EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32012A0424(01)

Tuairim ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2011 maidir le hiarratas Phoblacht na Cróite ar aontachas leis an Aontas Eorpach

OJ L 112, 24.4.2012, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
OJ L 112, 24.4.2013, p. 3–4 (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/opin/2012/424/oj

24.4.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/3


TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Deireadh Fómhair 2011

maidir le hiarratas Phoblacht na Cróite ar aontachas leis an Aontas Eorpach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 49 de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Féadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn luachanna an Aontais Eorpaigh agus atá tiomanta iad a chur chun cinn iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas. Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

(2)

Tá Poblacht na Cróite tar éis iarratas a dhéanamh chun bheith ina comhalta den Aontas Eorpach.

(3)

Sa Tuairim a thug an Coimisiún uaidh an 20 Aibreán 2004 maidir leis an gCróit (1), tá a dhearcadh curtha in iúl aige faoi ghnéithe áirithe sár-riachtanacha a bhaineann leis na saincheisteanna a tháinig chun cinn maidir leis an iarratas sin.

(4)

Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i gCóbanhávan i Meithimh 1993, leagadh síos den chéad uair na coinníollacha incháilitheachta faoina dtreoraítear próiseas an aontachais agus measúnuithe tráthrialta an Choimisiúin ar ullmhacht na Cróite chun comhaltais. Cuireann na critéir pholaitiúla de cheangal ar an gCróit cobhsaíocht na n-institiúidí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus an meas ar mhionlaigh agus an chosaint orthu a áirithiú; tá na ceanglais sin cumhdaithe anois sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ceanglaítear leis na critéir eacnamaíocha go mbeidh geilleagar margaidh feidhmiúil ann, chomh maith le hacmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí an mhargaidh laistigh den Aontas. Tagraíonn critéar an acquis don chumas na hoibleagáidí comhaltais a eascraíonn ó na Conarthaí agus ó reachtaíocht an Aontais, an acquis, a ghlacadh ar láimh, lena n-áirítear cloí le haidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Tá béim nach beag freisin ar acmhainn an Aontais comhaltaí nua a ghlacadh chuige féin, gan baint den luas atá faoin lánpháirtíocht Eorpach, chun leas ginearálta an Aontais agus na tíre is iarrthóir.

(5)

An 31 Bealtaine 1999, rinne an Chomhairle an choinníollacht maidir le Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais do thíortha na mBalcán Thiar a shainiú agus áirítear sa choinníollacht sin comhar leis an mBinse Coiriúil Idirnáisiúnta don iar-Iúgslaiv agus comhar réigiúnach.

(6)

I Nollaig 2006, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú gurb í straitéis an mhéadaithe atá bunaithe ar chomhdhlúthú, ar choinníollacht agus ar chumarsáid, agus acmhainn an Aontais comhaltaí nua a lánpháirtiú, a bheidh mar bhonn don chomhthoil athnuaite i ndáil leis an méadú.

(7)

Rinneadh na coinníollacha ar a ligfear an Chróit isteach agus na hoiriúnuithe is gá ar na Conarthaí dá chionn sin a chaibidliú ag Comhdháil idir na Ballstáit agus an Chróit. Rinneadh an chaibidlíocht sin i gcomhréir leis an gcreat caibidlíochta ina ndéantar foráil maidir le coinníollacht dhocht ag céim na caibidle tosaigh agus na caibidle deiridh. Críochnaíodh an chaibidlíocht sin an 30 Meitheamh 2011, agus is forálacha córa agus iomchuí iad na forálacha a comhaontaíodh.

(8)

Ag teacht isteach di san Aontas Eorpach, glacann an Chróit, gan chuntar, leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach lena n-áirítear a gcuspóirí uile agus na cinntí uile a rinneadh ó tháinig siad i bhfeidhm, agus leis na bearta a roghnaíodh chun an tAontas Eorpach agus an Comhphobal sin a fhorbairt agus a neartú.

(9)

Is gné shár-riachtanach den dlíchóras a thugtar isteach leis na conarthaí sin go bhfuil forálacha áirithe iontu agus gníomhartha áirithe a ghlac na hinstitiúidí a bheidh infheidhme go díreach, go bhfuil tosaíocht ag dlí an Aontais ar aon fhorálacha náisiúnta a bheadh contrártha dó, agus go bhfuil nósanna imeachta ann chun a áirithiú go ndéanfar léiriú comhionann ar dhlí an Aontais. Beireann aontachas leis an Aontas Eorpach an t-aitheantas go bhfuil brí cheangailteach ag na rialacha sin, a ndlitear urraim a thabhairt dóibh chun éifeachtacht agus aontacht dhlí an Aontais a áirithiú.

(10)

Measann an Coimisiún go gcomhlíonann an Chróit na critéir pholaitiúla agus tá súil aige go gcomhlíonfaidh an Chróit na critéir eacnamaíocha agus critéar an acquis agus go mbeidh sí ullamh chun comhaltais faoin 1 Iúil 2013. Ceanglaítear le comhaltas go n-urramófar i gcónaí na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus an gealltanas iad a chur chun cinn.

(11)

Tá ardleibhéal ullmhachta bainte amach ag an gCróit maidir le comhaltas. Iarrann an Coimisiún ar an gCróit leanúint dá hiarrachtaí ailíniú leis an acquis agus a cumas riaracháin a neartú tuilleadh, lena n-áirítear dul chun cinn inbhuanaithe a dhéanamh leis an athchóiriú ar an riarachán poiblí. Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán géar a dhéanamh ar an gCróit agus na gealltanais uile a thug sí sna caibidlíochtaí aontachais á gcomhlíonadh aici, lena n-áirítear na cinn nach mór a chomhlíonadh roimh an dáta aontachais, agus ar na hullmhúcháin leanúnacha chun na freagrachtaí a bhaineann le comhaltas a ghlacadh uirthi féin tráth an aontachais. Díreoidh an faireachán go háirithe ar na gealltanais a thug an Chróit i réimse na breithiúnachta, an chomhraic i gcoinne an éillithe, agus na gceart bunúsach, i réimse an cheartais, na saoirse agus na slándála, lena n-áirítear bainistiú teorainneacha, agus i réimse an bheartais iomaíochta. I gcás ina n-aithneofar ábhair imní le linn an phróisis faireacháin agus nach leigheasfaidh an Chróit iad, díreoidh an Coimisiún litreacha réamhrabhaidh ar údaráis na Cróite, nuair is gá, agus féadfaidh sé a mholadh don Chomhairle gach beart iomchuí a dhéanamh fiú roimh an aontachas. Forchoimeádann an Coimisiún an ceart freisin na clásail choimirce éagsúla atá leagtha amach sa Chonradh Aontachais agus an sásra sonrach maidir le Státchabhair do thionscail longthógála agus chruach na Cróite a agairt.

(12)

Iarann an Coimisiún ar údaráis na Cróite aistriúchán agus athbhreithniú an acquis a chríochnú roimh dháta an aontachais d'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i gcur chun feidhme reachtaíocht an AE.

(13)

Tá sé ar cheann de chuspóirí an Aontais Eorpaigh an dlúthpháirtíocht idir a phobail a neartú agus a stair, a gcultúr agus a dtraidisiúin á n-urramú aige.

(14)

Cuideoidh méadú an Aontais Eorpaigh, trí aontachas na Cróite, an chobhsaíocht, an tsíocháin agus an rathúnas san Eoraip a neartú. Tá súil go mbeidh ról gníomhach ag an gCróit i gcomhar réigiúnach sna Balcáin Thiar. Is díol sásaimh don Choimisiún an dearbhú ón gCróit maidir le luachanna Eorpacha a chur chun cinn san Eoraip Thoir Theas, agus go háirithe an tiomantas ón gCróit nár cheart go gcuirfeadh saincheisteanna déthaobhacha as do phróiseas aontachais tíortha is iarrthóirí. Dearbhú is ea aontachas na Cróite ar thiomantas an AE maidir le peirspictíocht Eorpach thíortha uile na mBalcán Thiar,

TAR ÉIS TUAIRIM FHABHRACH A THABHAIRT:

ar aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach.

Dírítear an tuairim seo ar an gComhairle.

Arna déanamh sa Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2011.

Thar ceann an Choimisiúin

Štefan FÜLE

An Comhalta den Choimisiún atá freagrach as an méadú

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

José Manuel BARROSO


(1)  COM(2004)257 final.


Top