EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0333

Rialachán (AE) Uimh. 333/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 maidir le rialacha mionsonraithe a shainiú chun sprioc 2020 a bhaint amach i ndáil le hastaíochtaí CO 2 ó ghluaisteáin nua phaisinéirí a laghdú

OJ L 103, 5.4.2014, p. 15–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2019; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32019R0631

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/333/oj

5.4.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

15


RIALACHÁN (AE) Uimh. 333/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPAAGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 maidir le rialacha mionsonraithe a shainiú chun sprioc 2020 a bhaint amach i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua phaisinéirí a laghdú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá an Coimisiún le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha mionsonraithe maidir leis an sprioc 95 g CO2/km a bhaint amach faoi 2020 ar bhealach costéifeachtach, lena n-áirítear na foirmlí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin agus na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin. Is iomchuí go mbeidh an Rialachán seo chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.

(2)

Tá forbairt bhreise an mhargaidh dhomhanda le haghaidh ardteicneolaíochtaí, a bhfuil mar aidhm acu éifeachtacht i ngluaisteáin phaisinéirí a fheabhsú, i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2011 dar teideal: “Eoraip a bheidh tíosach ar acmhainní — An tionscnamh suaitheanta faoi straitéis Eoraip 2020” a thacaíonn leis an aistriú i dtreo geilleagair ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní chun fás inbhuanaithe a bhaint amach.

(3)

Is iomchuí soiléiriú a dhéanamh gur cheart, d’fhonn comhlíonadh na sprice 95 g CO2/km a fhíorú, astaíochtaí CO2 a thomhas fós i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus lena bhearta cur chun feidhme agus lena theicneolaíochtaí nuálacha.

(4)

Bíonn tionchar diúltach ag praghsanna arda breosla iontaise ar an téarnamh eacnamaíoch agus ar shlándáil fuinnimh agus inacmhainneacht fuinnimh san Aontas. Tá sé mar thosaíocht éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a mhéadú, rud a laghdóidh an spleáchas ar ola dá bhrí sin.

(5)

Mar aitheantas ar na hardchostais a bhaineann le taighde agus forbairt agus le táirgeadh an aonaid i ndáil le leaganacha tosaigh d’fheithiclí astaíochtaí sár-ísle, is iomchuí an próiseas trína dtabharfar isteach i margadh an Aontais iad ag na céimeanna tosaigh dá ré thráchtála a luathú agus a éascú, ar bhonn eatramhach agus ar bhonn teoranta. Ba cheart do na gníomhaithe ar leibhéil éagsúla aird chuí a thabhairt chun dea-chleachtais a aithint agus a scaipeadh chun éileamh ar fheithiclí astaíochtaí sár-ísle a spreagadh.

(6)

D’fhéadfadh an easpa bonneagair mhalartaigh bhreosla agus sonraíochtaí teicniúla coiteanna don chomhéadan bonneagair-fheithicle gníomhú mar chonstaic ar ghlacadh an mhargaidh le feithiclí carbóin shár-ísle. D’fhéadfadh forbairt bonneagair den sórt sin san Aontas a áirithiú obair fhórsaí margaidh a éascú agus cur le fás eacnamaíoch san Eoraip.

(7)

Mar aitheantas ar an tionchar díréireach ar na monaróirí is lú a eascraíonn as comhlíonadh na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha a shainmhínítear ar bhonn fhóntas na feithicle, ar ualach mór riaracháin an nós imeachta maolaithe, agus ar an tairbhe imeallach uaidh sin i dtéarmaí astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí a dhíolann na monaróirí sin, ba cheart go ndéanfaí monaróirí atá freagrach as níos lú ná 1 000 gluaisteán nua paisinéirí arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana a eisiamh ó raon feidhme na sprice i leith astaíochtaí sonracha agus ó phréimh na n-astaíochtaí iomarcacha. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú a luaithe is féidir do na monaróirí sin, tá sé riachtanach go bhfuil feidhm ag an maolú seo ón 1 Eanáir 2012.

(8)

Ba cheart go ndéanfaí simpliú ar an nós imeachta le haghaidh maolú a dheonú do mhonaróirí ísealtáirgeachta le go mbeidh níos mó solúbthachta ann maidir leis an uair atá iarratas ar mhaolú le cur isteach ag monaróirí den sórt sin agus maidir leis an uair atá maolú den sórt sin le deonú ag an gCoimisiún.

(9)

Ba cheart leanúint leis an nós imeachta chun maoluithe a dheonú do mhonaróirí nideoige tar éis 2020. Lena áirithiú go mbeidh an iarracht ar laghdú atá riachtanach ó mhonaróirí nideoige comhsheasmhach le hiarracht mhonaróirí ardtáirgeachta, ba cheart sprioc 45 % níos ísle ná meánastaíochtaí sonracha na monaróirí nideoige in 2007 a bheith i bhfeidhm ó 2020 i leith.

(10)

Le go mbeidh tionscal na ngluaisteán in ann tabhairt faoi infheistíochtaí agus faoi nuálaíocht go fadtéarmach, is rud inmhianaithe é tásca a thabhairt maidir leis an mbealach ar cheart Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a leasú don tréimhse tar éis 2020. Ba cheart na tásca sin a bheith bunaithe ar mheasúnú ar an ráta laghdaithe is gá i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais agus na himpleachtaí maidir le teicneolaíocht chostéifeachtach lena laghdófar CO2 a fhorbairt do ghluaisteáin. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den sórt sin, faoi 2015, agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoina fhionnachtana. Sa tuarascáil sin, ba cheart go gcuirfí san áireamh, nuair is iomchuí, tograí le haghaidh leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 d’fhonn spriocanna astaíochta CO2 a bhunú le haghaidh gluaisteán nua paisinéirí tar éis 2020, ag cur san áireamh sprioc réadúil agus insroichte a d’fhéadfaí a leagan síos don bhliain 2025, a bheadh bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach tionchair a dhéanfaidh iomaíochas leanúnach an tionscail ghluaisteán agus na dtionscal atá spleách air a mheas, agus ag an am céanna a choinneodh conair laghdaithe astaíochtaí a bheadh inchomparáide leis an méid a bhainfí amach sa tréimhse go dtí 2020. Agus tograí den sórt sin á leagan amach, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil siad chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.

(11)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh chun na nósanna imeachta tástála a athbhreithniú d’fhonn léiriú leordhóthanach a thabhairt ar na hastaíochtaí CO2 a thugann gluaisteáin uathu i ndáiríre. Ní foláir leasú a dhéanamh ar an “Sraith Nua Eorpach Tiomána” (NEDC) a úsáidtear faoi láthair, chun a ionadaíocht maidir le fíor-choinníollacha tiomána a áirithiú agus fomheastachán fíor-astaíochtaí CO2 agus fíor-idiú breosla a sheachaint. Ba cheart nós imeachta nua tástála atá níos réadúla agus níos iontaofa a chomhaontú chomh luath agus is féidir. Tá obair sa treo seo á déanamh trí fhorbairt a dhéanamh ar Nós Imeachta Tástála comhchuibhithe Domhanda um fheithiclí Éadroma (WLTP) i gcreat de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ach níor cuireadh i gcrích fós é. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear na hastaíochtaí sonracha CO2 a luaitear do ghluaisteáin nua phaisinéirí i gcomhréir leis na hastaíochtaí a ghintear faoi ghnáthchoinníollacha úsáide ar bhealach níos dlúithe, ba cheart WLTP a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. I bhfianaise an méid sin, bunaítear uasteorainneacha astaíochtaí le haghaidh 2020 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 mar a thomhaistear iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus le hIarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (5). Nuair a leasófar na nósanna imeachta tástála, ba cheart na teorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a choigeartú le déine inchomparáide a áirithiú i gcás monaróirí agus i gcás aicmí feithiclí. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún staidéar comhghaoil láidir a dhéanamh idir NEDC agus timthriallta tástála nua WLTP chun a ionadaíocht i dtaca le fíor-choinníollacha tiomána a áirithiú.

(12)

D’fhonn a áirithiú go léirítear fíor-astaíochtaí ar bhealach leordhóthanach agus go bhfuil luachanna CO2 a thomhaistear inchomparáide go cruinn, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go sainmhínítear go dian na heilimintí sin sa nós imeachta tástála a bhfuil tionchar suntasach acu ar astaíochtaí tomhaiste CO2 sa chaoi nach n-úsáidfeadh monaróirí an tsolúbthacht sa timthriall tástála. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an gclaonadh idir luachanna astaíochta CO2 do chineálcheadú agus astaíochtaí a thagann ó fheithiclí a thairgfear le díol, lena n-áirítear trí fhéachaint le nós imeachta comhréireachta inseirbhíse a úsáid, lena n-áireofaí go ndéanfaí tástáil neamhspleách ar shampla ionadaíoch de na feithiclí atá ar díol, chomh maith le bealaí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina léirítear éagsúlacht shuntasach idir astaíocht CO2 de réir an tsuirbhé agus ón gcineálcheadú tosaigh.

(13)

Ba cheart friotal Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a choigeartú lena áirithiú go bhfuil coincheap na ngnóthas bainteach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (6) chomh maith le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(14)

Le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 tugtar cumhachtaí don Choimisiún cuid dá fhorálacha a chur chun feidhme i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (8). Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, is gá na cumhachtaí sin a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(15)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(16)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún d’fhonn Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a leasú maidir le ceanglais shonraí agus paraiméadair shonraí; forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha maidir le léiriú na gcritéar cáilitheachta chun maoluithe a fháil ó na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha, maidir le hinneachar na n-iarratas ar mhaolú agus le hinneachar na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú, agus measúnú na gclár sin, chun an figiúr M0, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009, a choigeartú chuig meánmhais na ngluaisteán nua paisinéirí do na trí bliana féilire roimhe sin agus chun na foirmlí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a oiriúnú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(17)

Is iomchuí an cur chuige maidir leis an sprioc a shocrú ar bhonn gaoil línigh idir fóntas an ghluaisteáin agus a astaíochtaí CO2 sprice mar a léirítear é sna foirmlí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a choinneáil, ós rud é go bhfágann sé seo go mbeifear in ann éagsúlacht a choinneáil i margadh na ngluaisteán paisinéirí agus go mbeidh ar chumas na monaróirí dul i ngleic le riachtanais dhifriúla na gcustaiméirí, agus nach mbeidh saobhadh ar iomaíocht nach bhfuil call leis ann dá bharr.

(18)

Rinne an Coimisiún measúnú ina mheasúnú tionchair ar infhaighteacht na sonraí faoin lorg agus maidir le húsáid an loirg mar an bparaiméadar fóntais sna foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 443/2009. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, bhain an Coimisiún de thátal as gur cheart mais a úsáid mar pharaiméadar fóntais san fhoirmle le haghaidh 2020. Mar sin féin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an gcostas níos ísle agus ar an bhfiúntas a bheadh i gceist dá n-athrófaí an paraiméadar fóntais go dtí lorg na feithicle san athbhreithniú amach anseo.

(19)

Is gnéithe suntasacha iad astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaineann le soláthar fuinnimh agus monaraíocht agus diúscairt feithiclí den lorg carbóin iompair de bhóthar foriomlán reatha agus is cosúil go dtiocfaidh méadú suntasach ar a dtábhacht sa todhchaí. Ba cheart dul i mbun gníomhaíochta ó thaobh beartais de dá bhrí sin chun monaróirí a threorú i dtreo na réiteach is fearr, ag cur san áireamh, go háirithe, astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaineann le giniúint fuinnimh a sholáthraítear d’fheithiclí amhail leictreachas agus breoslaí malartacha, agus chun a áirithiú nach dtiocfaidh meath mar gheall ar na hastaíochtaí réamhtheachtacha seo ar na tairbhí a bhaineann le húsáid oibríochtúil fheabhsaithe fuinnimh feithiclí arb é is aidhm don Rialachán (CE) Uimh. 443/2009.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na rialacha mionsonraithe chun an sprioc 2020 maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú ó ghluaisteáin nua phaisinéirí a bhaint amach, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, é a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

“Ón mbliain 2020 ar aghaidh, déantar sprioc de 95 g CO2/km do mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua a shocrú leis an Rialachán seo mar a thomhaistear iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus le hIarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus lena bhearta cur chun feidhme agus i gcomhréir le teicneolaíochtaí nuálacha.”;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“4.   Le héifeacht ón 1 Eanáir 2012, ní bheidh feidhm ag Airteagal 4, Airteagal 8(4)(b) agus (c), Airteagal 9, Airteagal 10(1)(a) agus (c) i leith monaróra atá freagrach, in éineacht lena ghnóthais bhainteacha uile, as níos lú ná 1 000 gluaisteán nua paisinéirí a cláraíodh san Aontas sa bhliain féilire roimhe sin.”;

(3)

i bpointe (a) d’Airteagal 3(2), cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhleisce:

“—

an chumhacht chun níos mó ná an leathchuid de na cearta vótála a fheidhmiú; nó”;

(4)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Chun críocha meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 atá ag gach monaróir a chinneadh, déanfar na céatadáin seo a leanas de ghluaisteáin nua phaisinéirí gach monaróra a chláraítear sa bhliain ábhartha a chur san áireamh:

65 % sa bhliain 2012,

75 % sa bhliain 2013,

80 % sa bhliain 2014,

100 % ó 2015 go 2019,

95 % sa bhliain 2020,

100 % faoi dheireadh 2020 ar aghaidh.”;

(5)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 5a

Sár-chreidmheasanna le haghaidh na sprice 95 g CO2/km

Agus meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 á ríomh, is mar a leanas a chomhairfear gach gluaisteán nua paisinéirí a bhfuil astaíochtaí sonracha CO2 aige atá níos lú ná 50 g CO2/km:

2 ghluaisteán paisinéirí in 2020,

1,67 ghluaisteán paisinéirí in 2021,

1,33 ghluaisteán paisinéirí in 2022,

1 ghluaisteán paisinéirí sa bhliain 2023,

don bhliain ina mbeidh sé cláraithe le linn na tréimhse ó 2020 go 2022, faoi réir uasteorainn 7,5 g CO2/km in aghaidh na tréimhse sin do gach monaróir.”;

(6)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:

“9.   Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta um fhaireachán agus tuairisciú ar shonraí faoin Airteagal seo agus maidir le hIarscríbhinn II a chur i bhfeidhm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a d’fhonn na ceanglais sonraí agus paraiméadair shonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú.”;

(7)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Cinnfidh an Coimisiún na modhanna maidir le préimheanna astaíochtaí iomarcacha a bhailiú faoi mhír 1 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).”;

(8)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 3, scriostar an abairt dheiridh;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) den dara fomhír:

“(b)

más iarratas é a bhaineann le pointe (a) agus pointe (b) de phointe 1 d’Iarscríbhinn I, sprioc arb é atá inti laghdú 25 % ar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain 2007 nó, i gcás ina ndéantar iarratas amháin i leith líon áirithe gnóthas bainteach, laghdú 25 % ar mheán na meánastaíochtaí sonracha CO2 atá ag na gnóthais sin sa bhliain 2007.”;

(c)

i mír 4, sa dara fomhír, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c)

más iarratas é a bhaineann le pointe (c) de phointe 1 d’Iarscríbhinn I, sprioc arb é atá inti laghdú 45 % ar mheán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain 2007 nó, i gcás ina ndéantar iarratas amháin i leith líon áirithe gnóthas bainteach, laghdú 45 % ar mheán na meánastaíochtaí sonracha CO2 atá ag na gnóthais sin sa bhliain 2007.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a lena leagtar síos rialacha chun forlíonadh a dhéanamh ar mhír 1 go dtí mír 7 den Airteagal seo, maidir leis na critéir cháilitheachta a léiriú chun maoluithe a fháil, le hinneachar na n-iarratas, agus le hinneachar agus measúnú na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú.”;

(9)

leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ar iarratas ó sholáthróir nó ó mhonaróir, breithneofar coigiltí CO2 a bhaintear amach trí theicneolaíochtaí nuálacha nó trí roinnt teicneolaíochtaí nuálacha (‘pacáistí de theicneolaíochtaí nuálacha’) a úsáid.

Ní chuirfear teicneolaíochtaí den sórt sin san áireamh ach amháin má tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu in ann torthaí infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh.

Féadfaidh suas le 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar sprioc monaróra i leith astaíochtaí sonracha monaróra.”;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte:

“Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe maidir le nós imeachta chun formheas a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nuálacha nó ar na pacáistí de theicneolaíochtaí nuálacha dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Maidir le soláthróir nó monaróir a dhéanfaidh iarratas go bhformheasfaí beart mar theicneolaíocht nuálach nó mar phacáiste de theicneolaíochtaí nuálacha, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áirítear tuarascáil fíorúcháin a dhréachtóidh comhlacht neamhspleách deimhnithe. I gcás go bhféadfadh idirghníomhaíocht a bheith ann idir an beart sin agus teicneolaíocht nuálach eile nó pacáiste de theicneolaíochtaí nuálacha eile a formheasadh roimhe seo, luafar an idirghníomhaíocht sin sa tuarascáil agus déanfar meastóireacht sa tuarascáil fíorúcháin ar a mhéid a mhodhnaíonn an idirghníomhaíocht sin an laghdú a bhaintear amach le gach beart ar leith.”;

(10)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal 14a.”;

(b)

scriostar an dara fomhír de mhír 3;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha agus ar na rialacha mionsonraithe a leagtar amach anseo, agus ar ghnéithe eile an Rialacháin seo freisin, lena n-áirítear an bhfuil gá a thuilleadh le paraiméadar an fhóntais agus cibé acu mais nó lorg atá níos inbhuanaithe mar pharaiméadar fóntais, d’fhonn na spriocanna i leith astaíochtaí CO2 a bhunú do ghluaisteáin nua phaisinéirí don tréimhse tar éis 2020. Ina leith sin, ba cheart an measúnú ar an ráta laghdaithe is gá i gcomhréir le spriocanna aeráide fadtéarmacha an Aontais agus na himpleachtaí maidir le teicneolaíocht chostéifeachtach lena laghdófar CO2 a fhorbairt do ghluaisteáin. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ina mbeidh an toradh ón athbhreithniú sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil sin aon togra iomchuí chun an Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear sprioc réadúil agus insroichte a d’fhéadfaí a leagan síos, a bheidh bunaithe ar mheasúnú cuimsitheach tionchair lena ndéanfar iomaíochas leanúnach an tionscail gluaisteán agus na dtionscal atá spleách air a mheas. Agus tograí den sórt sin á bhforbairt, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil siad chomh neodrach agus is féidir ó thaobh iomaíochta de, cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus inbhuanaithe.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

“7.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis na paraiméadair chomhghaoil is gá, d’fhonn léiriú a thabhairt ar aon athrú ar an nós imeachta tástála rialála maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 a thomhas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a d’fhonn na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur in oiriúint, agus leas á bhaint as an modheolaíocht a ghlacfar de bhun na chéad fhomhíre, agus é á áirithiú go mbeidh ceanglais maidir le laghdú a dhéanamh atá chomh dian céanna de dhíth ar mhonaróirí agus ar fheithiclí le fóntas difriúil faoi na sean-nósanna imeachta tástála agus na nósanna imeachta tástála nua.”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

“Airteagal 14

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Athrú Aeráide a bhunaítear le hAirteagal 9 de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(10)  Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de chuid an Chomhphobail agus maidir le Prótacal Kyoto a chur chun feidhme (IO L 49, 19.2.2004, lch. 1)."

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(12)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 14a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 8(9), in Airteagal 11(8), sa tríú fomhír d’Airteagal 13(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal 13(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 8 Aibreán 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 8(9), in Airteagal 11(8), sa tríú fomhír d’Airteagal 13(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal 13(7) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d’Airteagal 8(9), Airteagal 11(8), an tríú fomhír d’Airteagal 13(2) agus an dara fomhír d’Airteagal 13(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(13)

i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c)

Ón mbliain 2020:

Formula

I gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

M= mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0 = an luach a ghlacfar de bhun Airteagal 13(2)

a= 0,0333.”;

(14)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i bpointe 1 de Chuid A, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(n)

glanchumhacht uasta.”;

(b)

sa tábla “Sonraí mionsonraithe a shonraítear i bpointe 1 de Chuid A”, cuirtear isteach an colún seo a leanas:

“Glanchumhacht uasta (kW).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 44, 15.2.2013, lch. 109.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 10 Márta 2014.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí do ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

(8)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


Top