EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021D1208

Cinneadh (AE) 2021/1208 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2003/76/CE lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, ar Prótacal é atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach

ST/9399/2021/REV/1

OJ L 261, 22.7.2021, p. 54–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1208/oj

22.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 261/54


CINNEADH (AE) 2021/1208 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Iúil 2021

lena leasaítear Cinneadh 2003/76/CE lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, ar Prótacal é atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Phrótacal (Uimh. 37) maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2, an chéad mhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuaigh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach in éag an 23 Iúil 2002 i gcomhréir le hAirteagal 97 den Chonradh sin. Aistríodh sócmhainní agus dócmhainní uile an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) chuig an Aontas an 24 Iúil 2002.

(2)

I gcomhréir le Prótacal (Uimh. 37), táthar chun glanluach na sócmhainní agus na ndócmhainní, faoi mar a thaispeántar iad i gclár comhardaithe CEGC an 23 Iúil 2002, a mheas mar shócmhainní atá ceaptha le haghaidh taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach, dá ngairtear “CEGC faoi leachtú”, agus, dá ngairtear, ar an leachtú a bheith críochnaithe, “sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach”.

(3)

Foráiltear le Prótacal (Uimh. 37) freisin go bhfuiltear chun leas eisiach a bhaint as an ioncam ó na sócmhainní sin, dá ngairtear “An Ciste Taighde um Ghual agus Cruach” (RFCS), le haghaidh taighde, lasmuigh den chlár réime taighde, sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach i gcomhréir le forálacha Phrótacal (Uimh. 37) agus gníomhartha arna nglacadh ar bhonn an phrótacail sin.

(4)

An 1 Feabhra 2003 ghlac an Chomhairle Cinneadh 2003/76/CE (2), lena mbunaítear na rialacha le haghaidh Phrótacal (Uimh. 37) a chur chun feidhme.

(5)

De bharr an chomhthéacs rátaí ísle úis, tá na hioncaim arna sannadh do chistiú na dtionscadal taighde maidir le gual agus cruach ag laghdú go gasta. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh nach mbainfí amach an t-íosbhuiséad criticiúil atá ann chun glao bliantúil ar thograí a eagrú le haghaidh chlár taighde de chuid RFCS (“an clár”). Tá gá le híosbhuiséad criticiúil le haghaidh glao a eagrú ionas go mbeidh an clár in ann tacaíocht fhónta a thabhairt do thionscadail taighde chomhoibríocha fhiúntacha a bhfuil an mhais chriticiúil agus an breisluach Aontais acu chun feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht, an iomaíochas, an tsláinte, an tsábháilteacht agus dálaí oibre sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach, agus an tionchar atá ag na hearnálacha sin ar an gcomhshaol a laghdú.

(6)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, thug an Coimisiún gealltanas tacú le teicneolaíochtaí ceannródaíocha don chruach glan lena mbainfear próiseas déanta cruach atá beagnach saor ó charbón amach faoi 2030. Chun an méid sin a chumasú, thug an Coimisiún gealltanas féachaint an bhféadfaí cuid den chistiú faoin CEGC faoi leachtú a úsáid.

(7)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an bplean dar teideal European Green Deal Investment Plan [Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip], bhí an Coimisiúin den tuairim, chun spriocanna an Aontais a bhaint amach, gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar bhunúis dlí RCFS chun go mbeifear in ann sócmhainní CEGC faoi leachtú a úsáid agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní RFCS a úsáid.

(8)

Ba cheart go gceadófaí sciar de shócmhainní CEGC faoi leachtú a dhíol agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní RFCS a dhíol chun tionscadail taighde sna hearnálacha guail agus cruach a mhaoiniú, ar choinníoll go gcoinneofar cúlchistí chun na hoibleagáidí teoranta atá fágtha a ráthú, atá mar thoradh ar aon dócmhainn nárbh fhéidir a thuar, agus ar choinníoll go ndéanfar cuid réasúnach de na sócmhainní nach bhfuil gá léi a thuilleadh chun na hoibleagáidí sin a ráthú a infheistiú chun ioncaim a ghiniúint.

(9)

D’fhéadfadh go mbeadh gá sciar de shócmhainní CEGC faoi leachtú a dhíol agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní RFCS a dhíol chun leithdháileadh bliantúil EUR 111 mhilliún a sholáthar do RFCS go dtí 2027. Bainfear úsáid as an leithdháileadh sin mar a leanas: le EUR 40 milliún in aghaidh na bliana maoineofar taighde comhoibríoch in earnálacha an ghuail agus na cruach agus leis an EUR 71 mhilliún atá fágtha maoineofar teicneolaíochtaí ceannródaíocha lena mbainfear amach próiseas déanta cruach atá beagnach saor ó charbón agus tionscadail taighde maidir le haistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá á ndúnadh, agus bonneagar gaolmhar i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus i gcomhlíonadh Airteagal 4(2) de Chinneadh 2003/76/CE. Tá an fhéidearthacht sciar de shócmhainní CEGC faoi leachtú a dhíol agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní RFCS a dhíol teoranta do leithdháiltí bliantúla do na blianta airgeadais 2021–2027 a mhaoiniú.

(10)

Ba cheart, mar sin, gan RFCS a mhaoiniú leis an nglanioncam ó na hinfheistíochtaí amháin ach, i gcás inar gá, leis an ioncam arna ghiniúint trí chuid de shócmhainní RFCS a dhíol freisin, go feadh an mhéid a bheartaítear don tréimhse 2021–2027.

(11)

Ba cheart na forálacha lena leagtar síos an nós imeachta maidir le glacadh na dtreoirlínte airgeadais ilbhliantúla le haghaidh na sócmhainní a bhainistiú agus iad sin lena leagtar síos an nós imeachta maidir le treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir a scriosadh, mar go cumhdaítear iad le hAirteagal 2(2) de Phrótacal (Uimh. 37) agus go bhfuil siad iomarcach dá bhrí sin.

(12)

Ba cheart deireadh a chur leis an sásra smúdála dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Chinneadh 2003/76/CE toisc gur uirlis é atá imithe i léig.

(13)

Ba cheart mír nua a chur isteach in Airteagal 1 de Chinneadh 2003/76/CE chun go bhféadfar éilimh a dhíscríobh bunaithe ar na prionsabail a bunaíodh le hAirteagal 101(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (“an Rialachán Airgeadais”).

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2003/76/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2003/76/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfaidh an Coimisiún éilimh a dhíscríobh, fiú mura mbeidh na leigheasanna sin uile ídithe, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach mbeadh an costas aisghabhála is intuartha os cionn an mhéid atá le haisghabháil agus nach ndéanfadh an díscríobh dochar d’íomhá an Aontais;

(b)

i gcás nach féidir an t-éileamh a aisghabháil i bhfianaise dhócmhainneacht an fhéichiúnaí, nó aon imeachtaí dócmhainneachta eile;

(c)

i gcás nach bhfuil aisghabháil ag teacht le prionsabal na comhréireachta.”.;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

1.   Bainisteoidh an Coimisiún na sócmhainní ar dhóigh a choimeádfaidh leithdháileadh an Chiste Taighde do Ghual agus Cruach bliantúil EUR 111 mhilliún go dtí an bhliain 2027 chun taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach a mhaoiniú, eadhon EUR 40 milliún chun taighde comhoibríoch sna hearnálacha sin a mhaoiniú agus EUR 71 mhilliún chun taighde le haghaidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha lena mbainfear amach próiseas déanta cruach atá beagnach saor ó charbón a mhaoiniú agus chun tionscadail taighde agus nuálaíochta maidir le haistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá á ndúnadh a mhaoiniú, agus bonneagar gaolmhar i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus i gcomhlíonadh Airteagal 4(2). Tar éis na bliana 2027, bainisteoidh an Coimisiún na sócmhainní ar dhóigh a áiritheoidh fáltas fadtéarmach. Déanfar na sócmhainní a infheistiú agus é mar chuspóir luach na sócmhainní sin a chaomhnú, nó i gcás inarb fhéidir, iad a fheabhsú.

2.   Ba cheart an leithdháileadh bliantúil arb é EUR 111 mhilliún a bheith comhdhéanta den ghlanioncam ó na hinfheistíochtaí agus, mura leor an t-ioncam sin, cuid de shócmhainní CEGC faoi leachtú a dhíol agus, ar an leachtú a bheith críochnaithe, sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach a dhíol.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

1.   Dréachtófar cuntas brabúis agus caillteanais, clár comhardaithe agus tuarascáil airgeadais gach bliain chun go léireofar, ar leithligh ó oibríochtaí airgeadais eile an Aontais, na hoibríochtaí leachtaithe dá bhforáiltear in Airteagal 1 agus na hidirbhearta infheistíochta agus oibríochtaí bainistíochta sócmhainní faoi Airteagal 2.

Cuirfear na tuarascálacha airgeadais seo i gceangal leis na ráitis airgeadais arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún go bliantúil faoi Airteagal 318 CFAE agus faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) (“an Rialachán Airgeadais”).

2.   Cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí maidir le rialú agus urscaoileadh mar a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus sa Rialachán Airgeadais, beidh feidhm acu maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1.

(*1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).”;"

(4)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ioncam i mbuiséad ginearálta an Aontais a bheidh sa ghlanioncam ó infheistíochtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 2 agus san ioncam a ghintear trí chuid de na sócmhainní a dhíol. Cuirfear an t-ioncam sin in áirithe chun críche sonraí, eadhon tionscadail taighde sna hearnálacha atá gaolmhar leis an tionscal guail agus cruach nach gcumhdaítear leis an gClár Réime um Thaighde a mhaoiniú. Is é an Ciste Taighde um Ghual agus Cruach a bheidh ann agus is é an Coimisiún a bhainisteoidh é.”;

(b)

scriostar mír 3;

(5)

in Airteagal 5, scriostar mír 2;

(6)

scriostar an Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PODGORŠEK


(1)  Toiliú an 7 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2003/76/CE ón gComhairle an 1 Feabhra 2003 lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach (IO L 29, 5.2.2003, lch. 22).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


Top