Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Mótarfheithiclí – córas cineálcheadaithe AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2007/46/CE — ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe le haghaidh na bhfeithiclí sin

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Soláthraítear inti sraith choiteann rialacha do thíortha AE maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí agus maidir le ceadú córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe le haghaidh na bhfeithiclí sin.

Cuirtear an cineálcheadú i bhfeidhm go héigeantach ar gach catagóir feithicle leis an treoir, lena n–áirítear feithiclí a thógtar i gcéimeanna éagsúla. Leagtar síos inti:

  • creat comhchuibhithe, lena bhfuil ceanglais ghinearálta theicniúla, do chineálcheadú feithiclí nua agus do chineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n–aonad teicniúil atá bearthaithe le haghaidh na bhfeithiclí sin, chun éascaíocht a dhéanamh ar a gclárú, ar a ndíol agus ar a gcur i seirbhís in AE;
  • rialacha maidir le díol páirteanna feithiclí agus trealaimh agus maidir lena gcur i seirbhís.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cuirtear an treoir i bhfeidhm ar charranna, ar veaineanna, ar thrucailí, ar bhusanna agus ar chóistí, a chuimsítear anois faoi riachtanais AE atá comhchuibhithe go hiomlán.

Nós imeachta

  • Tá an córas cineálcheadaithe AE bunaithe ar phrionsabail na gceadanna tríú páirtí* agus aitheantas frithpháirteach* na gceadanna sin.
  • Faoin gcóras cineálcheadaithe, roimh chineál feithicle a chur ar an margadh, déanann seirbhís theicniúil náisiúnta tástáil uirthi de réir reachtaíochta. Cuireann an t–údarás ceadúcháin náisiúnta ceadú (“ríomhdheimhniú”) ar fáil ansin bunaithe ar na tástálacha sin. Féadfaidh an monaróir iarratas a dhéanamh ar cheadú i mBallstát AE ar bith.
  • Is leor an fheithicil a cheadú i mBallstát AE amháin chun na feithiclí eile go léir den chineál sin a chlárú, gan tástálacha eile a dhéanamh orthu, ar fud an Aontais Eorpaigh bunaithe ar an deimhniú comhréireachta.
  • Is éard is deimhniú comhréireachta ann ráiteas ón monaróir ina sonraítear go gcloíonn an fheithicil le ceanglais um chineálcheadú AE. Bíonn ar an monaróir a áirithiú go gcloíonn táirgeadh leis an gcineál ceadaithe.

Ceanglais theicniúla

Cuimsítear go príomha sa treoir an nós imeachta riaracháin atá le leanúint chun feithiclí a cheadú. Cuimsítear i dtéacsanna AE eile, atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an treoir, na fíorcheanglais theicniúla atá le comhlíonadh ag feithiclí. Mar shampla, sna téacsanna sin:

  • déantar gnéithe áirithe éigeantach, amhail:
    • rialú leictreonach cobhsaíochta;
    • scátháin nuaagus fheabhsaithe;
    • soilse reatha lae;
    • fobharra cosanta taoibh ionas nach dtitfidh coisithe nó rothaithe faoi fheithiclí agus gléasanna frithspraeála;
  • leagtar síos ceanglais bhreise do bhusanna agus do chóistí:
    • bealaí amach éigeandála atá oiriúnach do thoilleadh feithicle;
    • rochtain níos éasca do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta;
    • spás dóthanach iarmharach i gcás go n–iompódh an fheithicil, etc.;
  • oibleagáidí comhshaoil áirithe a chumhdach amhail:
    • tomhas caighdeánaithe astaíochtaí CO2;
    • teorainneacha astaíochtaí truailleán;
    • ídiú breosla;
    • cumhacht innill nó astaíochta torainn feithiclí.

In 2017, ghlac an Coimisiún Eorpach Rialachán (AE) 2017/1151 agus Rialachán (AE) 2017/1154. Áirithítear leo sin go n–éireoidh, ón 1 Meán Fómhair 2017 i leith, le múnluithe nua carranna i dtástálacha nua agus níos iontaofa faoi fhíordhálaí tiomána (“Fíorastaíochtaí”).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 29 Deireadh Fómhair 2007. Ag brath ar chatagóir na feithicle, cuireadh an treoir i bhfeidhm de réir a chéile le linn na tréimhse 2009–2014. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 28 Aibreán 2009

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cead tríú páirtí: cead a fhaightear ó thríú páirtí amhail comhlacht neamhspleách creidiúnaithe a cheadaíonn gach tír AE.
Aitheantas frithpháirteach: Aithníonn tíortha AE na deimhnithe cineálcheadaithe a eisíonn na húdaráis ainmnithe i dtíortha AE eile.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 2007/46/CE. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála the (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lgh. 1-643)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2017/1154 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1151 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála the (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fíorastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 175, 7.7.2017, lgh. 708-732)

Ceartúchán

Rialachán (AE) 2017/2400 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (EC) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lgh. 1-247)

Nuashonraithe 10.04.2018

Top