EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR)

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais AE um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

  • Bunaítear leis tionscadal SESAR (Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair).
  • Is é is aidhm le SESAR feabhas a chur ar fheidhmíocht ATM trí chórais ATM na hEorpa a nuachóiriú agus a chomhchuibhiú trí réitigh nuálacha theicneolaíocha agus oibriúcháin ATM a shainiú, a fhorbairt, a bhailíochtú agus a úsáid.
  • Is éard is Comhghnóthas SESAR ann comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí atá i gceannas ar chéim fhorbartha thionscadal SESAR. Bhunaigh an tAontas Eorpach agus Eurocontrol, an eagraíocht Eorpach um shábháilteacht na haerloingseoireachta é in 2007.

PRÍOMHPHOINTÍ FAOI CHOMHGHNÓTHAS SESAR

  • Is Comhghnóthas é atá i gceannas ar chéim fhorbartha thionscadal SESAR, comhpháirt theicneolaíoch (taighde agus forbairt — T&F) an Aerspáis Eorpaigh Aonair (SES), pacáiste de bhearta AE a ceapadh chun freastal ar riachtanais toillte agus sábháilteachta aeir amach anseo.
  • Tá an cúram aige, de réir an mháistirphlean ATM, bonneagar ardfheidhmíochta um rialú aerthráchta a chur ar fáil do AE faoi 2035. Is é is aidhm leis sin, aeriompar níos sábháilte nach bhfuil chomh díobhálach don chomhshaol agus atá éifeachtach a chumasú: i.e. turais níos dírí lena n-úsáidtear níos lú breosla agus lena mbeidh níos lú moilleanna.
  • Baineann siad seo a leanas leis: an Coimisiún Eorpach, an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta, soláthraithe seirbhíse loingseoireachta, eagraíochtaí aerphaisinéirí, úsáideoirí aerspáis, rialtóirí, oibreoirí aerfoirt, foireann aerlínte, aerfoirt agus loingseoireacht aerthráchta, eolaithe agus déantóirí trealaimh (thart ar 3 000 saineolaí). Comhlacht AE is ea an Comhghnóthas a cruthaíodh chun na críche sin faoi Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
  • Tá máistirphlean ATM seachadta aige cheana (tugtha cothrom le dáta in 2012 agus 2015) ina sainítear ábhar, forbairt agus pleananna úsáide do chórais ATM den chéad ghlúin eile.
  • Déanann sé bainistíocht ar na nósanna imeachta maidir le deontais a dheonú dá bhaill, ar aon dul le rannpháirtíocht i gClár CreataFís 2020 um T&F, i ndiaidh a shínte in 2014.

Áirítear ar an méid atá bainte amach ag Comhghnóthas SESAR go dtí seo:

  • an chéad eitilt sa domhan i 4 thoise (3T + am) chun feabhas a chur ar mhalairt faisnéise um ruthag ceann go ceann;
  • sraith fhairsing straitéisí chun sábháilteacht ar rúidbhealaí aerfoirt a mhéadú agus
  • saor-ródúchán chun astaíochtaí ó eitiltí agus ó bhreosla a laghdú.

Ó 2014 i leith, tá an bhéim i gclár Taighde agus Nuálaíochta Chomhghnóthas SESAR ar réimsí amhail:

  • seirbhís líonra ATM bharrfheabhsaithe;
  • ardseirbhísí aerthráchta;
  • oibríochtaí aerfoirt ardfheidhmíochta;
  • bonneagar eitlíochta ardleibhéil, comhtháite agus réasúnaithe.

Maoiniú

Is ionann ranníocaíocht AE do chéim fhorbartha SESAR EUR 700 milliún faoi na cláir TEN-T agus FP7, forlíonta le EUR 585 milliún faoi chlár Fís 2020. Chun fad Fís 2020 a chur san áireamh, ní mór gach glao ar thograí de chuid SESAR a lainseáil faoin 31 Nollaig 2020.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 3 Márta 2007.

CÚLRA

Cruthaíodh Comhghnóthas SESAR le Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle. Rinneadh an rialachán seo a leasú dhá uair, in 2008 (Rialachán (CE) Uimh. 1361/2008) agus arís in 2014 (Rialachán (AE) Uimh. 721/2014), nuair a síneadh fad Chomhghnóthas SESAR go dtí 2024.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais AE um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (IO L 64, 2.3.2007, lgh. 1–11)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

Nuashonraithe 08.02.2016

Top