EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0264

Cinneadh (CBES) 2022/264 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

ST/6493/2022/INIT

OJ L 42I, 23.2.2022, p. 95–97 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/264/oj

23.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 42/95


CINNEADH (CBES) 2022/264 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, d'iarr an Chomhairle ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais. Chuir sí i bhfios go láidir gur gá freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas agus óna Bhallstáit ar aon ghníomhaíocht mhailíseach, neamhdhleathach, shuaiteach bhreise a dhéanfadh an Rúis, agus leas iomlán á bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil don Aontas, agus comhordú á áirithiú leis na comhpháirtithe. Chuige sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála ('an tArdionadaí') freisin, roghanna a chur i láthair maidir le bearta sriantacha breise, lena n-áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 16 Nollaig 2021, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir a phráinní atá sé go mbainfeadh an Rúis an lasair den teannas atá ann de bharr an tóstail mhíleata feadh theorainn na Rúise leis an Úcráin agus de bharr na reitrice ionsaithí. D’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn an Chomhairle Eorpach go hiomlán le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine. Agus an Chomhairle Eorpach ag moladh go ndéanfaí iarrachtaí taidhleoireachta agus ag tacú le formáid na Normainne mar bhealach chun cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a bhaint amach, luaigh an Chomhairle Eorpach go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon ghreas míleata eile a dhéanfaí i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenar gcomhpháirtithe.

(4)

An 24 Eanáir 2022, d'fhormheas an Chomhairle conclúidí inar cháin sí gníomhaíochtaí agus bagairtí ionsaitheacha leanúnacha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus inar iarr sí ar an Rúis an lasóg a bhaint den bharrach, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus páirt chuiditheach a ghlacadh in idirphlé trí na sásraí idirnáisiúnta atá bunaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle tiomantas iomlán an Aontais do na croíphrionsabail ar a bhfuil slándáil na hEorpa bunaithe, agus atá cumhdaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe agus i ndoiciméid bhunaitheacha na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, lena n-áirítear Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus Cairt Pháras. Áirítear leis na croíphrionsabail seo go háirithe comhionannas ceannasach agus iomláine chríochach Stát; dosháraitheacht na dteorainneacha; staonadh ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid; agus saoirse Stát a socruithe slándála féin a roghnú nó a athrú. Luaigh an Chomhairle nach bhfuil na prionsabail seo inchaibidle ná faoi réir athbhreithniú ná athléiriú agus gur bac é sárú na Rúise ar spás slándála coiteann agus doroinnte san Eoraip, agus go gcuireann sé an tsíocháin agus an chobhsaíocht ar an mór-roinn seo againne i mbaol. Á mheabhrú di na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 16 Nollag 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle go n-eascródh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha as aon ionsaí míleata breise a dhéanfadh an Rúis ar an Úcráin, agus go n-áirítear air sin réimse leathan beart sriantach ar earnálacha agus ar dhaoine aonair a ghlacfaí i gcomhar le comhpháirtithe.

(5)

An 19 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar léiríodh gur cúis imní é tóstail ollmhór fhórsaí armtha na Rúise san Úcráin agus thart ar an Úcráin agus thathantaigh sé ar an Rúis páirt a ghlacadh in idirphlé fónta agus i dtaidhleoireacht, guaim a choinneáil uirthi féin agus an lasóg a bhaint den bharrach trí go leor fórsaí míleata a tharraingt siar ó theorainneacha na hÚcráine.

(6)

An 21 Feabhra 2022, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne inar aithníodh ‘neamhspleáchas agus ceannasacht’ na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin agus inar ordaíodh fórsaí armtha na Rúise isteach sna limistéir sin.

(7)

An 22 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais lenar cáineadh an ghníomhaíocht neamhdhleathach sin, a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine a thuilleadh agus ar sárú tromchúiseach an dlí idirnáisiúnta agus sárú comhaontuithe idirnáisiúnta í, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist, chomh maith le Comhaontuithe Mhionsc agus Rún 2202 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. D'áitigh an tArdionadaí ar an Rúis, mar pháirtí sa choinbhleacht, an t-aitheantas sin a aisiompú, seasamh lena gealltanais, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus filleadh ar an bplé faoi chuimsiú fhormáid na Normainne agus an Ghrúpa Teagmhála Thríthaobhaigh. D’fhógair sé go bhfreagródh an tAontas do na sáruithe neamhdhleathacha is déanaí sin ag an Rúis trí bhearta breise sriantacha a ghlacadh mar ábhar práinne.

(8)

I bhfianaise thromchúis na staide, measann an Chomhairle gurb iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a dhéanamh mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.

(9)

Ba cheart, go háirithe, srianta a fhorchur maidir le rochtain ar an margadh caipitil, go háirithe trí mhaoiniú na Rúise, a Rialtais agus a Bainc Ceannais a thoirmeasc.

(10)

Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:

(1)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 1:

‘Airteagal 1a

1.   Maidir le díol nó ceannach díreach nó indíreach, nó soláthar díreach nó indíreach seirbhísí infheistíochta le haghaidh urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid arna n-eisiúint tar éis 9 Márta 2022, nó aon chuidiú maidir le heisiúint n-urrús agus na n-ionstraimí sin, nó aon déileáil eile leis na hurrúis agus leis na hionstraimí sin, arna dhéanamh ag:

(a)

an Rúis agus a rialtas;

(b)

Banc Ceannais na Rúise; nó,

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir an eintitis dá dtagraítear i bpointe (b),

beidh toirmeasc ar an méid sin.

2.   Beidh toirmeasc ar aon socrú a dhéanamh go díreach nó go hindíreach, nó a bheith páirteach in aon socrú chun aon iasachtaí nó creidmheas nua a thabhairt d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 tar éis 23 Feabhra 2022. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc seo maidir le hiasachtaí ná creidmheas a bhfuil cuspóir sonrach doiciméadaithe acu maoiniú a sholáthar d’allmhairiú nó onnmhairiú neamhthoirmiscthe earraí agus seirbhísí neamhairgeadais idir an tAontas agus aon tríú Stát, lena n-áirítear an caiteachas le haghaidh earraí agus seirbhísí ó thríú Stát eile is gá chun na conarthaí onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a fhorghníomhú.

3.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 2 maidir le tarraingt anuas ná le heisíocaíochtaí a rinneadh faoi chonradh a tugadh i gcrích roimh 23 Feabhra 2022 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir le téarmaí agus coinníollacha uile an tarraingt anuas nó na n-eisíocaíochtaí sin:

(i)

comhaontaíodh iad roimh an 23 Feabhra 2022; agus

(ii)

níor modhnaíodh iad ar an dáta sin nó ina dhiaidh; agus

(b)

roimh 23 Feabhra 2022, socraíodh dáta aibíochta conarthach chun na cistí uile a cuireadh ar fáil a aisíoc ina n-iomláine agus chun na gealltanais, na cearta agus na hoibleagáidí faoin gconradh a chur ar ceal.

Áirítear i dtéarmaí agus coinníollacha na dtarraingtí anuas agus na n-eisíocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) forálacha maidir le fad na tréimhse aisíocaíochta le haghaidh gach aon tarraingt anuas nó gach aon eisíocaíocht, an ráta úis a chuirtear i bhfeidhm nó modh ríofa an ráta úis, agus an t-uasmhéid.’;

(2)

In Airteagal 7, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

eintitis dá dtagraítear i bpointí (b) nó (c) d’Airteagal 1(1), i bpointí (c) nó (d) d’Airteagal 1(2), i bpointí (a), (b) nó (c) d’Airteagal 1a(1), nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I, II, III, nó IV;’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


Top