This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (2014-2020)
Leagtar amach faoin rialachán seo an cúigiú leagan de Chlár LIFE, príomhchreat cistiúcháin an Aontais Eorpaigh (AE) do bheartas comhshaoil agus athraithe aeráide. Dírítear ann ar thosaíochtaí nithiúla comhshaoil agus athraithe aeráide agus ar réimsí inar gá gníomhú.
ACHT
Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007.
ACHOIMRE
Féachtar leis an Chlár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) don tréimhse 2014-2020 cur le forbairt inbhuanaithe agus le cuspóirí agus spriocanna na gclár seo a leanas a bhaint amach: an Straitéis Eoraip 2020, an Seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Chomhphobail agus tionscnaimh ábhartha eile don chomhshaol agus don athrú aeráide de chuid an AE.
Cruthaítear dhá fhochlár faoin chlár seo (Comhshaol agus Athrú Aeráide). Cuirtear tionscadail chomhtháite ar bun freisin, a fheidhmítear ar mhórscála agus a thosaíonn ar leibhéal réigiúnach nó ilchathrach. Féachtar leis na tionscadail seo beartas comhshaoil agus athraithe aeráide a chur i bhfeidhm trí phleananna agus straitéisí a chur i bhfeidhm bunaithe ar reachtaíocht AE agus trí na beartais seo a chomhtháthú níos mó i réimsí beartais eile. An cuspóir ná leas a bhaint as cistí comhlántacha, cistí AE ach go háirithe, chun amhlaidh a dhéanamh.
I measc na ngnéithe nua tá dhá ionstraim airgeadais nuálacha lena maoinítear tionscadail trí bhíthin iasachtaí agus caipitil ghnáthscaireanna: PF4EE (Infheistíocht Phríobháideach don Éifeachtúlacht Fuinnimh) agus NCFF (An tSaoráid Nádúrtha um Infheistíocht Chaipitil), arna chomhmhaoiniú ag an Choimisiún agus ag an Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) ar scála trialach.
Caithfear 81% ar a laghad d’acmhainní LIFE ar thionscadail.
Áirítear le príomhchuspóirí LIFE:
Tá trí réimse thosaíochta san fhochlár comhshaoil (75% den bhuiséad):
Cuimsíonn na tosaíochtaí seo seacht dtosaíocht théamacha: nádúr agus bithéagsúlacht; uisce, lena n-áirítear an mhuirtimpeallacht; dramhaíl; éifeachtúlacht acmhainní, lena n-áirítear ithir agus foraoisí agus an comhshaol glas agus ciorclach; an comhshaol agus an tsláinte, lena n-áirítear ceimiceáin agus torann; caighdeán an aeir agus astaíochtaí, lena n-áirítear an timpeallacht uirbeach; agus faisnéis agus rialachas.
Tá trí réimse thosaíochta san fhochlár athraithe aeráide (25% den bhuiséad):
Leithdháiltí náisiúnta
Le linn an chéad chlár oibre ilbhliantúil (2014-2017), cuirtear leithdháiltí náisiúnta i bhfeidhm ar thionscadail “traidisiúnta” amháin (.i. dea-chleachtas, taispeántas, triail nó faisnéis, feasacht agus scaipeadh) agus ar an NCFF faoin fhochlár comhshaoil. Ó 2018 ar aghaidh, roghnófar na tionscadail seo ar bhonn fiúntais amháin.
Raon críochach
Is féidir le tíortha nach tíortha den AE iad páirt a ghlacadh sa chlár LIFE, bunaithe ar chomhaontú sonrach leis an Choimisiún. Is féidir dul i mbun gníomhaíochtaí cláir lasmuigh den AE, agus comhoibriú le comhlachtaí idirnáisiúnta, i gcúinsí áirithe.
Is é buiséad iomlán an Chláir LIFE 2014-20 ná beagnach €3,456.7 milliún.
Breis faisnéise:
Láithreán Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le LIFE agus le cur i láthair.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 |
1.1.2014 |
- |
IO L 347, 20.12.2013, lgh. 185-208 |
ACHTANNA GAOLMHARA
Cinneadh Réime 2014/203/AE ón gCoimisiún an 19 Márta 2014 maidir le glacadh le clár oibre ilbhliantúil LIFE don tréimhse 2014-17. (IO L 116, 17.4.2014, lgh. 1-56).
Nuashonraithe 16.06.2014