This document is an excerpt from the EUR-Lex website
An clár oibre Eorpach i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta — COM(2010) 758 final
Cuirtear an clár oibre Eorpach i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiamh shóisialta ar bun faoin teachtaireacht seo, is é sin ceann de phríomhthionscnaimh na straitéise “Eoraip 2020” i leith fostaíochta agus fáis. Leagtar amach inti conas is féidir le beartais dhifriúla agus le gníomhartha sonracha cur leis an sprioc chun 20 milliún duine ar a laghad a tharraingt amach as an mbochtaineacht agus as an eisiamh sóisialta faoi 2020.
Cuspóirí
Ceapadh an clár oibre chun comhpháirtíocht a chruthú idir na grúpaí éagsúla sa tsochaí, lena n-áirítear rialtais náisiúnta, institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE), údaráis réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus daoine atá beo bocht.
Féachtar leis an gcomhpháirtíocht cur chuige a fhorbairt ar fud AE sna réimsí a bhaineann le heisiamh sóisialta, go háirithe:
Cúig réimse ghníomhaíochta:
Beart a dhéanamh chun bochtaineacht a chomhrac sna réimsí beartais uile, go háirithe an margadh saothair, íostacaíocht ioncaim, cúram sláinte, oideachas agus tithíocht.
Úsáid níos fearr a bhaint as cistí AE, cistí struchtúrtha san áireamh, chun tacú le cuimsiú sóisialta.
Scrúdú agus measúnú forleathan a dhéanamh ar na nithe a oibríonn agus nach n-oibríonn i nuálaíochtaí beartais shóisialta (modhanna agus ionstraimí a úsáidtear chun dul i ngleic le ceisteanna sóisialta) sula gcuirfear na nuálaíochtaí sin i bhfeidhm go forleathan.
Oibriú i gcomhpháirtíocht le ENRanna agus le grúpaí sainleasa chun tacú níos éifeachtúla le hathchóirithe beartais shóisialta a chur i bhfeidhm.
Comhordú beartais idir na tíortha AE a fheabhsú trí mhodh oscailte an chomhordaithe ar mhaithe le cosaint shóisialta agus le cuimsiú sóisialta (MOC Sóisialta) a úsáid agus go háirithe tríd an gCoiste um Chosaint Shóisialta a úsáid.
Príomhghníomh
Tá spriocanna agus beartais náisiúnta maidir le fás leagtha amach ag na tíortha AE uile, ag cuimhneamh ar spriocanna na straitéise Eoraip 2020. Déanann an Coimisiún monatóireacht ar na hathchóirithe sin trí thimthriall bliantúil um chomhordú beartas eacnamaíoch ar a dtugtar an Seimeastar Eorpach. Tugann sé moltaí ansin le haghaidh na 12-18 mí ina dhiaidh sin.
Úsáidtear scórchláir chun an dul chun cinn a dhéantar sna cúig réimse ghníomhaíochta a thaifeadadh. Amhail mhí Iúil 2013, bhí 23 as 64 thionscnamh ón gCoimisiún curtha i gcrích, lena n-áirítear:
Áirítear legníomh leantach Comhpháirtíocht Eorpach um nuáil maidir leis an aosú gníomhach agus folláin a sheoladh, agus a chinntiú go ndéantar na cuspóirí maidir le bochtaineacht a laghdú agus le cuimsiú sóisialta a chothú i bhFís 2020, an creatchlár um thaighde agus um nuálaíocht 2014-2020.
An clár oibre Eorpach i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Clár Oibre Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta: Creat Eorpach don chomhtháthú sóisialta agus críochach (COM(2010) 758 final an 16.12.2010)
Nuashonraithe 15.10.2015