EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0019

Rialachán cur Chun Feidhme (AE) 2020/19 ón Gcomhairle an 13 Eanáir 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n aisghairtear Rialachán cur chun feidhme (AE) 2019/1337

ST/15156/2019/INIT

OJ L 8I, 14.1.2020, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/07/2020; Arna aisghairm le 32020R1128

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/19/oj

14.1.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 8/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/19 ÓN GCOMHAIRLE

an 13 Eanáir 2020

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n aisghairtear Rialachán cur chun feidhme (AE) 2019/1337

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Lúnasa 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/1337 (2) lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, lena mbunaítear liosta nuashonraithe daoine, grúpaí, agus eintiteas a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir leo (“an liosta”).

(2)

I gcás inarbh fhéidir go praiticiúil é, chuir an Chomhairle ráitis ar fáil do na daoine, na grúpaí agus na heintitis ar fad ar na cúiseanna ar cuireadh ar an liosta iad.

(3)

Trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chuir an Chomhairle na daoine, na grúpaí agus na heintitis atá ar an liosta ar an eolas gur chinn sí iad a choinneáil ar an liosta sin. Chuir an Chomhairle in iúl do na daoine, na grúpaí agus na heintitis sin lena mbaineann freisin go bhféadfaí ráiteas a iarraidh ar na cúiseanna a bhí ag an gComhairle iad a chur ar an liosta i gcás nár tugadh ráiteas den sórt sin dóibh cheana.

(4)

Tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar an liosta faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh aici, chuir an Chomhairle na barúlacha a chuir na daoine lena mbaineann faoina bráid san áireamh chomh maith leis an bhfaisnéis nuashonraithe a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le stádas na ndaoine aonair agus na n‐eintiteas atá liostaithe ar an leibhéal náisiúnta.

(5)

Tá fíoraithe ag an gComhairle gur ghlac na hinstitiúidí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES (3) ón gComhairle cinntí maidir le gach duine, grúpa agus eintiteas atá ar an liosta de bharr go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(2) agus (3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Tá an Chomhairle tar éis a theacht ar an tátal freisin gur cheart go leanfadh na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagal 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo de bheith faoi réir na mbeart sriantach sonrach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001.

(6)

Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir agus ba cheart Rialachán cur chun feidhme (AE) 2019/1337 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Déantar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1337 ón gComhairle a aisghairm leis seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. METELKO-ZGOMBIĆ


(1)  IO L 344, 28.12.2001, lch. 70.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1337 an 8 Lúnasa 2019 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n‐aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/24 (IO L 209, 9.8.2019, lch. 1).

(3)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch.93).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA Neintiteas DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

I.   DAOINE

1.

ABDOLLAHIL, Hamed (dá ngairtear freisin Mustafa Abdullahi) a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an Phas: D9004878.

2.

AL-NASSER, Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

3.

AL YACOUB, Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

ARBABSIAR Manssor (dá ngairtear freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, uimhir an Phas: C2002515 (an Iaráin); uimhir an Phas: 477845448 (SAM). Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

5.

ASADI Assadollah, a rugadh an 22.12.1971 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

6.

BOUYERI, Mohammed (dá ngairtear freisin Abu ZUBAIR, dá ngairtear freisin SOBIAR, dá ngairtear freisin Abu ZOUBAIR), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

7.

EL HAJJ, Hassan Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Teheran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

IZZ-AL-DIN, Hasan (dá ngairtear freisin GARBAYA, Ahmed, dá ngairtear freisin SA-ID, dá ngairtear freisin SALWWAN, Samir) a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

10.

MELIAD, Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED, Khalid Shaikh (dá ngairtear freisin ALI, Salem, dá ngairtear freisin BIN KHALID, Fahd Bin Adballah, dá ngairtear freisin HENIN, Ashraf Refaat Nabith, dá ngairtear freisin WADOOD, Khalid Adbul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas 488555.

12.

ŞANLI, Dalokay (dá ngairtear freisin Sinan), a rugadh an 13.10.1976 in Pülümür (an Tuirc).

13.

SHAHLAI Abdul Reza (dá ngairtear freisin Abdol Reza Shala'i, dá ngairtear freisin Abd-al Reza Shalai, dá ngairtear freisin Abdorreza Shahlai, dá ngairtear freisin Abdolreza Shahla'i, dá ngairtear freisin Abdul-Reza Shahlaee, dá ngairtear freisin Hajj Yusef, dá ngairtear freisin Haji Yusif, dá ngairtear freisin, Hajji Yasir, dá ngairtear freisin Hajji Yusif, dá ngairtear freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Bunáit Mhíleata Mehran, cúige Ilam, an Iaráin.

14.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

15.

SOLEIMANI Qasem (éagtha) (dá ngairtear freisin Ghasem Soleymani, dá ngairtear freisin Qasmi Sulayman, dá ngairtear freisin Qasem Soleymani, dá ngairtear freisin Qasem Solaimani, dá ngairtear freisin Qasem Salimani, dá ngairtear freisin Qasem Solemani, dá ngairtear freisin Qasem Sulaimani, dá ngairtear freisin Qasem Sulemani) a rugadh an 11.3.1957 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine, uimhir an Phas: 008827 (Pas taidhleoireachta na hIaráine), arna eisiúint in 1999. Teideal: Maorghinearál.

II.   GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

1.

“Eagraíocht Abu Nidal” — “ANO”, (dá ngairtear freisin “Comhairle Réabhlóide Fatah”, dá ngairtear freisin “na Briogáidí Réabhlóideacha Arabacha”, dá ngairtear freisin “Lucht Mheán Fómhair Dubh”, dá ngairtear freisin “Eagraíocht Réabhlóide na Moslamach Sóisialach”).

2.

“Briogáid Máirtíreach Al-Aqsa”.

3.

“Al-Aqsa e.V”.

4.

“Babbar Khalsa”.

5.

“Páirtí Cumannach na nOileán Filipíneach”, lena n‐áirítear “Arm Nua an Phobail” — “APN”, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

“Gama'a al-Islamiyya” (dá ngairtear freisin “Al-Gama'a al-Islamiyya”) (“Grúpa Ioslamach” — “GI”).

8.

“İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi” — “IBDA-C” (“Fronta Mór Laochra Ioslamacha an Oirthir”).

9.

“Hamas” lena n‐áirítear “Hamas-Izz al-Din-al-Qassem”.

10.

“Sciathán Míleata Hizbollah” (dá ngairtear freisin “Sciathán Míleata Hezbollah”, dá ngairtear freisin “Sciathán Míleata Hizbullah”, dá ngairtear freisin “Sciathán Míleata Hizbollah”, dá ngairtear freisin “Sciathán Míleata Hezballah”, dá ngairtear freisin “Sciathán Míleata Hisbollah”, dá ngairtear freisin “Sciathán Míleata Hizbu'llah” dá ngairtear freisin “Sciathán Míleata Hizb Allah”, dá ngairtear freisin “Comhairle Jiohád” (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n‐áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11.

“Hizbul Mujahideen” — “HM”.

12.

“Fórsa Zindabad na Cálastáine” — “KZF”.

13.

“Páirtí Oibrithe na Cordastáine” — “PKK” (dá ngairtear freisin “KADEK”, dá ngairtear freisin “KONGRA-GEL”).

14.

“Tíogair Shaortha Tamil Eelam” — “LTTE”.

15.

“Ejército de Liberación Nacional” (“an tArm um Shaoradh Náisiúnta”).

16.

“Jiohád Ioslamach na Palaistíne” — “PIJ”.

17.

“Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne” — “PFLP”.

18.

“Fronta Pobail i gcomhair Shaoirse na Palaistíne — Ceannas Ginearálta” (dá ngairtear freisin “PFLP — Ceannas Ginearálta”).

19.

“Devrimci Halk Kurtuluș Partisi‐Cephesi” — “DHKP/C” (dá ngairtear freisin “Devrimci Sol” (“An Eite Chlé Réabhlóideach”), dá ngairtear freisin “Dev Sol”) (“Arm/Fronta/Páirtí Saortha Réabhlóidigh an Phobail”).

20.

“Sendero Luminoso” — “SL” (“an Chonair Lonrach”).

21.

“Teyrbazen Azadiya Kurdistan” — “TAK” (dá ngairtear freisin “Fabhcúin Saoirse na Cordastáine”, dá ngairtear freisin “Seabhaic Saoirse na Cordastáine”).


Top