCoimisiún beidh measúnú ar cé acu a comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 nó nár comhlíonadh. Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh mura leor an fhaisnéis a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe chun an measúnú a dhéanamh.

5.   Cuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar aon eolas faoi aon chinneadh a ghlacfar de bhun mhír 1.

Airteagal 4

1.   Ar iarratas a bhfuil údar cuí leis a fháil ó Éirinn, ó Phoblacht na Cipire nó ó Ríocht na Spáinne, faoi seach, féadfaidh an Chomhairle na Ballstáit sin a údarú comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil leis an Ríocht Aontaithe i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas. Ní fhéadfar údarú den sórt sin a dheonú ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

más rud é gur thug an Ballstát lena mbaineann faisnéis ina léirítear gur gá an comhaontú i dtrácht le haghaidh fheidhmiú ceart na socruithe a leagtar amach, faoi seach, sa Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir agus sa Phrótacal maidir le Giobráltar, agus go gcomhlíonann an comhaontú i dtrácht prionsabail agus cuspóirí an Chomhaontaithe;

(b)

más amhlaidh, ar bhonn na faisnéise a thug an Ballstát, go ndealraíonn sé go bhfuil an comhaontú atá beartaithe ag luí le dlí an Aontais; agus

(c)

mura gcuirfeadh an comhaontú atá beartaithe gnóthú cuspóra de chuid ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i mbaol sa réimse lena mbaineann ná mura ndéanfadh sé dochar ar dhóigh eile do leasanna an Aontais.

2.   Údarú a dheonaítear de bhun mhír 1, féadfaidh sé a bheith faoi réir foráil áirithe a áireamh sa chomhaontú i dtrácht nó a bheith bainte as nó féadfaidh sé a bheith faoi réir cur i bhfeidhm forála áirithe den chomhaontú sin a bheith curtha ar fionraí, más gá sin, chun comhsheasmhacht leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a áirithiú.

3.   Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn aige dul i mbun caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go pras faoi sin. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis ar fad is gá ar fáil don Choimisiún le go bhféadfaidh sé a mheasúnú cé acu a comhlíonadh na coinníollacha arna leagan amach i mír 1 nó nár comhlíonadh.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann cuireadh chuig an gCoimisiún an chaibidlíocht a leanúint go grinn.

5.   Sula síneoidh an Ballstát lena mbaineann an comhaontú déthaobhach, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi thoradh na caibidlíochta agus cuirfidh sé téacs an chomhaontaithe ionchasaigh chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas go pras. Ní fhéadfaidh an Ballstát lena mbaineann a thoiliú a bheith faoi cheangal ag an gcomhaontú déthaobhach i dtrácht a léiriú ach amháin má tá údarú chuige sin faighte aige ón gComhairle.

6.   Glacfaidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 5, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún.

San áireamh sa togra ón gCoimisiún beidh measúnú ar cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 agus dá dtagraítear i mír 2. Féadfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise a iarraidh mura leor an fhaisnéis a bheidh tugtha ag an mBallstát lena mbaineann chun críche an measúnú a dhéanamh.

7.   I gcás ina dtabharfaidh an Chomhairle údarú de bhun mhír 1 agus mhír 5, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir le teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe dhéthaobhaigh lena mbaineann, chomh maith le haon athruithe dá éis sin a bhaineann le stádas an chomhaontaithe sin.

8.   Cuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi aon chinntí a ghlacfar de bhun mhír 1 agus mhír 5.

Airteagal 5

Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tréimhse bhailíochta, formáid agus gnéithe slándála na ndoiciméad a bheidh le heisiúint ag na Ballstáit de bhun Airteagal 18(1) agus (4) agus Airteagal 26 den Chomhaontú agus an ráiteas comhchoiteann a bheidh i ndoiciméid den sórt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chinneadh seo.

Airteagal 6

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 maidir le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5 den Chinneadh seo.

Beidh an coiste sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 7

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 185 den Chomhaontú.

Airteagal 8

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  Cinneadh (AE) 2019/1750 ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L274I, 28.10.2019, lch.1).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/274 ón gComhairle an 11 Eanáir 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 471, 19.02.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).


Top