EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52009AG0010

Comhsheasamh (CE) Uimh. 10/2009 an 9 Eanáir 2009 a ghlac an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ C 75E, 31.3.2009, p. 1–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

31.3.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


COMHSHEASAMH (CE) Uimh. 10/2009

a ghlac an Chomhairle an 9 Eanáir 2009

chun go nglacfaí Rialachán …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(2009/C 75 E/01)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2007 dar teideal ‘Beartas Fuinnimh don Eoraip’ luadh a thábhachtaí atá sé an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha a thabhairt chun críche. Aithníodh gur beart bunúsach é chun an cuspóir sin a bhaint amach an réim rialúcháin a fheabhsú ar leibhéal an Chomhphobail.

(2)

Le Cinneadh 2003/796/CE (4), bunaíodh grúpa comhairleach neamhspleách maidir le leictreachas agus gás ar a dtugtar ‘Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Leictreachas agus Ghás’ (‘an ERGEG’) chun comhairliú, comhordú agus comhar a éascú idir na comhlachtaí rialúcháin sna Ballstáit agus idir na comhlachtaí sin agus an Coimisiún, d'fhonn an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás nádúrtha a chomhdhlúthú. Is éard atá sa ghrúpa sin ionadaithe na n-údarás rialúcháin náisiúnta a bunaíodh de bhun Threoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (5) agus Treoir 2003/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (6).

(3)

Tá an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás go mór faoi chomaoin ag an obair atá déanta ag ERGEG ón uair a bunaíodh é. Ach mar sin féin tá tuairim fhorleathan san earnáil, agus tá sé molta ag ERGEG féin, gur cheart go dtarlódh comhar deonach idir na húdaráis rialúcháin náisiúnta laistigh de struchtúr Comhphobail a bhfuil inniúlachtaí soiléire aige agus a bhfuil de chumhacht aige cinntí rialúcháin a ghlacadh i roinnt cásanna sonracha.

(4)

D'iarr Comhairle Eorpach Mhárta 2007 ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun meicníocht neamhspleách a bhunú le haghaidh comhair idir na húdaráis rialúcháin náisiúnta.

(5)

Ar bhonn an mheasúnaithe tionchair maidir leis na hacmhainní a theastódh le haghaidh eintitis lárnaigh, thángthas ar an tuairim go mbeadh roinnt buntáistí fadtéarmacha ag roinnt le heintiteas lárnach neamhspleách nach mbeadh ag roinnt le roghanna eile. Dá bhrí sin, ba cheart go mbunófaí Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh (‘an Ghníomhaireacht’).

(6)

Na feidhmeanna rialúcháin a chuireann na húdaráis rialúcháin náisiúnta i gcrích i gcomhréir le Treoir 2009/…/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas (7) agus le Treoir 2009/…/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha (7), ba cheart go gcinnteodh an Ghníomhaireacht go gcomhordófar mar ba cheart iad agus go gcomhlánófar ar leibhéal an Chomhphobail iad i gcás inar gá. Chuige sin, tá sé riachtanach neamhspleáchas, cumais theicniúla agus rialúcháin, trédhearcacht agus éifeachtúlacht na Gníomhaireachta a ráthú.

(7)

Ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar chomhar réigiúnach idir oibreoirí córas tarchurtha in earnáil an gháis agus in earnáil an leictreachais agus ar chur i gcrích chúram Líonra Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Leictreachas (an ‘ENTSO don Leictreachas’ agus thascanna Líonra Eorpacha Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Ghás (an ‘ENTSO don Ghás’). Tá páirteachas na Gníomhaireachta fíor-riachtanach chun a áirithiú go mbeidh an comhar idir oibreoirí córas tarchurtha éifeachtúil agus trédhearcach chun tairbhe an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas agus an mhargaidh inmheánaigh don ghás nádúrtha.

(8)

Tá ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht chun Treoirlínte réime neamhcheangailteacha a fhorbairt a gcaithfidh cóid líonra bheith i gcomhréir leo. Meastar gurb iomchuí freisin agus go bhfuil sé i gcomhréir lena sprioc go mbeidh ról ag an nGníomhaireacht in athbhreithniú na ndréachtchód líonra (tráth a gcruthaithe agus tráth a modhnaithe araon) chun a áirithiú go mbeidh siad i gcomhréir leis na Treoirlínte réime neamhcheangailteacha, sula molfaidh sí don Choimisiún iad a ghlacadh.

(9)

Is iomchuí réim a chur ar fáil ina mbeidh údaráis rialúcháin náisiúnta in ann comhoibriú. Ba cheart go n-éascódh an réim sin cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na reachtaíochta ar an margadh inmheánach sa leictreachas agus sa ghás. I gcás ina mbeidh níos mó ná Ballstát amháin i gceist, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Ghníomhaireacht cinntí aonair a ghlacadh. Ba cheart go gcumhdódh an chumhacht sin faoi choinníollacha áirithe saincheisteanna teicniúla, an córas rialúcháin do bhonneagar leictreachais agus gáis a nascann dhá Bhallstát nó a d'fhéadfadh dhá Bhallstát ar a laghad a nascadh, agus, mar rogha dheireanach, díolúintí ó rialacha an mhargaidh inmheánaigh d'idirnascairí nua leictreachais agus bonneagair nua gáis agus iad suite i níos mó ná aon Bhallstát amháin.

(10)

De bhrí go bhfuil léargas ag an nGníomhaireacht ar na húdaráis rialúcháin náisiúnta, ba cheart go mbeadh ról comhairleach aici i leith an Choimisiúin i dtaca le ceisteanna rialúcháin margaidh. Ba cheart go mbeadh sé de cheangal uirthi freisin an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina bhfeicfidh sí nach iad na torthaí a theastaíonn a bheidh ag teacht as an gcomhar idir oibreoirí córas tarchurtha, nó nach bhfuil údarás rialúcháin náisiúnta nach bhfuil na Treoirlínte á gcomhlíonadh ag a chinneadh ag leanúint tuairim na Gníomhaireachta ar bhealach leordhóthanach.

(11)

Ba cheart freisin go mbeadh an Ghníomhaireacht in ann treoirlínte neamhcheangailteachta a eisiúint chun cuidiú le húdaráis rialúcháin agus le gníomhaithe margaidh i dtaca le dea-chleachtais a roinnt.

(12)

Ba cheart struchtúr na Gníomhaireachta a chur in oiriúint d'fhonn freastal ar riachtanais shonracha an rialúcháin fuinnimh. Ní mór, go háirithe, ról sonrach na n-údarás rialúcháin náisiúnta agus a neamhspleáchas a chur san áireamh go hiomlán.

(13)

Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an mBord Riaracháin chun an buiséad a bhunú, chun a chur chun feidhme a sheiceáil, chun rialacha inmheánacha a tharraingt suas, chun rialacháin airgeadais a ghlacadh agus chun an Stiúrthóir a cheapadh. Ba cheart go n-úsáidfí córas uainíochta d'athnuachan na gcomhaltaí den Bhord Riaracháin a cheapfaidh an Chomhairle, chun a áirithiú go mbeidh rannpháirteachas cothrom ann ó thaobh na mBallstát de thar achar ama.

(14)

Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an nGníomhaireacht chun na feidhmeanna rialúcháin a chur i ngníomh i mbealach a bheidh éifeachtúil agus, thar aon rud eile, neamhspleách. Ní hamháin gur eochairphrionsabal den dea-rialachas é neamhspleáchas na n-údarás rialúcháin ach is bunchoinníoll é le haghaidh muinín sa mhargadh a áirithiú freisin. Ba cheart, dá bharr sin, gan dochar do ghníomhú na gcomhaltaí thar ceann a n-údarás náisiúnta féin, go ngníomhódh Bord na Rialtóirí go neamhspleách ar aon leas margaidh agus nach n-iarrfadh sí teagasc ná nach nglacfadh sé le teagasc ó aon rialtas Ballstáit, ón gCoimisiún ná ó aon eintiteas eile, bíodh sé poiblí nó príobháideach.

(15)

I gcás ina mbeidh cumhachtaí ag an nGníomhaireacht chun cinntí a dhéanamh, ba cheart, ar mhaithe le gontacht nós imeachta, ceart achomhairc chuig Bord Achomhairc a dheonú do pháirtithe leasmhara, Bord a bheadh ina chuid den Ghníomhaireacht ach a bheadh neamhspleách ar a struchtúr riaracháin agus rialúcháin. Ar mhaithe le leanúnachas, ba cheart go gceadófaí gan ach cuid den Bhord Achomhairc a athrú nuair a bheadh a chomhaltaí á gceapadh nó á n-athnuachan.

(16)

Ba cheart go maoineofaí an Ghníomhaireacht go príomha ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, trí tháillí agus trí ranníocaíochtaí saorálacha. Na hacmhainní a chomhthiomsaíonn na húdaráis rialúcháin le haghaidh a gcomhair ar leibhéal an Chomhphobail, ba cheart go leanfadh siadsan, go háirithe, de bheith ar fáil don Ghníomhaireacht. Ba cheart go leanfadh nós imeachta buiséid an Chomhphobail d'fheidhm a bheith aige a mhéid a bhaineann le haon fhóirdheontas atá inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfadh iniúchadh ar chuntais i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2002 maidir leis an Rialachán Réime Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (8).

(17)

Ba cheart go mbeadh foireann an-phroifisiúnta ag an nGníomhaireacht. Go háirithe, ba cheart go mbainfeadh an Ghníomhaireacht leas as inniúlacht agus as taithí na foirne a bheidh ar iasacht ó na húdaráis rialúcháin náisiúnta, ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit. Ba cheart go mbeadh feidhm maidir le foireann na Gníomhaireachta ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus ag Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach, dá ngairtear ‘na Rialacháin Foirne’ agus na ‘Coinníollacha fostaíochta’ faoi seach anseo feasta a leagadh síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 (9) agus ag na rialacha a ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach chun na rialacháin sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart go nglacfadh an Bord Riaracháin, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá.

(18)

Ba cheart go ndéanfadh an Ghníomhaireacht na rialacha ginearálta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá i seilbh comhlachtaí Comhphobail a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbunódh an Bord Riaracháin na bearta praiticiúla chun sonraí íogaire tráchtála agus sonraí pearsanta a chosaint.

(19)

Ba cheart go mbeadh tíortha nach Ballstáit den Chomhphobal iad in ann páirt a ghlacadh in obair na Gníomhaireachta i gcomhréir leis na comhaontuithe iomchuí a chuirfidh an Comhphobal i gcrích.

(20)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (10).

(21)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na Treoirlínte is gá a ghlacadh i gcásanna ina mbeidh an Ghníomhaireacht inniúil chun na téarmaí agus na coinníollacha rochtana ar bhonneagar trasteorann agus chun an tslándáil oibríochtúil do bhonneagar trasteorann a chinneadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú a cheapfar iad, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(22)

Ó tharla nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, comhar idir na húdaráis rialúcháin náisiúnta ar leibhéal an Chomhphobail, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

Bunú agus stádas dlítheanach

Airteagal 1

Bunú

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo Gníomhaireacht um Chomhar na Rialtóirí Fuinnimh (‘an Ghníomhaireacht’).

2.   Is í aidhm na Gníomhaireachta cuidiú leis na húdaráis rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34 de Threoir 2009/…/CE agus in Airteagal 38 de Threoir 2009/…/CE na cúraimí rialúcháin a chuirtear i gcrích sna Ballstáit a dhéanamh ar leibhéal an Chomhphobail, agus, i gcás inar gá, chun a ngníomhaíocht a chomhordú.

3.   Go dtí go mbeidh áitreabh na Gníomhaireachta ullamh, beidh sí suite ar áitreabh an Choimisiúin.

Airteagal 2

Stádas dlítheanach

1.   Comhlacht Comhphobail, a mbeidh pearsantacht dhlítheanach aici, a bheidh sa Ghníomhaireacht.

2.   I ngach Ballstát, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   Déanfaidh a Stiúrthóir ionadaíocht ar an nGníomhaireacht.

Airteagal 3

Comhdhéanamh

Is é a bheidh sa Ghníomhaireacht:

(a)

Bord Riaracháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 12;

(b)

Bord na Rialtóirí a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 14;

(c)

Stiúrthóir a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 16;

(d)

Bord Achomhairc a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 18.

Airteagal 4

Cineál ghníomhartha na Gníomhaireachta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht:

(a)

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar ar oibreoirí córas tarchurtha;

(b)

tuairimí a eisiúint a dhíreofar ar údaráis rialúcháin;

(c)

tuairimí agus moltaí a eisiúint a dhíreofar ar an gCoimisiún;

(d)

cinntí leithleacha a ghlacadh i gcásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 7, Airteagal 8 agus in Airteagal 9.

CAIBIDIL II

Cúraimí

Airteagal 5

Cúraimí Ginearálta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarratas ón gCoimisiún nó ar a tionscnamh féin, tuairim a thabhairt don Choimisiún maidir leis na ceisteanna uile a bhaineann leis an gcuspóir dár bunaíodh í.

Airteagal 6

Cúraimí maidir le comhar idir oibreoirí córas tarchurtha

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim don Choimisiún maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta an ENTSO don Leictreachas i gcomhréir le Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le coinníollacha rochtana ar an líonra um mhalartuithe trasteorann sa leictreachas (7) agus maidir le dréacht-reachtanna, liosta comhaltaí agus dréacht-rialacha nós imeachta ENTSO don Ghás i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le coinníollacha rochtana ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha (7).

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar chur i gcrích chúraimí an ENTSO don Leictreachas dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus ar chur i gcrích chúraimí an ENTSO don Ghás dá bhforáiltear in Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. …/2009.

3.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht tuairim a chur ar fáil:

(a)

don ENTSO don Leictreachas dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus don ENTSO don Ghás dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 maidir leis na cóid líonra; agus

(b)

don ENTSO don Leictreachas dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus don ENTSO don Ghás dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 maidir leis an dréacht-chlár oibre bliantúil agus maidir leis an dréacht-phlean forbartha neamhcheangailteach 10 mbliana.

4.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chuí-réasúnaithe agus moltaí don ENTSO don Leictreachas, don ENTSO don Ghás, agus don Choimisiún i gcás ina measfaidh sí nach ndéantar neamh-idirdhealú, iomaíocht éifeachtach agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó leibhéal leordhóthanach d'idirnascadh trasteorann a bheadh oscailte do rochtain tríú páirtithe a áirithiú leis an dréacht-chlár oibre bliantúil nó leis an dréacht-phlean forbartha neamhcheangailteach 10 mbliana a cuireadh faoina bráid i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus an dara fomhír d'Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht dréacht-Treoirlíne réime neamhcheangailteach faoi bhráid an Choimisiúin i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus faoi Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009. Athbhreithneoidh an Ghníomhaireacht an dréacht-Treoirlíne réime neamhcheangailteach agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin an athuair í i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus faoi Airteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009.

Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim réasúnaithe don ENTSO don Leictreachas agus don ENTSO don Ghás maidir leis an gcód líonra i gcomhréir le hAirteagal 6(7) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus le Airteagal 6(7) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht an cód líonra faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sí a mholadh go nglacfar é i gcomhréir le hAirteagal 6(9) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus le hAirteagal 6(9) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009. Ullmhóidh an Ghníomhaireacht dréachtchód líonra agus cuirfidh sí faoi bhráid an Choimisiúin é i gcás ina n-iarrfar sin uirthi faoi Airteagal 6(10) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus faoi Airteagal 6(10) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009.

5.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim chuí-réasúnaithe don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus le Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 i gcás inar mhainnigh an ENTSO don Leictreachas agus nó an ENTSO don Ghás cód líonra a chur chun feidhme a forbraíodh faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 nó cód líonra a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) go (10) de na Rialacháin sin ach nach bhfuil glactha ag an gCoimisiún faoi Airteagal 6(11) de na Rialacháin sin.

6.   Déanfaidh an Ghniomhaireacht monatóireacht agus anailís ar chur i bhfeidhm na gcód líonra agus na Treoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún mar a leagtar síos in Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus in Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 iad, agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme atá dírithe ar chomhtháthú margaidh a éascú agus ar neamhidirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh agus tabharfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.

7.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar an gcomhar réigiúnach idir oibreoirí córas tarchurtha dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. …/2009, agus tabharfaidh sí aird chuí ar thoradh an chomhair sin le linn di a cuid tuairimí, a cuid moltaí agus a cuid cinntí a chur i dtoll a chéile.

Airteagal 7

Cúraimí i leith na n-údarás rialúcháin náisiúnta

1.   Glacfaidh an Ghníomhaireacht cinntí aonair maidir le saincheisteanna teicniúla i gcás ina bhforáiltear do na cinntí sin i dTreoir 2009/…/CE, i dTreoir 2009/…/CE, i Rialachán (CE) Uimh. …/2009 nó i Rialachán (CE) Uimh. …/2009.

2.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir lena clár oibre nó ar iarratas ón gCoimisiún, Treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun cuidiú le húdaráis rialúcháin agus le gníomhaithe margaidh dea-chleachtas a roinnt le chéile.

3.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht comhar idir na húdaráis náisúnta rialúcháin agus idir na húdaráis rialúcháin ar leibhéal réigiúnach chun cinn, agus tabharfaidh sí aird chuí ar thoradh an chomhair sin le linn di a cuid tuairimí, a cuid moltaí agus a cuid cinntí a chur i dtoll a chéile. Má mheasann an Ghníomhaireacht gur gá rialacha ceangailteacha don chomhar sin, cuirfidh sí na moltaí iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin.

4.   Arna iarraidh sin d'aon údarás rialúcháin nó don Choimisiún, tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim uaithi ina measfar cibé an gcomhlíonann cinneadh a rinne údarás rialúcháin na Treoirlínte dá dtagraítear i dTreoir 2009/…/CE, i dTreoir 2009/…/, i Rialachán (CE) Uimh. …/2009 nó i Rialachán (CE) Uimh. …/2009.

5.   I gcás nach leanfaidh údarás rialúcháin náisiúnta tuairim na Gníomhaireachta ar bhealach leordhóthanach mar a thagraítear dó i mír 4 laistigh de cheithre mhí ó dháta an tuairim a fháil, cuirfidh an Ghníomhaireacht é sin in iúl don Choimisiún.

6.   I gcás ina mbeidh deacrachtaí i gcás ar leith ag údarás rialúcháin náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm na dTreoirlínte dá dtagraítear i dTreoir 2009/…/CE, i dTreoir 2009/…/CE, i Rialachán (CE) Uimh. …/2009 nó i Rialachán (CE) Uimh. …/2009, féadfaidh sé tuairim a iarraidh ar an nGníomhaireacht. Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, tabharfaidh an Ghníomhaireacht a tuairim uaithi laistigh de cheithre mhí tar éis an iarraidh sin a fháil.

7.   I gcomhréir le hAirteagal 8, cinnfidh an Ghníomhaireacht na téarmaí agus na coinníollacha don rochtain agus don tslándáil oibríochtúil i dtaca le bonneagar leictreachais agus gáis lena nasctar dhá Bhallstát ar a laghad, nó lena bhféadfaí dhá Bhallstát ar a laghad a nascadh, dá ngairfear ‘bonneagar trasteorann’ anseo feasta.

Airteagal 8

Cúraimí maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha do rochtain agus do shlándáil oibríochtúil i dtaca le bonneagar trasteorann

1.   I gcás bonneagair trasteorann ní chinnfidh an Ghníomhaireacht na saincheisteanna rialúcháin a thagann faoi inniúlacht údarás rialúcháin náisiúnta, lena bhféadtar na téarmaí agus na coinníollacha don rochtain agus don tslándáil oibríochtúil a áireamh, ach amháin:

(a)

mura n-éireoidh leis na húdaráis inniúla rialúcháin náisiúnta teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse shé mhí ón lá ar cuireadh an comhad faoi bhráid an údaráis deiridh de na húdaráis rialúcháin sin; nó

(b)

má dhéanann na húdaráis inniúla rialúcháin náisiúnta é sin a iarraidh go comhpháirteach.

Féadfaidh na húdaráis inniúla rialúcháin náisiúnta a iarraidh go comhpháirteach go gcuirfear síneadh nach faide ná sé mhí leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a).

Le linn di a cinneadh a ullmhú, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis na húdaráis rialúcháin náisiúnta agus leis na hoibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann agus cuirfear ar an eolas í faoi thograí agus barúlacha na n-oibreoirí córais tarchurtha go léir lena mbaineann.

2.   Cuimseofar na nithe seo a leanas sna téarmaí agus sna coinníollacha don rochtain ar infrastruchtúir trasteorann:

(a)

nós imeachta chun acmhainn a leithroinnt;

(b)

amchláir don leithroinnt;

(c)

ioncam ón bplódú a roinnt;

(d)

muirir a ghearrtar ar úsáideoirí an bhonneagair, dá dtagraítear dóibh in Airteagal 17(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 agus in Airteagal 35(1)(d) de Threoir 2009/…/CE.

3.   I gcás ina dtarchuirfear cás chuig an nGníomhaireacht faoi mhír 1:

(a)

tabharfaidh an Ghníomhaireacht a cinneadh laistigh de thréimhse shé mhí ó lá an tarchurtha;

(b)

féadfaidh an Ghníomhaireacht, más gá, cinneadh eatramhach a thabhairt chun go n-áiritheofar cosaint ar shlándáil an tsoláthair nó ar shlándáil oibríochtúil an bhonneagair i dtrácht.

4.   Féadfaidh an Coimisiún Treoirlínte a ghlacadh maidir leis na cásanna ina mbeidh an Ghníomhaireacht inniúil chun na téarmaí agus coinníollacha a chinneadh do rochtain agus do shlándáil oibríochtúil an bhonneagair trasteorann. Na bearta sin, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 31(2) den Rialachán seo.

Airteagal 9

Cúraimí eile

1.   Féadfaidh an Ghníomhaireacht, mar rogha dheireanach, cinneadh a dhéanamh ar diolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh ar dhíolúintí freisin, dá bhforáiltear in Airteagal 35(4) de Threoir 2009/…/CE, i gcás ina mbeidh an bonneagar lena mbaineann suite ar chríocha níos mó ná Ballstáit amháin.

2.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht tuairim, arna iarraidh sin don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009 nó le hAirteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. …/2009, maidir le cinntí na n-údarás rialúcháin náisiúnta ó thaobh deimhniúcháin.

Airteagal 10

Comhairliúcháin

Agus a tascanna á gcur i gcrích, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle go forleathan agus go luath le rannpháirtithe sa mhargadh, oibreoirí córais tarchurtha, tomhaltóirí, úsáideoirí deiridh agus, i gcás inarb ábhartha, le húdaráis iomaíochta, gan dochar dá n-inniúlachtaí faoi seach, ar bhealach oscailte trédhearcach, go háirithe nuair a bhaineann a cúraimí le hoibreoirí córais tarchurtha.

CAIBIDIL III

Eagraíocht

Airteagal 11

An Bord Riaracháin

1.   Seisear comhalta a bheidh ar an mBord Riaracháin. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta. Ceapfaidh an Coimisiún comhalta amháin agus a mhalartach agus ceapfaidh an Chomhairle cúigear comhalta agus a malartaigh. Ceithre bliana a bheidh sa téarma oifige agus beidh sé inathnuaite aon uair amháin. Sé bliana a bheidh sa chéad téarma oifige do leath na gcomhaltaí agus a malartaigh, don chéad sainordú.

2.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin a Chathaoirleach agus a Leaschathaoirleach as líon a chomhaltaí. Glacfaidh an Leaschathaoirleach áit an Chathaoirligh go huathoibríoch mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a dhualgais a chomhlíonadh. Dhá bhliain an téarma oifige a bheidh ag an gCathaoirleach agus ag an Leaschathaoirleach, agus beidh sé inathnuaite aon uair amháin. Rachaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh in éag nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin.

3.   Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Cathaoirleach Bhord na Rialtóirí, nó ainmnitheach an Bhoird sin, agus Stiúrthóir na Gníomhaireachta, beidh siad rannpháirteach sna pléití mura gcinnfidh an Bord Riaracháin a mhalairt maidir leis an Stiúrthóir. Tiocfaidh an Bord Riaracháin le chéile i ngnáthsheisiún ar a laghad dhá uair sa bhliain. Tiocfaidh sé le chéile freisin ar thionscnamh a Chathaoirligh, ar iarraidh ón gCoimisiún nó ar iarraidh ó thrian dá chomhaltaí ar a laghad. Féadfaidh an Bord Riaracháin cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairim ábhartha a bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóir. Féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe cúnamh a thabhairt, faoi réir na rialacha nós imeachta, do chomhaltaí an Bhoird Riaracháin. Soláthróidh an Ghníomhaireacht seirbhísí rúnaíochta don Bhord Riaracháin.

4.   Is trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bheidh i láthair a ghlacfar cinntí an Bhoird Riaracháin.

5.   Beidh vóta amháin ag gach comhalta. Leagfar amach an méid seo a leanas ar bhealach níos mionchruinne i rialacha nós imeachta an Bhoird Riaracháin:

(a)

na socruithe maidir le vótáil, go háirithe na coinníollacha faoinar féidir le comhalta amháin feidhmiú thar ceann comhalta eile agus, más iomchuí, na rialacha maidir le córaim;

(b)

na socruithe maidir leis an uainíocht is infheidhme d'athnuachan comhaltaí den Bhord a cheapfaidh an Chomhairle chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit rannpháirteach ann ar bhealach cothrom thar thréimshe ama.

6.   Ní bheidh comhalta den Bhord Riaracháin ina chomhalta de Bhord na Rialtóirí.

7.   Glacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin orthu féin go ngníomhóidh siad go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail. Chun na críche sin, déanfaidh gach duine díobh araon dearbhú maidir lena oibleagáidí agus dearbhú maidir lena leasanna, lena sonróidh siad nach bhfuil aon leas aige a bhféadfaí a mheas mar dhochar dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach aige a bhféadfaí a mheas mar dhochar dá neamhspleáchas. Poibleofar na dearbhuithe sin go bliantúil agus i scríbhinn.

Airteagal 12

Cúraimí an Bhoird Riaracháin

1.   Tar éis dó dul i gcomhairle le Bord na Rialtóirí agus tuairim fhabhrach an Bhoird sin a fháil i gcomhréir le hAirteagal 14(2), ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 15(2).

2.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí Bhord na Rialtóirí go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 13(1).

3.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin comhaltaí an Bhoird Achomhairc go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 17(1).

4.   Áiritheoidh an Bord Riaracháin go gcuirfidh an Ghníomhaireacht a misean i gcrích agus go gcomhlíonfaidh sí na cúraimí a shanntar di i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, tar éis formheas Bhord na Rialtóirí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 14(3), glacfaidh an Bord Riaracháin, roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn agus cuirfidh sé chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún é. Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséadach bliantúil agus poibleofar é.

6.   Glacfaidh an Bord Riaracháin clár ilbhliantúil agus, más gá, athbhreithneoidh siad é. Beidh an t-athbhreithniú sin bunaithe ar thuarascáil mheastóireachta a dhéanfaidh saineolaí seachtrach neamhspleách, ar iarratas ón mBord Riaracháin. Poibleofar na doiciméid sin.

7.   Feidhmeoidh an Bord Riaracháin a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 20 go hAirteagal 23.

8.   Cinnfidh an Bord Riaracháin, tar éis dó comhaontú an Choimisiúin a fháil, cibé acu an nglacfaidh sé le haon leagáidí nó deonacháin nó deontais ó fhoinsí Comhphobail eile nó le haon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit nó óna gcuid údarás rialúcháin. Díreofar go sainráite sa tuairim a thabharfaidh an Bord de bhun Airteagal 23(5) ar na foinsí maoinithe a liostaítear sa mhír seo.

9.   Feidhmeoidh an Bord Riaracháin údarás araíonachta ar an Stiúrthóir, i gcomhairle le Bord na Rialtóirí.

10.   Más gá, ullmhóidh an Bord Riaracháin beartas foirne na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 27(2).

11.   Glacfaidh an Bord Riaracháin na forálacha speisialta maidir le ceart rochtana ar dhoiciméid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 29.

12.   Déanfaidh an Bord Riaracháin an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ar bhonn dréacht-thuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 16(8), a ghlacadh, a fhoilsiú agus a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, faoin 15 Meitheamh. Beidh rannán neamhspleách sa tuarascáil bhliantúil sin, arna fhormheas ag Bord na Rialtóirí, a bhainfidh le gníomhaíochtaí rialúcháin na Gníomhaireachta le linn na bliana lena mbaineann.

13.   Glacfaidh an Bord Riaracháin a rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad.

Airteagal 13

Bord na Rialtóirí

1.   Is iad a bheidh ar Bhord na Rialtóirí:

(a)

ionadaithe sinsearacha do na húdaráis rialúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Threoir 2009/…/CE agus in Airteagal 38(1) de Threoir 2009/…/CE iad, agus malartach amháin do gach Bhallstát ó fhoireann shinsearach reatha na n-údarás seo, agus

(b)

ionadaí amháin don Choimisiún gan ceart vótála.

2.   Ceapfaidh Bord na Rialtóirí Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach as líon a chomhaltaí. Glacfaidh an Leaschathaoirleach áit an Chathaoirligh mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh. Dhá bhliain go leith an téarma oifige a bheidh ag an gCathaoirleach agus ag an Leaschathaoirleach, agus beidh sé inathnuaite aon uair amháin. Rachaidh téarma oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh in éag, áfach, nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí de Bhord na Rialtóirí.

3.   Is trí thromlach dhá thrian de na comhaltaí a bheidh i láthair a ghníomhóidh Bord na Rialtóirí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta nó malartach.

4.   Glacfaidh Bord na Rialtóirí a Rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad. Leagfar amach ar bhealach níos mionchruinne sna rialacha nós imeachta na socruithe maidir le vótáil, go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh comhalta amháin feidhmiú thar ceann comhalta eile agus, más iomchuí, na rialacha maidir le córaim. Féadfar foráil a dhéanamh sna rialacha nós imeachta do mhodhanna sonracha oibre chun ceisteanna a éireoidh i gcomhthéacs tionscnamh um chomhar réigiúnach a bhreithniú.

5.   Le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, agus gan dochar dá chomhaltaí a bheith ag gníomhú thar ceann a n-údarás rialúcháin faoi seach, gníomhóidh Bord na Rialtóirí go neamhspleách agus ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó rialtas aon Bhallstáit, ón gCoimisiún ná ó aon eintiteas poiblí ná príobháideach.

6.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht seirbhísí rúnaíochta do Bhord na Rialtóirí.

Airteagal 14

Cúraimí Bhord na Rialtóirí

1.   Tabharfaidh Bord na Rialtóirí tuairim don Stiúrthóir maidir leis na tuairimí, moltaí agus cinntí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6, 7, 8 agus 9 agus a bheidh á mbreithniú lena nglacadh. Ina theannta sin, cuirfidh Bord na Rialtóirí, laistigh dá réimse inniúlachta, comhairle ar an Stiúrthóir i dtaca le cur i gcrích chúraimí an Stiúrthóra.

2.   Tabharfaidh Bord na Rialtóirí tuairim don Bhord Riaracháin maidir leis an iarrthóir atá le ceapadh mar Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 12(1) agus Airteagal 15(2). Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a ghlacfaidh Bord na Rialtóirí an cinneadh sin.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 12(5) agus le hAirteagal 16(6) agus i gcomhréir leis an réamhdhréacht do bhuiséad a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 22(1), formheasfaidh Bord na Rialtóirí clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn agus, roimh an 1 Meán Fómhair, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin é lena ghlacadh.

4.   Déanfaidh Bord na Rialtóirí an rannán neamhspleách den tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí rialúcháin a fhormheas, mar a fhoráiltear in Airteagal 12(12) agus in Airteagal 16(8).

Airteagal 15

Stiúrthóir

1.   Is é Stiúrthóir na Gníomhaíochta, a bheidh ag gníomhú i gcomhréir leis an gcomhairle dá dtagraítear sa dara habairt d'Airteagal 14(1) agus, i gás ina bhforáiltear amhlaidh sa Rialachán seo, i gcomhréir le tuairimí Bhord na Rialtóirí, a dhéanfaidh bainistiú ar an nGníomhaireacht. Gan dochar do rólanna an Bhoird Riaracháin agus Bhord na Rialtóirí faoi seach, ní iarrfaidh an Stiúrthóir, ná ní ghlacfaidh sé, aon teagasc, i dtaca le tascanna an Stiúrthóra, ó aon rialtas, ón gCoimisiún ná ó eintiteas poiblí ná príobháideach.

2.   Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir tar éis dó tuairim fhabhrach Bhord na Rialtóirí a fháil, ar bhonn fiúntais mar aon le scileanna agus le taithí, as liosta de thriúr iarrthóirí ar a laghad arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis cuireadh poiblí um léiriú spéise. Sula ndéanfar an ceapachán, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Bord Riaracháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra. I gcaitheamh na tréimhse naoi mí díreach roimh dheireadh na tréimhse seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú a dhíreoidh go háirithe ar an méid seo a leanas:

(a)

feidhmíocht an Stiúrthóra;

(b)

dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta sna blianta atá le teacht.

Déanfar an measúnú a bhaineann le pointe (b) le cúnamh ó shaineolaí seachtrach neamhspleách.

4.   Ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus tuarascáil an mheasúnaithe agus tuairim Bhord na Rialtóirí ar an measúnú sin á gcur san áireamh aige, agus sna cásanna siúd amháin ina mbeidh sé inchosanta ar bhonn dualgais agus riachtanais na Gníomhaireachta, féadfaidh an Ghníomhaireacht síneadh amháin a chur le téarma oifige an Stiúrthóra go ceann trí bliana ar a mhéid.

5.   Cuirfidh an Bord Riaracháin in iúl do Pharlaimint na hEorpa go bhfuil sé ar intinn aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra. Laistigh de mhí sula gcuirfear síneadh lena théarma oifige, féadfar a iarraidh ar an Stiúrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí an choiste sin a fhreagairt.

6.   I gcás nach gcuirfear síneadh lena théarma oifige, fanfaidh an Stiúrthóir in oifig go dtí go gceapfar a chomharba.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir a chur as oifig ach amháin de bhun cinnidh ón mBord Riaracháin, tar éis tuairim fhabhrach Bhord na Rialtóirí a fháil. Is trí thromlach trí cheathrú dá chomhaltaí a ghlacfaidh an Bord Riaracháin an cinneadh seo.

8.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir tuarascáil a thíolacadh maidir le comhlíonadh a dhualgas.

Airteagal 16

Cúraimí an Stiúrthóra

1.   Beidh an Stiúrthóir freagrach as ionadaíocht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht agus beidh sé i bhfeighil a bainistíochta.

2.   Ullmhóidh an Stiúrthóir obair an Bhoird Riaracháin. Glacfaidh sé páirt, gan cead vótála, in obair an Bhoird Riaracháin.

3.   Glacfaidh an Stiúrthóir na tuairimí, na moltaí agus na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6, 7, 8 agus 9, agus a mbeidh tuairim fhabhrach Bhord na Rialtóirí faighte ina dtaobh, agus foilseoidh sé iad.

4.   Beidh an Stiurthóir freagrach as clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta a chur chun feidhme faoi threoir Bhord na Rialtóirí agus faoi rialú riaracháin an Bhoird Riaracháin.

5.   Déanfaidh an Stiúrthóir na bearta iomchuí, go háirithe teagaisc inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun a chinntiú go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo.

6.   Gach bliain ullmhóidh an Stiúrthóir dréachtchlár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn agus cuirfidh sé faoi bhráid Bhord na Rialtóirí agus an Choimisiúin é faoin 30 Meitheamh den bhliain sin.

7.   Tarraingeoidh an Stiúrthóir réamhdhréacht do bhuiséad na Gníomhaireachta suas de bhun Airteagal 22(1) agus cuirfidh sé buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme de bhun Airteagal 23.

8.   Gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir dréacht-tuarascáil bhliantúil ina mbeidh rannán neamhspleách faoi ghníomhaíochtaí rialúcháin na Gníomhaireachta agus rannán faoi chúrsaí airgeadais agus riaracháin.

9.   Maidir le foireann na Gníomhaireachta, feidhmeoidh an Stiúrthóir na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 27(3).

Airteagal 17

Bord Achomhairc

1.   Seisear comhaltaí agus seisear malartach a bheidh ar an mBord Achomhairc, á roghnú as foireann shinsearach reatha nó iar-fhoireann shinsearach na n-údarás rialúcháin náisiúnta, na n-údarás iomaíochta nó institiúidí eile náisiúnta nó Comhphobail a bhfuil taithí chuí in earnáil an fhuinnimh acu. Ainmneoidh an Bord Achomhairc a Chathaoirleach. Glacfar cinntí an Bhoird Achomhairc trí thromlach cáilithe de cheathrar ar a laghad den seisear comhaltaí. Tionólfar an Bord Achomhairc de réir mar is gá.

2.   Is é an Bord Riaracháin a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc, ar mholadh ón gCoimisiún, tar éis cuireadh poiblí um léiriú spéise agus tar éis dó dul i gcomhairle le Bord na Rialtóirí.

3.   Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc. Beidh an téarma sin inathnuaite. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus a gcinntí á ndéanamh acu. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon teagaisc. Ní fhéadfaidh siad aon dualgais eile a fheidhmiú sa Ghníomhaireacht, ar a Bord Riaracháin nó ar Bhord na Rialtóirí aici. Ní fhéadfar comhalta den Bhord Achomhairc a chur as oifig le linn a théarma oifige ach amháin má bhíonn sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, agus má dhéanann an Bord Riaracháin cinneadh chuige sin tar éis dó dul i gcomhairle le Bord na Rialtóirí.

4.   Ní fhéadfaidh comhaltaí den Bhord Achomhairc páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc má bhíonn leas pearsanta acu iontu, nó má bhí baint acu cheana leis na himeachtaí mar ionadaithe do dhuine de na páirtithe iontu, nó má bhí siad rannpháirteach sa chinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh ina aghaidh.

5.   Más rud é, ar cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 4 nó ar aon chúis eile, go measann comhalta de Bhord Achomhairc nár cheart do chomhalta eile páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc, cuirfidh comhalta céadluaite é sin in iúl don Bhord Achomhairc. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach ar aon cheann de na forais dá dtagraítear i mír 4, nó má bhíonn amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta. Ní féidir agóid a bhunú ar náisiúntacht na gcomhaltaí, ná ní bheidh an agóid inghlactha má bhíonn céim den nós imeachta glactha ag an bpáirtí sna himeachtaí achomhairc seachas cur i gcoinne comhdhéanamh an Bhoird Achomhairc agus fios aige go raibh cúis agóide ann.

6.   Cinnfidh an Bord Achomhairc ar an ngníomh a dhéanfar sna cásanna a shonraítear i mír 4 agus i mír 5 agus ní bheidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach sa chinneadh sin. Chun críocha an cinneadh sin a dhéanamh, is é an malartach a ghabhfaidh ionad an chomhalta lena mbaineann ar an mBord Achomhairc, ach amháin má bhíonn an malartach sa chor céanna. Sa chás seo, ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as na malartaigh a bheidh ar fáil.

7.   Glacfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin orthu féin go ngníomhóidh siad go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail. Chun na críche sin, déanfaidh sé dearbhú maidir lena oibleagáidí agus dearbhú maidir lena leasanna, lena sonróidh sé nach bhfuil aon leas aige a bhféadfaí a mheas mar dhochar dá neamhspleáchas nó nach bhfuil leas díreach nó indíreach aige a bhféadfaí a mheas mar dhochar dá neamhspleáchas. Poibleofar na dearbhuithe sin go bliantúil agus i scríbhinn.

Airteagal 18

Achomhairc

1.   Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údaráis rialúcháin náisiúnta, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh dá dtagraítear in Airteagal 7, in Airteagal 8 agus/nó in Airteagal 9 atá dírithe ar an duine sin, nó in aghaidh cinnidh a bhaineann go díreach agus go leithleach leis an duine sin, bíodh is gur cinneadh é atá dírithe ar dhuine eile.

2.   Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn sa Ghníomhaireacht, laistigh de dhá mhí ón lá ar tugadh fógra faoin gcinneadh don duine lena mbaineann, nó ina éagmais sin, ón lá ar foilsíodh cinneadh na Gníomhaireachta. Glacfaidh an Bord Achomhairc cinneadh faoin achomharc laistigh de dhá mhí ón uair a thaiscfear é.

3.   Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc a thaiscfear de bhun mhír 1. Féadfaidh an Bord Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, a ordú go bhfionrófar feidhmiú an chinnidh atá á chonspóid.

4.   Má tá an t-achomharc inghlactha, scrúdóidh an Bord Achomhairc cibé acu an bhfuil bunús maith leis an achomharc. Tabharfaidh sé cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe sna himeachtaí achomhairc tuairimí a chomhadú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir leis na fógraí a eiseoidh sé féin, nó maidir le teachtaireachtaí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal cur i láthair ó bhéal a dhéanamh.

5.   Féadfaidh an Bord Achomhairc, faoi chuimsiú théarmaí an Airteagail seo, aon chumhacht atá mar chuid d'inniúlacht na Gníomhaireachta a fheidhmiú nó féadfaidh sé an cás a tharchur chuig comhlacht inniúil na Gníomhaireachta. Beidh cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an gcomhlacht inniúil.

6.   Glacfaidh an Bord Achomhairc a Rialacha nós imeachta féin agus foilseoidh sé iad.

7.   Foilseoidh an Ghníomhaireacht cinntí an Bhoird Achomhairc.

Airteagal 19

Caingne os comhair na Cúirte Céadchéime agus na Cúirte Breithiúnais

1.   Féadfar caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 230 den Chonradh, lena gconspóidfear cinneadh a ghlac an Bord Achomhairc, nó i gcásanna nach mbeidh aon cheart ann os comhair an Bhoird Achomhairc, cinneadh a ghlac an Ghníomhaireacht.

2.   I gcás mainneoidh an Ghníomhaireacht cinneadh a ghlacadh, féadfar imeachtaí i ngeall ar neamhghníomh a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 232 den Chonradh.

3.   Cuirfear de cheangal ar an nGníomhaireacht na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Céadchéime nó breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

CHAPTER IV

Forálacha airgeadais

Airteagal 20

Buiséad na Gníomhaireachta

1.   Is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

fóirdheontas ón gComhphobal, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Rannán an Choimisiúin);

(b)

na táillí a íocfar leis an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 21;

(c)

aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit nó óna n-údaráis rialúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 12(8);

(d)

aon leagáidí, deonacháin nó deontais dá dtagraítear in Airteagal 12(8).

2.   Cuimseoidh an caiteachas costais foirne, costais riaracháin, costais bonneagair agus costais oibríochtúla.

3.   Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.

4.   Déanfar réamhaisnéisí i leith ioncam agus caiteachas uile na Gníomhaireachta do gach bliain airgeadais, a bheidh comhthráthach leis an mbliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad na Gníomhaireachta.

Airteagal 21

Táillí

1.   Dlífear táillí don Ghníomhaireacht as cinneadh díolúine a iarraidh de bhun Airteagal 9(1).

2.   Socróidh an Coimisiún na táillí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 22

Bunú an bhuiséid

1.   Gach bliain, faoin 15 Feabhra, tarraingeoidh an Stiúrthóir réamh-dhréachtbhuiséad suas a chuimseoidh an caiteachas oibríochtúil agus an clár oibre intuartha don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé an réamhdhréacht don bhuiséad sin chuig an mBord Riaracháin mar aon le liosta de phoist shealadacha. Gach bliain, déanfaidh an Bord Riaracháin meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, bunaithe ar an réamhdhréacht don bhuiséad a ullmhóidh an Stiúrthóir. Déanfaidh an Bord Riaracháin an meastachán sin, lena n-áireofar dréachtphlean bunaíochta, a chur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta. Sula nglacfar an meastachán, cuirfear an dréacht a d'ullmhaigh an Stiúrthóir chuig an mBord Rialúcháin, a fhéadfaidh tuairim a thabhairt ina leith.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an meastachán chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dá ngairfear an ‘t-údarás buiséadach’ anseo feasta mar aon le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

3.   Ar bhonn na meastachán, iontrálfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí is gá dar leis i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir leis an bplean bunaíochta agus maidir leis an méid den deontas a íocfar as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh.

4.   Glacfaidh an t-údarás buiséadach an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

5.   Ullmhóidh an Bord Riaracháin buiséad na Gníomhaireachta. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach tar éis do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bheith glactha go críochnaitheach. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.

6.   Tabharfaidh an Bord Riaracháin fógra gan mhoill don údarás buiséadach faoi aon tionscadal atá ar intinn aige a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú a bhuiséid, go háirithe faoi aon tionscadal a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi seo. Má bhíonn sé ar intinn ag ceachtar brainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, cuirfidh sé in iúl don Ghníomhaireacht, laistigh de dhá sheachtain tar éis dó an fhaisnéis maidir leis an tionscadal foirgníochta a fháil, go bhfuil sé ar intinn aige tuairim den sórt sin a eisiúint. Mura bhfaighfear freagra, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar aghaidh leis an oibríocht a bheartaítear.

Airteagal 23

Cur chun feidhme agus rialú an bhuiséid

1.   Gníomhóidh an Stiúrthóir mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.   Faoin 1 Márta tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha ar aghaidh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí mar aon leis an tuarascáil faoin mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Chomh maith leis sin, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta an tuarascáil faoin mbainistíocht buiséid agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Márta den bhliain dar gcionn. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe ansin i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (11) (‘an Rialachán Airgeadais’).

3.   Faoin 31 Márta tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí mar aon le tuarascáil faoin mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Déanfar an tuarascáil faoin mbainistíocht buiséid agus airgeadais don bhliain airgeadais sin a sheoladh ar aghaidh freisin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

4.   Tar éis don Stiúrthóir barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais sealadacha na Gníomhaireachta i gcomhréir le forálacha Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, ullmhóidh sé cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta faoina fhreagracht féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin iad chun tuairim a fháil uaidh ina leith.

5.   Tabharfaidh an Bord Riaracháin tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6.   Faoin 1 Iúil tar éis deireadh na bliana airgeadais, tarchuirfidh an Stiúrthóir na cuntais chríochnaitheacha sin, mar aon le tuairim an Bhoird Riaracháin, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Bhreithiúnais.

7.   Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

8.   Tabharfaidh an Stiúrthóir freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 15 Deireadh Fómhair. Cuirfidh sé cóip den fhreagra sin freisin chuig an mBord Riaracháin agus chuig an gCoimisiún.

9.   Cuirfidh an Stiúrthóir faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di, aon fhaisnéis is gá do chur i bhfeidhm rianúil an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais a bheidh i gceist, dá bhforáiltear in Airteagal 146(3) den Rialachán Airgeadais.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a ghníomhóidh trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir roimh an 15 Bealtaine den bhliain N + 2, i leith an bhuiséid don bhliain airgeadais N a chur i ngníomh.

Airteagal 24

Rialacha Airgeadais

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, tarraingeoidh an Bord Riaracháin na rialacha airgeadais suas a mbeidh feidhm acu maidir leis an nGníomhaireacht. Féadfaidh na rialacha sin claonadh ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 más gá sin de réir riachtanais shonracha oibríochtúla na Gníomhaireachta, ach ní mór go n-aontódh an Coimisiún leis sin roimh ré.

Airteagal 25

Bearta frithchalaoise

1.   Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúla eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúdaithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (12) maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontas Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (13) agus glacfaidh sí láithreach na forálacha iomchuí maidir le fostaithe uile na Gníomhaireachta.

3.   Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar thairbhithe airgid atá íoctha amach ag an nGníomhaireacht agus ar chomhaltaí foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

CAIBIDIL V

Forálacha ginearálta

Airteagal 26

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 27

Foireann

1.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne, ag na Coinníollacha fostaíochta agus ag na rialacha a ghlac institiúidí na gComhphobal Eorpach go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha fostaíochta a chur i bhfeidhm, maidir le foireann na Gníomhaireachta, lena n-áirítear a Stiúrthóir.

2.   Glacfaidh an Bord Riaracháin, le comhaontú an Choimisiúin, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3.   Feidhmeoidh an Ghníomhaireacht i ndáil lena foireann féin na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus na cumhachtaí a thugtar don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích leis na Coinníollacha Fostaíochta.

4.   Féadfaidh an Bord Riaracháin forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht chuig an nGníomhaireacht.

Airteagal 28

Dliteanas na Gníomhaireachta

1.   I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a mbeidh sí nó a foireann ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid dualgas. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le damáiste den sórt sin a leigheas.

2.   Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann na Gníomhaireachta i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha ábhartha is infheidhme maidir le foireann na Gníomhaireachta.

Airteagal 29

Rochtain ar dhoiciméid

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (14) maidir le doiciméid a bheidh i seilbh na Gníomhaireachta.

2.   Glacfaidh an Bord Riaracháin bearta praiticiúla, faoin … (15) chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.   Féadfaidh na cinntí a ghlac an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 195 agus in Airteagal 230 den Chonradh faoi seach.

Airteagal 30

Rannpháirtíocht tríú tíortha

1.   Beidh an Ghníomhaireacht oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha a mbeidh comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an gComhphobal ar dá réir a bheidh dlí an Chomhphobail glactha acu agus á chur i bhfeidhm acu i réimse an fhuinnimh, agus, más ábhartha, i réimsí an chomhshaoil agus an iomaíochais.

2.   Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, déanfar socruithe lena sonrófar, go háirithe, cineál, méid, scóip agus gnéithe nós imeachta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus foireann.

Airteagal 31

An Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 32

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag forálacha Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 ag cinneadh na dteangacha atá le húsáid ag an gComhphobal Eorpach (16) maidir leis an nGníomhaireacht.

2.   Déanfaidh an Bord Riaracháin cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga na Gníomhaireachta.

3.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an Ghníomhaireacht.

CAIBIDIL VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 33

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, le cúnamh ó shaineolaí seachtrach neamhspleách, ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Cuimseoidh an mheastóireacht sin torthaí obair na Gníomhaireachta agus torthaí a modhanna oibre, i ndáil lena cuspóir, lena sainordú agus leis na tascanna atá sainithe sa Rialachán seo agus ina cláir oibre bhliantúla.

2.   Gheobhaidh Bord na Rialtóirí torthaí na meastóireachta agus eiseoidh sé moltaí maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre chuig an gCoimisiún, a fhéadfaidh iad a chur ar aghaidh, maille lena thuairim féin agus le tograí iomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

3.   Cuirfidh an Coimisiún an chéad tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle laistigh de cheithre bliana tar éis don chéad Stiúrthóir dul i mbun a dhualgas. Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta gach cúig bliana ar a laghad ina dhiaidh sin.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm agus bearta sealadacha

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 5, 6, 7, 8, 9 agus 10 ón … (17).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 211, 19.8.2008, lch. 23.

(2)  IO C 172, 5.7.2008, lch. 55.

(3)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2008 (nár foilsíodh fos an Iris Oifigiúil) Comhsheasamh ón gComhairle an 9 Eanáir 2009 agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO L 296, 14.11.2003, lch. 34.

(5)  IO L 176, 15.7.2003, lch. 37.

(6)  IO L 176, 15.7.2003, lch. 57.

(7)  IO L …

(8)  IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

(9)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(10)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(11)  IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

(12)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

(13)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(14)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(15)  Sé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385.

(17)  18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

1.

An 19 Meán Fómhair 2007, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh, mar aon le pacáiste ina raibh ceithre cinn eile de thograí a bhain le margadh inmheánach an fhuinnimh.

2.

Thug Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a dtuairimí maidir leis an bpacáiste iomlán an 10 (1) agus an 22 Aibreán 2008 (2) faoi seach.

3.

Ghlac Parlaimint na hEorpa a Tuairim (3) ar an gcéad léamh an 18 Meitheamh 2008, agus d'fhormheas sí 73 leasú. Níor thíolaic an Coimisiún togra modhnaithe.

4.

An 9 Eanáir 2009, ghlac an Chomhairle a Comhsheasamh i gcomhréir le hAirteagal 251 den Chonradh.

II.   CUSPÓIRÍ AN TOGRA

5.

Is cuid den tríú pacáiste maidir le margadh inmheánach an fhuinnimh é an togra, mar aon leis an Treoir maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha, an Rialachán maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar na líonraí tarchuradóireachta gáis nádúrtha, an Treoir maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus an Rialachán maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar an líonra um malartuithe trasteorann sa leictreachas. Rannchuidíonn an togra seo leis an gcreat rialúcháin a chur ar bun a bhfuil gá leis chun go mbeidh oscailt an mhargaidh lánéifeachtach agus chun margadh aonair sa ghás agus sa leictreachas a bhunú trí Ghníomhaireacht a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis rialúcháin na cúraimí rialúcháin a fheidhmítear ar an leibhéal náisiúnta a fheidhmiú ar leibhéal an Chomhphobail agus, i gcás inar gá, chun a ngníomhaíocht a chomhordú.

III.   ANAILÍS AR AN gCOMHSHEASAMH

6.   Barúlacha Ginearálta

6.1.

Ghlac an Coimisiún leis na hathruithe ar fad a rinne an Chomhairle ar an togra uaidh

6.2.

Maidir leis na 73 leasú a ghlac Parlaimint na hEorpa, lean an Chomhairle an Coimisiún sa mhéid go ndearna sí an méid seo a leanas

ghlac sí leis na 25 leasú seo a leanas:

go hiomlán (le hathdhréachtú uaireanta): 9, 12, 45, 47, 48, 49, 53, 54, 58, 59 agus 66

go páirteach/i bprionsabal/in éirim: 3, 4, 11 (an chéad chuid), 13, 15, 16, 40, 44, 51, 57, 61, 64, 68 agus 76; agus

níor ghlac sí leis na 25 leasú seo a leanas: 8, 17, 18, 20, 21, 22, 25, 29, 30, 34, 36, 37, 38, 46, 50, 52, 55, 56, 60, 62, 63, 67, 69, 71 agus 73, ar fhorais a bhain le substaint, le foirm nó le comhréireacht.

6.3.

D'imigh an Chomhairle ón seasamh a bhí ag an gCoimisiún sa mhéid seo a leanas:

ghlac sí go substaintiúil le leasú 65 agus

níor ghlac sí leis na 23 leasú seo a leanas: 5, 6, 7, 10, 11 (an dara cuid), 14, 19, 24, 26, 27, 28, 31, 32, 33, 35, 39, 41, 42, 43, 70, 72, 74 agus 75.

7.   Barúlacha Sonracha

7.1.

Maidir leis na leasuithe ó PE nuair a d'imigh an Chomhairle ón seasamh a bhí ag an gCoimisiún:

(a)

Ghlac an Chomhairle le leasú 65 (a bheadh ag luí leis an gceangal a bheadh ar an Stiúrthóir gníomhú i gcomhréir go hiomlán leis na treoracha ón mBord Rialálaithe).

(b)

Níor ghlac an Chomhairle leis na 23 leasú a liostaítear thuas (pointe 6.3) ar na forais seo a leanas:

(i)

leasú 5: déantar dúbailt ar na cúraimí a chuir an Coimisiún i gcrích agus níl an leasú sin ag teacht leis na cúraimí a thuartar sa togra ón gCoimisiún.

(ii)

leasú 6: ní leanfaidh aon bhreisluach as agus mícheart ós rud é go leanfaidh an comhar idir rialálaithe de bheith ann lasmuigh den chreat a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil.

(iii)

leasú 7: déantar raon feidhme na Gníomhaireachta a dhoiléiriú agus déantar cineál neamhcheangailteach cuid dá gníomhartha a bhréagnú.

(iv)

leasú 10: déantar neamhspleáchas rialálaithe náisiúnta, dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Leictreachas agus sa Treoir maidir le Gás a mheascadh le neamhspleáchas chomhlachtaí na Gníomhaireachta.

(v)

leasú 11 (an dara cuid): níl aon bhreisluach ann ná níl an leasú sin comhchuí le cúraimí an Stiúrthóra.

(vi)

leasú 14: níl sé ag teacht le forálacha oibriúcháin an Rialacháin.

(vii)

leasú 19: déantar gníomhachtaí na Gníomhaireachta a mheascadh lena chúraimí mar a chuirtear síos orthu in Airteagail 5 go 10.

(viii)

leasú 24: is leor Airt. 30 (rannpháirtíocht tríú tíortha) chun a áirithiú go mbeidh páirt ghníomhach ag tríú tíortha in obair na Gníomhaíochta.

(ix)

leasú 26: tugann an Chomhairle dá haire nach bhféadfadh an Coimisiún glacadh leis an leasú seo ach i gcomhair cinntí ar leith i gcásanna sonracha agus faoi choinníollacha a bheadh sainmhínithe go beacht. Thairis sin, ní léir don Chomhairle aon fhoras chun go dtarmligfí cumhachtaí an Choimisiúin sna cúrsaí sin agus tugann sí dá haire, leis, nach gcuirfeadh an leasú seo srian ar chumhachtaí na Gníomhaireachta ach maidir le cóid theicniúla agus ba cheart go gcumhdófaí cóid an mhargaidh freisin le tuairimí na Gníomhaireachta.

(x)

leasú 27 agus 28: cumhdaítear a bheag nó a mhór iad le hAirt 6(6), le hAirt. 7(3) agus le hAirt. 8(1) an tríú fomhír.

(xi)

leasú 31: ní fhéadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú a áirithiú idir rialálaithe.

(xii)

leasú 32: agus leasú 33: is iondúil gur faoi raon cúraimí an Choimisiún a thagann na cúraimí.

(xiii)

leasú 39: déantar dúbailt ar na cúraimí a thuartar faoi Threoir 2004/67 maidir le slándáil sholáthar an gháis nádúrtha agus le Treoir 2005/89 déantar dúbailt ar shlándáil sholáthar an leictreachais agus ar an infheistíocht bonneagair.

(xiv)

leasú 42: dírítear le airt. 7 den togra ar na rialálaithe seachas ar na OCTanna.

(xv)

leasú 35, leasú 41 agus leasú 43: déanann leasú 35 agus leasú 41 dúbailt ar a chéile, agus i dteannta leasú 43, déanann siad dúbailt ar chúraimí atá curtha i gcrích cheana féin ag an gCoimisiún de bhun na Treorach maidir le Leictreachas agus de bhun na Treorach maidir le Gás.

(xvi)

leasú 70: atá contrártha (c) le cineál deonach na rannpháirtíochta náisiúnta agus (ca) nach bhfuil infheidhme dáiríre.

(xvii)

leasú 72: d'fhéadfaí é a fháil faoi nósanna imeachta an Bhoird Rialúcháin an chaoi ar cheart dó a thuairim a fhoirmliú a chinneadh.

(xviii)

leasú 74: ba cheart é a fhágáil faoin gCoimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le cibé ar cheart comhchomhairliúchán a dhéanamh agus cé chomh fairsing ba cheart an comhchomharliúchán a bheith, agus an mheastóireacht ar siúl.

(xix)

leasú 75: tá an tréimhse ama a bhfuil coinne léi sa leasú seo róghearr le go bhféadfaí meastóireacht éifeachtach a dhéanamh lena linn.

7.2.

Maidir leis an togra ón gCoimisiún, thug an Chomhairle isteach modhnuithe áirithe eile (a bhaineann le substaint agus/nó le foirm) chun go bhforálfaí do Ghníomhaireacht rialúcháin, a bheadh neamhspleách ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, agus a mbeadh teorainneacha soiléire ar na cúraimí a bheadh uirthi, ar teorainneacha iad a léireodh na cúraimí a chuirfí ar an nGníomhaireacht leis an Treoir maidir le Leictreachas agus leis an Treoir maidir le Gás agus leis an Rialachán maidir le Gás agus leis an Rialachán maidir le Leictreachas. Díríonn anGhníomhaireacht ar shaincheisteanna maidir le níos mó ná Ballstát amháin a mhéid a bhaineann le cinnteoireacht cheangailteach; maidir lena rannpháirtíocht i gcúrsaí teicniúla (cóid líonra a bhunú) rinneadh é a neartú, ach is de chineál comhairleach fós é. I gcoitinne, ceadaítear do na leibhéil náisiúnta a bpáirt a ghlacadh (e.g. cur chuige dhá chéim chun téarmaí agus coinníollacha maidir le rochtain agus maidir le slándáil oibríochtúil don bhonneagar trasteorann (Airt. 8)). Sna cúraimí seo uile, téitear i gcomhairle go cuí le rannpháirtithe sa mhargadh agus leis na húdaráis ar na leibhéil náisiúnta (Airt. (8(1), 10) agus tugtar aird chuí ar thorthaí an chomhair réigiúnaigh idir OCTanna agus rialálaithe (Airt. 6(6) agus 7(3)).

Leis an gcomhsheasamh seo (Airt. 13), foráiltear do Bhord Rialúcháin láidir ar a mbeidh ionadaithe sinsearacha ar na rialálaithe náisiúnta, agus Stiúrthóir na Gníomhaireachta a bheidh ag gníomhú i gcomhréir leis an mBord Rialúcháin. Foráiltear leis an gcomhsheasamh seo freisin do Bhord Riaracháin (Airt. 11) a bheidh tearc de réir ballraíochta agus éifeachtach agus ar a mbeidh 6 bhall (mar a mhol PE, leasú 44), a mbeidh cúigear díobh le ceapadh ag an gComhairle agus duine amháin díobh ag an gCoimisiún, le huainíocht pháirteach a áiritheoidh rannpháirtíocht leordhóthanach na mBallstát thar am. D'fhonn an chuntasacht dhaonlathach a fheabhsú, neartaíodh na forálacha trédhearcachta go suntasach, e.g. maidir le leasanna chomhaltaí an Bhoird (e.g. Airt. 11(7))).

D'fhonn an Ghníomhaíocht a oiriúnú i bhfianaise na taithí, tugtar isteach leis an gcomhsheasamh seo meicníocht um athbhreithniú (Airt. 33(2)), le hionchur láidir ón mBord Rialúcháin.


(1)  IO C 172, 5.7.2008, lch. 55.

(2)  IO C 211, 19.8.2008, lch. 23.

(3)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Top