EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0593

Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I)

OJ L 177, 4.7.2008, p. 6–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 19 Volume 006 P. 109 - 119

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 24/07/2008

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/593/oj

4.7.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/6


RIALACHÁN (CE) Uimh. 593/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2008

maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 61(c) agus an dara fleasc d’Airteagal 67(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an gComhphobal limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt. Le haghaidh limistéar den sórt sin a bhunú go forásach, tá an Comhphobal le bearta a ghlacadh a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a mbeidh éifeacht thrasteorann acu, a mhéid is gá d’oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(2)

De réir Airteagal 65, pointe (b) den Chonradh, áireofar sna bearta sin bearta lena ndéanfar comhoiriúnacht na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontacht dlíthe agus dlínse a chur chun cinn.

(3)

Rinne an cruinniú den Chomhairle Eorpach in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999 prionsabal aitheantais fhrithpháirtigh breithiúnas agus cinntí eile de chuid údarás breithiúnach a fhormheas mar bhunchloch don chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus d’iarr an cruinniú ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún clár beart a ghlacadh chun an prionsabal sin a chur chun feidhme.

(4)

An 30 Samhain 2000, ghlac an Chomhairle clár comhpháirteach beart ón gCoimisiún agus ón gComhairle chun prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun feidhme (3). Aithnítear sa chlár na bearta a bhaineann le comhchuibhiú rialacha easaontachta dlí mar bhearta a dhéanann an t-aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais a éascú.

(5)

I gClár na Háige (4), a ghlac an Chomhairle Eorpach an 5 Samhain 2004, iarradh go mbeifí ag obair go beo ar na rialacha easaontachta dlí i dtaca le hoibleagáidí conarthacha (‘An Róimh I’).

(6)

Cruthaíonn oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh gá, d’fhonn feabhas a chur ar intuarthacht thorthaí na dlíthíochta, ar dheimhneacht i dtaca leis an dlí is infheidhme agus ar shaoirse gluaiseachta breithiúnas, go ndéanfadh na rialacha easaontachta dlí sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna a ainmniú, is cuma cén tír ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean.

(7)

Ba chóir do raon feidhme substainteach agus d’fhorálacha an Rialacháin seo a bheith ar comhréir le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (5) (‘An Bhruiséil I’) agus le Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (‘An Róimh II’) (6).

(8)

Ba cheart go gcumhdódh gaolta teaghlaigh tuismíocht, pósadh, cleamhnas agus gaolta comhthaobhacha. Ba cheart an tagairt atá in Airteagal 1(2) maidir le gaoil a bhfuil éifeachtaí acu atá inchomórtais le pósadh agus maidir le gaoil teaghlaigh eile a léiriú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuiltear os comhair cúirte ann.

(9)

Oibleagáidí faoi bhillí malairte, seiceanna, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile, ba cheart go gcumhdóidís freisin billí luchta a mhéid gurb as soshanntacht na mbillí luchta a eascraíonn na hoibleagáidí faoin mbille luchta.

(10)

Oibleagáidí a eascraíonn as déileálacha a bhí ann sular tugadh an conradh i gcrích, cumhdaítear le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 iad. Ba cheart, dá bhrí sin, na hoibleagáidí sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(11)

Ba cheart go mbeadh saoirse na bpáirtithe an dlí is infheidhme a roghnú mar cheann de bhunchlocha chóras na rialacha easaontachta dlí in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí conarthacha.

(12)

Comhaontú idir na páirtithe dlínse eisiach a thabhairt do chúirt nó do bhinse amháin nó do níos mó ná cúirt amháin nó do níos mó ná binse amháin de chuid Ballstáit chun díospóidí faoin gconradh a chinneadh, ba cheart go mbeadh sé ar cheann de na fachtóirí a chuirfí san áireamh agus cinneadh á dhéanamh cé acu ar léiríodh rogha dlí go soiléir nó nár léiríodh.

(13)

Ní choiscfidh an Rialachán seo ar pháirtithe corpas dlí neamh-Stáit nó coinbhinsiún idirnáisiúnta a chorprú ina gconradh trí thagairt.

(14)

I gcás ina nglacfaidh an Comhphobal rialacha an dlí shubstaintigh i leith conarthaí, lena n-áirítear téarmaí caighdeánacha agus coinníollacha caighdeánacha, in ionstraim iomchuí dlí, féadfar a fhoráil leis an ionstraim sin go bhféadfaidh na páirtithe rogha a dhéanamh na rialacha sin a chur i bhfeidhm.

(15)

I gcás ina ndéanfar rogha dlí agus ina mbeidh na heilimintí eile uile atá ábhartha maidir leis an staid suite i dtír seachas an tír ar roghnaíodh a dlí, níor chóir go ndéanfadh an rogha dlí dochar do chur i bhfeidhm forálacha de dhlí na tíre sin nach féidir maolú orthu trí chomhaontú. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an riail sin cibé acu an raibh rogha cúirte nó rogha binse ag gabháil leis an rogha dlí nó nach raibh. Cé nach bhfuil athrú substaintiúil ar bith beartaithe i gcomparáid le hAirteagal 3(3) de Choinbhinsiún 1980 ar an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (7) (‘Coinbhinsiún na Róimhe’), déantar friotal an Rialacháin seo a ailíniú le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007, a mhéid is féidir.

(16)

Chun cur le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo – an deimhneacht dhlíthiúil sa limistéar breithiúnach Eorpach – ba cheart na rialacha easaontachta dlí a bheith fíor-intuartha. Ba cheart go gcoimeádfadh na cúirteanna discréid áirithe, áfach, chun an dlí is dlúithe a bhfuil baint aige leis an gcás a chinneadh.

(17)

A mhéid a bhaineann leis an dlí is infheidhme in éagmais rogha, ba cheart an coincheap ‘seirbhísí a sholáthar’ agus ‘earraí a dhíol’ a léiriú mar a léirítear iad agus Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 á chur i bhfeidhm, a mhéid a chumhdaítear leis an Rialachán sin earraí a dhíol agus seirbhísí a sholáthar. Bíodh is gur conarthaí i gcomhair seirbhísí conarthaí saincheadúnais agus conarthaí dáileacháin iad, tá siad faoi réir rialacha sonracha.

(18)

A mhéid a bhaineann leis an dlí is infheidhme in éagmais rogha, ba cheart gurbh éard a bheadh i gceist le córais iltaobhacha na córais ina ndéantar trádáil, amhail margaí rialaithe agus saoráidí trádála iltaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (8), is cuma cé acu an mbraitheann siad ar chontrapháirtí lárnach nó nach mbraitheann.

(19)

I gcás nár roghnaíodh aon dlí, ba cheart an dlí is infheidhme a chinneadh i gcomhréir leis an riail a shonraítear don chineál áirithe conartha atá i gceist. I gcás nach bhféadfar an conradh a aicmiú faoi cheann de na cineálacha a shonraítear, nó i gcás ina dtiocfaidh a eilimintí faoi réir níos mó ná ceann amháin de na cineálacha a shonraítear, ba cheart go rialófaí an conradh de réir dhlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an bpáirtí a gceanglaítear air an feidhmiú ar saintréith de chuid an chonartha é a dhéanamh. I gcás conartha arb éard atá ann carn de chearta agus d’oibleagáidí a bhféadfaí aicmiú a dhéanamh orthu mar chearta agus mar oibleagáidí a thagann faoi níos mó ná ceann amháin de na cineálacha conarthaí a shonraítear, ba cheart go gcinnfí an feidhmiú ar saintréith de chuid an chonartha é ag féachaint dá mheáchanlár.

(20)

I gcás inar follas go bhfuil baint níos dlúithe ag an gconradh le tír seachas an tír a shonraítear in Airteagal 4(1) nó (2), ba chóir go bhforálfaí le clásal éalaithe go mbeadh feidhm ag dlí na tíre eile sin. D’fhonn an tír sin a chinneadh, ba cheart a chur san áireamh, inter alia, cé acu an bhfuil gaol an-dlúth ag an gconradh lena mbaineann le conradh eile nó le conarthaí eile.

(21)

In éagmais rogha, i gcás nach bhféadfar an dlí is infheidhme a chinneadh ar an mbonn gur féidir an conradh a aicmiú mar cheann de na cineálacha conarthaí a shonraítear nó nach bhféadfar a chinneadh gurb é dlí na tíre é ina bhfuil gnáthchónaí ar an bpáirtí a gceanglaítear air an feidhmiú ar saintréith de chuid an chonartha é a dhéanamh, ba cheart go rialófaí an conradh le dlí na tíre ar dlúithe an bhaint atá aige léi. Chun an tír sin a chinneadh, ba cheart a chur san áireamh, inter alia, cé acu an bhfuil gaol an-dlúth ag an gconradh lena mbaineann le conradh eile nó le conarthaí eile.

(22)

Maidir le léiriú conarthaí chun earraí a iompar, ní bheartaítear aon athrú ó thaobh substainte i ndáil le hAirteagal 4(4), an tríú habairt, de Choinbhinsiún na Róimhe. Dá bhrí sin, cairtpháirtithe aon turais agus conarthaí eile arb é a bpríomhchuspóir earraí a iompar, ba cheart déileáil leo mar chonarthaí chun earraí a iompar. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go dtagródh an téarma ‘coinsíneoir’ d’aon duine a dhéanann conradh iompair leis an iompróir agus ba cheart go dtagródh an téarma ‘an t-iompróir’ don pháirtí sa chonradh a ghabhann air féin na hearraí a iompar, cibé acu an ndéanann sé féin an t-iompar nó nach ndéanann.

(23)

Maidir le conarthaí a thabharfar i gcrích le páirtithe a mheasfar a bheith níos laige, ba cheart na páirtithe sin a chosaint le rialacha easaontachta dlí is fabhraí dá leasanna ná na rialacha ginearálta.

(24)

Ag tagairt ar bhealach níos sonraí do chonarthaí le tomhaltóir, ba cheart go mbeifí in ann, de bharr riail na heasaontachta dlí, an costas ar réiteach díospóidí a laghdú maidir le héilimh ar gnách leo a bheith sách beag agus forbairt teicnící ciandíola a chur san áireamh. Ionas go mbeidh comhchuibheas le Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ann, is gá go mbeadh tagairt do choincheap na ‘gníomhaíochta dírithe’ mar choinníoll do chur i bhfeidhm na rialach cosanta tomhaltóirí agus go ndéanfaí an coincheap a léiriú go comhchuí i Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 agus sa Rialachán seo, ag cur san áireamh go ndeirtear i ndearbhú comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ‘chun go mbeidh Airteagal 15(1)(c) infheidhme, ní leor do ghnóthas a ghníomhaíochtaí a dhíriú ar an mBallstát ina bhfuil áit chónaithe an tomhaltóra, ná ar líon Ballstát lena n-áirítear an Ballstát sin; ní mór freisin conradh a thabhairt i gcrích faoi chuimsiú a ghníomhaíochtaí’. Deirtear freisin sa dearbhú, nach ‘údar ann féin é rochtain a bheith ar láithreán Idirlín le go mbeadh Airteagal 15 infheidhme, cé gur fachtóir a bheidh ann go sireann an láithreán Idirlín sin cianchonarthaí a thabhairt i gcrích agus gur tugadh cianchonradh i gcrích, cibé slí ar bith. I ndáil leis sin, ní fachtóir ábhartha í an teanga ná ní fachtóir ábhartha é an t-airgeadra a úsáideann láithreán gréasáin.’.

(25)

Ba cheart go mbeadh tomhaltóirí faoi chosaint ag na rialacha sin de chuid na tíre ina bhfuil gnáthchónaí orthu nach bhféadfar maolú a dhéanamh orthu trí chomhaontú, ar choinníoll gur tugadh an conradh le tomhaltóir i gcrích de bharr an gairmí a bheith ag saothrú a ghníomhaíochtaí tráchtála nó a ghníomhaíochtaí gairmiúla sa tír áirithe sin. Fiú mura saothraíonn an gairmí a ghníomhaíochtaí tráchtála nó a ghníomhaíochtaí gairmiúla sa tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir, ba cheart go ráthófaí an chosaint chéanna más rud é go dtreoraíonn sé a ghníomhaíochtaí ar dhóigh ar bith chuig an tír sin, nó chuig líon tíortha lena n-áirítear an tír sin, agus go dtugtar an conradh i gcrích mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin.

(26)

Chun críocha an Rialacháin seo, seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthair ag gairmí do thomhaltóir, mar a thagraítear dóibh i roinn A agus i roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/39/CE, agus conarthaí chun aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a dhíol, cibé acu an gcumhdaítear le Treoir 85/611/CEE ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (9) iad nó nach gcumhdaítear, ba cheart go mbeidís faoi réir Airteagal 6 den Rialachán seo. Dá bhrí sin, i gcás ina ndéanfar tagairt do théarmaí agus do choinníollacha lena rialaítear urrúis inaistrithe a eisiúint nó a thairiscint don phobal nó d’aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a shuibscríobh agus a fhuascailt, ba cheart go gcumhdódh an tagairt sin na gnéithe sin uile a cheanglóidh an t-eisitheoir nó an tairgeoir leis an tomhaltóir, ach níor cheart go gcumhdóidís na gnéithe sin a bhaineann le seirbhísí airgeadais a sholáthar.

(27)

Tá roinnt eisceachtaí ba cheart a dhéanamh ón riail ghinearálta maidir le heasaontacht dlí le haghaidh conarthaí le tomhaltóir. Faoi eisceacht amháin den sórt sin, níor chóir go mbeadh feidhm ag an riail ghinearálta maidir le conarthaí a bhaineann le cearta in rem maidir le maoin dhochorraithe nó maidir le tionóntachtaí maoine den sórt sin mura mbeidh baint ag an gconradh leis an gceart maoin dhochorraithe a úsáid ar bhonn amroinnte de réir bhrí Threoir 94/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 1994 maidir le ceannaitheoirí a chosaint i ndáil le gnéithe áirithe de chonarthaí a bhaineann leis an gceart chun maoin dhochorraithe a úsáid ar bhonn amroinnte (10).

(28)

Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí nach gcumhdófaí leis an riail ghinearálta is infheidhme maidir le conarthaí le tomhaltóir cearta agus oibleagáidí arb ionstraim airgeadais iad, toisc go bhféadfadh dlíthe éagsúla a bheidh infheidhme maidir le gach ceann de na hionstraimí a eisítear a bheith mar thoradh ar an méid sin, rud a d’athródh cineál na n-ionstraimí agus a choiscfeadh iad a thrádáil agus a thairiscint ar bhonn idirmhalartach. Mar an gcéanna, tráth ar bith a n-eiseofar nó a dtairgfear na hionstraimí sin, níor cheart gur ghá go mbeadh an gaol conarthach a bhunófaí idir an t-eisitheoir nó an tairgeoir agus an tomhaltóir faoi réir chur i bhfeidhm sainordaitheach dhlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir, mar gur gá comhionannas a áirithiú i dtéarmaí agus i gcoinníollacha eisiúna nó tairisceana. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an réasúnaíocht chéanna maidir leis na córais iltaobhacha a chumhdaítear le hAirteagal 4(1)(h), agus ba cheart a áirithiú i dtaca leis an méid sin nach gcuirfeadh dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir isteach ar na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí a dhéantar laistigh de na córais sin ná maidir le conarthaí a thugtar i gcrích le hoibreoir na gcóras sin.

(29)

Chun críocha an Rialacháin seo, tagairtí do chearta agus d’oibleagáidí arb iad na téarmaí agus na coinníollacha iad lena rialaítear urrús inaistrithe a eisiúint, tairiscintí don phobal nó tairiscintí poiblí ar tháthcheangal a dhéanamh maidir leo agus tagairtí d’aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a shuibscríobh agus a fhuascailt, ba cheart go n-áireofaí leo na téarmaí lena rialaítear, inter alia, urrúis nó aonaid a leithroinnt, cearta i gcás ina ndéantar ró-shuibscríobh, cearta aistarraingthe agus nithe dá samhail sin i gcomhthéacs na tairisceana chomh maith leis na hábhair sin dá dtagraítear in Airteagail 10, 11, 12 agus 13, chun a áirithiú ar an mbealach sin go rialófar le dlí amháin na gnéithe conarthacha ábhartha uile a bhaineann le tairiscint a cheanglaíonn an t-eisitheoir nó an tairgeoir leis an tomhaltóir.

(30)

Chun críocha an Rialacháin seo, is iad na hionstraimí airgeadais agus na hurrúis inaistrithe na hionstraimí sin dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2004/39/CE.

(31)

Níor cheart go gcoiscfeadh aon ní sa Rialachán seo go n-oibreofaí comhshocrú foirmeálta a ainmnítear mar chóras faoi Airteagal 2, pointe (a) de Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (11).

(32)

De bharr cineáil shainghnéithigh conarthaí iompair agus conarthaí árachais, ba cheart go n-áiritheofaí le forálacha sonracha leibhéal leordhóthanach cosanta ar phaisinéirí agus ar shealbhóirí polasaí. Níor cheart, mar sin, go mbeadh feidhm ag Airteagal 6 i gcomhthéacs na gconarthaí áirithe sin.

(33)

I gcás ina mbeidh níos mó ná riosca amháin á chumhdach ag conradh árachais nach gcumhdaíonn mór-riosca, ina mbeidh riosca amháin ar a laghad de na rioscaí sin suite i mBallstát agus ina mbeidh riosca amháin ar a laghad díobh suite i dtríú tír, níor cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha speisialta maidir le conarthaí árachais atá sa Rialachán seo ach amháin maidir leis an riosca nó na rioscaí atá suite sa Bhallstát nó sna Ballstáit ábhartha.

(34)

Níor cheart go ndéanfadh an riail maidir le conarthaí leithleacha fostaíochta dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha na tíre a ndéantar oibrí a phostú inti i gcomhréir le Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a chur i gceann poist faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (12).

(35)

Níor cheart go mbainfí d’fhostaithe an chosaint a thugtar dóibh leis na forálacha sin nach féidir maolú a dhéanamh orthu trí chomhaontú nó nach féidir ach maolú i bhfabhar na bhfostaithe a dhéanamh orthu.

(36)

Maidir le conarthaí leithleacha fostaíochta, ba cheart go measfaí gurb obair shealadach í an obair a dhéantar i dtír eile má táthar ag súil go n-atosóidh an fostaí ag obair sa tír thionscnaimh tar éis dó a thascanna a chomhlíonadh thar lear. Níor cheart, toisc conradh nua a bheith tugtha i gcrích ag fostaí leis an bhfostóir bunaidh nó le fostóir a bhaineann leis an ngrúpa céanna cuideachtaí ina bhfuil an fostóir bunaidh, go mbeadh bac ann a mheas go bhfuil a chuid oibre á déanamh i dtír eile go sealadach aige.

(37)

Cosnaíonn dálaí leasa phoiblí go dtabharfaí an fhéidearthacht do chúirteanna na mBallstát, in imthosca eisceachtúla, eisceachtaí a chur i bhfeidhm a bheadh bunaithe ar bheartas poiblí agus ar fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir an coincheap ‘forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’ agus an nath ‘forálacha nach féidir maolú a dhéanamh orthu trí chomhaontú’ agus ba cheart é a fhorléiriú ar bhealach ní ba shriantaí.

(38)

I gcomhthéacs an tsannaithe shaorálaigh, ba cheart go soiléireofaí leis an téarma ‘gaol’ go bhfuil feidhm ag Airteagal 14(1) freisin maidir leis na gnéithe maoine a bhaineann le sannadh, idir sannóir agus sannaí, in orduithe dlíthiúla ina ndéileáiltear le gnéithe den sórt sin ar leithligh ó na gnéithe atá faoi dhlí na n-oibleagáidí. Níor cheart, áfach, go dtuigfí go mbaineann an téarma ‘gaol’ le haon ghaol a d’fhéadfadh a bheith ann idir sannóir agus sannaí. Go háirithe, níor cheart go gcumhdódh sé réamhcheisteanna maidir le sannadh saorálach nó seachaíocht chonarthach. Ba cheart an téarma a theorannú go docht do na gnéithe atá ábhartha go díreach maidir leis an sannadh saorálach nó maidir leis an tseachaíocht chonarthach atá i gceist.

(39)

Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart sainmhíniú soiléir a bheith ann ar an rud is gnáthchónaí ann, go háirithe do chuideachtaí agus do chomhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe. Murab ionann agus Airteagal 60(1) de Rialachán (CE) Uimh 44/2001, lena mbunaítear trí cinn de chritéir, ba cheart don riail easaontachta dlí feidhmiú ar bhonn aon chritéir amháin; ar aon dóigh eile, ní bheadh na páirtithe in ann an dlí is infheidhme maidir lena gcás a thuar.

(40)

Ba cheart an staid a sheachaint ina mbeadh rialacha easaontachta dlí scaipthe ar líon ionstraimí agus ina mbeadh difríochtaí idir na rialacha sin. Níor cheart go bhfágfaí leis an Rialachán seo, áfach, nach bhféadfaí rialacha easaontachta dlí a bhaineann le hoibleagáidí conarthacha a áireamh i bhforálacha den dlí Comhphobail i dtaca le hábhair áirithe.

Níor cheart don Rialachán seo dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm ionstraimí eile lena leagtar síos forálacha a cheapfaí chun rannchuidiú le hoibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh a mhéid nach féidir iad a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an dlí a ainmnítear le rialacha an Rialacháin seo. Níor cheart le cur i bhfeidhm fhorálacha an dlí is infheidhme a ainmnítear le rialacha an Rialacháin seo, go gcuirfí srian ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a rialaítear le hionstraimí Comhphobail, amhail Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir um thrádáil leictreonach) (13).

(41)

Ciallaíonn an urraim do thiomantais idirnáisiúnta arna dtabhairt ag na Ballstáit nár cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do choinbhinsiúin idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin ina pháirtí nó ina bpáirtithe iontu tráth a nglacfar an Rialachán seo. Chun gurbh inrochtana na rialacha, ba cheart don Choimisiún liosta de na coinbhinsiúin ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.

(42)

Cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha ar dá réir a bheadh na Ballstáit i dteideal comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích thar a gceann féin le tríú tíortha i gcásanna leithleacha eisceachtúla, maidir le hábhair earnálacha, agus ar comhaontuithe iad ina mbeadh forálacha a bhaineann leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha.

(43)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a bhaint amach.

(44)

I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(45)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(46)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal uirthi ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Raon Feidhme Ábhartha

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna ina mbeidh easaontacht dlíthe, maidir le hoibleagáidí conarthacha in ábhair shibhialta agus tráchtála.

Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin.

2.   Eisiafar na hábhair seo a leanas ó raon feidhme an Rialacháin seo:

(a)

ceisteanna a bhaineann le stádas nó le hinniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha, gan dochar d’Airteagal 13;

(b)

oibleagáidí a eascraíonn as gaoil teaghlaigh agus as gaoil a measann an dlí is infheidhme maidir le gaoil den sórt sin go bhfuil comhéifeacht acu leo, lena n-áirítear oibleagáidí cothabhála;

(c)

oibleagáidí a eascraíonn as socruithe maidir le maoin phósta, socruithe maidir le maoin gaol a measann an dlí is infheidhme maidir le gaoil den sórt sin go bhfuil comhéifeacht acu le pósadh, agus uachtanna agus comharbas;

(d)

oibleagáidí a eascraíonn as billí malairte, seiceanna, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a mhéid gurb as soshanntacht na n-ionstraimí soshannta eile sin a eascraíonn na hoibleagáidí ar ann dóibh fúthu;

(e)

comhaontuithe eadrána agus comhaontuithe maidir le rogha cúirte;

(f)

ceisteanna a bhaineann leis an dlí cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, amhail bunú, trí chlárú nó ar shlí eile, inniúlacht dhlíthiúil, eagraíocht inmheánach nó foirceannadh cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, agus dliteanas pearsanta oifigeach agus comhaltaí, sa cháil sin dóibh, i leith oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta;

(g)

an cheist an bhféadann gníomhaire ceangal a chur ar phríomhaí, nó an bhféadann orgán ceangal a chur ar chuideachta nó ar chomhlacht eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, i leith tríú páirtí;

(h)

comhdhéanamh iontaobhas nó an gaol idir socraitheoirí, iontaobhaithe agus tairbhithe;

(i)

oibleagáidí a eascraíonn as déileálacha a bhí ann sular tugadh an conradh i gcrích;

(j)

conarthaí árachais a eascraíonn as oibríochtaí a rinne eagraíochtaí seachas gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil (14), a bhfuil sé de chuspóir acu sochair a sholáthar do dhaoine atá fostaithe nó do dhaoine atá féinfhostaithe agus a bhaineann le gnóthas nó le grúpa gnóthas, nó le ceird nó le grúpa ceirdeanna, i gcás báis nó marthanais nó i gcás scoir nó ciorraithe gníomhaíochta, nó i gcás breoiteachta a bhaineann le hobair nó le tionóiscí ag an obair.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le fianaise ná nós imeachta, gan dochar d’Airteagal 18.

4.   Sa Rialachán seo, ciallóidh an téarma ‘Ballstát’ na Ballstáit a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. In Airteagal 3(4) agus in Airteagal 7, áfach, ciallóidh an téarma na Ballstáit uile.

Airteagal 2

Cur i bhfeidhm uilíoch

Déanfar aon dlí a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm cibé acu an dlí nó nach dlí de chuid Ballstáit é.

CAIBIDIL II

RIALACHA AONFHOIRMEACHA

Airteagal 3

Saoirse rogha

1.   Beidh conradh faoi rialú ag an dlí a roghnóidh na páirtithe. Déanfar an rogha go sainráite nó léireofar é go soiléir le téarmaí an chonartha nó trí imthosca an cháis. Dá rogha féin, féadfaidh na páirtithe an dlí a roghnú a bheidh infheidhme maidir le hiomlán an chonartha nó maidir le cuid de.

2.   Féadfaidh na páirtithe aontú aon tráth an conradh a chur faoi réir dlí seachas an dlí a rialaigh roimhe sin é, cibé acu de thoradh rogha a rinneadh níos luaithe faoin Airteagal seo é nó de thoradh forálacha eile de chuid an Rialacháin seo. Aon athrú ar an dlí is infheidhme a dhéanfar tar éis an conradh a thabhairt i gcrích, ní dhéanfaidh sé dochar do bhailíocht fhoirmiúil an chonartha faoi Airteagal 11 ná ní dhéanfaidh sé dochar do chearta tríú páirtithe.

3.   I gcás ina mbeidh na heilimintí ábhartha eile uile a bhaineann leis an staid, tráth déanta na rogha, suite i dtír seachas sa tír arb í a dlí a roghnaíodh, ní dhéanfaidh rogha na bpáirtithe dochar do chur i bhfeidhm forálacha de dhlí na tíre eile sin nach féidir maolú orthu trí chomhaontú.

4.   I gcás ina mbeidh na heilimintí ábhartha eile uile a bhaineann leis an staid, tráth déanta na rogha, suite i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, ní dhéanfaidh sé dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha sin de dhlí an Chomhphobail nach féidir maolú orthu trí chomhaontú, i gcás inarb iomchuí, de réir mar a chuirtear i bhfeidhm iad i mBallstát an fhóraim, gur roghnaigh na páirtithe dlí is infheidhme nach dlí Ballstáit é.

5.   Cinnfear i gcomhréir le forálacha Airteagal 10, Airteagal 11 agus Airteagal 13 marthain agus bailíocht thoiliú na bpáirtithe i leith roghnú an dlí is infheidhme.

Airteagal 4

An dlí is infheidhme in éagmais rogha

1.   A mhéid nár roghnaíodh an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gcomhréir le hAirteagal 3 agus gan dochar d’Airteagal 5 go hAirteagal 8, is mar seo a leanas a chinnfear an dlí a rialaíonn an conradh:

(a)

is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an díoltóir a rialóidh conradh chun earraí a dhíol;

(b)

is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar sholáthraí na seirbhísí a rialóidh conradh chun seirbhísí a sholáthar;

(c)

is é dlí na tíre ina bhfuil an mhaoin suite a rialóidh conradh a bhaineann le ceart in rem maidir le maoin dhochorraithe nó maidir le tionóntacht maoine dochorraithe;

(d)

ainneoin phointe (c), is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tiarna talún a rialóidh tionóntacht a tugadh i gcrích chun úsáid shealadach phríobháideach a bhaint as maoin dhochorraithe ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí as a chéile, ar choinníoll gur duine nádúrtha é an tionónta agus go bhfuil gnáthchónaí air sa tír chéanna;

(e)

is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an saincheadúnaí a rialóidh conradh saincheadúnais;

(f)

is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an dáileoir a rialóidh conradh dáiliúcháin;

(g)

is é dlí na tíre ina dtarlóidh an ceant, más féidir an áit sin a chinneadh, a rialóidh conradh chun earraí a dhíol ar ceant;

(h)

conradh a thugtar i gcrích laistigh de chóras iltaobhach a thugann le chéile leasanna iolracha ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais, a shainmhínítear le hAirteagal 4(1), pointe (17) de Threoir 2004/39/CE, nó a éascaíonn a dtabhairt le chéile, i gcomhréir le rialacha neamhroghnacha agus a rialaítear le haon dlí amháin, rialófar leis an dlí sin é.

2.   I gcás nach gcumhdófar an conradh le mír 1 nó i gcás ina mbeadh eilimintí den chonradh cumhdaithe ag níos mó ná pointe amháin de phointí (a) go (h) de mhír 1, rialófar an conradh le dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an bpáirtí a gceanglaítear air feidhmiú saintréitheach an chonartha a dhéanamh.

3.   I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follas go bhfuil baint níos dlúithe ag an gconradh le tír seachas an tír a shonraítear i mír 1 nó i mír 2, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin.

4.   I gcás nach féidir an dlí is infheidhme a chinneadh de bhun mhír 1 nó de bhun mhír 2, is é dlí na tíre is dlúithe a bhfuil baint ag an gconradh léi a rialóidh an conradh.

Airteagal 5

Conarthaí iompair

1.   A mhéid nár roghnaíodh an dlí is infheidhme maidir le conradh le hearraí a iompar i gcomhréir le hAirteagal 3, is é an dlí is infheidhme dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an iompróir, ar choinníoll go bhfuil an t-ionad fála nó an t-ionad seachadta suite sa tír sin chomh maith nó go bhfuil gnáthchónaí ar an gcoinsíneoir chomh maith inti. Mura gcomhlíontar na ceanglais sin, beidh feidhm ag dlí na tíre ina bhfuil an t-ionad seachadta suite mar a chomhaontaigh na páirtithe é.

2.   A mhéid nach ndearna na páirtithe an dlí is infheidhme maidir le conradh le paisinéirí a iompar a roghnú i gcomhréir leis an dara fomhír, is é an dlí is infheidhme dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an bpaisinéir, ar choinníoll go bhfuil an áit imeachta nó an ceann scríbe suite sa tír sin chomh maith. Mura gcomhlíonfar na ceanglais sin, beidh feidhm ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an iompróir.

Ní fhéadfaidh na páirtithe dlí a roghnú mar an dlí is infheidhme maidir le conradh chun paisinéirí a iompar i gcomhréir le hAirteagal 3 seachas dlí na tíre:

(a)

ina bhfuil gnáthchónaí ar an bpaisinéir; nó

(b)

ina bhfuil gnáthchónaí ar an iompróir; nó

(c)

ina bhfuil a lárionad riaracháin ag an iompróir; nó

(d)

ina bhfuil an áit imeachta; nó

(e)

ina bhfuil an ceann scríbe.

3.   I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follas go bhfuil baint níos dlúithe ag an gconradh, in éagmais rogha dlí, le tír seachas an tír a shonraítear i mír 1 nó i mír 2, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin.

Airteagal 6

Conarthaí le tomhaltóir

1.   Gan dochar d’Airteagal 5 ná d’Airteagal 7, is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir a rialóidh conradh a thug duine nádúrtha i gcrích is féidir a mheas a bheith lasmuigh dá cheird nó dá ghairm (‘an tomhaltóir’) le duine eile atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a cheirde nó a ghairme (‘an gairmí’), ar choinníoll:

(a)

go saothraíonn an gairmí a ghníomhaíochtaí tráchtála nó a ghníomhaíochtaí gairmiúla sa tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir; nó

(b)

go ndéanann an gairmí gníomhaíochtaí den sórt sin a dhíriú ar aon mhodh chuig an tír sin nó chuig líon tíortha, an tír sin san áireamh,

agus go dtagann an conradh faoi raon feidhme na ngníomhaíochtaí sin.

2.   Ainneoin mhír 1, féadfaidh na páirtithe an dlí is infheidhme maidir le conradh a roghnú, a chomhlíonann ceanglais mhír 1, i gcomhréir le hAirteagal 3. Ní fhéadfaidh sé a bheith de thoradh ar an rogha sin, áfach, go gceilfí ar thomhaltóir an chosaint a thugtar dó le forálacha nach féidir maolú a dhéanamh orthu trí chomhaontú de bhua an dlí a bheadh infheidhme ar bhonn mhír 1, in éagmais rogha.

3.   Mura gcomhlíonfar na ceanglais atá i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1, cinnfear de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 4 an dlí is infheidhme maidir le conradh idir tomhaltóir agus gairmí.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

conradh maidir le seirbhísí a sholáthar i gcás ina mbeidh na seirbhísí le soláthar don tomhaltóir i dtír nach í an tír a bhfuil gnáthchónaí air inti í agus sa tír sin amháin;

(b)

conradh iompair seachas conradh a bhaineann le taisteal lánáirithe de réir bhrí Threoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal lánáirithe, saoire lánáirithe agus turais lánáirithe (15);

(c)

conradh a bhaineann le ceart in rem ar mhaoin dhochorraithe nó le tionóntacht maoine dochorraithe seachas conradh a bhaineann leis an gceart chun maoin dhochorraithe a úsáid ar bhonn amroinnte de réir bhrí Threoir 94/47/CE;

(d)

cearta agus oibleagáidí arb ionstraim airgeadais iad agus cearta agus oibleagáidí arb iad na téarmaí agus na coinníollacha iad a rialaíonn urrúis inaistrithe a eisiúint, a thairiscint don phobal agus tairiscintí poiblí ar tháthcheangal a dhéanamh maidir leo agus aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta a shuibscríobh agus a fhuascailt a mhéid nach ionann na gníomhaíochtaí sin agus seirbhís airgeadais a sholáthar;

(e)

conradh a tugadh i gcrích laistigh den chineál córais a thagann faoi raon feidhme Airteagal 4(1), pointe (h).

Airteagal 7

Conarthaí árachais

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le conarthaí dá dtagraítear i mír 2, cibé acu an suite i mBallstát atá an riosca a chumhdaítear nó nach ea, agus beidh feidhm aige maidir le gach conradh árachais eile a chumhdóidh rioscaí a bheidh suite laistigh de chríoch na mBallstát. Ní bheidh feidhm aige maidir le conarthaí athárachais.

2.   Is é an dlí a roghnóidh na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo a rialóidh conradh árachais a chumhdóidh mór-riosca mar a shainmhínítear in Airteagal 5(d) den Chéad Treoir 73/239/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1973 é maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gabháil le gnó árachais dhírigh seachas árachas saoil agus lena shaothrú (16).

A mhéid nár roghnaigh na páirtithe an dlí is infheidhme, is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir a rialóidh an conradh árachais. I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follas go bhfuil baint níos dlúithe ag an gconradh le tír eile, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin.

3.   I gcás conartha árachais seachas conradh a thagann faoi raon feidhme mhír 2, ní fhéadfaidh na páirtithe ach na dlíthe seo a leanas a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 3:

(a)

dlí aon Bhallstáit a raibh an riosca suite ann tráth ar tugadh an conradh i gcrích;

(b)

dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an sealbhóir polasaí;

(c)

i gcás árachais saoil, dlí an Bhallstáit ar náisiúnach de an sealbhóir polasaí;

(d)

i gcás conarthaí árachais a chumhdaíonn rioscaí atá teoranta do theagmhais a tharlaíonn i mBallstát amháin, seachas an Ballstát ina bhfuil an riosca suite, dlí an Bhallstáit sin;

(e)

i gcás ina mbeidh sealbhóir polasaí conartha a thagann faoi réir na míre seo ag gabháil do ghníomhaíocht tráchtála nó do ghníomhaíocht thionsclaíoch agus go gcumhdaíonn an conradh árachais dhá riosca nó níos mó ná dhá riosca a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin agus atá suite i mBallstáit éagsúla, dlí aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann nó dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar shealbhóir an pholasaí.

I gcás, sna cásanna a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (e), go ndeonóidh na Ballstáit níos mó saoirse chun an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh árachais a roghnú, féadfaidh na páirtithe buntáiste a bhaint as an tsaoirse sin.

A mhéid nár roghnaigh na páirtithe an dlí is infheidhme i gcomhréir leis an mír seo, rialófar conradh den sórt sin le dlí an Bhallstáit ina raibh an riosca suite tráth ar tugadh an conradh i gcrích.

4.   Beidh feidhm ag na rialacha breise seo a leanas maidir le conarthaí árachais a chumhdaíonn rioscaí agus dá bhforchuireann Ballstát oibleagáid árachas a bhaint amach ina leith:

(a)

ní chomhlíonfaidh conradh árachais an oibleagáid árachas a thabhairt amach mura gcomhlíonfaidh sé na forálacha sonracha a bhaineann leis an árachas sin a leag an Ballstát a fhorchuireann an oibleagáid síos. I gcás ina mbeidh dlí an Bhallstáit ina bhfuil an riosca suite agus dlí an Bhallstáit a fhorchuireann an oibleagáid árachas a thabhairt amach ag dul in aghaidh a chéile, is é dlí an Bhallstáit a fhorchuireann an oibleagáid árachas a bhaint amach a bheidh i réim;

(b)

de mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 3, féadfaidh Ballstát a shonrú go rialófar an conradh árachais le dlí an Bhallstáit a fhorchuireann an oibleagáid árachas a thabhairt amach.

5.   Chun críocha an tríú fomhír de mhír 3, agus chun críocha mhír 4, i gcás ina gcumhdóidh an conradh árachais rioscaí atá suite i níos mó ná Ballstát amháin, measfar gurb éard atá sa chonradh roinnt conarthaí nach mbaineann gach conradh acu ach le Ballstát amháin.

6.   Chun críocha an Airteagail seo, cinnfear an tír ina bhfuil an riosca suite i gcomhréir le hAirteagal 2(d) den Dara Treoir 88/357/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil agus lena leagtar síos forálacha chun feidhmiú éifeachtúil saoirse chun seirbhísí a sholáthar a éascú (17) agus i gcás árachais saoil, is í an tír ina bhfuil an riosca suite tír an ghealltanais de réir bhrí Airteagal 1(1)(g) de Threoir 2002/83/CE.

Airteagal 8

Conarthaí leithleacha fostaíochta

1.   Is é an dlí a roghnóidh na páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 3 a rialóidh conradh leithleach fostaíochta. Ní fhéadfaidh sé a bheith de thoradh ar an rogha dlí sin, áfach, go gceilfí ar fhostaí an chosaint a thugtar dó le forálacha nach féidir maolú a dhéanamh orthu trí chomhaontú faoin dlí a bheadh infheidhme, in éagmais rogha, de bhun mhír 2, mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo.

2.   A mhéid nár roghnaigh na páirtithe an dlí is infheidhme maidir le conradh leithleach fostaíochta, rialófar an conradh le dlí na tíre ina ndéanann an fostaí a chuid oibre de ghnáth i bhfeidhmiú an chonartha, nó seachas sin, le dlí na tíre as a ndéanann an fostaí a chuid oibre de ghnáth i bhfeidhmiú an chonartha. Ní mheasfar gur athraíodh an tír ina ndéantar an obair de ghnáth má tá sé fostaithe go sealadach i dtír eile.

3.   I gcás nach bhféadfar an dlí is infheidhme a chinneadh de bhonn mhír 2, rialófar an conradh le dlí na tíre ina bhfuil an t-ionad gnó trínar fostaíodh an fostaí suite.

4.   I gcás inar cosúil ó na himthosca ina n-iomláine go bhfuil baint níos dlúithe ag an gconradh le tír seachas an tír a shonraítear i mír 2 nó i mír 3, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin.

Airteagal 9

Forálacha sainordaitheacha sáraitheacha

1.   Is forálacha iad forálacha sainordaitheacha sáraitheacha a measann tír é a bheith chomh tábhachtach iad a urramú chun a leasanna poiblí, amhail a heagraíocht pholaitiúil, a heagraíocht shóisialta nó a heagraíocht gheilleagrach, a chosaint agus go mbeidh siad infheidhme maidir le haon staid a thagann faoina raon feidhme, is cuma cén dlí is infheidhme ar shlí eile maidir leis an gconradh faoin Rialachán seo.

2.   Ní chuirfidh aon ní sa Rialachán seo srian ar chur i bhfeidhm fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha dhlí an fhóraim.

3.   Féadfar éifeacht a thabhairt d’fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha dhlí na tíre sin nach mór na hoibleagáidí a eascraíonn as an gconradh a fheidhmiú ann nó ar feidhmíodh na hoibleagáidí a d’eascair as an gconradh ann, a mhéid go bhfágann na forálacha sainordaitheacha sáraitheacha sin go bhfuil feidhmiú an chonartha neamhdhleathach. Agus breithniú á dhéanamh ar cé acu an dtabharfar éifeacht do na forálacha sin nó nach dtabharfar, tabharfar aird ar a gcineál agus ar a gcuspóir agus ar iarmhairtí a bhfeidhmithe nó a neamhfheidhmithe.

Airteagal 10

Toiliú agus bailíocht ábharach

1.   Déanfar marthain agus bailíocht conartha, nó aon téarma de chuid conartha, a chinneadh de réir an dlí ab infheidhme faoin Rialachán seo dá mba rud é go raibh an conradh nó an téarma bailí.

2.   Mar sin féin, féadfaidh páirtí, d’fhonn a shuíomh nár thug sé a thoiliú, dul i muinín dhlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí air má dhealraíonn sé ó na himthosca nach mbeadh sé réasúnta éifeacht iompar an pháirtí sin a chinneadh i gcomhréir leis an dlí a shonraítear i mír 1.

Airteagal 11

Bailíocht fhoirmiúil

1.   Conradh a thugtar i gcrích idir dhaoine atá sa tír chéanna nó a bhfuil a ngníomhairí sa tír chéanna tráth a dtugtar i gcrích é, tá sé bailí go foirmiúil má shásaíonn sé ceanglais fhoirmiúla an dlí lena rialaítear é go substaintiúil faoin Rialachán seo nó faoi dhlí na tíre ina ndearnadh é.

2.   Conradh a dhéantar idir dhaoine atá i dtíortha éagsúla nó a bhfuil a ngníomhairí i dtíortha éagsúla tráth a dtugtar i gcrích é, tá sé bailí go foirmiúil má shásaíonn sé ceanglais fhoirmiúla an dlí lena rialaítear é go substaintiúil faoin Rialachán seo, nó ceanglais fhoirmiúla dhlí ceachtar de na tíortha ina bhfuil ceachtar de na páirtithe nó a ngníomhaire tráth a ndéantar é, nó ceanglais fhoirmiúla dhlí na tíre ina raibh gnáthchónaí ar cheachtar de na páirtithe an tráth sin.

3.   Tá bailíocht fhoirmiúil ag gníomh aontaobhach a mbeartaítear éifeacht dhlíthiúil a bheith aige i ndáil le conradh atá ann nó atáthar a bheartú a dhéanamh má shásaíonn sé ceanglais fhoirmiúla an dlí lena rialaítear an conradh nó lena rialófaí go substaintiúil faoin Rialachán seo é nó ceanglais fhoirmiúla dhlí na tíre ina ndearnadh an gníomh nó ceanglais fhoirmiúla dhlí na tíre ina raibh gnáthchónaí ar an duine a rinne é an tráth sin.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, ag mír 2 ná ag mír 3 den Airteagal seo maidir le conarthaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 6. Is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir a rialóidh foirm na gconarthaí sin.

5.   D’ainneoin mhír 1 go mír 4, conradh arb é is ábhar dó ceart in rem maidir le maoin dhochorraithe nó tionóntacht maoine dochorraithe, beidh sé faoi réir ceanglas foirme dhlí na tíre ina bhfuil an mhaoin suite más rud é, faoin dlí sin:

(a)

go bhforchuirtear na ceanglais sin beag beann ar an tír ina dtugtar an conradh i gcrích agus beag beann ar an dlí lena rialaítear an conradh, agus

(b)

nach féidir maolú ar na ceanglais sin trí chomhaontú.

Airteagal 12

Raon feidhme an dlí is infheidhme

1.   An dlí is infheidhme maidir le conradh de bhua an Rialacháin seo, rialóidh sé go háirithe:

(a)

léiriú;

(b)

feidhmiú;

(c)

faoi réim theorainneacha na gcumhachtaí arna dtabhairt don chúirt lena dlí nós imeachta, iarmhairtí a bheadh ann de bharr na hoibleagáidí sin a bheith á sárú go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear measúnú damáistí a mhéid atá siad sin á rialú ag rialacha dlí;

(d)

na bealaí éagsúla chun oibleagáidí a mhúchadh, agus rúradh agus teorannú caingne;

(e)

iarmhairtí neamhniú an chonartha.

2.   Maidir le modh feidhmithe an chonartha agus maidir leis na bearta a bheidh le glacadh i gcás é a fheidhmiú go huireasach, féachfar do dhlí na tíre ina dtarlaíonn an feidhmiú.

Airteagal 13

Neamhinniúlacht

Maidir le conradh a thugtar i gcrích idir dhaoine atá sa tír chéanna, ní fhéadfaidh duine nádúrtha a bheadh inniúil faoi dhlí na tíre sin a neamhinniúlacht faoi dhlí tíre eile a agairt ach amháin más rud é, tráth a ndearnadh an conradh, go raibh an páirtí eile sa chonradh ar an eolas faoin neamhinniúlacht sin nó gur mar gheall ar fhaillí nach raibh sé ar an eolas fúithi.

Airteagal 14

Sannadh saorálach agus seachaíocht chonarthach

1.   An gaol idir sannóir agus sannaí faoi shannadh saorálach nó faoi sheachaíocht chonarthach a dhéantar ar éileamh in aghaidh duine eile (‘an féichiúnaí’), rialófar é leis an dlí a bhfuil feidhm aige maidir leis an gconradh idir an sannóir agus an sannaí faoin Rialachán seo.

2.   Is é an dlí lena rialaítear an t-éileamh sannta nó an t-éileamh seachaíochta a chinnfidh a insanntacht, an gaol idir an sannaí agus an féichiúnaí, na coinníollacha faoinar féidir an sannadh nó an tseachaíocht a agairt in aghaidh an fhéichiúnaí agus cibé ar urscaoileadh oibleagáidí an fhéichiúnaí.

3.   Áirítear le coincheap an tsannta san Airteagal seo éilimh a aistriú go hiomlán, éilimh a aistriú mar urrús agus gealltáin nó cearta urrúis eile ar éilimh.

Airteagal 15

Seachaíocht dhlíthiúil

I gcás ina mbeidh éileamh conarthach ag duine (‘an creidiúnaí’) in aghaidh duine eile (‘an féichiúnaí’) agus go mbeidh sé de dhualgas ar thríú duine an creidiúnaí a shásamh, nó go bhfuil an creidiúnaí sásaithe aige iarbhír in urscaoileadh an dualgais sin, is é an dlí lena rialaítear dualgas an tríú duine an creidiúnaí a shásamh a chinnfidh an mbeidh, agus a mhéid a bheidh, an tríú duine i dteideal na cearta sin a fheidhmiú a bhí ag an gcreidiúnaí in aghaidh an fhéichiúnaí faoin dlí lena rialaítear an gaol atá eatarthu.

Airteagal 16

Dliteanas iolrach

Má tá éileamh ag creidiúnaí in aghaidh líon féichiúnaithe atá faoi dhliteanas i leith an éilimh chéanna, agus go bhfuil an t-éileamh sásaithe go hiomlán nó go páirteach ag duine de na féichiúnaithe cheana féin, rialaítear leis an dlí a rialaíonn oibleagáid an fhéichiúnaí i leith an chreidiúnaí ceart an fhéichiúnaí chomh maith árach a éileamh ar na féichiúnaithe eile. Féadfaidh na féichiúnaithe eile dul i muinín na gcosaintí a bhí acu in aghaidh an chreidiúnaí a mhéid a cheadaíonn an dlí a rialaíonn a n-oibleagáidí i leith an chreidiúnaí é.

Airteagal 17

Fritháireamh

I gcás nach mbeidh na páirtithe aontaithe faoin gceart chun fritháirimh, rialófar fritháireamh leis an dlí is infheidhme maidir leis an éileamh ar ina aghaidh a dhearbhaítear an ceart chun fritháirimh.

Airteagal 18

Dualgas cruthúnais

1.   Beidh feidhm ag an dlí lena rialófar oibleagáid chonarthach faoin Rialachán seo a mhéid a bheidh rialacha ann, in ábhair oibleagáidí conarthacha, lena mbunófar toimhdí dlí nó lena gcinnfear an dualgas cruthúnais.

2.   Féadfar conradh nó gníomh a mbeartaítear éifeacht dhlíthiúil a bheith aige a chruthú le haon mhodh cruthúnais a aithneofar le dlí an fhóraim nó le haon cheann de na dlíthe dá dtagraítear in Airteagal 11 faoina mbeidh bailíocht fhoirmiúil ag an gconradh nó ag an ngníomh sin, ar choinníoll gur féidir leis an bhfóram an modh cruthúnais sin a riar.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA EILE

Airteagal 19

Gnáthchónaí

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gurb í áit an riaracháin lárnaigh gnáthchónaí cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe.

Is é a phríomháit nó a príomháit gnó a bheidh mar ghnáthchónaí ag duine nádúrtha ag gníomhú dó i rith a ghníomhaíochta gnó.

2.   I gcás ina dtabharfar conradh i gcrích mar chuid d’oibríochtaí craoibhe, gníomhaireachta nó aon fhorais eile, nó más ar chraobh, ar ghníomhaireacht nó ar fhoras den sórt sin atá an fhreagracht maidir le feidhmiú, faoin gconradh, pléifear leis an áit ina bhfuil an chraobh, an ghníomhaireacht nó aon fhoras eile lonnaithe mar an áit ina bhfuil gnáthchónaí orthu.

3.   Chun críocha an gnáthchónaí a chinneadh, is é an tráth ar tugadh an conradh i gcrích an pointe ábhartha ama.

Airteagal 20

Renvoi a eisiamh

Ciallaíonn cur i bhfeidhm dlí aon tíre a shonraítear leis an Rialachán seo cur i bhfeidhm na rialacha dlí a bheidh i bhfeidhm sa tír sin seachas a rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh, mura bhforáiltear a mhalairt leis an Rialachán seo.

Airteagal 21

Beartas poiblí an fhóraim

Ní fhéadfar diúltú foráil dlí aon tíre a shonraítear leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ach amháin más follas nach bhfuil an cur i bhfeidhm sin ag luí le beartas poiblí (‘ordre public’) an fhóraim.

Airteagal 22

Stáit a bhfuil níos mó ná córas dlí amháin acu

1.   I gcás ina gcuimseofar i Stát aonaid chríochacha leithleacha a bhfuil a rialacha dlí féin ag gach aonad díobh i ndáil le hoibleagáidí conarthacha, féachfar ar gach aonad críche mar thír chun críocha an dlí is infheidhme faoin Rialachán seo a aithint.

2.   Ballstát ina bhfuil a rialacha dlí féin ag aonaid chríochacha éagsúla i ndáil le hoibleagáidí conarthacha, ní cheanglófar air an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heasaontachtaí nach bhfuil iontu ach easaontachtaí idir dhlíthe na n-aonad sin.

Airteagal 23

Gaol le forálacha eile de dhlí an Chomhphobail

Cé is moite d’Airteagal 7, ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Chomhphobail lena leagfar síos, i dtaca le hábhair áirithe, rialacha easaontachta dlí a bhaineann le hoibleagáidí conarthacha.

Airteagal 24

An gaol le Coinbhinsiún na Róimhe

1.   Gabhfaidh an Rialachán seo ionad Choinbhinsiún na Róimhe sna Ballstáit, seachas maidir le críocha na mBallstát a thagann faoi raon feidhme críochach an Choinbhinsiúin sin agus nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo de bhun Airteagal 299 den Chonradh.

2.   A mhéid a ghabhann an Rialachán seo ionad fhorálacha Choinbhinsiún na Róimhe, tuigfear gur tagairt don Rialachán seo aon tagairt don Choinbhinsiún sin.

Airteagal 25

An gaol le coinbhinsiúin idirnáisiúnta atá ann

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm coinbhinsiún idirnáisiúnta a mbeidh Ballstát amháin nó níos mó ina bpáirtithe iontu tráth a nglacfar an Rialachán seo agus lena leagfar síos rialacha easaontachta dlí a bhaineann le hoibleagáidí conarthacha.

2.   Beidh tosaíocht ag an Rialachán seo, áfach, amhail idir Bhallstáit, ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta a tugadh i gcrích go heisiach idir dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát a mhéid a bhaineann na coinbhinsiúin sin le hábhair a rialaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 26

Liosta Coinbhinsiún

1.   Faoin 17 Meitheamh 2009, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na coinbhinsiúin dá dtagraítear in Airteagal 25(1). Tar éis an dáta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach séanadh ar na coinbhinsiúin sin.

2.   Laistigh de shé mhí ón uair a bhfaighidh sé na fógraí thuasluaite, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:

(a)

liosta de na coinbhinsiúin dá dtagraítear i mír 1;

(b)

liosta de na séantaí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 27

Clásal um athbhreithniú

1.   Faoin 17 Meitheamh 2013, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Beidh tograí chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí. Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

(a)

staidéar ar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí árachais agus measúnú ar an tionchar a bheidh ag na forálacha atá le tabhairt isteach, má tá forálacha le tabhairt isteach; agus

(b)

meastóireacht ar chur i bhfeidhm Airteagal 6, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhleanúnachas dhlí an Chomhphobail i réimse chosaint na dtomhaltóirí.

2.   Faoin 17 Meitheamh 2010, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le ceist éifeachtúlachta atá ag sannadh nó ag seachaíocht éilimh in aghaidh tríú páirtithe agus tosaíocht an éilimh a sannadh nó a seachaíodh ar cheart duine eile. Beidh togra chun an Rialachán seo a leasú agus measúnú ar thionchar na bhforálacha atá le tabhairt isteach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.

Airteagal 28

Cur i bhfeidhm i dtaca le ham

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le conarthaí a dhéanfar tar éis an 17 Nollaig 2009.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 17 Nollaig 2009 seachas Airteagal 26 a mbeidh feidhm aige ón 17 Meitheamh 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Meitheamh 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. LENARČIČ


(1)  IO C 318, 23.12.2006, lch. 56.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2007 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 5 Meitheamh 2008.

(3)  IO C 12, 15.1.2001, lch. 1.

(4)  IO C 53, 3.3.2005, lch. 1.

(5)  IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(6)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.

(7)  IO C 334, 30.12.2005, lch. 1.

(8)  IO L 145, 30.4.2004, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2008/10/CE (IO L 76, 19.3.2008, lch. 33).

(9)  IO L 375, 31.12.1985, lch. 3. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2008/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 76, 19.3.2008, lch. 42).

(10)  IO L 280, 29.10.1994, lch. 83.

(11)  IO L 166, 11.6.1998, lch. 45.

(12)  IO L 18, 21.1.1997, lch. l.

(13)  IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.

(14)  IO L 345, 19.12.2002, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2008/19/CE (IO L 76, 19.3.2008, lch. 44).

(15)  IO L 158, 23.6.1990, lch. 59.

(16)  IO L 228, 16.8.1973, lch. 3. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2005/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 9.12.2005, lch. 1).

(17)  IO L 172, 4.7.1998, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2005/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 11.6.2005, lch. 14).


Top