Tar éis meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir maidir le Mótarárachas, a glacadh ar dtús in 1972 agus a leasaíodh roinnt uaireanta, thángthas ar an gconclúid go bhfeidhmíonn an Treoir go maith ar an iomlán ach go raibh tionchar diúltach ar a héifeachtacht ag dhá ghné:
1.Cosaint neamh-leordhóthanach d’íospartaigh timpistí mótarfheithiclí. Tá dhá fhachtóir i gceist leis sin:
oAr dtús, nuair a éiríonn mótarárachóir dócmhainneach sula níoctar na héilimh óna shealbhóirí polasaí, níl dlíthe ann ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go níoctar na híospartaigh go mear, go háirithe más rud é go bhfuil an tárachóir ag soláthar árachais trasteorann faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. I gcásanna dócmhainneachta den chineál sin le déanaí, cuireadh moilleanna suntasacha ar chúiteamh a íoc le híospartaigh.
oNí hionann íosmhéideanna cumhdaigh mótarárachais éigeantacha, atá leagtha síos sa Treoir ó bhí 2005 ann, i ngach Ballstát mar gheall ar thréimhsí tagartha éagsúla, nach bhfuil iomchuí a thuilleadh, le haghaidh roinnt Ballstát.
2.Tionchar diúltach ag cóireáil dhifreálach agus iompar an tsaorthairbhí ar shealbhóirí polasaí. Sa chás sin tá dhá fhachtóir ann:
oNuair a aistríonn sealbhóir polasaí a áit chónaithe go Ballstát eile, ní chuireann mótarárachóirí sa Bhallstát cónaithe nua stair a éileamh (lena dtugtar rátáil “bónas cheal éilimh” nó rátáil “bonus-malus”) san áireamh i gcónaí.
oIs é an toradh ar ardleibhéal tiomána neamhárachaithe, préimheanna árachais níos airde ná mar is gnách do shealbhóirí polasaí (is le cistí ráthaíochta a áirithítear íocaíocht na níospartach sna cásanna sin ach maoinítear iad le tobhach ar pholasaithe mótarárachais, rud ag a mbíonn tionchar ar shealbhóirí polasaí).
Sa bhreis air sin, i roinnt breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais, tugadh soiléirithe tábhachtacha lena ndeimhnítear raon feidhme na Treorach (cad iad na feithiclí agus na cásanna atá faoi réir oibleagáid cumhdaigh mótarárachais). Ba é códú an chásdlí atá ann cheana an rogha bheartais a beartaíodh maidir leis sin agus, dá bhrí sin, ní thagann sé faoi raon feidhme an mheasúnaithe tionchair seo.
|