EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020L0285

Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d'fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d'fhiontair bheaga

ST/14527/2019/INIT

OJ L 62, 2.3.2020, p. 13–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/285/oj

2.3.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 62/13


TREOIR (AE) 2020/285 ÓN GCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2020

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d'fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d'fhiontair bheaga

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceadaítear le Treoir 2006/112/CE (3) ón gComhairle do na Ballstáit leanúint dá scéimeanna speisialta a chur i bhfeidhm maidir le fiontair bheaga i gcomhréir le forálacha coiteanna agus d'fhonn comhchuibhiú níos dlúithe a bhaint amach. Tá na forálacha sin as dáta, áfach, agus ní laghdaíonn siad an t‐ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga toisc gur ceapadh iad do chóras comhchoiteann cánach breisluacha (CBL) bunaithe ar chánachas sa Bhallstát tionscnaimh.

(2)

Sa phlean gníomhaíochta ón gCoimisiún maidir le CBL, d'fhógair sé pacáiste cuimsitheach simplithe le haghaidh fiontair bheaga a bhfuil sé mar aidhm aige díriú ar a n‐ualach riaracháin a laghdú agus ar chuidiú le timpeallacht fhioscach a chruthú chun a bhfás chomh maith le forbairt trádála trasteorann a éascú. Is éard atá i gceist le pacáiste simplithe ná athbhreithniú ar an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga mar a leagtar amach sa Teachtaireacht maidir leis an obair leantach ar phlean gníomhaíochta CBL. Dá bhrí sin, tá an t‐athbhreithniú ar an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga ina eilimint thábhachtach den phacáiste athchóirithe a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta CBL.

(3)

Ba cheart, chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir leis an ualach díréireach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga dhíolmhaithe, bearta simplithe áirithe a chur ar fáil dóibh freisin.

(4)

Ní cheadaítear leis an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga faoi láthair ach díolúine a dheonú d'fhiontair a bunaíodh sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite. Tá tionchar diúltach aige sin ar an iomaíocht sa mhargadh inmhéanach i dtaca le fiontair nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin. Chun aghaidh a thabhairt air sin agus tuilleadh saofa a sheachaint, ba cheart cead a bheith ag fiontair bheaga, atá bunaithe i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil CBL dlite, tairbhe a bhaint as an díolúine.

(5)

I gcás ina mbeidh duine inchánach faoi réir an chórais rialta CBL ina Bhallstát bunaíochta ach go mbaineann sé leas as an díolúine CBL d'fhiontair bheaga i mBallstát eile, ba cheart go léireofaí leis an asbhaint cánach ionchuir nasc le soláthairtí cánach an duine inchánach. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfaighidh na daoine inchánacha sin ionchuir sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe atá bainteach le soláthairtí díolmhaithe i mBallstáit eile, níor cheart a bheith in ann aon asbhaint CBL ar ionchur a dhéanamh.

(6)

Ní fhéadfaidh fiontair bheaga tairbhe a bhaint as an díolúine ach amháin i gcás ina bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi bhun na tairsí arna cur i bhfeidhm ag an mBallstát ina bhfuil CBL dlite. Agus a dtairseach á socrú acu, ba cheart do na Ballstáit cloí leis na rialacha maidir le tairseacha a leagtar amach le Treoir 2006/112/CE. Níl na rialacha sin, ar cuireadh an chuid is mó acu i bhfeidhm in 1977, oiriúnach a thuilleadh.

(7)

Chun críocha an tsimplithe, údaraíodh roinnt Ballstát tairseach a chur i bhfeidhm is airde ná an tairseach a údaraítear faoi Threoir 2006/112/CE ar bhonn sealadach. Ós rud é nach iomchuí leanúint de rialacha ginearálta a mhodhnú trí úsáid a bhaint as bearta a dheonaítear trí mhaolú, ba cheart na rialacha maidir le tairseacha a thabhairt cothrom le dáta.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a dtairseach náisiúnta a shocrú don díolúine ar an leibhéal is fearr a oireann dá ndálaí eacnamaíocha agus polaitiúla, faoi réir na huastairsí dá bhforáiltear faoin Treoir seo. Maidir leis sin, i gcás ina gcuirfidh Ballstáit tairseacha éagsúla i bhfeidhm d'earnálacha éagsúla gnó, ba cheart a shoiléiriú gur ghá é sin a bhunú ar chritéir oibiachtúla. I gcás ina mbeidh duine inchánach incháilithe chun tairbhe a bhaint as níos mó ná tairseach earnála amháin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach féidir leis an duine inchánach ach ceann amháin de na tairseacha sin a úsáid. Ba cheart dóibh a áirithiú freisin nach ndéanfar idirdhealú ina dtairseacha idir daoine inchánacha bunaithe agus neamhbhunaithe.

(9)

Ní bheidh sa tairseach láimhdeachais bhliantúil, arb é an bonn leis an díolúine atá curtha ar bun ag an scéim speisialta a leagtar síos sa Treoir seo, ach comhluach na soláthairtí earraí agus seirbhísí arna ndéanamh ag fiontar beag sa Bhallstát ina ndeonaítear an díolúine. D'fhéadfadh saobhadh iomaíochta teacht chun cinn i gcás ina bhféadfadh fiontar, nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin, tairbhe a bhaint as díolúine den sórt sin gan beann ar an láimhdeachas a ghineann sé i mBallstáit eile. Chun saobhadh den sórt sin ar an iomaíocht a mhaolú agus mar choimirce ar ioncam cánach, níor cheart ach na fiontair sin a bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi bhun tairseach áirithe a bheith incháilithe do dhíolúine i mBallstát nach bhfuil siad bunaithe ann. Maidir le fiontair a bhfuil a láimhdeachas sa Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe faoi bhun na tairsí náisiúnta, ba cheart dóibh a bheith in ann leanúint de sholáthairtí díolmhaithe a dhéanamh sa Bhallstát sin gan beann ar an láimhdeachas a ghineann siad i mBallstáit eile, fiú má sháraíonn a láimhdeachas iomlán tairseach an Aontais.

(10)

Chun rialú éifeachtach ar fheidhmiú na díolúine a cheadú agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis is gá, ba cheart a cheangal ar dhaoine inchánacha ar mian leo leas a bhaint as an díolúine i mBallstát nach bhfuil siad bunaithe ann réamhfhógra a thabhairt don Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Ar mhaithe le simpliú agus laghdú ar chostais chomhlíonta, níor cheart na daoine inchánacha sin a shainaithint ach le huimhir aonair sa Bhallstát bunaíochta amháin. D'fhéadfadh sé gur uimhir aitheantais aonair CBL a bheadh san uimhir sin, ach ní gá gurb í an uimhir sin.

(11)

Chun feidhmiú agus faireachán cuí na díolúine chomh maith le tarchur tráthúil faisnéise a áirithiú, ba cheart oibleagáidí tuairiscithe do dhaoine inchánacha a bhaineann leas as an díolúine i mBallstát nach bhfuil siad bunaithe ann a leagan amach go soiléir. Ba cheart leis sin, go bhféadfaí daoine inchánacha comhlíontacha a scaoileadh ó na hoibleagáidí sin agus ón oibleagáid chlárúcháin i mBallstáit nach an Ballstát bunaíochta iad. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal, i gcás nach gcomhlíonfaidh daoine inchánacha neamhbhunaithe na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach go sonrach dóibh, go gcaithfidh siad oibleagáidí ginearálta clárúcháin agus tuairiscithe CBL a leagtar amach i ndlíthe náisiúnta CBL a chomhlíonadh.

(12)

D'fhonn neamhréireachtaí a sheachaint i ríomh láimhdeachais bhliantúil an Bhallstáit a úsáidfear mar thagairt chun an díolúine a chur i bhfeidhm, agus i ríomh láimhdeachais bhliantúil an Aontais, ba cheart eilimintí an láimhdeachais atá le cur san áireamh a shonrú.

(13)

Chun imchéimniú na rialacha maidir leis an díolúine d'fhiontair bheaga a chosc agus chun cuspóir na díolúine sin a chaomhnú, níor cheart do dhuine inchánach, cibé acu atá nó nach bhfuil sé bunaithe sa Bhallstát ina ndeonaítear an díolúine, a bheith in ann tairbhe a bhaint as an díolúine i gcás inar sáraíodh an tairseach náisiúnta a leagtar síos inti sa bhliain féilire roimhe sin. Ar na cúiseanna céanna, níor cheart do dhuine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát ina ndeonaítear an díolúine a bheith in ann tairbhiú den díolúine i gcás inar sáraíodh tairseach bhliantúil láimhdeachais an Aontais sa bhliain féilire roimhe sin.

(14)

Chun a áirithiú go n‐aistreofar na fiontair bheaga de réir a chéile ón díolúine go cánachas, ba cheart cead a bheith ag daoine inchánacha leanúint de thairbhe a bhaint as an díolúine d'fhiontair bheaga ar feadh tréimhse theoranta ama i gcás nach mó a láimhdeachas ná an tairseach dhíolúine náisiúnta de mhéid is mó ná céatadán socraithe den tairseach sin. Ós rud é gur féidir le leibhéil na dtairseach a chuirfear i bhfeidhm a bheith éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an rogha a dhéanamh ceann amháin den dá chéatadán atá molta a chur i bhfeidhm ar choinníoll nach sáróidh láimhdeachas díolmhaithe an duine inchánach méid áirithe seasta mar thoradh chur i bhfeidhm an chéatadáin. I gcás ina sárófar tairseach láimhdeachais bhliantúil an Aontais le linn bliain féilire, is gá, i bhfianaise fheidhm na tairsí mar choimirce ioncaim, go scoirfidh an díolúine d'fheidhm a bheith aici ón tráth sin.

(15)

I gcás ina mbeidh feidhm ag díolúine, ba cheart rochtain ar a laghad a bheith ag fiontair bheaga a bhaineann leas as an díolúine sa Bhallstát bunaíochta, ar nós imeachta clárúcháin CBL laistigh de thréimhse ama áirithe. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit síneadh a chur leis an tréimhse ama sin i gcásanna sonracha inar gá mionseiceálacha a dhéanamh chun imghabháil cánach nó seachaint cánach a chosc.

(16)

Ba cheart do na fiontair bheaga a bhaineann leas as an díolúine sa Bhallstát bunaíochta, rochtain ar oibleagáidí simplithe tuairiscithe, ar a laghad, a bheith acu.

(17)

De bhreis ar dhíolúine ó CBL a dheonú, ceadaítear faoiseamh cánach grádaithe leis na scéimeanna speisialta freisin. Is foinse chastachta é faoiseamh cánach grádaithe agus is beag a chuidíonn sé leis an ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga a laghdú. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an mbeart sin.

(18)

Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an ceart a thabhairt do dhaoine inchánach roghnú idir córas ginearálta CBL agus an scéim speisialta d'fhiontair bheaga. Má fheidhmíonn an duine inchánach an ceart sin, is iomchuí é a fhágáil faoi na Ballstáit na rialacha agus na coinníollacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an rogha sin a fheidhmiú.

(19)

Níor cheart oibleagáidí nua clárúcháin nó tuairiscithe d'fhiontair bheaga nach mbaineann leas as an díolúine a bheith sa Treoir seo ach amháin saBhallstát bunaíochta.

(20)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon an t‐ualach comhlíonta atá ar fhiontair bheaga a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (4), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n‐ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(22)

Chun a áirithiú gur féidir faireachán cuí a dhéanamh ar na bearta simpliúcháin a leagtar amach i dTreoir 2006/112/CE, a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta i gcomhair fiontair bheaga, is gá Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (5) ón gComhairle a leasú ionas go mbeidh rochtain uathoibrithe ag údaráis inniúla ábhartha na mBallstát ar na sonraí a bhailítear ó na daoine inchánacha a bhaineann tairbhe as an díolúine CBL d'fhiontair bheaga.

(23)

Ionas go mbeidh rochtain éasca ag fiontair bheaga ar na forálacha a bhaineann leis an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga i ngach Ballstát, ba cheart na forálacha sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

(24)

Thug Coiste na Réigiún tuairim an 10 Deireadh Fómhair 2018 (6).

(25)

Ba cheart mar sin Treoir 2006/112/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 904/2010 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)

i bpointe (b) d'Airteagal 2(1), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

duine inchánach atá ag gníomhú sa cháil sin dó, nó duine dlítheanach neamh-inchánach, i gcás inar duine inchánach an díoltóir atá ag gníomhú sa cháil sin agus nach bhfuil incháilithe don díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284 agus nach gcumhdaítear le hAirteagal 33 ná 36;”;

(2)

Leasaítear Airteagal 139 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:

“Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 138(1) maidir le soláthar earraí a dhéanann daoine inchánacha atá cumhdaithe, laistigh den Bhallstát ina ndéantar an soláthar, leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284.”;

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 138(2) maidir le soláthar táirgí a ngearrtar dleacht mháil orthu a dhéanann daoine inchánacha atá cumhdaithe, laistigh den Bhallstát ina ndéantar an soláthar, leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284.”;

(3)

Leasaítear Airteagal 167a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

“Leagfaidh na Ballstáit a chuireann an scéim roghnach dá dtagraítear sa chéad mhír i bhfeidhm tairseach síos do dhaoine inchánacha a úsáideann an scéim sin laistigh dá gcríoch, bunaithe ar láimhdeachas bliantúil an duine inchánach arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 288. Ní fhéadfaidh an tairseach sin a bheith níos airde ná EUR 2 000 000 nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta”;

(b)

scriostar an tríú mír;

(4)

in Airteagal 169, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

idirbhearta, seachas na hidirbhearta sin atá díolmhaithe faoi Airteagal 284, a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 9(1), a dhéantar lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil an cháin sin dlite nó íoctha, a mbeadh CBL inasbhainte ina leith dá ndéanfaí na gníomhaíochtaí sin laistigh den Bhallstát sin;”;

(5)

in Airteagal 220a(1) cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(c)

i gcás ina bhfuil an duine inchánach ag baint tairbhe as an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284.”;

(6)

in Airteagal 270, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

nach mó ná EUR 35 000, nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta, thar mhéid an láimhdeachais bhliantúil a úsáidtear mar thagairt do dhaoine inchánach a chumhdaítear leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284, luach bliantúil iomlán, ar leith ó CBL, a soláthairtí earraí agus seirbhísí;”;

(7)

scriostar pointe (d) in Airteagal 272(1);

(8)

i dTeideal XII, Caibidil 1, cuirtear isteach Roinn mar a leanas:

Roinn -1

Sainmhínithe

Airteagal 280a

Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)

ciallaíonn “láimhdeachas bliantúil Ballstáit” luach bliantúil iomlán na soláthairtí earraí agus seirbhísí, ar leith ó CBL, arna ndéanamh ag duine inchánach laistigh den Bhallstát sin le linn bliain féilire;

(2)

ciallaíonn 'láimhdeachas bliantúil an Aontais' luach bliantúil iomlán na soláthairtí earraí agus seirbhísí, ar leith ó CBL, arna ndéanamh ag duine inchánach laistigh de chríoch an Chomhphobail le linn bliain féilire.”;

(9)

i dTeideal XII, Caibidil 1, cuirtear an méid a leanas in ionad cheannteideal Roinn 2:

“Díolúintí”;

(10)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 282:

“Airteagal 282

Beidh feidhm ag na díolúintí dá bhforáiltear sa Roinn seo maidir le soláthar earraí agus seirbhísí ag fiontair bheaga.”;

(11)

in Airteagal 283(1), scriostar pointe (c);

(12)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 284:

“Airteagal 284

1.   Féadfaidh na Ballstáit soláthar earraí agus seirbhísí arna ndéanamh laistigh dá gcríoch ag daoine inchánacha atá bunaithe sa chríoch sin a dhíolmhú, más rud é nach sáraíonn láimhdeachas bliantúil an Bhallstáit sin, atá inchurtha i leith soláthairtí den sórt sin, an tairseach arna socrú ag na Ballstáit sin chun an díolúine seo a chur i bhfeidhm. Ní bheidh an tairseach sin níos airde ná EUR 85 000 nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta.

Féadfaidh na Ballstáit tairseacha éagsúla a shocrú d'earnálacha éagsúla gnó bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Ní sháróidh aon cheann de na tairseacha sin, áfach, tairseach EUR 85 000 nó a choibhéis in airgeadra náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh duine inchánach atá incháilithe tairbhe a bhaint as níos mó ná tairseach earnála amháin ach ceann amháin de na tairseacha sin a úsáid.

Ní dhéanfar idirdhealú leis na tairseacha a leagann Ballstát síos idir daoine inchánacha atá bunaithe sa Bhallstát sin agus iad siúd nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát sin.

2.   Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an díolúine faoi mhír 1 curtha i bhfeidhm acu, deonóidh siad an díolúine sin do na soláthairtí earraí agus seirbhísí ina gcríoch féin arna ndéanamh ag daoine inchánacha atá bunaithe i mBallstát eile, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(a)

nach mó ná EUR 100 000 láimhdeachas bliantúil an duine inchánach sin san Aontas;

(b)

nach mó luach na soláthairtí sa Bhallstát nach bhfuil an duine inchánach bunaithe ann ná an tairseach is infheidhme sa Bhallstát sin maidir le deonú na díolúine do dhaoine inchánach atá bunaithe sa Bhallstát sin.

3.   D'ainneoin Airteagal 292b, ionas gur féidir le duine inchánach leas a bhaint as an díolúine i mBallstát nach bhfuil duine inchánach sin bunaithe ann, déanfaidh an duine inchánach an méid a leanas:

(a)

réamhfhógra a thabhairt don Bhallstát bunaíochta, agus

(b)

le haghaidh chur i bhfeidhm na díolúine déanfar é a shainaithint le huimhir aonair sa Bhallstát bunaíochta amháin.

Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an uimhir aitheantais aonair CBL a sannadh cheana féin ar an duine inchánach i ndáil le hoibleagáidí an duine sin faoin gcóras inmheánach nó féadfaidh siad struchtúr uimhir CBL nó aon uimhir eile a chur i bhfeidhm chun críoch na sainaitheanta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

Beidh an iarmhír 'EX' ag an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír nó cuirfear an iarmhír 'EX' leis an uimhir sin.

4.   Cuirfidh an duine inchánach an Ballstát bunaíochta ar an eolas roimh ré, trí nuashonrú a dhéanamh ar réamhfhógra, maidir le haon athruithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh roimhe sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 3, lena n‐áirítear an rún leas a bhaint as an díolúine i mBallstát nó i mBallstáit seachas na Ballstáit sin a luaitear sa réamhfhógra agus an cinneadh scor den scéim díolúine a chur i bhfeidhm i mBallstát nó i mBallstáit nach bhfuil duine inchánach sin bunaithe ann nó iontu.

Beidh éifeacht leis an scor ón gcéad lá den chéad ráithe féilire eile tar éis an fhaisnéis a fháil ón duine inchánach nó, i gcás ina bhfaighfear an fhaisnéis sin le linn na míosa deireanaí de ráithe féilire, ón gcéad lá den dara mí den chéad ráithe féilire eile.

5.   Beidh feidhm ag an díolúine maidir leis an mBallstát nach bhfuil an duine inchánach bunaithe ann agus ina bhfuil sé ar intinn ag an duine inchánach sin leas a bhaint as an díolúine de réir an mhéid a leanas:

(a)

réamhfhógra, ón dáta a gcuirfidh an Ballstát bunaíochta an uimhir aitheantais aonair in iúl don duine inchánach; nó

(b)

nuashonrú ar réamhfhógra, ón dáta a ndaingneofar an uimhir don duine inchánach de thoradh ar a nuashonrú ag an mBallstát bunaíochta.

Ní bheidh an dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír níos déanaí ná 35 lá oibre tar éis an réamhfhógra nó an nuashonrú ar an réamhfhógra, dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 agus sa chéad fhomhír de mhír 4, a fháil, ach amháin i gcásanna sonracha ina bhféadfaidh na Ballstáit, chun cosc a chur ar imghabháil cánach nó ar sheachaint cánach, am breise a éileamh chun na seiceálacha is gá a dhéanamh.

6.   Déanfar luach comhfhreagrach in airgeadra náisiúnta don mhéid dá dtagraítear san Airteagal seo a ríomh tríd an ráta malairte arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach an 18 Eanáir 2018 a chur i bhfeidhm.”;

(13)

cuirtear isteach Airteagail mar a leanas:

“Airteagal 284a

1.   Maidir leis an réamhfhógra dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 284(3), beidh an fhaisnéis a leanas ar a laghad ann:

(a)

ainm, gníomhaíocht, foirm dhlíthiúil agus seoladh an duine inchánach;

(b)

an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil sé ar intinn ag an duine inchánach leas a bhaint as an díolúine;

(c)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí a rinneadh sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe agus i ngach ceann de na Ballstáit eile le linn na bliana féilire roimhe sin;

(d)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí a rinneadh sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe agus i ngach ceann de na Ballstáit eile le linn na bliana féilire reatha roimh an réamhfhógra.

Ní mór an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír den mhír seo a thabhairt do gach bliain féilire roimhe sin a bhaineann leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 288a(1) a mhéid a bhaineann le haon Bhallstát a chuireann i bhfeidhm an rogha a shonraítear ann.

2.   I gcás ina gcuirfidh an duine inchánach in iúl don Bhallstát bunaíochta i gcomhréir le hAirteagal 284(4) go bhfuil sé ar intinn ag an duine sin leas a bhaint as an díolúine i mBallstát nó i mBallstáit seachas na Ballstáit a luaitear sa réamhfhógra, níl sé d'oibleagáid ar an duine sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt sa mhéid go bhfuil an fhaisnéis sin curtha san áireamh cheana i dtuarascálacha a cuireadh isteach roimhe sin faoi Airteagal 284b.

Áireofar an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 284(3) sa nuashonrú ar réamhfhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 284b

1.   Duine inchánach a bhaineann leas as an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) i mBallstát nach bhfuil an duine sin bunaithe ann i gcomhréir leis an nós imeachta faoi Airteagal 284(3) agus (4), tuairisceoidh sé an fhaisnéis a leanas don Bhallstát bunaíochta i ndáil le gach ráithe féilire, lena n‐áirítear an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 284(3):

(a)

luach iomlán na soláthairtí a rinneadh le linn na ráithe féilire sa Bhallstát bunaíochta nó '0' mura ndearnadh aon soláthairtí;

(b)

luach iomlán na soláthairtí a rinneadh le linn na ráithe féilire i ngach ceann de na Ballstáit seachas an Ballstát bunaíochta nó “0” mura ndearnadh aon soláthairtí.

2.   Cuirfidh an duine inchánach an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1 in iúl laistigh de mhí amháin ó dheireadh na ráithe féilire.

3.   Nuair a sháraítear tairseach bhliantúil láimhdeachais an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2), cuirfidh an duine inchánach an Ballstát bunaíochta ar an eolas faoi sin laistigh de 15 lá oibre. Ag an am céanna, ceanglófar ar an duine inchánach tuairisc a thabhairt ar luach na soláthairtí dá dtagraítear i mír 1 a rinneadh ó thús na ráithe féilire reatha suas go dtí an dáta a sáraíodh tairseach láimhdeachais bhliantúil an Aontais.

Airteagal 284c

1.   Chun críocha phointí (c) agus (d) d'Airteagal 284a(1) agus Airteagal 284b(1) beidh feidhm ag an méid a leanas:

(a)

is iad na méideanna a liostaítear in Airteagal 288 na luachanna;

(b)

is in euro a ainmneofar na luachanna;

(c)

i gcás ina gcuirfidh an Ballstát a dheonaíonn an díolúine tairseacha athraitheacha chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 284(1), cuirfear d'oibleagáid ar an duine inchánach i leith an Bhallstáit sin luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí a thuairisciú ar leithligh a mhéid a bhaineann le gach tairseach is infheidhme.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu a cheangal go ndéanfar na luachanna a shloinneadh ina n‐airgeadra náisiúnta. Más in airgeadraí eile a rinneadh na soláthairtí, úsáidfidh an duine inchánach an ráta malairte a mbeidh feidhm leis ar an gcéad lá den bhliain féilire. Déanfar an comhshó tríd an ráta malairte arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach don lá sin a chur i bhfeidhm, nó, mura bhfuil aon fhoilsiú ann an lá sin, ar an gcéad lá eile a bhfoilseofar é.

2.   Féadfaidh an Ballstát bunaíochta a cheangal go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 284(3) agus (4) agus in Airteagal 284b(1) agus (3) a thíolacadh trí mheán leictreonach i gcomhréir le coinníollacha a leagann an Ballstát sin síos.

Airteagal 284d

1.   Ní bheidh de cheangal ar dhuine inchánach a bhainfidh leas as an díolúine i mBallstát nach bhfuil an duine inchánach sin bunaithe ann i leith soláthairtí a chumhdaítear leis an díolúine sa Bhallstát sin:

(a)

a bheith cláraithe chun críocha CBL de bhun Airteagail 213 agus 214;

(b)

tuairisceán CBL a chur isteach de bhun Airteagal 250.

2.   Ní bheidh de cheangal ar dhuine inchánach a bhainfidh leas as an díolúine sa Bhallstát bunaíochta agus in aon Bhallstát nach bhfuil an duine inchánach sin bunaithe ann i leith soláthairtí a chumhdaítear leis an díolúine sa Bhallstát bunaíochta tuairisceán CBL a chur isteach de bhun Airteagal 250.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonfaidh duine inchánach na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 284b, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an duine inchánach sin a oibleagáidí CBL dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh.

Airteagal 284e

Déanfaidh an Ballstát bunaíochta an uimhir aitheantais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 284(3) a dhíghníomhachtú gan mhoill nó, má leanann an duine inchánach de leas a bhaint as an díolúine i mBallstát eile nó i mBallstáit eile, an fhaisnéis a fhaightear de bhun Airteagal 284(3) agus (4) a oiriúnú a mhéid a bhaineann leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann sna cásanna a leanas:

(a)

inar mó luach iomlán na soláthairtí arna dtuairisciú ag an duine inchánach ná an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2);

(b)

ina mbeidh an Ballstát a dheonaíonn an díolúine tar éis fógra a thabhairt nach bhfuil an duine inchánach i dteideal na díolúine nó go bhfuil scortha ag an díolúine d'fheidhm a bheith aici sa Bhallstát sin;

(c)

ina gcuirfidh an duine inchánach in iúl a chinneadh scor den díolúine a chur i bhfeidhm; nó

(d)

ina gcuirfidh an duine inchánach in iúl go bhfuil deireadh lena ghníomhaíochtaí, nó ina bhféadfar glacadh leis sin ar shlí eile.”;

(14)

scriostar Airteagail 285, 286 agus 287;

(15)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 288:

“Airteagal 288

1.   Is iad na méideanna a leanas, ar leith ó CBL, a bheidh sa láimhdeachas bliantúil a bheidh mar thagairt chun an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284 chur i bhfeidhm:

(a)

luach soláthairtí earraí agus seirbhísí, a mhéid a ngearrfaí cáin orthu dá mba dhuine inchánach neamh-dhíolmhaithe a sholáthraigh iad;

(b)

luach na n‐idirbheart atá díolmhaithe, ónar féidir an CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin a asbhaint, de bhun Airteagal 110, 111 nó Airteagal 125(1);

(c)

luach na n‐idirbheart atá díolmhaithe de bhun Airteagail 146 go 149 agus Airteagail 151, 152 agus 153;

(d)

luach na n‐idirbheart atá díolmhaithe de bhun Airteagal 138 i gcás ina bhfuil feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear san Airteagal sin;

(e)

luach na n‐idirbheart eastáit réadaigh, idirbheart airgeadais dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d'Airteagal 135(1), agus seirbhísí árachais agus athárachais, mura idirbhearta coimhdeacha na hidirbhearta sin.

2.   Ní dhéanfar diúscairtí sócmhainní caipitil inláimhsithe nó doláimhsithe duine inchánach a chur san áireamh chun críoch an láimhdeachas dá dtagraítear i mír 1 a ríomh.”;

(16)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 288a

1.   Ní fhéadfaidh duine inchánach, bíodh sé nó sí bunaithe 'sa Bhallstát a dheonóidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) nó ná bíodh, tairbhe a bhaint as an díolúine sin ar feadh tréimhse a mhairfidh bliain féilire amháin i gcás inar sáraíodh an tairseach a leagtar síos i gcomhréir leis an mír sin le linn na bliana féilire roimhe. Féadfaidh an Ballstát a dheonóidh an díolúine síneadh ama dhá bhliain féilire a chur leis an tréimhse sin.

I gcás, le linn bliain féilire, inarb ionann an méid os cionn na tairsí dá dtagraítear in Airteagal 284(1) agus:

(a)

méid nach mó ná 10 %, beidh duine inchánach in ann leanúint de thairbhe a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) le linn na bliana féilire sin;

(b)

méid is mó ná 10 %, scoirfidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) d'fheidhm a bheith aici ón tráth sin.

D'ainneoin phointí (a) agus (b) den dara fomhír, féadfaidh na Ballstáit uasteorainn 25 % a shocrú nó cead a thabhairt don duine inchánach leanúint de thairbhe a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) gan aon uasteorainn le linn na bliana féilire inar sáraíodh an tairseach. Mar sin féin, ní ceadmhach go mbeidh mar thoradh ar an uasteorainn sin a chur i bhfeidhm díolúine ag duine inchánach ar mó láimhdeachas an duine sin laistigh den Bhallstát a dheonóidh an díolúine sin ná EUR 100 000.

De mhaolú ar an dara agus ar an tríú fomhír, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go scoirfidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) d'fheidhm a bheith aici tráth a sárófar an tairseach a leagtar síos i comhréir leis an mír sin.

2.   Ní fhéadfaidh duine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát a dheonóidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) tairbhe a bhaint as an díolúine sin, i gcás inar sáraíodh tairseach láimhdeachais bhliantúil an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2) sa bhliain féilire roimhe.

I gcás, le linn bliain féilire, ina sárófar tairseach láimhdeachais bhliantúil an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2), scoirfidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) a deonaíodh do dhuine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát ina ndeonaítear an díolúine sin d'fheidhm a bheith aici ón tráth sin ar aghaidh.

3.   Déanfar luach comhfhreagrach an mhéid, san airgeadra náisiúnta, dá dtagraítear i mír 1, a ríomh tríd an ráta malairte a d'fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach an 18 Eanáir 2018 a chur i bhfeidhm.”;

(17)

in Airteagal 290, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Féadfaidh na Ballstáit na rialacha agus na coinníollacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an rogha sin a chur i bhfeidhm.”;

(18)

scriostar Airteagail 291 agus 292;

(19)

i dTeideal XII, Caibidil 1, cuirtear isteach Roinn seo a leanas:

“Roinn 2a

Na hoibleagáidí atá ar fhiontair bheaga dhíolmhaithe a shimpliú

Airteagal 292a

Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn 'fiontar beag díolmhaithe' aon duine inchánach a bhaineann tairbhe as an díolúine sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite mar a fhoráiltear in Airteagal 284(1) agus (2).

Airteagal 292b

Gan dochar d'Airteagal 284(3), féadfaidh na Ballstáit fiontair bheaga dhíolmhaithe atá bunaithe ina gcríoch féin agus a bhaineann úsáid as an díolúine laistigh den chríoch sin amháin, a eisiamh ón oibleagáid tús a ngníomhaíochta a shonrú de bhun Airteagal 213 agus iad a shainaithint trí bhíthin uimhir aonair de bhun Airteagal 214, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh na fiontair sin idirbhearta a chumhdaítear le pointí (b), (d) nó (e) d'Airteagal 214.

I gcás nach ndéanfar an rogha dá dtagraítear sa chéad mhír a fheidhmiú, déanfaidh na Ballstáit nós imeachta a chur ar bun chun na fiontair bheaga dhíolmhaithe sin a shainaithint trí bhíthin uimhir aonair. Ní mhairfidh an nós imeachta um shainaithint níos mó ná 15 lá oibre ach amháin i gcásanna sonracha ina bhféadfadh níos mó ama a bheith de dhíth ar Bhallstáit do na seiceálacha is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar imghabháil cánach.

Airteagal 292c

Féadfaidh na Ballstáit fiontair bheaga dhíolmhaithe a scaoileadh ón oibleagáid, a leagtar síos in Airteagal 250, tuairisceán CBL a chur isteach, i gcás ina bhfuil na fiontair sin bunaithe ina gcríoch féin agus inarb é laistigh den chríoch sin amháin a bhaineann siad úsáid as an díolúine siúd.

I gcás nach ndéanfar an rogha dá dtagraítear sa chéad mhír a fheidhmiú, ceadóidh na Ballstáit do na fiontair bheaga dhíolmhaithe tuairisceán CBL simplithe a chur isteach chun tréimhse a mhairfidh bliain féilire a chumhdach. Mar sin féin, féadfaidh fiontair bheaga dhíolmhaithe rogha a dhéanamh go gcuirfear i bhfeidhm an tréimhse chánach a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 252.

Airteagal 292d

Féadfaidh na Ballstáit fiontair bheaga dhíolmhaithe a scaoileadh ó oibleagáidí áirithe dá dtagraítear in Airteagail 217 go 271 nó ó na hoibleagáidí uile sna hairteagail sin.”;

(20)

i dTeideal XII Caibidil 1, scriostar Roinn 3;

(21)

in Airteagal 314, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

duine inchánach eile, a mhéid a chumhdaítear soláthar earraí a dhéanfaidh an duine inchánach eile sin leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284 agus a bhfuil earraí caipitiúla i gceist leis;”.

(22)

in Airteagal 334, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

duine inchánach eile, a mhéid a chumhdaítear soláthar earraí, a dhéanfaidh an duine inchánach sin i gcomhréir le conradh faoina bhfuil coimisiún iníoctha ar dhíolachán, leis an díolúine d'fhiontair bheaga dá bhforáiltear in Airteagal 284 agus a bhfuil earraí caipitiúla i gceist leis;”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh 904/2010

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 904/2010 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(g)

faisnéis a bhailíonn sé de bhun d'Airteagail 284(3) agus (4) agus Airteagal 284b de Threoir 2006/112/CE”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na mionsonraí teicniúla a bhaineann leis an gceadú uathoibrithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).”;

(2)

in Airteagal 21, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“2b.   Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 17(1), beidh rochtain ar na mionsonraí seo a leanas ar a laghad:

(a)

uimhreacha aitheantais aonair na ndaoine inchánacha díolmhaithe arna n‐eisiúint ag an mBallstát a sholáthraíonn an fhaisnéis;

(b)

ainm, gníomhaíocht, foirm dhlíthiúil agus seoladh na ndaoine inchánacha díolmhaithe arna sainaithint leis an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

an Ballstát nó na Ballstáit ina mbaineann an duine inchánach úsáid as an díolúine;

(d)

dáta tosaithe na díolúine, i mBallstát nó i mBallstáit, i leith an duine inchánach;

(e)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 284a(1) de Threoir 2006/112/CE;

(f)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí, in aghaidh na ráithe féilire arna ndéanamh sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe ag gach duine inchánach ag a bhfuil uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (a);

(g)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí, in aghaidh na ráithe féilire, arna ndéanamh i ngach ceann de na Ballstáit seachas an ceann ina bhfuil an duine inchánach bunaithe ag gach duine inchánach ag a bhfuil uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear i bpointe (a);

(h)

an dáta a ndeachaigh an láimhdeachas bliantúil san Aontas de chuid an duine inchánach os cionn an mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2) de Threoir 2006/112/CE;

(i)

an dáta a mbeidh éifeacht ag cinneadh an duine inchánach scor go deonach den díolúine a chur i bhfeidhm agus an Ballstát nó na Ballstáit ina mbeidh éifeacht ag an scor sin;

(j)

an dáta ar ar tháinig stad le gníomhaíochtaí an duine inchánach agus an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann.

Déanfar na luachanna dá dtagraítear i bpointí (e) go (g) den chéad fhomhír a shonrú ar leithligh i gcás gach tairseach a d'fhéadfadh a bheith infheidhme de bhun an dara fomhír d'Airteagal 284(1) de Threoir 2006/112/CE.”;

(3)

in Airteagal 31, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“2a.   Soláthróidh gach Ballstát deimhniú trí mheán leictreonach gur fiontar beag díolmhaithe an duine inchánach ar eisíodh ina leith an uimhir aitheantais aonair dá dtagraítear in Airteagal 284(3) de Threoir 2006/112/CE. Sonrófar an Ballstát nó na Ballstáit ina mbainfidh an duine inchánach úsáid as an díolúine sa deimhniú.”;

(4)

in Airteagal 32, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin mionsonraí na bhforálacha a d'fhormheas gach Ballstát agus lena dtrasuitear Airteagal 167a, Caibidil 3 de Theideal XI agus Caibidil 1 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE.”;

(5)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach:

CAIBIDIL Xa

FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN SCÉIM SPEISIALTA i gCAIBIDIL 1 de THEIDEAL XII de THREOIR 2006/112/CE

Airteagal 37a

1.   Déanfaidh an Ballstát bunaíochta an fhaisnéis seo a leanas a tharchur go leictreonach chuig údaráis inniúla na mBallstát a dheonóidh an díolúine laistigh de 15 lá oibre ón dáta ar a mbeidh an fhaisnéis ar fáil:

(a)

a mhéid a bhaineann le daoine inchánacha a thug réamhfhógra nó uasdátú i ndáil le fógra dá dtagraítear in Airteagal 284(3) nó (4) de Threoir 2006/112/CE, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (d) d'Airteagal 21(2b) den Rialachán seo;

(b)

a mhéid a bhaineann le daoine inchánacha ar mó a láimhdeachas bliantúil san Aontas ná an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2) de Threoir 2006/112/CE, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (h) d'Airteagal 21(2b) den Rialachán seo;

(c)

maidir le daoine inchánacha nár chomhlíon na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 284b de Threoir 2006/112/CE, fíoras na mainneachtana sin agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 21(2b) den Rialachán seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na mionsonraí teicniúla lena n‐áirítear teachtaireacht leictreonach choiteann lena dtíolacfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).

Airteagal 37b

1.   Déanfaidh an Ballstát dar thug duine inchánach réamhfhógra nó uasdátú ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 284(3) nó (4) de Threoir 2006/112/CE, roimh dó an duine inchánach a shainaithint nó an uimhir aitheantais aonair a dheimhniú don duine inchánach, a ríomh ar bhonn luachanna iomlána na soláthairtí arna dtuairisciú ag an duine inchánach, nár sáraíodh tairseach láimhdeachas bliantúil an Aontais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 284(2) den Treoir le linn na bliana féilire reatha nó na bliana féilire roimhe sin.

2.   Déanfaidh an Ballstát a dheonóidh an díolúine, laistigh de 15 lá oibre tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 37a(1) den Rialachán seo a fháil, deimhniú a thabhairt, go leictreonach, d'údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta, bunaithe ar luachanna iomlána na soláthairtí arna dtuairisciú ag an duine inchánach, nár sáraíodh an tairseach láimhdeachais bhliantúil dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 284(2) de Threoir 2006/112/CE le linn na bliana féilire reatha agus gur comhlíonadh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 288a(1) den Treoir sin.

3.   Tabharfaidh an Ballstát a dheonóidh an díolúine fógra d'údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta, gan mhoill, faoin dáta ar scoir an duine inchánach de bheith incháilithe don díolúine faoi Airteagal 288a(1) de Threoir 2006/112/CE.

4.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na mionsonraí teicniúla, lena n‐áirítear teachtaireacht leictreonach choiteann, na bhfógraí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).”.

Trasuí

Airteagal 3

1.   Faoin 31 Nollaig 2024, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialacháin nó riaracháin is gá chun Airteagal 1 den Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear le hAirteagal 1 den Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Teacht i bhfeidhm

Airteagal 4

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Eanáir 2025.

Seolaithe

Airteagal 5

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Feabhra 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. MARIĆ


(1)  Tuairim an 11 Meán Fómhair 2018 agus tuairim an 15 Eanáir 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 283, 10.8.2018, lch. 35.

(3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(4)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(6)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 43.


Top