EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document C2015/131A/01
Notice of open competition — EPSO/AST-SC/04/15 — Parliamentary ushers (AST SC 1)
Fógra Comórtais oscailte — EPSO/AST-SC/04/15 — Uiséirí Parlaiminte (AST SC 1)
Fógra Comórtais oscailte — EPSO/AST-SC/04/15 — Uiséirí Parlaiminte (AST SC 1)
OJ C 131A, 23.4.2015, p. 1–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.4.2015 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
EPSO/AST-SC/04/15 — UISÉIRÍ PARLAIMINTE (AST SC 1)
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 27 Bealtaine 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal 30 iarrthóir ar éirigh leo a thiomsú as a ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú ina “n-uiséirí parlaiminte” (grúpa feidhme AST-SC). Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg iarrthóirí a earcú freisin chun dualgais eile den chineál céanna a dhéanamh.
Is iad an Fógra Comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ%3AC%3A2015%3A070A%3ATOC), creat dlí ceangailteach an phróisis roghnúcháin seo.
DUALGAIS AN PHOIST
Is faoi uiséirí Parlaiminte atá sé cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus do dhaoine mór le rá eile le linn seisiúin iomlánacha, ag cruinnithe eile de chomhlachtaí parlaiminteacha, agus le linn imeachtaí eile a reáchtáiltear in áitreabh Pharlaimint na hEorpa. Ar chúraimí na n-uiséirí tá seomraí cruinnithe a chur i gcóir agus súil a choinneáil orthu, rannpháirtithe nó cuairteoirí a thionlacan, dualgais phrótacail a láimhseáil, agus mórán eile nach iad.
D’fhonn na cúraimí sin a chur i gcrích, ní mór d’uiséirí bheith solúbtha i dtaobh uaireanta oibre, agus bíonn taisteal i gceist chomh maidir idir trí ionad oibre na Parlaiminte (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg) agus chuig áiteanna eile.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha UILE seo a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:
Coinníollacha ginearálta |
|
||||||||
Coinníollacha sonracha: teangacha |
Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéal teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr) |
||||||||
Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre |
Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ%3AC%3A2015%3A070A%3ATOC) Is í an taithí oibre a theastaíonn ná taithí ar bhainistíocht phraiticiúil seomraí cruinnithe agus/nó seomraí comhdhála agus/nó seomraí cúirte, go háirithe i bparlaimint náisiúnta, in eagraíocht réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó in eagraíocht ar bith eile. Ní mór an taithí sin a bheith bainteach go díreach nó den chuid is mó leis na dualgais uiséara a luaitear in IARSCRÍBHINN I. |
Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar dhara teanga. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus, ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.
Iarrtar tríú teanga sa chomórtas seo i ngeall ar a oiread sin teangacha a bheith in úsáid sa chomhthionól Eorpach agus ag cuairteoirí nó ag na daoine mór le rá a dtugtar cuireadh dóibh chun na Parlaiminte. Ní mór d’uiséirí bheith in ann cumarsáid a dhéanamh le daoine a bhfuil teangacha éagsúla acu.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II ar úsáid teangacha i gcomórtais an Aontais Eorpaigh.
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire
Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe , arna socrú ag EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrathóir a bhailíochtaigh a bhfoirm iarratais faoin sprioc-am sraith trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , déanfar na trialacha sin le linn Chéim an Mheasúnaithe (pointe 3) ina ionad sin.
Eagrófar na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire mar seo a leanas:
Triail |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Pasmharc |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga 1 |
20 gceist |
35 nóiméad |
10/20 |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Teanga 1 |
10 gceist |
20 nóiméad |
Réasúnaíocht uimhriúil agus bhriathartha le chéile: 10/20 |
Réasúnaíocht theibí |
Teanga 1 |
10 gceist |
10 nóiméad |
Is trialacha díbeartha iad seo agus ní chuirfear na marcanna a gnóthaíodh iontu le marcanna na dtrialacha eile a dhéanfar le linn Chéim an Mheasúnaithe.
2) Roghnú ar bhonn cáilíochtaí
I dtús báire, déanfar na ceanglais incháilitheachta a sheiceáil tríd na sonraí a soláthraíodh in iarratas ar líne na n-iarrthóirí a scrúdú. Tá dhá chás is féidir a bheith ann:
— |
Má bhíonn na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar comhaid na n-iarrthóirí a sheiceáil maidir le hincháilitheacht in ord íslitheach ar bhonn na marcanna a gnóthaíodh sna trialacha sin, go dtí go sroichfear an tairseach atá luaite i bpointe 1. Ní dhéanfar na comhaid eile a sheiceáil. |
— |
Mura mbeidh na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire ar siúl roimh ré déanfar seiceáil maidir le hincháilitheacht ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad. |
Ansin, i gcás na n-iarrthóirí incháilithe a roghnaíodh faoin bpróiseas thuas, agus ina gcás siúd amháin; beidh an roghnú ar bhonn cáilíochtaí bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarrthóirí faoin gclib “An Scagthóir Buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent) ar an bhfoirm iarratais. Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú do gach critéar roghnúcháin a léiríonn a thábhacht choibhneasta (1 go 3) agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir.
Ansin, iolróidh an bord roghnúcháin na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeoidh siad iad le fáil amach cé na daoine is mó a dtagann a bpróifíl leis na dualgais atá le comhlíonadh.
Féach liosta na gcritéar in IARSCRÍBHINN III.
3) Céim an Mheasúnaithe
Tabharfar cuireadh go dtí an chéim seo do 3 oiread ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Má ghnóthaigh tú ceann de na marcanna foriomlána is airde ar bhonn do cháilíochtaí, tabharfar cuireadh duit chuig Céim an Mheasúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá, agus trialacha a dhéanamh sa dara agus sa tríú teanga agat. Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a reáchtálfar Céim an Mheasúnaithe
Mura mbeidh na trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 1 ar siúl roimh ré , déanfaidh tú le linn Chéim an Mheasúnaithe iad.
Déanfar seacht n-inniúlacht ghinearálta agus na hinniúlachtaí sonracha is gá don chomórtas seo a mheas le linn Chéim an Mheasúnaithe le ceithre thriail (agallaimh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta agus sonracha, triail bhreithiúnais shuíomhúil sa dara teanga agat agus scrúdú béil sa tríú teanga agat) a bhfuil cur síos orthu sna maitrísí seo thíos:
Inniúlacht |
Triail |
||
|
Triail bhreithiúnais shuíomhúil |
||
|
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Triail bhreithiúnais shuíomhúil |
||
|
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Triail bhreithiúnais shuíomhúil |
||
|
Triail bhreithiúnais shuíomhúil |
||
|
Triail bhreithiúnais shuíomhúil |
||
Pasmharc |
35/70 ar an iomlán |
||
Ualú na n-inniúlachtaí ginearálta |
50 % den mharc foriomlán |
Inniúlacht |
Triail |
Inniúlachtaí a bhaineann le réimse an chomórtais |
Agallamh ar bhonn inniúlachtaí sonracha |
Pasmharc |
50/100 |
Ualú na n-inniúlachtaí sonracha |
50 % den mharc foriomlán |
Teanga 3 |
Scrúdú béil dírithe ar an teanga |
Pasmharc |
5/10 |
Ní chuirfear do mharc don tríú teanga le marc foriomlán Chéim an Mheasúnaithe, ach ní mór duit pas a ghnóthú.
4) An painéal
I ndiaidh na seiceála ar dhoiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna is airde acu i ndiaidh Chéim an Mheasúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu careers.eu. Ní mór é a dhéanamh roimh an sprioc-am seo:
27 Bealtaine 2015 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.
IARSCRÍBHINN I
DUALGAIS
Is faoi uiséirí Parlaiminte atá sé cúnamh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus do dhaoine mór le rá eile le linn seisiúin iomlánacha, ag cruinnithe eile de chomhlachtaí parlaiminteacha, agus le linn imeachtaí eile a reáchtáiltear in áitreabh Pharlaimint na hEorpa.
D’fhonn na cúraimí sin a chur i gcrích, ní mór d’uiséirí bheith solúbtha i dtaobh uaireanta oibre, agus bíonn taisteal i gceist chomh maith idir trí ionad oibre na Parlaiminte (an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg) agus chuig áiteanna eile.
Ar na dualgais beidh:
Seomra na Parlaiminte agus seomraí cruinnithe:
— |
cúnamh praiticiúil a chur ar fáil don Uachtarán |
— |
fáilte a chur roimh rannpháirtithe agus iad a thionlacan |
— |
doiciméid sna teangacha go léir a dháileadh |
— |
ainmchláir a chur amach ar na boird |
— |
faire a dhéanamh ar shíniú isteach na bhFeisirí |
— |
na liostaí tinrimh a bhainistiú |
— |
féachaint chuig cúrsaí slándála agus, ar iarratas ón Uachtarán, gníomhú chun ord a choinneáil |
— |
rochtain ar sheomraí éagsúla a shrianadh. |
Dualgais phrótacail agus ócáidí oifigiúla:
— |
fáilte a chur roimh chuairteoirí mór le rá agus iad a thionlacan |
— |
bratacha a chur in airde |
— |
cordaí prótacail a chur suas |
— |
páirt a ghlacadh i ngardaí gradaim nuair a bhíonn cuairteanna oifigiúla ar siúl. |
Gníomhaíochtaí eile:
— |
post a dháileadh, a bhailiú agus a sheoladh le tralaithe |
— |
doiciméid a thógáil amach as truncaí, tralaithe agus cófraí |
— |
fáilte a chur roimh ghrúpaí cuairteoirí, iad a thionlacan agus iad a chur ina suí sna háiléir agus sna seomraí; ord a choinneáil; féachaint chuige go leantar aon treoracha speisialta |
— |
bheith i bhfeighil sheomra cótaí na gcuairteoirí |
— |
cúraimí riaracháin a dhéanamh (clárú poist, comhdú etc.) |
— |
cúraimí riaracháin a dhéanamh ar ríomhaire (ríomhphoist, próiseáil focal bhunúsach, inlíon, etc.) |
— |
eolas a thabhairt do chuairteoirí, do bhaill foirne agus do dhaoine eile |
— |
cuidiú a thabhairt don tseirbhís choiscthe dóiteáin. |
Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN II
TEANGACHA
I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a fhágann go gcaithfidh earcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus nach mór é a bheith ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.
Cleachtas seanbhunaithe is ea é an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis a úsáid le haghaidh cumarsáide inmheánaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, lena chois sin, is iad sin na teangacha is minice a mbíonn gá leo nuair a bhítear ag déanamh cumarsáide leis an saol lasmuigh nó ag láimhseáil cásanna. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann amháin de na teangacha sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá acu. Trí na hinniúlachtaí sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais a meas a thabhairt ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.
Ar na cúiseanna céanna, tá ciall le teangacha cumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid a dhéanfar idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.
Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga ina príomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.
Tá na bearta sin gan dochar d’fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.
Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.
IARSCRÍBHINN III
CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN
Déanfaidh an bord roghnúchán na critéir seo a leanas a mheas chun rogha a dhéanamh ar bhonn cáilíochtaí:
1. |
Taithí oibre ar sheomraí a chur i gcóir, ar chúnamh a thabhairt le linn cruinnithe nó ócáidí a bhfuil mórchuid daoine páirteach iontu (na céadta nó na mílte duine). |
2. |
Taithí oibre ar fháilte a chur roimh chuairteoirí mór le rá agus ar rialacha prótacail a chur i bhfeidhm. |
3. |
Taithí oibre ar an tslándáil éighníomhach, e.g. dóiteáin a chosc. |
4. |
Taithí oibre ar fháilte a chur roimh chuairteoirí aonair agus roimh ghrúpaí cuairteoirí agus ar chúnamh a thabhairt dóibh (fáilte a chur rompu, iad a thionlacan go dtí a suíochán sna háiléir etc.) |
5. |
Taithí oibre ar obair riaracháin a bhaineann leis na dualgais a bhfuil cur síos orthu san Fhógra Comórtais, e.g. comhdú, post a chlárú, etc. |
6. |
Taithí oibre ar ríomhaire a úsáid i leith na ndualgas a bhfuil cur síos orthu san Fhógra Comórtais, e.g. ríomhphoist, próiseáil focal bhunúsach, inlíon, etc. |
7. |
Taithí oibre a bhaineann le dualgais an phoist a bhfuil cur síos orthu san Fhógra Comórtais i dtimpeallacht ilchultúrtha. |
8. |
Taithí oibre ar chúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta. |
Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.