EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bia le haghaidh grúpaí sonracha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Maidir leis an rialachán:

  • féachtar le cosaint níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí maidir le hábhar agus margaíocht iad seo a leanas:
    • bianna do naíonáin, leanaí óga agus bianna chun críocha speisialta míochaine,
    • ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú;
  • féachtar leis chomh maith le níos mó cinnteacht dlíthiúil a sholáthar do ghnólachtaí atá ag feidhmiú san earnáil agus do na húdaráis náisiúnta a chuireann na rialacha i bhfeidhm;
  • cuirtear in ionad raidhse rialacha é a d’fhorbair thar thríocha bliain agus a d’éirigh ilroinnte agus casta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 neartaítear na rialacha maidir le bia grúpaí leochaileacha den daonra a dteastaíonn cosaint ar leith uathu amhail naíonáin agus leanaí suas go dtí 3 bliana d’aois, daoine róthroma nó daoine murtallacha agus daoine a bhfuil riochtaí sonracha míochaine orthu, (e.g. neamhoird mheitibileacha).

In iarscríbhinn den rialachán tá liosta amháin substaintí (lena n–áirítear mianraí agus vitimíní) ar féidir iad a chur leis na bianna sin, a thagann in ionad na 3 liosta a bhí ann faoin reachtaíocht roimhe seo.

Lipéadú

Leis an rialachán freisin dílsítear an fhreagracht don Choimisiún Eorpach, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, glacadh le rialacha sonracha comhdhéanaimh agus lipéadaithe maidir leis na catagóirí bia seo a leanas:

  • bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach;
  • bianna gránbhunaithe próiseáilte agus bianna eile naíonán;
  • bianna chun críocha speisialta míochaine; agus
  • ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú.

Ónar tháinig an rialachán i bhfeidhm ar an 20 Iúil 2016, tá bianna saor ó ghlútan agus bianna nach bhfuil ach fíorbheagán glútain iontu á rialú le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le lipéadú earraí bia (féach an achoimre). Le gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2014, áirithítear go n–aistreofaí rialacha maidir leis na táirgí sin chuig an rialachán sin. I gcodarsnacht leis an reachtaíocht roimhe seo, tá feidhm ag na rialacha seo maidir le bianna réamhphacáilte amhail na cinn a riartar i mbialanna chomh maith.

Gníomhartha tarmligthe

Glac an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe seo a leanas mar fhorlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013:

  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais shonracha i ndáil le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bainne foirmlí do naíonáin agus bainne foirmlí leantach do naíonáin agus a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le faisnéis a bhaineann le beathú naíonán agus leanaí óga, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/561, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/828, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/572 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1041;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 maidir le ceanglais shonracha chomhdhéanaimh agus faisnéise maidir le bia chun críocha speisialta leighis, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/566 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1040;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1798 maidir le ceanglais shonracha chomhdhéanaimh agus faisnéise maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán le haghaidh táirgí chun meáchan a rialú.

Tuarascálacha ar tháirgí bainnebhunaithe do leanaí agus bia atá ceaptha don lucht spóirt

Ceanglaíodh ar an gCoimisiún le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 chomh maith, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (féach an achoimre), iad seo a leanas a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

  • tuarascáil ar dheochanna bainnebhunaithe (“bainne le haghaidh fáis”) agus táirgí comhchosúla atá ceaptha do leanaí óga, agus anailís á déanamh ar an ngá le rialacha speisialta comhdhéanaimh agus lipéadaithe a dhréachtú don chineál sin táirge;
  • tuarascáil maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do lucht spóirt agus anailís á déanamh ar an ngá atá le rialacha sainiúla comhdhéanaimh agus lipéadaithe a dhréachtú.

Ba é tátal an 2 thuarascáil nach raibh aon ghá le rialacha sonracha maidir leis na táirgí sin agus dá bhrí sin tá siad cumhdaithe i reachtaíocht ghinearálta um bia, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le héilimh maidir le cothú agus sláinte (féach an achoimre).

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

Trí bhíthin 2 rialachán tarmligthe, rinne an Coimisiún leasú ar an iarscríbhinn le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013.

  • Baineann Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1091 leis na substaintí is féidir a chur le bia gránbhunaithe próiseáilte agus le bia leanaí agus le bia chun críocha speisialta míochaine; agus
  • Baineann Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/571 leis na substaintí is féidir a chur le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, le bia leanaí agus le bia gránbhunaithe próiseáilte.

Aisghairm

Aisghairtear le Rialachán (AE) 609/2013 Treoir 92/52/CEE, Treoir 96/8/CEE, Treoir 1999/21/CE, Treoir 2006/125/CE, Treoir 2006/141/CE, Treoir 2009/39/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 20 Iúil 2016, ach amháin Airteagal 11 (ceanglais um chomhdhéanamh agus um fhaisnéis), Airteagal 16 (lena dtugtar liosta AE cothrom le dáta), Airteagal 18 (gníomhartha tarmligthe) agus Airteagal 19 (nós imeachta práinne), agus beidh siad sin ar fad i bhfeidhm ón 19 Iúil 2013.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n–aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lgh. 35-56)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2017/1798 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha chomhdhéanaimh agus faisnéise maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú (IO L 259, 7.10.2017, lgh. 2-10)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/127 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha chomhdhéanaimh agus faisnéise le haghaidh bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach agus maidir le ceanglais le haghaidh faisnéise a bhaineann le beathú naíonán agus leanaí óga (IO L 25, 2.2.2016, lgh. 1-29)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2016/128 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha chomhdhéanaimh agus faisnéise maidir le bia chun críocha speisialta leighis (IO L 25, 2.2.2016, lgh. 30-43)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 828/2014 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2014 maidir leis na ceanglais i ndáil le heolas a sholáthar do thomhaltóirí ar neamhláithreacht nó láithreacht laghdaithe ghlútain i mbia (IO L 228, 31.7.2014, lgh. 5-8)

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 18-63)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh i leith cothaithe agus sláinte a dhéantar maidir le bianna (IO L 404, 30.12.2006, lgh. 9-25)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 21.03.2023

Top