EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha leasaithe le haghaidh seirbhísí íocaíochta in AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2015/2366 maidir le seirbhísí íocaíochta ar fud AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Le Treoir (AE) 2015/2366 (ar a dtugtar an treoir athbhreithnithe maidir le seirbhís íocaíochtaPSD2) soláthraítear an bunús dlí chun margadh inmheánach níos comhtháite le haghaidh íocaíochtaí leictreonacha laistigh den Aontas Eorpach (AE) a fhorbairt tuilleadh.
  • Cuirtear i bhfeidhm léi rialacha cuimsitheacha le haghaidh seirbhísí íocaíochta*, d’fhonn sprioc rialacha comhchuibhithe a áirithiú maidir le soláthar seirbhísí íocaíochta in AE agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí.
  • Féachtar léi le margaí íocaíochta a oscailt d’iontrálaithe nua, rud a mbeadh níos mó iomaíochais, níos mó roghanna agus praghsanna níos fearr do thomhaltóirí mar thoradh air.
  • Soláthraítear an t–ardán dleathach is gá don limistéar aonair d’íocaíochtaí euro.

Rinne sé Treoir 2007/64/CE a aisghairm ón 13 Eanáir 2018.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach sa treoir rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

  • córas ceadúnúcháin d’institiúidí íocaíochta, lena n-áirítear iad siúd a thairgeann faisnéis faoi chuntais agus seirbhísí tionscanta íocaíochta (“baincéireacht oscailte”);
  • trédhearcacht na gcoinníollacha agus na gceanglas faisnéise maidir le seirbhísí íocaíochta, lena n–áirítear muirir;
  • cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta;
  • diancheanglais slándála le haghaidh íocaíochtaí leictreonacha agus chun sonraí airgeadais tomhaltóirí a chosaint, lena áirithiú go ndéanfar fíordheimhniú sábháilte agus go laghdófar an baol calaoise.

Comhlánaítear an treoir le Rialachán (AE) 2015/751 lena gcuirtear caidhp ar tháillí idirmhalartaithe a ghearrtar idir bainc ar idirbhearta a dhéantar le cártaí. Táthar ag súil go laghdóidh sé seo na costais ar cheannaithe agus iad ag glacadh le cártaí dochair agus creidmheasa tomhaltóirí.

I dtreo comhtháthú níos fearr ar mhargadh íocaíochtaí AE

Leagtar síos sa treoir sraith rialacha atá soiléir agus cuimsitheach atá i bhfeidhm maidir le soláthraithe seirbhísí nuálacha íocaíochta atá ann cheana agus soláthraithe nua. Féachtar leis na rialacha sin lena áirithiú gur féidir leis na soláthraithe sin dul san iomaíocht ar théarmaí cothroime, rud a chruthóidh níos mó éifeachtúlachta, rogha agus trédhearcacht seirbhísí íocaíochta, agus a neartóidh muinín na dtomhaltóirí i margadh íocaíochtaí comhchuibhithe ag an am céanna.

Margadh AE a oscailt do sheirbhísí agus soláthraithe nua

Tá sé mar aidhm freisin leis an treoir margadh íocaíochtaí AE a oscailt do chuideachtaí a thairgeann seirbhísí íocaíochta dírithe ar an tomhaltóir nó ar ghnóthaí bunaithe ar rochtain ar an gcuntas íocaíochta, go háirithe:

  • seirbhísí faisnéise cuntais, a chuireann ar chumas úsáideoirí seirbhíse íocaíochta, mar shampla, forléargas a bheith acu ar a staid airgeadais tráth ar bith, rud a chuireann ar chumas úsáideoirí a n-airgeadas pearsanta a bhainistiú ar bhealach níos fearr;
  • seirbhísí an tionscnaimh íocaíochta lena dtionscnaítear iarratas ón úsáideoir seirbhíse íocaíochta i ndáil le cuntas íocaíochta atá i seilbh soláthraí seirbhíse íocaíochta eile.

Cearta tomhaltóirí

  • Feabhsaítear cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear:
    • dliteanas laghdaithe le haghaidh íocaíochtaí neamhúdaraithe ó €150 go €50;
    • ceart neamhchoinníollach aisíocaíochta maidir le dochar díreach in euro ar feadh tréimhse 8 seachtaine;
    • deireadh le formhuirir chun cárta creidmheasa nó cárta dochair tomhaltóirí a úsáid.
  • Sholáthair an Coimisiún Eorpach bileog eolais leictreonach shothuigthe ina dtugtar liosta de chearta tomhaltóirí faoin treoir agus faoi dhlí gaolmhar AE.

Údarú institiúidí íocaíochta

Ní dhéanann an treoir aon athrú suntasach ar na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú d’institiúidí íocaíochta i gcomparáid le Treoir 2007/64/CE. Mar sin féin, beidh sé de cheangal ar institiúidí íocaíochta a thairgeann seirbhísí tionscanta íocaíochta nó seirbhísí faisnéise cuntais árachas slánaíochta gairmiúla nó ráthaíocht inchomparáide a bheith acu mar choinníoll a ghabhann le húdarú nó le clárú, faoi seach. Tá rialacha sa treoir freisin maidir le maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí íocaíochta údaraithe, mar aon le bearta i gcás neamhchomhlíonta.

Ról an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE)

Tá ról an ÚBE neartaithe, d’fhonn:

  • clár lárnach a bheidh inrochtana go poiblí a fhorbairt d’institiúidí íocaíochta údaraithe, agus ní mór d’údaráis náisiúnta é a choinneáil cothrom le dáta;
  • cuidiú a thabhairt chun díospóidí a réiteach idir údaráis náisiúnta;
  • caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le haghaidh míreanna lena n–áirítear:
    • fíordheimhniú láidir custaiméirí agus bealaí cumarsáide slána, nach mór do gach soláthróir seirbhíse íocaíochta cloí leo,
    • caighdeáin theicniúla rialála maidir le comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis mhaoirseachta.

Ghlac an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe seo a leanas maidir le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme nó rialála faoi seach.

  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 maidir le comhar agus malartú faisnéise idir údaráis ábhartha, a bhaineann leis an gceart bunaíochta agus leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar d’institiúidí íocaíochta.
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 (arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2360) maidir le fíordheimhniú custaiméirí agus caighdeáin chumarsáide atá coiteann agus slán.
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/410 maidir le mionsonraí agus struchtúr na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina leith ag na húdaráis ábhartha do ÚBE i réimse na seirbhísí íocaíochta.
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/411 maidir leis an gclár lárnach leictreonach a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil laistigh de réimse na seirbhísí íocaíochta, agus maidir le rochtain ar an bhfaisnéis atá sa chlár seo.
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1423 maidir leis na critéir chun pointí teagmhála lárnacha a cheapadh laistigh de réimse na seirbhísí íocaíochta agus maidir le feidhmeanna na lárphointí teagmhála sin.
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1722 maidir leis an gcreat le haghaidh comhair agus malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát ábhartha i gcomhthéacs seirbhísí íocaíochta a sholáthar ar bhonn trasteorann.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta an 13 Eanáir 2018.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Seirbhísí íocaíochta. Seirbhísí trínár féidir airgead tirim a chur i gcuntas bainc nó a aistarraingt as, chomh maith leis na hoibríochtaí go léir a theastaíonn chun an cuntas a fheidhmiú. Is féidir aistrithe cistí, dochair dhíreacha, aistrithe creidmheasa agus íocaíochtaí cártaí a áireamh anseo. Ní chlúdaítear idirbhearta ar pháipéar sa treoir.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh 1093/2010, agus lena n–aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lgh. 35–127).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2015/2366 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2360 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 a mhéid a bhaineann leis an díolúine 90 lá le haghaidh rochtain ar chuntais (IO L 312, 5.12.2022, lgh. 1–4).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1722 ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an creat le haghaidh comhair agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach i gcomhthéacs na maoirseachta ar institiúidí íocaíochta agus institiúidí ríomh-airgid a fheidhmíonn soláthar trasteorann seirbhísí íocaíochta (IO L 343, 28.9.2021, lgh. 1–30).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1423 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála maidir leis na critéir chun pointí teagmhála lárnacha a cheapadh laistigh de réimse na seirbhísí íocaíochta agus maidir le feidhmeanna na bpointí teagmhála lárnacha sin (IO L 328, 9.10.2020, lgh. 1–3).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/410 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil le sonraí agus struchtúr na faisnéise, sa réimse maidir le seirbhísí íocaíochta, nach mór d’údaráis inniúla fógra a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach ina leith de bhun Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 73, 15.3.2019, lgh. 20–83).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/411 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2018 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach ceanglais theicniúla maidir le forbairt, oibriú agus cothabháil an lárchláir leictreonaigh laistigh den réimse maidir le seirbhísí íocaíochta agus maidir le rochtain ar an bhfaisnéis atá ann (IO L 73, 15.3.2019, lgh. 84–92).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin oscailte chumarsáide chomhchoiteanna agus shlána (IO L 69, 13.3.2018, lgh. 23–43).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a bhaineann leis an gceart bunaíochta a fheidhmiú agus leis an tsaoirse seirbhísí institiúidí íocaíochta a sholáthar (IO L 294, 11.11.2017, lgh. 1–25).

Rialachán (AE) 2015/751 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le táillí idirmhalartaithe le haghaidh idirbhearta íocaíochta a dhéantar le cártaí (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 1–15).

Nuashonraithe 20.02.2023

Top