Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Díospóidí tomhaltóra-trádálaí a eascraíonn as siopadóireacht ar líne a réiteach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne ar dhíospóidí tomhaltóirí

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Is é is aidhm leis ardán (láithreán gréasáin) umréiteach díospóidídarlíne(ODR) a chruthú ar leibhéal AE.
  • Beidh tomhaltóirí agus trádálaithe in ann feidhm a bhaint as an ardán chun díospóidí a réiteach nuair a bhíonn fadhb acu le táirge nó le seirbhís a cheannaigh siad aon áit san Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Glacann an dá pháirtí agus an comhlacht idirghabhála (Réiteach Malartach Díospóidí nó ADR) atá roghnaithe acu páirt sa nós imeachta um ghearán. Oibríonn páirtí neodrach amhail ombudsman nó idirghabhálaí do na comhlachtaí seo - feidhmíonn cuid de na comhlachtaí ar líne. Tá an t-ombudsman nó an t-idirghabhálaí freagrach as réiteach a mholadh nó a fhorchur nó as na páirtithe a thabhairt le chéile chun réiteach a aimsiú.

Is féidir an nós imeachta iomlán a chur i gcrích go tapa ar líne agus mar sin ba chóir an chuid is mó de dhíospóidí a réiteach laistigh de 90 lá.

An t-ardán ODR

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an t-ardán ODR a fhorbairt, a fheidhmiú agus a chothabháil. Seolfar an t-ardán i mí Eanáir 2016, ardán a bheidh:

  • ina láithreán gréasáin idirghníomhach atá furasta le húsáid;
  • ar oscailt do thomhaltóir nó do thrádálaí ar bith san AE;
  • ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an AE;
  • saor in aisce.

Tá feidhmeanna éagsúla ag an ardán, m.sh. foirm leictreonach gearáin a chur ar fáil, an páirtí freagartha a chur ar an eolas maidir leis an ghearán, údaráis náisiúnta idirghabhála a aithint, agus cásbhainistiú leictreonach.

Ní mór pointe teagmhála ODR amháin a bheith ainmnithe ag gach Ballstát den AE, a óstálann beirt chomhairleoirí ODR ar a laghad. Chomh maith leis sin, cuirfidh an Coimisiún líonra de phointí teagmhála ODRar bun.

A luaithe is a chuirtear an fhoirm leictreonach ghearáin isteach ar an ardán ODR déanfar teagmháil go tapa leis an pháirtí freagartha agus iarrfar freagairt uaidh. Chomh maith leis sin, tarchuirfear an gearán chuig an chomhlacht idirghabhála a roghnaigh na páirtithe. Má tá an comhlacht idirghabhála sásta déileáil leis an díospóid, déanfar an-iarracht an díospóid a réiteach go tapa agus torthaí an nós imeachta a chur isteach ar an ardán ODR.

Réiteach Malartach Díospóidí

Is féidir rochtain a dhéanamh ar an ardán ODR tríd an tairseach “An Eoraip Agatsa”. Chomh maith leis sin, beidh an t-ardán ceangailte leis na comhlachtaí náisiúnta idirghabhála go léir a cuireadh ar bun agus a cuireadh in iúl don Choimisiún Eorpach, de réir threoir AE um réiteach malartach díospóidí (ADR).

Glacadh leis na Rialacháin ODR agus ADR araon i mí na Bealtaine 2013.

Tá ardán ODR inrochtana do thomhaltóirí agus do thrádálaithe ón 15 Feabhra 2016 i leith.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 9 Eanáir 2016.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach díospóidí ar líne ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Rialachán maidir le ODR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lgh. 1–12)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, pp. 63–79)

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2015/1051 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2015 maidir le rialacha mionsonraithe a bhaineann le feidhmiú ardán an réitigh díospóidí ar líne, maidir le rialacha mionsonraithe na foirme leictreonaí gearán agus rialacha mionsonraithe maidir leis an gcomhar idir pointí teagmhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 524/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le réiteach díospóidí ar líne ar dhíospóidí tomhaltóirí (IO L 171, 2.7.2015, lgh. 1–4).

Nuashonraithe 30.08.2016

Top