EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R1192

Rialachán (AE, Euratom) 2016/1192 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le dlínse ag an gcéad chéim a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta i ndíospóidí idir an tAontas Eorpach agus a sheirbhísigh

OJ L 200, 26.7.2016, p. 137–139 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1192/oj

26.7.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 200/137


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2016/1192 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Iúil 2016

maidir le dlínse ag an gcéad chéim a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta i ndíospóidí idir an tAontas Eorpach agus a sheirbhísigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 256(1), an chéad mhír agus an dara mír d'Airteagal 257, agus an dara mír d'Airteagal 281 de,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún Eorpach (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 48 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), maidir leis an gCúirt Ghinearálta, a bhfuil 40 Breitheamh uirthi amhail ón 25 Nollaig 2015, go bhfuil 47 mBreitheamh le bheith uirthi amhail ón 1 Meán Fómhair 2016, agus beirt Bhreithiúna in aghaidh an Bhallstáit le bheith uirthi amhail ón 1 Meán Fómhair 2019.

(2)

Mar a léirítear in aithris 9 de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422, ba cheart dlínse ag an gcéad chéim a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta i ndíospóidí idir an tAontas agus a sheirbhísigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bheith ag gabháil leis an méadú de sheachtar a dhéanfar an 1 Meán Fómhair 2016 ar líon na mBreithiúna a bheidh ar an gCúirt Ghinearálta. Leis an aistriú dlínse sin, glactar leis, i gcomhréir le hAirteagal 256(1) CFAE, go ndéanfaí an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (“Binse na Seirbhíse Sibhialta”) a dhíscaoileadh.

(3)

Dá réir sin, ba cheart dlínse ag an gcéad chéim a thabhairt don Chúirt Ghinearálta i ndíospóidí idir gach institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht, de pháirt amháin, agus a seirbhísigh, den pháirt eile, ar díospóidí iad a dtugtar dlínse ina leith do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(4)

Is gá, dá bhrí sin, Cinneadh 2004/752/CE, Euratom ón gComhairle (4) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 979/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a aisghairm, agus Prótacal Uimh. 3 a leasú chomh maith.

(5)

Ba cheart don Chúirt Ghinearálta na cásanna a bhaineann le seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh a thriail agus tréithe sonracha na ndíospóidí sa réimse sin á gcur san áireamh aici, lena n-áirítear trí scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun teacht ar réiteach cairdiúil ag gach céim den nós imeachta.

(6)

Thairis sin, d'fhonn a áirithiú go seolfar na himeachtaí go héifeachtúil sna cásanna a bheidh ar feitheamh os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ar dháta an aistrithe, agus chun na rialacha a leagan síos a bheidh infheidhme maidir leis na hachomhairc a bheidh idir lámha amhail ar an dáta sin, nó a thionscnófar ina dhiaidh sin, i gcoinne bhreitheanna an Bhinse sin, ba cheart foráil a dhéanamh do shocruithe idirthréimhseacha iomchuí i ndáil le cásanna a bhaineann le seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh 2004/752/CE, Euratom agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 979/2012.

Airteagal 2

Leasaítear Prótacal Uimhir 3 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 50a

1.   Déanfaidh an Chúirt Ghinearálta dlínse a fheidhmiú ag an gcéad chéim i ndíospóidí idir an tAontas agus a sheirbhísigh faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear díospóidí idir gach institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht, de pháirt amháin, agus a seirbhísigh, den pháirt eile, ar díospóidí iad a dtugtar dlínse ina leith do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

2.   Ag gach céim den nós imeachta, lena n-áirítear tráth taiscthe an iarratais, féadfaidh an Chúirt Ghinearálta scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun teacht ar réiteach cairdiúil ar an díospóid agus féadfaidh sí iarracht a dhéanamh socrú den sórt sin a éascú.”.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 62c:

“Airteagal 62c

Leagfar amach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Reacht seo na forálacha a bhaineann le dlínse, comhdhéanamh, eagrú agus nós imeachta aon chúirte speisialaithe arna bunú faoi Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.”.

(3)

Scriostar Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Na cásanna a bheidh ar feitheamh os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta an 31 Lúnasa 2016, aistreofar chuig an gCúirt Ghinearálta iad. Leanfaidh an Chúirt Ghinearálta de bheith ag déileáil leis na cásanna sin amhail ag an staid ina mbeidh siad ar an dáta sin agus i gcomhréir lena Rialacha Nós Imeachta. I gcás ina n-aistreofar cás chuig an gCúirt Ghinearálta tar éis an chuid ó bhéal den nós imeachta a bheith tugtha chun críche, déanfar an chéim sin den nós imeachta a athoscailt.

Airteagal 4

D'ainneoin phointe (3) d'Airteagal 2 den Rialachán seo, leanfaidh Airteagal 9 go hAirteagal 12 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Prótacal Uimh. 3 d'fheidhm a bheith acu maidir leis na hachomhairc i gcoinne breitheanna Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a bheidh tugtha os comhair na Cúirte Ginearálta amhail ar an 31 Lúnasa 2016 nó a thionscnófar tar éis an dáta sin. Má dhéanann an Chúirt Ghinearálta breith de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a chur ar ceal ach go measann sí nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí breith a thabhairt, déanfaidh sí an cás a tharchur chuig dlísheomra eile seachas an dlísheomra a thug breith ar an achomharc.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh mhí a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 6 Iúil 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  Tuairim an 22 Feabhra 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lch. 14).

(4)  Cinneadh 2004/752/CE, Euratom ón gComhairle an 2 Samhain 2004 ag bunú an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (IO L 333, 9.11.2004, lch. 7).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 979/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le Breithiúna sealadacha de chuid an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (IO L 303, 31.10.2012, lch. 83).


Top