Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Reacht um Chuideachta Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 maidir leis an Reacht um Chuideachta Eorpach

Treoir 2001/86/CE lena bhforlíontar an Reacht um Chuideachta Eorpach i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN AGUS LEIS AN TREOIR?

  • Tugtar isteach leis an rialachán maidir leis an Reacht um Chuideachta Eorpach foirm dhlíthiúil Eorpach maidir le cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta a bhunú laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh, ar a dtugtar an t-ainm Laidine Societas Europaea — agus a n–acrainm dá réir sin, SE. Cruthaítear leis creat dlíthiúil aonair inar féidir le cuideachtaí ó thíortha éagsúla AE atheagrú a ngnó ar scála uile–Aontais a phleanáil agus a chur i gcrích, chomh maith leis na tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).
  • Forlíontar an rialachán leis an treoir. Áiritheofar leis sin má dhéanfar SE a bhunú nach n–imeoidh cleachtais na rannpháirtíochta fostaithe atá sna cuideachtaí a ghlacann páirt i mbunú an SE sin ná nach dtiocfaidh laghdú orthu, i bhfianaise na rialacha agus na gcleachtas éagsúil ar fud thíortha AE faoin gcaoi a mbíonn ionadaithe fostaithe páirteach i gcinnteoireacht na cuideachta.
  • Leasaíodh na hiarscríbhinní leis an rialachán roinnt uaireanta chun athruithe sna coibhéisí náisiúnta ar chuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta a thabhairt san áireamh, chomh maith le tíortha breise a ghlacfaidh ballraíocht san Aontas Eorpach. Leasaíodh é in 2020 tar éis ráig phaindéim COVID-19 le Rialachán (AE) 2020/699, inar tugadh isteach bearta sealadacha maidir le cruinnithe ginearálta na SEnna.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialachán (CE) Umh. 2157/2001

Cur i bhfeidhm comhcheangailte an rialacháin SE agus an dlí náisiúnta

Rialaítear SE lena oifig chláraithe i dtír AE:

  • leis na rialacha atá cuimsithe sa rialachán; agus
  • i gcás na ngnéithe nach gcumhdaítear sa rialachán, leis na rialacha náisiúnta a ghlactar do chur i bhfeidhm bhearta AE atá dírithe go speisialta ar an SE agus leis na rialacha úd a chuirtear i bhfeidhm ar chuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta — is iondúil go rialaítear foirceannadh, leachtú, dócmhainneacht agus fionraí íocaíochtaí den chuid is mó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Na rialacha a bhaineann le SE a bhunú

Bunaítear SE le dhá chuideachta ar a laghad a thagann as tíortha LEE éagsúla, rud a chiallaíonn nach féidir é a chruthú ach amháin ó bhonn atá ann cheana féin. Caithfidh íoschaipiteal de luach €120,000 a bheith aige, agus is féidir é a chruthú sna bealaí seo a leanas.

Cineál comhdhéanaimh

Cineál cuideachta

Critéir a bheidh le comhlíonadh

Cumasc (chun SE a bhunú)

Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta

Caithfidh 2 cheann ar a laghad de na cuideachtaí teacht as tíortha éagsúla LEE

Cuideachta sealbhaíochta Eorpach a bhunú

Cuideachtaí poiblí nó príobháideacha faoi dhliteanas teoranta

Caithfidh 2 chuideachta ar a laghad teacht as tíortha éagsúla LEE, nó caithfidh fochuideachta nó brainse a bheith acu i dtír eile AE ar feadh 2 bhliain ar a laghad

Fochuideachta Eorpach a bhunú

Cuideachtaí, gnólachtaí nó eintitis dhlíthiúla eile

Caithfidh 2 cheann ar a laghad de na heintiteas teacht as tíortha éagsúla LEE, nó caithfidh fochuideachta nó brainse bheith acu i dtír AE eile ar feadh 2 bhliain ar a laghad

Tiontú

Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta

Caithfidh fochuideachta bheith ag an gcuideachta i dtír eile LEE ar feadh 2 bhliain ar a laghad

Maidir le SE:

  • is féidir leis 1 fhochuideachta (nó níos mó) ar SEnna iad freisin a chruthú;
  • caithfidh a oifig chláraithe a bheith sa tír ina bhfuil a cheannoifig;
  • is féidir leis a oifig chláraithe a aistriú laistigh den LEE gan iallach ar bith an chuideachta bhunaidh a scaoileadh chun ceann nua a bhunú.

Foilsítear clárú agus cur i gcrích leachtú SE chun críche faisnéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Dhá struchtúr eagraíochta fhéideartha

Féadfaidh reachtanna an SE a bheith bainteach le 2 chóras eagrúcháin éagsúla:

  • an córas dhá shraith, ina bhfuil lucht bainistíochta na cuideachta comhdhéanta de bhord bainistíochta agus bord maoirseachta; agus
  • an córas aonsraithe, ina bhfuil lucht bainistíochta na cuideachta comhdhéanta de bhord riaracháin.

Easpa comhchuibhiú cánach

Gearrtar cánacha agus muirir ar SEnna i ngach tír LEE i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme sna tíortha úd.

Tugtar isteach le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/699 díolúine shealadach ó na rialacha lena rialaítear SEnna (agus Comharchumainn Eorpacha (SCEnna), a cruthaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003). Óir gur deacair do SEnna agus SCEnna leis na bearta gaibhniúcháin agus scartha shóisialta i dtaca le COVID-19 a gcuid cruinnithe ginearálta a eagrú laistigh de 6 mhí ó dheireadh a mbliana airgeadais, mar a cheanglaítear faoin dlí; ceadaítear do SEnna agus SCEnna leis an mbeart sealadach seo a gcruinnithe ginearálta a thionól laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana airgeadais, ach gan bheith níos déanaí ná an 31 Nollaig 2020.

Treoir 2001/86/CE

Rannpháirtíocht fostaithe sa SE

  • Ní foláir don lucht bainistíochta agus d’ionadaithe na bhfostaithe teacht ar chinneadh faoi rannpháirtíocht na bhfostaithe sa SE sula gclárófar an SE.
  • Caithfear a áireamh leis an gcomhaontú sin nósanna imeachta faisnéise agus comhairliúcháin agus, de réir mar is cuí, rannpháirtíocht fostaithe i gcomhlachtaí bainistíochta an SE.
  • Dá ainneoin sin, ní bheidh an rannpháirtíocht sin éigeantach ach amháin má bhain na fostaithe tairbhe aisti sular cruthaíodh an SE.
  • Mura féidir leis an 2 pháirtí teacht ar chomhaontú sásúil, cuirfear sraith prionsabal caighdeánach i bhfeidhm faoi mar atá liostaithe in iarscríbhinn leis an treoir.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN AGUS NA TREORACH?

  • Tá feidhm leis an rialachán ón 8 Deireadh Fómhair 2004i leith.
  • Tá feidhm leis an treoir ón 10 Samhain 2001 i leith, agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 8 Deireadh Fómhair 2004.

CÚLRA

Le haghaidh breise faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 i ndáil leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE) (IO L 294, 10.11.2001, lgh. 1-21)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2001/86/CE ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 lena bhforlíontar an Reacht um Chuideachta Eorpach i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 294, 10.11.2001, lgh. 22-32)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2020/699 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le bearta sealadacha a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SEnna) agus Comharchumann Eorpach (SCEnna) (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 25-26)

Rialachán (CE) Uimh. 1435/2003 ón gComhairle an 22 Iúil 2003 i ndáil leis an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach (SCE) (IO L 207, 18.8.2003, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2003/72/CE ón gComhairle an 22 Iúil 2003 lena bhforlíontar an Reacht maidir le Comharchumann Eorpach i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe (IO L 207, 18.8.2003, lgh. 25-36)

Nuashonraithe 28.09.2020

Top