Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta maidir le neamhleathadh diúracán balaistíoch

Tacaíonn an gníomh le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta i gcoinne leathadh diúracán balaistíoch.

GNÍOMH

Cinneadh 2014/913/CBES ón gComhairle an 15 Nollaig 2014 lena dtacaítear le Cód Iompair na Háige agus le neamhleathadh diúracán balaistíoch maidir le cur i bhfeidhm straitéis AE i gcoinne leathadh arm ollscriosta

ACHOIMRE

Tacaíonn an gníomh le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta i gcoinne leathadh diúracán balaistíoch.

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH SEO?

Tugann an tAontas Eorpach (AE) tacaíocht ann:

Faoin gcinneadh seo, cuirtear bearta straitéis AE i gcoinne leathadh arm ollscriosta chun cinn. Féachtar leis an straitéis sin dul i ngleic le leathadh arm ollscriosta (AOS) trí obair a dhéanamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le príomhthíortha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Faoin gcinneadh seo, cuireann an Foras um thaighde straitéiseach cistiúchán deEUR 990 000ar fáil le haghaidh tionscadal, chun:

  • feasacht a mhéadú maidir le baol an leata;
  • cumas na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta déileáil leis an mbaol, a mhéadú;
  • na tíortha uile, a bhfuil cumas diúracán balaistíoch acu, a spreagadh chun Cód na Háige a shíniú;
  • cur i bhfeidhm an chóid a thacú agus chun comhlíonadh threoirlínte MTCR a chur chun cinn.

Go sonrach, déanfar na nithe seo a leanas a tháirgeadh nó a reáchtáil sna tionscadail:

  • imeachtaí for-rochtana:
    • ceithre sheimineár ar imeall chruinnithe Chód na Háige agus imeachtaí ábhartha na Náisiún Aontaithe;
    • seimineáir i dtrí phríomhréigiún, go háirithe an Meánoirthear, an Áise Thoir Thuaidh agus an Áise Thoir Theas;
    • misin saineolaithe chuig 10 bpríomhthír, ina ndíreofar ar an tionscal, ar eolaithe, ar shaineolaithe rialú easpórtála agus ar an arm.
  • ábhar fógraíochta do Chód na Háige (1 000 leabhrán, 1 500 bileog eolais agus láithreán gréasáin);
  • ceithre pháipéar ó shaineolaithe (déanfar scrúdú sna páipéir sin ar bhearta tógála muiníne, ar rialuithe easpórtála, ar aistriú eolais, srl.).

CÚLRA

  • MTCR - cumann deonach tíortha a bhfuil mar aidhm aige leathadh na gcóras ar féidir AOSanna a iompar, a shrianadh.
  • Cód na Háige - rialacha iompair maidir le diúracáin bhalaistíocha, m.sh. bíonn ar na tíortha sínithe a mbeartais diúracán balaistíoch a fhógairt agus fógraí a eisiúint sula ndéantar na diúracáin sin a thástáil.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2014/913/CBES

15.12.2014

-

IO L 360, 17.12.2014, lgh. 44-52

Nuashonraithe 20.08.2015

Top