This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Creat maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SES) a chruthú
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
PRÍOMHPHOINTÍ
Údaráis mhaoirseachta náisiúnta
An Coiste um Aerspás Aonair
Rialacha cur chun feidhme
Tá baint ag Eurocontrol le forbairt rialacha cur chun feidhme a thagann faoina shainchúram, ar bhonn sainorduithe arna gcomhaontú ag an gCoiste um Aerspás Aonair.
Athbhreithniú feidhmíochta
Tugann an rialachán meicníocht athbhreithnithe feidhmíochta isteach le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Áirítear leis sin:
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún leagtar síos na rialacha maidir leis an scéim feidhmíochta a oibriú le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin, agus iad siúd a bhaineann leis an scéim muirir dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 maidir le seirbhísí aerloingseoireachta — féach an achoimre.
Bearta cosanta
Ní thugtar cosc leis an rialachán seo ar thíortha AE bearta a chur i bhfeidhm a theastaíonn chun leasanna riachtanacha slándála nó beartais chosanta a chosaint.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 20 Aibreán 2004.
CÚLRA
Cuimsítear sa chéad phacáiste um “Aerspás Eorpach Aonair” an rialachán réime seo móide 3 rialachán theicniúla maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar (Rialachán (CE) Uimh. 550/2004), eagrú agus úsáid an aerspáis (Rialachán (CE) Uimh. 551/2004) agus idir-inoibritheacht an Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (anois faoi Rialachán (AE) 2018/1139 nó rialacháin tarmligthe ghaolmhara eile nó rialacháin chur chun feidhme a aisghaireadh agus a tháinig in ionad Rialachán (CE) Uimh. 552/2004). Tá na rialacháin sin deartha, go háirithe, chun sábháilteacht a fheabhsú agus a threisiú agus chun an t-aerspás a atheagrú ar bhonn tráchta in ionad teorainneacha náisiúnta.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Rialachán réime) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 1-9)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena socraítear na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don líonra bainistíochta aerthráchta don tríú tréimhse tagartha ag tosú an 1 Eanáir 2020 agus ag críochnú an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lgh. 49-55)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirir san aerspás Eorpach aonair agus lena n–aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (IO L 56, 25.2.2019, lgh. 1-67)
Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lgh. 1-122)
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/259 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2017 maidir le spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe áirithe agus bearta iomchuí a áirítear sna pleananna náisiúnta nó sna pleananna bloc feidhme aerspáis a cuireadh isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nach leor iad i leith spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don dara tréimhse tagartha agus lena leagtar amach oibleagáidí maidir le bearta ceartaitheacha (IO L 38, 15.2.2017, lgh. 76-85)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/348 an 2 Márta 2015 maidir le comhsheasmhacht spriocanna áirithe a áirítear sna pleananna náisiúnta nó sna pleananna bloc feidhme aerspáis a cuireadh isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don dara tréimhse tagartha (IO L 60, 4.3.2015, lgh. 55-67)
Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/132/AE an 11 Márta 2014 lena socraítear na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don líonra bainistíochta aerthráchta agus tairseacha foláirimh don dara tréimhse tagartha 2015-19 (IO L 71, 12.3.2014, lgh. 20-23)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 an 3 Bealtaine 2013 maidir le sainmhíniú ar chomhthionscadail, bunú rialachais agus sainaithint dreasachtaí a thacaíonn le Máistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta a chur chun feidhme (IO L 123, 4.5.2013, lgh. 1-7)
Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán aerspáis) (IO, L 96, 31.3.2004, lgh. 20-25)
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí) (IO L 96, 31.3.2004, lgh. 10-19)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 08.05.2020