Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cód Custaim Nuachóirithe an Chomhphobail

Leagann Cód Custaim an Chomhphobail amach an reachtaíocht a bhaineann le hallmhairiú agus le honnmhairiú earraí idir an Comhphobal agus tríú tíortha. Féachann an cód nua le tráchtáil a éascú ach ardleibhéal slándála a ráthú ag na teorainneacha ag an am céanna.

ACHT

Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe) [IO L 145, 4.6.2008]

ACHOIMRE

Cruthaíonn an Cód Custaim Nuachóirithe timpeallacht chustaim leictreonach nua. Comhtháthaíonn an cód nua seo comhnósanna imeachta custaim sna Ballstáit agus neartaíonn sé an cóineasú idir ríomhchórais na 28 n-údarás custaim. Glacann sé áit Chód Custaim an Chomhphobail 1992 ó 1 Samhain 2013 ar aghaidh.

Forálacha an Chóid

Baineann an Cód Custaim Nuachóirithe 2008 le:

  • forálacha ginearálta maidir le raon na reachtaíochta custaim, le misean an chustaim agus le cearta agus oibleagáidí na ndaoine ó thaobh reachtaíochta custaim de;
  • bunghnéithe chun cearta allmhairíochta agus onnmhairíochta agus bearta eile a chur i bhfeidhm maidir le malartú earraí (Comhtharaif Chustaim), an tír arb as do na hearraí, a luach custaim);
  • fiach custaim agus urrús an fhéich seo;
  • déileáil chustaim le hearraí a tugadh isteach i limistéar custaim an Chomhphobail;
  • na rialacha a bhaineann le stádas custaim, le hearraí a chur faoi réir custaim, agus le deimhniú, urscaoileadh agus cur de láimh na n-earraí;
  • cur ar shaorchúrsaíocht agus díolúine ó dhleacht ar allmhairíocht;
  • sainchórais custaim, roinnte i gceithre fheidhm eacnamaíochta (idirthuras, stóráil, sainúsáid, saothrú);
  • déileáil chustaim le dul amach earraí as limistéar custaim an Chomhphobail (earraí a fhágann an limistéar, onnmhairíocht agus ath-onnmhairíocht, díolúine ó dhleacht ar onnmhairíocht);
  • Coiste an Chóid Chustaim agus nósanna imeachta chun gur féidir leis an Choimisiún glacadh le bearta chun an Cód a chur i bhfeidhm.

Baineann na forálacha nua le hathchóiriú nósanna imeachta custaim chun éifeachta, chun tráchtáil a éascú agus chun bagairtí nua a sheachaint.

Mar sin, trí mheán comhchreat rialúcháin agus oibriúcháin a neartú do na húdaráis chustaim, cuireann an Cód nós imeachta nua-aimseartha i bhfeidhm, atá bunaithe ar mhodhanna oibre leictreonacha, chun:

  • simpliú agus cur i bhfeidhm comhionann na reachtaíochta custaim a ráthú go ginearálta;
  • seiceálacha custaim a fheabhsú, a dhéantar den chuid is mó de réir anailíse riosca taobh istigh de chomhchreat bainistíochta riosca . Seiceálacha nach seiceálacha custaim iad, caithfear iad a dhéanamh, más féidir, san am céanna le seiceálacha custaim, ag ionad ilfhreastail;
  • nósanna imeachta imréitigh a éascú; ríomhaireofar go hiomlán iad, simpleofar iad chomh fada agus is féidir agus beidh siad indéanta go láraithe;
  • córais chustaim reatha eacnamaíochta agus/nó fionraíochta a athchóiriú chun éifeachta; atheagraítear i sainchórais iad chun idirthuras (eachtrach nó inmheánach), stóráil (stóráil shealadach, trádstóráil chustaim, saorlimistéir), sainúsáid (cead isteach sealadach nó ceann scríbe sainiúil) nó saothrú (próiseáil inbhealaigh nó amach) na n-earraí a éascú, ar mhodh is go bhfreagraíonn siad níos fearr do riachtanais eacnamaíocha na n-oibreoirí agus go bhfuil fáil níos simplithe acu orthu.

Ón teachtaireacht sa bhliain 2003 dár teideal Timpeallacht shimplí agus gan pháipéar don chustam agus don tráchtáil, is é an gnás é teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a úsáid.

Mar gheall ar chomhchórais faisnéise, malartaítear sonraí idir údaráis chustaim, i gcomhréir le forálacha cosanta sonraí. Baineann na córais seo go háirithe le:

  • foirmiúlachtaí na n-oibreoirí eacnamaíocha ;
  • córais chustaim (go háirithe i gcás imréitigh láraithe) agus clárú/formheas na n-oibreoirí eacnamaíocha (sainaithint agus clárú na n-oibreoirí eacnamaíocha: EORI; stádas oibreora eacnamaíoch údaraithe a dheonú simplithe custaim nó/agus slándáil agus sábháilteacht: AEO);
  • bainistiú rioscaí trí mheán comhchreata leis an Choimisiún agus leis na Ballstáit. Dá bharr seo, féadfaidh na húdaráis chustaim seiceálacha a dhéanamh de réir anailísí náisiúnta, idirnáisiúnta agus an Chomhphobail.

Comhchóras cáin bhreisluacha

De bharr an chreata nua dlí, simpleofar na nósanna imeachta custaim maidir le malartú earraí idir limistéir de chuid limistéar custaim an Chomhphobail, idir iad siúd a bhfuil Treoir 2006/112/CE maidir le comhchóras cáin bhreisluacha i bhfeidhm iontu agus iad siúd nach bhfuil sí i bhfeidhm iontu.

Comhthéacs

Athchóiríodh Cód Custaim an Chomhphobail tar éis don Chonradh CEGC dul as feidhm agus tar éis don Aontas Eorpach méadú dhá uair. Thairis sin, cuireadh i gcomhréir le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Nósanna Imeachta Custaim a Shimpliú agus a Chomhchuibhiú é, agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 [glacadh: comhchinnteoireacht COD/2005/0246 ]

24.6.2008

IO L 145, 4.6.2008

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 528/2013

19.6.2013

-

IO L 165, 18.6.2013

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar don chustaim agus don tráchtáil [IO L 23, 26.1.2008]

Nuashonrú is déanaí: 24.02.2014

Top