Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fuinneamh slán, inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil - Pacáiste an aontais fuinnimh

Tá dúshláin dhomhanda os comhair chóras fuinnimh an Aontais Eorpaigh (AE). Mar sin, caithfidh na tíortha AE teacht le chéile agus obair a dhéanamh le chéile chun fuinneamh slán, inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil do thomhaltóirí.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta - Creatstraitéis um aontas seasmhach fuinnimh a bhfuil beartas aeráide réamhbhreathnaitheach aige (COM(2015) 80 final an 25 Feabhra 2015)

ACHOIMRE

Tá dúshláin dhomhanda os comhair chóras fuinnimh an Aontais Eorpaigh (AE). Mar sin, caithfidh na tíortha AE teacht le chéile agus obair a dhéanamh le chéile chun fuinneamh slán, inacmhainne agus inbhuanaithe a chur ar fáil do thomhaltóirí.

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Leagtar amach sa teachtaireacht seo an straitéis a thacaíonn le pacáiste an aontais fuinnimh atá molta ag AE. Déantar fuinneamh a rialú ar leibhéal náisiúnta in AE, ach féachtar leis an aontas fuinnimh córas fuinnimh AE a athrú go hiomlán, córas a bhfuil 28 gcreat náisiúnta faoi chreat AE amháin ann faoi láthair.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach sa teachtaireacht cúig phríomhdhiminsean ar a mbunaítear straitéis an aontais fuinnimh, diminsin a chuirfidh le slándáil, le hinbhuanaitheacht agus le hiomaíocht.

Slándáil an tsoláthair

Chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a chinntiú, caithfidh AE:

  • foinsí fuinnimh a éagsúlú, lena n-áirítear úsáid níos éifeachtaí a bhaint as foinsí dúchasacha fuinnimh;
  • agus a chomharsana (lena n-áirítear na hocht dtír neamh-AE, ar baill den Phobal Fuinnimh iad) obair as lámha a chéile le linn easpa nó ghéarchéim fuinnimh;
  • comhlacht a chur ar bun a bheadh freagrach as gás a chomhcheannach le linn géarchéime.

Laghdú astaíochtaí

Áirítear le spriocanna fuinnimh 2030 AE laghdú 40 % ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990. Chun é sin a bhaint amach, rachfar i mbun na ngníomhaíochtaí seo a leanas, i measc gníomhaíochtaí eile:

  • athbhreithniú a dhéanamh ar scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí (ETS) agus infheistíocht i dteicneolaíochtaí agus i mbonneagar nua a spreagadh;
  • bheith ina cheannaire domhanda maidir le fuinneamh in-athnuaite, amhail grianfhuinneamh agus cumhacht na gaoithe.

Margadh inmheánach atá comhtháite go hiomlán

Cuirfear margadh inmheánach fuinnimh AE, atá comhtháite go hiomlán, i bhfeidhm trí:

  • níos mó idirnascairí idir na tíortha AE chun sreabhadh fuinnimh tapa agus saor in aisce a spreagadh;
  • obair agus cothabháil níos mó a dhéanamh ar an mbonneagar riachtanach;
  • iomaíocht níos fearr idir na soláthraithe, rud a d’fhéadfadh praghsanna a ísliú.

Éifeachtúlacht fuinnimh

Má thagann laghdú ar an ídiú fuinnimh, creideann AE go dtiocfaidh laghdú freisin ar iompórtálacha fuinnimh agus ar an truailliú agus go dtiocfaidh feabhas ar chaomhnú na n-acmhainní inmheánacha fuinnimh. Leagtar béim ach go háirithe sa teachtaireacht ar an riachtanas atá ann cur le hinfheistíocht, agus le feasacht faoin méid fuinnimh a d’fhéadfaí a chaomhnú, sna hearnálacha foirgníochta agus iompair.

Taighde agus nuálaíocht

Measann AE go ndéanfar dul chun cinn maidir le teicneolaíochtaí ísealcharbóin. Ba cheart go ndéanfar an dul chun cinn sin trí thionscadail taighde agus mhaoinithe a chomhordú i gcomhpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach.

Féach an t-aontas fuinnimh ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Nuashonraithe 26.08.2015

Top