EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52015AG0015(02)

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 15/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí)

OJ C 427, 18.12.2015, p. 79–81 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

18.12.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C 427/79


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 15/2015 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail agus Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí)

(2015/C 427/02)

I.   RÉAMHRÁ

Thíolaic an Coimisiún an togra thuasluaite don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2013 (1).

Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim an 11 Iúil 2013.

Ghlac an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a thuairim an 11 Iúil 2013.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a tuairim ar an gcéad léamh an 25 Feabhra 2014 (2).

An 23 Iúil 2014, thug Coiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) sainordú don Uachtaránacht féachaint le Parlaimint na hEorpa an bhféadfaí teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh ar bhonn an téacs atá in 11827/14.

Tar éis roinnt cruinnithe trípháirteacha neamhfhoirmiúla, thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le téacs an Rialacháin. Dearbhaíodh an comhaontú sin ag an gcruinniú a bhí ag Coiste na mBuanionadaithe an 10 Meitheamh.

An 16 Meitheamh 2015, sheol Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) inar léiríodh, i gcás ina dtíolacfadh an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh go foirmiúil chuig Parlaimint na hEorpa i gcomhréir leis an gcomhaontú thuasluaite, faoi réir fíorúcháin dhlítheangeolaíoch, go molfadh sé do Sheisiún Iomlánach Pharlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle a ghlacadh gan leasú ar an dara léamh.

Ina dhiaidh sin, d'fhormhuinigh an Chomhairle an téacs comhaontaithe trí chomhaontú polaitiúil a ghlacadh an 13 Iúil 2015 (3)

II.   CUSPÓIR

Is é príomhchuspóir coiteann an togra seo agus an togra chomhuainigh maidir leis an Treoir a athmhúnlú (4) ná nuálaíocht agus fás eacnamaíoch a chothú trí chórais chlárúcháin trádmhairc ar fud AE a dhéanamh níos inrochtana agus níos éifeachtúla do ghnólachtaí maidir le costais agus castacht níos ísle, luas méadaithe, intuarthacht níos fearr agus deimhneacht dlíthiúil. Tá na hathbhreithnithe seo nasctha leis na hiarrachtaí chun a chinntiú go mbeadh cómhaireachtáil agus comhlántacht idir an tAontas agus na córais trádmhairc náisiúnta.

Maidir leis an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún nuachóiriú spriocdhírithe a dhéanamh ar na forálacha atá ann cheana, leis na príomhaidhmeanna seo a leanas:

Téarmaíocht a oiriúnú do Chonradh Liospóin agus forálacha a oiriúnú don Chur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe;

Nósanna imeachta a shruthlíniú chun iarratas a chur isteach ar thrádmharc Eorpach agus chun an trádmharc sin a chlárú;

Deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú trí fhorálacha a shoiléiriú agus tríd an débhríocht a bhaint;

Creat iomchuí maidir le comhar idir Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (dá ngairfear OCMI anseo feasta) agus oifigí náisiúnta a bhunú chun coinbhéirseacht cleachtais a chur chun cinn agus uirlisí coiteanna a fhorbairt;

An creat a ailíniú le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

Glacadh le líon mór de na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh, gan aon athrú a dhéanamh nó le foclaíocht beagán modhnaithe. Níl ach líon an-teoranta ann de leasuithe Pharlaimint na hEorpa nár fhormhuinigh an Chomhairle.

Is leagtha amach thíos atá na príomhphointí ar tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú ina leith:

Béim a chur ar nádúr comhlántach trádmharcanna a chosaint ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn an Aontais;

Téarmaíocht a oiriúnú do cheanglais Chonradh Liospóin (“trádmharc Comhphobail” a athrú go “trádmharc an Aontais Eorpaigh”);

Téarmaí agus rialachas a oiriúnú, spreagtha ag an gcur chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais, a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i mí Iúil 2012;

Deireadh a chur leis an deis iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a chur isteach trí lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát;

Sruthlíniú a dhéanamh ar fhorálacha teicniúla a bhaineann le cuardaigh, foilsiú an iarratais, tuairimí ó thríú páirtithe, cinntí inter partes a athbhreithniú, leanúint leis na himeachtaí, tréimhse freasúra le haghaidh Clárúcháin Idirnáisiúnta;

Deireadh a chur leis an riachtanas go mbeadh “inléiritheacht ghrafach” ann chun go mbeifí ábalta comhartha a chlárú mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh;

Síneadh ar na dearbhfhorais lena ndiúltaítear sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha, téarmaí traidisiúnta le haghaidh fíona, agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus cearta maidir le cineálacha plandaí a chumhdach;

Síneadh ar na forais choibhneasta lena ndiúltaítear sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chumhdach;

Go mbeadh sealbhóirí trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh i dteideal cosc a chur ar dháileadh agus ar dhíol lipéad agus pacáistithe agus nithe comhchosúla a d'fhéadfaí a úsáid ina dhiaidh sin i ndáil le hearraí nó seirbhísí a shárú;

Foráil shonrach lena n-áirithítear nach bhféadfar cearta trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh a agairt in aghaidh cearta a bheadh ann roimhe sin ar an trádmharc;

Síneadh a chur le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint chun úsáid an mhairc in ainmneacha trádála nó cuideachta a chumhdach;

Forálacha cuimsitheacha maidir le sonrú agus aicmiú earraí agus seirbhísí i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais;

An deis a thabhairt isteach marc deimhniúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh a fháil;

OCMI a athainmniú mar Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh;

Cúraimí na hOifige a shainmhíniú ar bhealach cuimsitheach;

An bunús riachtanach dlí a sholáthar don Oifig chun Ionad Idirghabhála a bhunú;

Creat dlí a sholáthar le haghaidh comhair idir an Oifig agus lároifigí maoine tionsclaíche chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn, lena n-áirítear an bunús dlí a sholáthar i gcomhair cistiú ón Oifig le haghaidh tionscadal comhair;

An Rialachán a ailíniú le Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le gurbh fhearr a ionchorprú isteach sa ghníomh bunúsach oiread forálacha agus is féidir, lena n-áirítear na forálacha lena socraítear leibhéal na dtáillí.

Is iad seo a leanas na príomhphointí den chás nach dtagann an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh le seasamh Pharlaimint na hEorpa:

Foráil a chur isteach lena rialaítear teacht isteach earraí góchumtha, go háirithe i gcomhthéacs díola ar an idirlíon a sheachadtar i gcoinsíneachtaí beaga, más rud é gurb é coinsíneoir na n-earraí góchumtha amháin a ghníomhaíonn i gcúrsa na trádála;

Cé go n-aontaíonn sí gur cheart go mbeadh sealbhóirí trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe earraí a thabhairt isteach ó thríú tíortha ar a mbeidh trádmharc gan údarú atá comhionann go bunúsach le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh a cláraíodh i leith na n-earraí sin, i gcríoch chustaim an Aontais, is cuma cé acu an scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta iad, forálann an Chomhairle a thugann teideal den sórt sin go rachaidh sé in éag más rud é go gcruthaíonn dearbhóir nó sealbhóir na n-earraí i dtrácht nach bhfuil an sealbhóir trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh i dteideal cosc a chur ar na hearraí a chur ar an margadh sa tír chinn scríbe chríochnaithigh;

Eisceacht ghinearálta a chur isteach maidir le cearta trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh nuair a úsáideann tríú páirtí an trádmharc chun críocha neamhthráchtála, chomh maith le heisceachtaí eile a chur isteach maidir le cearta trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh, amhail cásanna ina n-úsáideann tríú duine trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh chun aird tomhaltóirí a tharraingt ar athdhíol earraí dílse a díoladh i dtosach ag dílseánach an trádmhairc nó lena thoiliú, nó chun malairt dhlisteanach a chur ar fáil ar earraí nó ar sheirbhísí an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh, nó chun críocha na scigaithrise, an léirithe ealaíne, an cháinte nó na tráchtaireachta;

Roghnú agus ceapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin OCMI ag an mBord Bainistíochta;

Sásra fritháirimh a sholáthar lena gcuirtear ar chumas na mBallstát a gcuid costas a fháil ar ais a thig as soláthar na seirbhísí agus na nósanna imeachta a bhaineann le forghníomhú an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh.

IV.   CONCLÚID

Léirítear sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh go hiomlán an comhaontú ar thángthas air idir an dá chomhreachtóir, rud a dhearbhaigh an litir thuasluaite ó Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Dlí don Chathaoirleach ar Choiste na mBuanionadaithe (Cuid 1) dar dáta 16 Meitheamh 2015.


(1)  8065/13.

(2)  6742/14.

(3)  9957/15 + ADD 1 + ADD 2

(4)  8066/13.


Top