Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Timpeallacht gan pháipéar le haghaidh custaim agus trádála

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Uimh. 70/2008/CE lena gcuirtear nósanna imeachta custaim leictreonacha ar fud AE in ionad ceann i bhformáid páipéir

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Tá sé mar aidhm leis córas custaim leictreonach (ríomhchustaim) a chur chun cinn sa Choimisiún Eorpach. Éascaíonn córais den sórt sin trádáil trí chostais a laghdú agus nósanna imeachta a chomhordú. Ceadaítear leo freisin malartú sonraí idir riaracháin chustaim thíortha AE, trádálaithe agus an Coimisiún. Ar an mbealach sin, déantar lóistíocht an tslabhra soláthair agus próisis chustaim a fheabhsú agus a éascú leo.

PRÍOMHPHOINTÍ

De thoradh theachtaireacht 2003 maidir le timpeallacht shimplí gan pháipéar a chruthú don chustam agus don trádáil, comhaontaíodh faoin gcinneadh seo go ndéanfadh an Coimisiún agus tíortha AE an méid a leanas a chur ar bun:

  • córais ríomhchustaim atá slán;
  • comhtháite;
  • idir-inoibritheach; agus
  • inrochtana le haghaidh malartú
    • sonraí atá i ndearbhuithe custaim
    • doiciméid a ghabhann le dearbhuithe agus deimhnithe custaim agus
    • faisnéis ábhartha eile.

Tá an Coimisiún agus tíortha AE leis an struchtúr agus modhanna a bhunú d’oibriú na gcóras ríomhchustaim sin.

Bearta

Chun na cuspóirí atá leagtha amach sa chinneadh a chomhlíonadh, ní mór do AE an méid a leanas a dhéanamh:

  • malartú faisnéise a chomhchuibhiú;
  • athbhreithniú a dhéanamh ar phróisis chustaim d’fhonn a n–éifeachtúlacht agus a n–éifeachtacht a bharrfheabhsú;
  • réimse leathan seirbhísí ríomhchustaim a thairiscint do thrádálaithe.

Ról an Choimisiúin

Ní mór don Choimisiún comhordú a dhéanamh ar an méid a leanas:

  • bunú, tástáil, oibriú agus cothabháil chomhpháirteanna AE na gcóras ríomhairithe;
  • na córais agus na seirbhísí a leagtar amach sa togra seo le tionscadail eile a bhaineann le ríomhsheirbhísí rialtais;
  • forbairt chomhthreomhar eilimintí náisiúnta agus AE;
  • seirbhísí custaim uathoibríocha agus seirbhísí fuinneoige aonair* ar leibhéal AE;
  • na cúraimí a dháiltear air a chur i gcrích faoi phlean straitéiseach ilbhliantúil;
  • riachtanais oiliúna.

Ní mór don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an nGrúpa um Beartas Custaim chomh maith. Caithfidh sé tús a chur freisin le comhairliúcháin rialta leis na páirtithe leasmhara eacnamaíocha lena mbaineann.

Ról thíortha AE

Ní mór do thíortha AE na nithe a leanas a áirithiú:

  • bunú, tástáil, oibriú agus cothabháil chomhpháirteanna náisiúnta na gcóras ríomhairithe;
  • comhordú na gcóras agus na seirbhísí dá bhforáiltear sa chinneadh seo le tionscadail ábhartha eile a bhaineann le ríomhrialtas ar an leibhéal náisiúnta;
  • cur i gcrích na gcúraimí a dháiltear orthu faoin bplean straitéiseach ilbhliantúil agus na gclár oibre — tá an clár oibre is déanaí le fáil i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/578 ón gCoimisiún maidir le forbairt agus imscaradh na gcóras leictreonach a theastaíonn chun Cód Custam an Aontais Eorpaigh (a tháinig in ionad Chód Custam an Chomhphobail);
  • cur chun cinn agus cur i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta seirbhísí ríomhchustaim agus seirbhísí fuinneoige aonair;
  • oiliúint d’oifigigh.

Amchlár le haghaidh seirbhísí custaim uathoibrithe

Tá liosta de chórais agus de bhunachair shonraí sa chinneadh agus leagtar amach ann an tráthchlár dá gcur i bhfeidhm. Ba cheart seirbhísí fuinneoige aonair a bheith ar fáil laistigh de 6 bliana.

Maoiniú

Luaitear sa chinneadh go roinnfí costais a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus tíortha AE bunaithe ar a gcarachtar AE nó náisiúnta. Bhí tíortha AE chun samhlacha comhroinnte costais a fhorbairt. Faoi láthair, faightear maoiniú i gcomhair gnéithe AE den obair chun custaim a nuachóiriú faoin gclár gníomhaíochta don Lucht Custaim 2020.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 15 Feabhra 2008.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Seirbhísí fuinneoige aonair: saoráid lenar féidir le páirtithe a bhfuil baint acu le trádáil agus iompar faisnéis agus doiciméid chaighdeánaithe a thaisceadh i bpointe iontrála amháin chun na ceanglais rialála allmhairithe, onnmhairithe agus idirthurais a chomhlíonadh. Más faisnéis leictreonach í an fhaisnéis, ní gá ach eilimintí sonraí aonair a chur isteach uair amháin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar don chustaim agus don trádáil (IO L 23, 26.1.2008, lgh. 21-26).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/578 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2016 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus imlonnú na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custam an Aontais (IO L 99, 15.4.2016, lgh. 6-20)

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custam an Aontais (athmhúnlú) (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1-101)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Timpeallacht shimplí gan pháipéar le haghaidh custaim agus trádála (COM(2003) 452 críochnaitheach, 24.7.2003)

Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custam an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lgh. 1-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 06.02.2019

Top