EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011R1230

Rialachán (AE) Uimh. 1230/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le haisghairm gníomhartha áirithe ón gComhairle atá imithe i seandacht i réimse an chomhbheartais tráchtála

OJ L 326, 8.12.2011, p. 21–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1230/oj

8.12.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/21


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1230/2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2011

maidir le haisghairm gníomhartha áirithe ón gComhairle atá imithe i seandacht i réimse an chomhbheartais tráchtála

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá feabhsú thrédhearcacht dhlí an Aontais ina ghné shár-riachtanach den straitéis um reachtóireacht níos fearr atá á cur chun feidhme ag institiúidí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí na gníomhartha sin nach bhfuil fíoréifeacht acu a thuilleadh a bhaint as an reachtaíocht atá i bhfeidhm.

(2)

Tá roinnt gníomhartha a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála imithe i seandacht, cé go bhfuil siad fós i bhfeidhm go foirmiúil.

(3)

Tá éifeachtaí Rialachán (CEE) Uimh. 1471/88 ón gComhairle an 16 Bealtaine 1988 maidir leis na socruithe is infheidhme maidir le prátaí milse agus stáirse casabhaigh atá beartaithe i gcomhair úsáidí áirithe (2) ídithe ós rud é gur ionchorpraíodh a inneachar i ngníomhartha comhleanúnacha.

(4)

Bhí Rialachán (CEE) Uimh. 478/92 ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena n-osclaítear cuóta taraife bliantúil Comhphobail le haghaidh bia madraí nó bia cat, ar bia é arna chur ar miondíol agus a thagann faoi réim chód AC 2309 10 11 agus cuóta taraife bliantúil Comhphobail le haghaidh bia éisc a thagann faoi réim chód AC ex 2309 90 41, ar nithe iad de thionscnamh Oileáin Fharó agus a thagann as Oileáin Fharó (3), beartaithe chun cuóta taraife a oscailt don bhliain 1992 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(5)

Ba le cás sealadach a dhéileáil Rialachán (CEE) Uimh. 3125/92 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 1992 maidir leis na socruithe is infheidhme maidir le táirgí caoireola agus feola gabhair de thionscnamh na Boisnia-Heirseagaivéine, na Cróite, na Slóivéine, Mhontainéagró, na Seirbia agus Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine a allmhairiú isteach sa Chomhphobal (4) agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(6)

Is é a bhí i gceist le Rialachán (CE) Uimh. 2184/96 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rís de thionscnamh na hÉigipte agus a thagann ón Éigipt a allmhairiú isteach sa Chomhphobal (5) ná laghduithe ar dhleacht chustaim a dheonú mar thoradh ar chomhaontú idirnáisiúnta ar glacadh a ionad ina dhiaidh sin leis an gcomhaontú leis an Éigipt a síníodh an 28 Deireadh Fómhair 2009 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2010 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(7)

Tá éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 2398/96 ón gComhairle an 12 Nollaig 1996 lena n-osclaítear cuóta taraife le haghaidh feola turcaí de thionscnamh Iosrael agus a thagann ó Iosrael agus dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais agus sa Chomhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Stát Iosrael (6) ídithe ós rud é go raibh sé bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais a síníodh sa bhliain 1995 agus ar glacadh a ionad ina dhiaidh sin leis an gComhaontú Comhlachais le hIosrael a síníodh an 4 Samhain 2009 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2010 agus lena ndearnadh foráil maidir le cuótaí nua ráta taraife.

(8)

Tá éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1722/1999 ón gComhairle an 29 Iúil 1999 maidir le bran, meánaigh agus iarmharaigh eile ó rilleadh, ó mhuilleoireacht nó ó oibriú eile ar ghránaigh áirithe de thionscnamh na hAilgéire, Mharacó agus na hÉigipte a allmhairiú agus cruithneacht chrua de thionscnamh Mharacó a allmhairiú (7) ídithe ós rud é go raibh sé i gceist gur ionstraim eatramhach a bheadh ann don tréimhse roimh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhlachais leis an Ailgéir, a síníodh an 22 Aibreán 2002 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2005, an Chomhaontaithe Comhlachais le Maracó, a síníodh an 26 Feabhra 1996 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2000 agus a ndearnadh na hiarscríbhinní talmhaíochta a ghabhann leis a mhodhnú le comhaontuithe a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 2003 agus sa bhliain 2005, agus an Chomhaontaithe Comhlachais leis an Éigipt, a síníodh an 28 Deireadh Fómhair 2009 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2010.

(9)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2798/1999 ón gComhairle an 17 Nollaig 1999 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le hola olóige de thionscnamh na Túinéise a allmhairiú don tréimhse ón 1 Eanáir 2000 go dtí an 31 Nollaig 2000 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 906/98 (8), tugadh isteach beart nach raibh infheidhme ach sa bhliain 2000 amháin agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(10)

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 215/2000 ón gComhairle an 24 Eanáir 2000 lena ndéantar athnuachan, don bhliain 2000, ar na bearta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1416/95 lena mbunaítear lamháltais áirithe i bhfoirm cuótaí taraife Comhphobail sa bhliain 1995 le haghaidh táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta (9), níor chumhdaigh sé ach an bhliain 2000 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(11)

Bhí Cinneadh 2004/910/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 maidir le tabhairt i gcrích na gComhaontuithe i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus, de pháirt amháin, Barbadós, an Bheilís, Poblacht an Chongó, Fidsí, Comharphoblacht na Guáine, Poblacht an Chósta Eabhair, Iamáice, Poblacht na Céinia, Poblacht Mhadagascar, Poblacht na Maláive, Poblacht Oileán Mhuirís, Poblacht Shuranam, San Críostóir-Nimheas, Ríocht na Suasalainne, Poblacht Aontaithe na Tansáine, Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága, Poblacht Uganda, Poblacht na Saimbia agus Poblacht na Siombáibe agus, den pháirt eile, Poblacht na hIndia, maidir le praghsanna ráthaithe le haghaidh siúcra cána do na tréimhsí seachadta 2003/2004 agus 2004/2005 (10) de chineál sealadach agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(12)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1923/2004 ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear lamháltais áirithe do Chónaidhm na hEilvéise i bhfoirm cuótaí taraife Comhphobail le haghaidh táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta (11), tugadh isteach beart a bhí infheidhme ón 1 Bealtaine 2004 go dtí an 31 Nollaig 2004 agus, dá bhrí sin, tá a éifeachtaí ídithe.

(13)

Tá éifeachtaí Chinneadh 2007/317/CE ón gComhairle an 16 Aibreán 2007 lena mbunaítear an seasamh a bheidh le glacadh, thar ceann an Chomhphobail, laistigh den Chomhairle Idirnáisiúnta Gráin i leith leathnú an Choinbhinsiúin Trádála Gráin 1995 (12) ídithe ós rud é gur ionchorpraíodh a inneachar i ngníomh ina dhiaidh sin.

(14)

Tá roinnt gníomhartha maidir le tíortha áirithe imithe i seandacht tar éis aontachas na dtíortha sin leis an Aontas.

(15)

Tá Cinneadh 98/658/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú Eatramhach maidir le trádáil agus nithe a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Poblacht na Slóivéine, den pháirt eile, agus a ghabhann le Comhaontú na hEorpa idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Slóivéine, den pháirt eile (13), imithe i seandacht tar éis aontachas na Slóivéine leis an Aontas.

(16)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 278/2003 ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 lena nglactar bearta uathrialaitheacha agus idirthréimhseacha maidir le táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta de thionscnamh na Polainne a allmhairiú (14) imithe i seandacht tar éis aontachas na Polainne leis an Aontas.

(17)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 999/2003 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2003 lena nglactar bearta uathrialaitheacha agus idirthréimhseacha maidir le táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta de thionscnamh na hUngáire a allmhairiú agus táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta a onnmhairiú chun na hUngáire (15) imithe i seandacht tar éis aontachas na hUngáire leis an Aontas.

(18)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 1039/2003 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2003 lena nglactar bearta uathrialaitheacha agus idirthréimhseacha maidir le táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta de thionscnamh na hEastóine a allmhairiú agus táirgí áirithe talmhaíochta a onnmhairiú chun na hEastóine (16) imithe i seandacht tar éis aontachas na hEastóine leis an Aontas.

(19)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 1086/2003 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 lena nglactar bearta uathrialaitheacha agus idirthréimhseacha maidir le táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta de thionscnamh na Slóivéine a allmhairiú agus táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta a onnmhairiú chun na Slóivéine (17) imithe i seandacht tar éis aontachas na Slóivéine leis an Aontas.

(20)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 1087/2003 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 lena nglactar bearta uathrialaitheacha agus idirthréimhseacha maidir le táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta de thionscnamh na Laitvia a allmhairiú agus táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta a onnmhairiú chun na Laitvia (18) imithe i seandacht tar éis aontachas na Laitvia leis an Aontas.

(21)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 1088/2003 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 lena nglactar bearta uathrialaitheacha agus idirthréimhseacha maidir le táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta de thionscnamh na Liotuáine a allmhairiú agus táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta a onnmhairiú chun na Liotuáine (19) imithe i seandacht tar éis aontachas na Liotuáine leis an Aontas.

(22)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 1089/2003 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 lena nglactar bearta uathrialaitheacha agus idirthréimhseacha maidir le táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta de thionscnamh Phoblacht na Slóvaice a allmhairiú agus táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta a onnmhairiú chuig Poblacht na Slóvaice (20) imithe i seandacht tar éis aontachas na Slóvaice leis an Aontas.

(23)

Tá Rialachán (CE) Uimh. 1090/2003 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 lena nglactar bearta uathrialaitheacha agus idirthréimhseacha maidir le táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta de thionscnamh Phoblacht na Seice a allmhairiú agus táirgí próiseáilte áirithe talmhaíochta a onnmhairiú chuig Poblacht na Seice (21) imithe i seandacht tar éis aontachas Phoblacht na Seice leis an Aontas.

(24)

Ar chúiseanna deimhneachta agus soiléireachta dlíthiúla, ba cheart na gníomhartha sin atá imithe i seandacht a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Aisghairtear leis seo Rialacháin (CEE) Uimh. 1471/88, (CEE) Uimh. 478/92, (CEE) Uimh. 3125/92, (CE) Uimh. 2184/96, (CE) Uimh. 2398/96, (CE) Uimh. 1722/1999, (CE) Uimh. 2798/1999, (CE) Uimh. 215/2000, (CE) Uimh. 278/2003, (CE) Uimh. 999/2003, (CE) Uimh. 1039/2003, (CE) Uimh. 1086/2003, (CE) Uimh. 1087/2003, (CE) Uimh. 1088/2003, (CE) Uimh. 1089/2003, (CE) Uimh. 1090/2003, (CE) Uimh. 1923/2004 agus Cinneadh 98/658/CE, Cinneadh 2004/910/CE, agus Cinneadh 2007/317/CE.

2.   Beidh aisghairm na ngníomhartha dá dtagraítear i mír 1 gan dochar don mhéid seo a leanas:

(a)

gníomhartha Aontais arna nglacadh ar bhonn na ngníomhartha dá dtagraítear i mír 1 a choimeád i bhfeidhm; agus

(b)

bailíocht leantach leasuithe arna ndéanamh leis na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 ar leasuithe iad ar ghníomhartha eile de chuid an Aontais nach n-aisghairtear leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 16 Samhain 2011.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

W. SZCZUKA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2011.

(2)  IO L 134, 31.5.1988, lch. 1.

(3)  IO L 55, 29.2.1992, lch. 2.

(4)  IO L 313, 30.10.1992, lch. 3.

(5)  IO L 292, 15.11.1996, lch. 1.

(6)  IO L 327, 18.12.1996, lch. 7.

(7)  IO L 203, 3.8.1999, lch. 16.

(8)  IO L 340, 31.12.1999, lch. 1.

(9)  IO L 24, 29.1.2000, lch. 9.

(10)  IO L 391, 31.12.2004, lch. 1.

(11)  IO L 331, 5.11.2004, lch. 9.

(12)  IO L 119, 9.5.2007, lch. 30.

(13)  IO L 314, 24.11.1998, lch. 6.

(14)  IO L 42, 15.2.2003, lch. 1.

(15)  IO L 146, 13.6.2003, lch. 10.

(16)  IO L 151, 19.6.2003, lch. 1.

(17)  IO L 163, 1.7.2003, lch. 1.

(18)  IO L 163, 1.7.2003, lch. 19.

(19)  IO L 163, 1.7.2003, lch. 38.

(20)  IO L 163, 1.7.2003, lch. 56.

(21)  IO L 163, 1.7.2003, lch. 73.


Top