EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0266

Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chuig na limistéir sin

ST/6482/2022/INIT

OJ L 42I, 23.2.2022, p. 109–113 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 21/02/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/266/oj

23.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 42/109


CINNEADH (CBES) 2022/266 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Feabhra 2022

a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas Eorpach fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais. Ina theannta sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála ('an tArdionadaí') freisin, roghanna a chur i láthair le haghaidh bearta sriantacha breise, lena n-áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha.

(3)

Sna conclúidí an 16 Nollaig 2021 uaithi, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir a phráinní atá sé go mbainfeadh an Rúis an lasair den teannas atá ann de bharr an tóstail mhíleata feadh theorainn na Rúise leis an Úcráin agus de bharr a reitrice ionsaithí. D’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn an Chomhairle Eorpach go hiomlán le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine. Agus an Chomhairle Eorpach ag moladh go ndéanfaí iarrachtaí taidhleoireachta agus ag tacú le formáid na Normainne mar bhealach chun cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a bhaint amach, luaigh an Chomhairle Eorpach go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon ghreas míleata eile a dhéanfar i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenar gcomhpháirtithe.

(4)

An 24 Eanáir 2022, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí inar cháin sí gníomhaíochtaí agus bagairtí ionsaitheacha leanúnacha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus inar iarr sí ar an Rúis an lasóg a bhaint den bharrach, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus páirt chuiditheach a ghlacadh in idirphlé trí na sásraí idirnáisiúnta atá bunaithe. Á mheabhrú di na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 16 Nollaig 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle go n-eascródh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha as aon ionsaí míleata breise a dhéanfadh an Rúis ar an Úcráin, agus go n-áirítear air sin réimse leathan beart sriantach ar earnálacha agus ar dhaoine aonair a ghlacfaí i gcomhar le comhpháirtithe.

(5)

An 21 Feabhra 2022, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne inar aithníodh neamhspleáchas agus ceannasacht ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus ‘Daon Phoblacht Luhansk’ (féinfhógartha araon) agus d’ordaigh sé fhórsaí armtha na Rúise dul isteach sna limistéir sin.

(6)

An 22 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar cháin sé cinneadh Uachtarán Chónaidhm na Rúise aitheantas a thabhairt do na críocha sin nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin mar eintitis neamhspleácha agus an cinneadh a rinneadh ina dhiaidh sin trúpaí Rúiseacha a chur chuig na limistéir sin. Baineann an ghníomhaíocht neamhdhleathach sin an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine a thuilleadh agus is sárú tromchúiseach í ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist, chomh maith le Comhaontuithe Mhionsc agus Rún 2202 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. D'áitigh an tArdionadaí ar an Rúis, mar pháirtí sa choinbhleacht, an t-aitheantas a aisiompú, seasamh lena gealltanais, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus filleadh ar an bplé faoi chuimsiú fhormáid na Normainne agus an Ghrúpa Teagmhála Thríthaobhaigh. D’fhógair sé go bhfreagródh an tAontas do na sáruithe is déanaí seo ag an Rúis trí bhearta breise sriantacha a ghlacadh mar ábhar práinne.

(7)

Sna himthosca sin, measann an Chomhairle gur cheart toirmeasc a chur ar earraí de thionscnamh limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach, cé is moite d’earraí ar dheonaigh Rialtas na hÚcráine deimhniú tionscnaimh dóibh.

(8)

Ina theannta sin, ba cheart srian a chur ar thrádáil earraí agus teicneolaíochta lena n-úsáid in earnálacha áirithe i limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine . Ba cheart toirmeasc a chur ar sheirbhísí in earnálacha an iompair, na teileachumarsáide, an fhuinnimh nó na sirtheoireachta, na taiscéalaíochta agus an táirgthe ola, gáis agus acmhainní mianracha, chomh maith le seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí turasóireachta i limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine.

(9)

Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Toirmeascfar earraí de thionscnamh limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiún Donetsk na hÚcráine nó limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiún Luhansk na hÚcráine a allmhairiú isteach san Aontas.

2.   Toirmeascfar maoiniú nó cúnamh airgeadais, mar aon le hárachas agus athárachas, a bhaineann le hallmhairiú earraí de thionscnamh limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiún Donetsk na hÚcráine nó limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiún Luhansk na hÚcráine, a sholáthar go díreach nó go hindíreach.

Airteagal 2

Ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 1 maidir le hearraí de thionscnamh na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1 arna gcur ar fáil d’údaráis na hÚcráine lena scrúdú agus a ndearna údaráis na hÚcráine rialú orthu agus ar eisigh Rialtas na hÚcráine deimhniú tionscnamh ina leith.

Airteagal 3

Beidh na toirmisc a leagtar amach in Airteagal 1 gan dochar d’fhorghníomhú go dtí an 24 Bealtaine 2022 conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 23 Feabhra 2022 nó conarthaí coimhdeach is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, le tabhairt i gcrích agus le forghníomhú tráth nach déanaí ná 24 Bealtaine 2022

Airteagal 4

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d'aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc sin a leagtar síos in Airteagal 1.

Airteagal 5

1.   Toirmeascfar an méid seo a leanas:

(a)

fáil nó fadú rannpháirtíochta i réadmhaoin sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1;

(b)

fáil nó fadú rannpháirtíochta in eintitis sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1, lena n-áirítear na heintitis sin a fháil go hiomlán agus scaireanna atá ann a fháil, agus fáil urrúis eile de chineál rannpháirteach;

(c)

aon mhaoiniú a dheonú d’eintitis sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1,nó chun críoch doiciméadaithe eintitis den sórt sin a mhaoiniú;

(d)

aon chomhfhiontar a chruthú le heintitis sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1; agus,

(e)

seirbhísí infheistíochta a bhaineann go díreach leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den mhír seo a sholáthar.

2.   Maidir leis na toirmisc i mír 1:

(a)

beidh siad gan dochar d’fhorghníomhú oibleagáide ó chonarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh 23 Feabhra 2022; agus,

(b)

ní chuirfidh siad cosc ar rannpháirtíocht a fhadú, más oibleagáid an fadú sin faoi chonradh a tugadh i gcrích roimh an 24 Feabhra 2022.

3.   Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc dá dtagraítear i mír 1.

4.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc agus na srianta a leagtar amach san Airteagal seo maidir le gnó dlisteanach a dhéanamh le heintitis lasmuigh de na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1, ar choinníoll nach bhfuil na hinfheistíochtaí gaolmhara ceaptha d’eintitis sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 6

1.   Toirmeascfar earraí nó teicneolaíocht a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú ag náisiúnaigh na mBallstát, nó ó chríoch na mBallstát, nó ag baint úsáide as soithí nó aerárthaí atá faoi dhlínse na mBallstát, cibé a thionscnaítear nó nach dtionscnaítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin ar a gcríoch,

(a)

chuig aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1., nó,

(b)

lena n-úsáid sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1,

in aon cheann de na hearnálacha seo a leanas:

(i)

iompar;

(ii)

teileachumarsáid;

(iii)

fuinneamh; agus

(iv)

sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh ola, gáis agus acmhainní mianracha.

2.   Toirmeascfar an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

cúnamh teicniúil nó oiliúint agus seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí nó an teicneolaíocht sna hearnálacha dá dtagraítear i mír 1;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais maidir le haon díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú de na hearraí agus an teicneolaíocht sna hearnálacha dá dtagraítear i mír 1 nó maidir le cúnamh teicniúil nó oiliúint a sholáthar.

3.   Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

4.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 7

1.   Toirmeascfar cúnamh teicniúil, nó seirbhísí bróicéireachta, tógála ná innealtóireachta a bhaineann go díreach le bonneagar sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar fáil sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 6(1), go neamhspleách ar thionscnamh na n-earraí nó na teicneolaíochta.

2.   Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú, go dtí 24 Lúnasa 2022, conarthaí a tugadh i gcrích roimh 23 Feabhra 2022 ná do chonarthaí coimhdeacha atá riachtanach chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

3.   Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 8

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 5(1), 6(2) agus 7(1) agus i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 6(1) , ar choinníoll:

(a)

go bhfuil gá leo chun críocha oifigiúla mhisin chonsalacha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus atá lonnaithe sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1; nó

(b)

go mbaineann siad le tionscadal a thacaíonn go heisiach le hospidéil nó le hinstitiúidí sláinte poiblí eile a chuireann seirbhísí leighis ar fáil nó le saoráidí oideachais sibhialtacha atá lonnaithe sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1; nó,

(c)

gur fearais nó trealamh míochaine iad.

2.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh siad is iomchuí, údarú a thabhairt freisin maidir le hidirbheart i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), ar choinníoll gur chun críche cothabhála é an t-idirbheart chun sábháilteacht an bhonneagair atá ann cheana a áirithiú.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt freisin i ndáil leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 6(2) agus 7, i gcás inar gá díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú na n-ítimí nó cur i gcrích na ngníomhaíochtaí sin chun imeacht ar dócha go mbeidh tionchar suntasach tromchúiseach aige ar shláinte agus sábháilteacht an duine, lena n-áirítear sábháilteacht an bhonneagair atá ann cheana, nó ar an gcomhshaol, a chosc nó a mhaolú go práinneach. I gcásanna éigeandála a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú dul ar aghaidh gan údarú a fháil roimh ré ar choinníoll go gcuirfeadh an t-onnmhaireoir an t-údarás inniúil ar an eolas laistigh de chúig lá oibre tar éis an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú a bheith déanta, ina dtabharfaí mionsonraí faoin údar ábhartha leis an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú gan údarú a fháil roimh ré.

Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar faoin mír seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh.

Airteagal 9

1.   Toirmeascfar seirbhísí a chur ar fáil a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí turasóireacht sna limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais dá dtagraítear in Airteagal 1, ag náisiúnaigh de chuid na mBallstát, nó ó chríocha na mBallstát, nó trí shoithí nó aerárthaí atá faoi dhlínse na mBallstát a úsáid.

2.   Beidh na toirmisc a leagtar amach i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú, go dtí 24 Lúnasa 2022, conarthaí a tugadh i gcrích roimh 23 Feabhra 2022 ná do chonarthaí coimhdeacha atá riachtanach chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

3.   Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na toirmisc dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí 24 Feabhra 2023.

Coimeádfar an Cinneadh seo faoi athbhreithniú go leanúnach. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


Top