EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32009R1185

Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le staidreamh i dtaca le lotnaidícidí Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

OJ L 324, 10.12.2009, p. 1–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Special edition in Croatian: Chapter 03 Volume 064 P. 197 - 218

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 08/12/2021

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1185/oj

10.12.2009   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (CE) Uimh. 1185/2009 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2009

maidir le staidreamh i dtaca le lotnaidícidí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 285(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh, i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 10 Samhain 2009 (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 lena leagtar síos Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Chomhphobail (3), aithníodh nach mór tionchar lotnaidicídí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, go háirithe maidir le lotnaidicídí a úsáidtear sa talmhaíocht, a laghdú tuilleadh. Tugadh suntas leis don ghá atá le staid a bhaint amach ina mbaintear úsáid níos inbhuanaithe as lotnaidicídí agus iarradh go ndéanfaí rioscaí agus úsáid iomlán lotnaidicídí a laghdú go suntasach i gcomhréir leis an gcosaint barr is gá.

(2)

Ina Theachtaireacht chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, dar teideal ‘I dTreo Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí’, d’aithin an Coimisiún an gá le staidreamh mionsonraithe, comhchuibhithe agus cothrom le dáta maidir le díolacháin agus úsáid lotnaidicidí ar leibhéal an Chomhphobail. Tá gá le staidreamh den sórt sin chun go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar bheartais an Aontais Eorpaigh maidir le forbairt inbhuanaithe agus chun táscairí iomchuí a ríomh i leith na rioscaí don tsláinte agus don chomhshaol a bhaineann le húsáid lotnaidicídí.

(3)

Tá staidreamh comhchuibhithe, inchomparáide Comhphobail i ndáil le díolacháin agus le húsáid lotnaidicídí riachtanach chun forbairt agus faireachán a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar bheartais an Chomhphobail i gcomhthéacs na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí.

(4)

Ós rud é nach mbeidh éifeachtaí Threoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh (4) le feiceáil go dtí go gcríochnófar an chéad mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha atá le húsáid i dtáirgí bithicíde, níl dóthain eolais nó taithí ag an gCoimisiún ná ag formhór na mBallstát chun tuilleadh beart a mholadh maidir le bithicídí. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a theorannú do lotnaidicídí ar táirgí cosanta plandaí iad a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (5) agus a bhfuil cuid mhór taithí ann ina leith ó thaobh sonraí a bhailiú.

(5)

Táthar ag súil leis, áfach, tar éis torthaí na meastóireachta ar Threoir 98/8/CE a chur san áireamh agus ar bhonn measúnaithe tionchair, go ndéanfar raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig táirgí bithicíde.

(6)

Mar thoradh ar thaithí an Choimisiúin ar bhailiú sonraí maidir le díolacháin agus úsáid táirgí cosanta plandaí le cuid mhór blianta, tá léiriú déanta ar an ngá le modheolaíocht chomhchuibhithe maidir le staidreamh a bhailiú ar leibhéal an Chomhphobail, ón gcéim ina gcuirtear ar an margadh iad agus ó na húsáideoirí araon. Lena chois sin, i bhfianaise na haidhme atá ann táscairí riosca cruinne a ríomh i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, is gá go mbeidh an staidreamh mionsonraithe go dtí leibhéal na substaintí gníomhacha.

(7)

I measc na roghanna éagsúla i ndáil le bailiú sonraí a ndearnadh meastóireacht orthu i measúnú tionchair na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, moladh gurbh é bailiú sainordaitheach sonraí an rogha ab fhearr mar go gcumasódh sé sonraí cruinne agus iontaofa a fhorbairt go tapa agus go cost-éifeachtúil maidir le lotnaidicídí a chur ar an margadh agus a úsáid.

(8)

Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach (6) an creat tagartha i gcomhair fhorálacha an Rialacháin seo agus ceanglaítear leis, go háirithe, comhréireacht le caighdeáin neamhspléachais ghairmiúil, neamhchlaontachta, oibiachtúlachta, iontaofachta, cost-éifeachtachta agus rúndachta staidrimh.

(9)

Tá tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh á rialú leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Trí bhearta a ghlactar i gcomhréir leis an Rialachán sin, áirithítear cosaint fhisiceach agus loighciúil sonraí rúnda agus áirithítear nach dtarlóidh aon nochtadh neamhdhleathach ná aon úsáid nach mbaineann le staidreamh nuair a dhéantar staidreamh Comhphobail a thiomsú agus a scaipeadh.

(10)

Tá foilsiú agus scaipeadh sonraí arna mbailiú faoin Rialachán seo á rialú leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Leis na bearta a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, áirithítear cosaint fhisiceach agus loighciúil sonraí rúnda agus áirithítear leo nach dtarlóidh aon nochtadh neamhdhleathach ná aon úsáid nach mbaineann le staidreamh nuair a dhéantar staidreamh Eorpach a thiomsú agus a scaipeadh.

(11)

Maidir leis na sonraí a bhaineann le lotnaidicídí a chur ar an margadh agus a úsáid, ar sonraí iad atá le tíolacadh de bhun Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (7) agus de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart measúnú a dhéanamh orthu i gcomhréir le forálacha ábhartha na Treorach sin agus an Rialacháin sin.

(12)

Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin gcomhshaol (8) ná do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus, a bhaineann le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil, a chur i bhfeidhm ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (9).

(13)

Chun a áirithiú go mbeidh na torthaí inchomparáide, ba cheart staidreamh maidir le lotnaidicídí a thiomsú i gcomhréir le miondealú sonraithe, i bhfoirm iomchuí agus laistigh de thréimhse shocraithe ó dheireadh bliana tagartha mar a shainítear in Iarscríbhinní an Rialacháin seo.

(14)

Maidir leis na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Treoir 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (10).

(15)

Ba cheart, go háirithe, go gcumhachtófaí don Choimisiún an limistéar atá faoi chóireáil a shainiú agus Iarscríbhinn III a oiriúnú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus go bhfuil siad ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(16)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh Comhphobail a thiomsú go córasach maidir le lotnaidicídí a chur ar an margadh agus a úsáid, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(17)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gClár Staidrimh a bunaíodh le Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle (11),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar, raon feidhme agus cuspóirí

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear creat comhchoiteann chun staidreamh Comhphobail a thiomsú go córasach maidir leis na lotnaidicídí sin ar táirgí cosanta plandaí iad, de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a)(i), a chur ar an margadh agus a úsáid.

2.   Beidh feidhm ag an staidreamh seo maidir leis na nithe seo a leanas:

méideanna bliantúla na lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

méideanna bliantúla na lotnaidicidí a úsáidtear i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

3.   Mar aon le sonraí ábhartha eile, fónfaidh an staidreamh seo, go háirithe, do chríocha Airteagal 4 agus Airteagal 15 de Threoir 2009/128/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘lotnaidicídí’:

(i)

táirge cosanta plandaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(ii)

táirge bithicíde mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir 98/8/CE;

(b)

ciallaíonn ‘substaintí’ substaintí mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena n-áirítear substaintí gníomhacha, teorantóirí agus sineirgígh;

(c)

ciallaíonn ‘substaintí gníomhacha’ substaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(d)

ciallaíonn ‘teorantóirí’ teorantóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(e)

ciallaíonn ‘sineirgígh’ sineirgígh dá dtagraítear in Airteagal 2(3)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(f)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ cur ar an margadh mar a shainmhínítear i bpointe 9 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(g)

ciallaíonn ‘sealbhóir ar údarú’ sealbhóir ar údarú mar a shainmhínítear i bpointe 24 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(h)

ciallaíonn ‘úsáid talmhaíochta’ aon chineál úsáide a bhaintear as táirge cosanta plandaí agus a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach le táirgeadh táirgí plandaí i gcomhthéacs gníomhaíochta eacnamaíche de chuid gabháltais talmhaíochta;

(i)

ciallaíonn ‘úsáideoir gairmiúil’ úsáideoir gairmiúil mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2009/128/CE;

(j)

ciallaíonn ‘gabháltas talmhaíochta’ gabháltas talmhaíochta mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúr feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgeachta talmhaíochta (12).

Airteagal 3

Bailiú, tarchur agus próiseáil na sonraí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na sonraí is gá i ndáil le sonrú na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhailiú ar bhonn bliantúil agus déanfaidh siad na sonraí is gá i ndáil le sonrú na saintréithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a bhailiú i gceann tréimhsí cúig bliana ar na bealaí seo a leanas:

suirbhéanna,

faisnéis a bhaineann le lotnaidicídí a chur ar an margadh agus a úsáid, agus, go hairithe, na hoibleagáidí de bhun Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 á gcur san áireamh,

foinsí riaracháin, nó

teaglaim de na bealaí sin, lena n-áirítear nósanna imeachta do mheastachán staidrimh ar bhonn breithiúnas saineolaithe nó ar bhonn samhlacha.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na torthaí staidrimh, lena n-áirítear sonraí rúnda, a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis na sceidil agus de réir na tréimhsiúlachta a shonraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II. Tíolacfar na sonraí i gcomhréir leis an aicmiú a thugtar in Iarscríbhinn III.

3.   Tarchuirfidh na Ballstáit na sonraí i bhfoirm leictreonach, a bheidh ag teacht le formáid theicniúil iomchuí a ghlacfaidh an Coimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

4.   Ar chúiseanna rúndachta, sula bhfoilseofar na sonraí, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) iad a chomhiomlánú i gcomhréir leis na haicmí ceimiceacha nó le catagóirí na dtáirgí a léirítear in Iarscríbhinn III, agus cosaint sonraí rúnda ar leibhéal na mBallstát aonair á cur san áireamh go cuí. I gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ní úsáidfidh údaráis náisiúnta ná an Coimisiún (Eurostat) sonraí rúnda ach amháin chun críocha staidrimh.

Airteagal 4

Measúnú cáilíochta

1.   Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

2.   I gcomhréir le hIarscríbhinn I agus le hIarscríbhinn II, sSoláthróidh na Ballstáit tuarascálacha don Choimisiún (Eurostat) faoi cháilíocht na sonraí a tharchuirtear. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí a tharchuirtear a mheasúnú.

Airteagal 5

Bearta cur chun feidhme

1.   Déanfar an fhormáid theicniúil iomchuí i gcomhair tharchur na sonraí a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Féadfaidh an Coimisiún, más gá sin, na ceanglais a mhodhnú bhaineann le soláthar na dtuarascálacha cáilíochta a thuairiscítear i Roinn 6 d’Iarscríbhinn I agus i Roinn 6 d’Iarscríbhinn II. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).

2.   Glacfaidh an Coimisiún an sainmhíniú ar an ‘limistéar atá faoi chóireáil’ dá dtagraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II. Maidir leis an mbeart sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).

3.   Déanfaidh an Coimisiún liosta na substaintí a bheidh le cumhdach, agus a n-aicmiú i gcatagóirí táirgí agus in aicmí ceimiceacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, a oiriúnú ar bhonn rialta, agus ar a laghad gach cúig bliana. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 6(3).

Airteagal 6

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3.   I gcás go ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 7

Tuarascáil

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle gach cúig bliana. Go háirithe, déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar cháilíocht na sonraí a tarchuireadh, dá dtagraítear in Airteagal 4, ar mhodhanna bailithe na sonraí, ar an ualach ar ghnóthaí, ar ghabháltais talmhaíochta agus ar na córais náisiúnta riaracháin agus ar a úsáidí agus atá an staidreamh sin i gcomhthéacs na Straitéise Téamaí maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí, go háirithe maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1. Más iomchuí, beidh tograí sa tuarascáil atá ceaptha chun feabhas breise a chur ar cháilíocht na sonraí agus ar mhodhanna bailithe na sonraí, sa dóigh go ndéantar cumhdach agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú agus an t-ualach a laghdú ar ghnóthaí, ar ghabháltais talmhaíochta agus ar na córais riaracháin náisiúnta.

Tíolacfar an chéad tuarascáil faoin 31 Nollaig 2016.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg 25 Samhain 2009.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

J. BUZEK

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Å. TORSTENSSON


(1)  IO C 256, 27.10.2007, lch. 86.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2008 (IO C 66 E, 20.3.2009, lch. 98), Comhsheasamh ón gComhairle an 20 Samhain 2008 (IO C 38 E, 17.2.2009, lch. 1) agus Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), Cinneadh ón gComhairle an 16 Samhain 2009 agus Rún Reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2009.

(3)  IO L 242, 10.9.2002, lch. 1.

(4)  IO L 123, 24.4.1998, lch. 1.

(5)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(6)  IO L 87, 31.3.2009, lch. 164.

(7)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 71.

(8)  IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.

(9)  IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.

(10)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

(11)  IO L 181, 28.6.1989, lch. 47.

(12)  IO L 321, 1.12.2008, lch. 14.


IARSCRÍBHINN I

STAIDREAMH MAIDIR LE LOTNAIDICÍDÍ A CHUR AR AN MARGADH

Roinn 1

Cumhdach

Cumhdóidh an staidreamh substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus atá i lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh i ngach Ballstát ar leith. Déanfar iarracht ar leith comhaireamh dúbailte a sheachaint i gcás ina ndéantar an táirge a athriochtú nó i gcás ina ndéantar an t-údarú a aistriú idir sealbhóirí ar údarú.

Roinn 2

Athróga

Maidir le gach substaint a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfar an chainníocht di atá i lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh a thiomsú i ngach Ballstát ar leith.

Roinn 3

Miosúr don tuairisciú

Is mar chileagraim de shubstaintí a shloinnfear na sonraí.

Roinn 4

Tréimhse thagartha

Is í an bhliain féilire an tréimhse thagartha.

Roinn 5

An chéad tréimhse thagartha, tréimhsiúlacht agus tarchur na dtorthaí

1.

Is í an chéad tréimhse thagartha an dara bliain féilire tar éis 30 Nollaig 2009.

2.

Soláthróidh na ballstáit na sonraí maidir le gach bliain féilire i ndiaidh na chéad tréimhse tagartha. Déanfaidh na Ballstait na sonraí sin a fhoilsiú, go háirithe ar an Idirlíon, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le rúndacht staidrimh a chosaint de réir mar a leagtar síos i Rialachan (CE) Uimh. 223/2009, d’fhonn faisnéis a sholáthar don phobal.

3.

Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

Roinn 6

Tuarascáil cháilíochta

Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta, dá dtagraítear in Airteagal 4, a sholáthar don Choimisiún (Eurostat), ar tuarascáil í ina léireofar an méid seo a leanas:

an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú;

gnéithe ábhartha den cháilíocht de réir na modheolaíochta a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú;

tuairisc ar na meastacháin, ar na comhiomlánuithe agus ar na modhanna eisiatachta a úsáideadh.

Tarchuirfear an tuarascáil sin chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.


IARSCRÍBHINN II

STAIDREAMH I DTACA LE HÚSÁID TALMHAÍOCHTA LOTNAIDICÍDÍ

Roinn 1

Cumhdach

1.

Cumhdóidh an staidreamh na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn III agus atá i lotnaidicídí ar gach barr roghnaithe i ngach Ballstát ar leith.

2.

Roghnóidh gach Ballstát ar leith na barra éagsúla a chumhdófar i rith na tréimhse cúig bliana a shainítear i Roinn 5. Beidh na barra sin ceaptha chun bheith ionadaíoch do na barra a shaothraítear sa Bhallstát agus do na substaintí atá in úsáid.

Agus na barra á roghnú, cuirfear san áireamh na barra is mó ábharthacht do na pleananna náisiúnta gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/128/CE.

Roinn 2

Athróga

Tiomsófar na hathróga seo a leanas maidir le gach barr a roghnaítear:

(a)

cainníocht gach substainte a liostaítear in Iarscríbhinn III agus atá i lotnaidicídí a úsáidtear ar an mbarr sin, agus

(b)

an limistéar atá faoi chóireáil le gach substaint ar leith.

Roinn 3

Miosúir don tuairisciú

1.

Is mar chileagraim a shloinnfear cainníochtaí na substaintí.

2.

Is mar heicteáir a shloinnfear na limistéir atá faoi chóireáil.

Roinn 4

Tréimhse thagartha

1.

Is é a bheidh sa tréimhse thagartha, i bprionsabal, ná tréimhse uasta 12 mhí a chumhdóidh na cóireálacha cosanta plandaí uile a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach leis an mbarr.

2.

Is í an bhliain inar thosaigh an fómhar a thuairisceofar mar an tréimhse thagartha.

Roinn 5

An chéad tréimhse thagartha, tréimhsiúlacht agus tarchur na dtorthaí

1.

I gcás gach tréimhse cúig bliana, tiomsóidh na Ballstáit staidreamh i dtaca le húsáid lotnaidicídí, laistigh de thréimhse thagartha mar a shainítear i Roinn 4, maidir le gach barr a roghnaítear.

2.

Féadfaidh na Ballstáit tréimhse thagartha a roghnú tráth ar bith laistigh den tréimhse cúig bliana. Is féidir roghnú neamhspleách a dhéanamh do gach barr a roghnaítear.

3.

Tosóidh an chéad tréimhse cúig bliana sa chéad bhliain féilire tar éis 30 Nollaig 2009.

4.

Soláthróidh na Ballstáit sonraí i gcomhair gach tréimhse cúig bliana.

5.

Déanfar na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) laistigh de 12 mhí ó dheireadh gach tréimhse cúig bliana agus déanfar iad a fhoilsiú, go háirithe ar an Idirlíon, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le rúndacht staidrimh a chosaint de réir mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, d’fhonn faisnéis a sholáthar don phobal.

Roinn 6

Tuarascáil cháilíochta

Agus na torthaí á dtarchur acu, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil cháilíochta, dá dtagraítear in Airteagal 4, a sholáthar don Choimisiún (Eurostat), ar tuarascáil í ina léireofar an méid seo a leanas:

dearadh na modheolaíochta samplála;

an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú;

meastachán maidir le tábhacht choibhneasta na mbarr arna gcumhdach le hais méid foriomlán na lotnaidicídí a úsáideadh;

gnéithe ábhartha den cháilíocht de réir na modheolaíochta a úsáideadh chun na sonraí a bhailiú;

comparáid idir sonraí na lotnaidicídí a úsáideadh i rith na tréimhse cúig bliana agus na lotnaidicídí a cuireadh ar an margadh i rith na gcúig bliana comhfhreagracha.

tuairisc achomair ar usáidí tráchtála neamhthalmhaíochta lotnaidicídí, arna fáil faoi chuimsiú staidéar píolótach a bheidh faoi stiúir an Choimisiúin (Eurostat).


IARSCRÍBHINN III

AICMIÚ COMHCHUIBHITHE NA SUBSTAINTÍ

PRÍOMHGHRÚPAÍ

Cód

Aicme Cheimiceach

Ainmneacha coitianta na substaintí

CAS RN (1)

CIPAC (2)

Catagóirí na dtáirgí

 

 

Ainmníocht Choitianta

 

 

Fungaicídí agus Baictéiricídí

F0

 

 

 

 

Fungaicídí neamhorgánacha

F1

 

 

 

 

 

F1.1

COMHDHÚILE COPAIR

COMHDHÚILE UILE COPAIR

 

44

 

F1.1

 

MEASCÁN BHORDEAUX

8011-63-0

44

 

F1.1

 

HIODROCSAÍD CHOPAIR

20427-59-2

44

 

F1.1

 

OCSACLÓIRÍD CHOPAIR

1332-40-7

44

 

F1.1

 

SULFÁIT CHOPAIR TRÍBHUNATA

1333-22-8

44

 

F1.1

 

OCSAÍD (I) CHOPAIR

1319-39-1

44

 

F1.1

 

SALAINN EILE CHOPAIR

 

44

 

F1.2

SULFAIR NEAMHORGÁNACH

SULFAIR

7704-34-9

18

 

F1.3

FUNGAICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA EILE

FUNGAICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA EILE

 

 

Fungaicídí ar carbamáití agus déthiacarbamáití is bonn dóibh

F2

 

 

 

 

 

F2.1

FUNGAICÍDÍ CARBANALÁITE

DIETHOFENCARB

87130-20-9

513

 

F2.2

FUNGAICÍDÍ CARBAMÁITE

BENTHIAVALICARB

413615-35-7

744

 

F2.2

 

IPROVALICARB

140923-17-7

620

 

F2.2

 

PROPAMOCARB

24579-73-5

399

 

F2.3

FUNGAICÍDÍ DÉTHIACARBAMÁITÍ

MANCOZEB

8018-01-7

34

 

F2.3

 

MANEB

12427-38-2

61

 

F2.3

 

METIRAM

9006-42-2

478

 

F2.3

 

PROPINEB

12071-83-9

177

 

F2.3

 

THIRAM

137-26-8

24

 

F2.3

 

ZIRAM

137-30-4

31

Fungaicídí ar beinsimíodasóilí is bonn dóibh

F3

 

 

 

 

 

F3.1

FUNGAICÍDÍ BEINSIMÍODASÓILÍ

CARBENDAZIM

10605-21-7

263

 

F3.1

 

FUBERIDAZOLE

3878-19-1

525

 

F3.1

 

THIABENDAZOLE

148-79-8

323

 

F3.1

 

THIOPHANATE-METHYL

23564-05-8

262

Fungaicídí ar imíodasóilí agus trí-asóilí is bonn dóibh

F4

 

 

 

 

 

F4.1

FUNGAICÍDÍ CONASÓILE

BITERTANOL

55179-31-2

386

 

F4.1

 

BROMUCONAZOLE

116255-48-2

680

 

F4.1

 

CYPROCONAZOLE

94361-06-5

600

 

F4.1

 

DIFENOCONAZOLE

119446-68-3

687

 

F4.1

 

DINICONAZOLE

83657-24-3

690

 

F4.1

 

EPOXICONAZOLE

106325-08-0

609

 

F4.1

 

ETRIDIAZOLE

2593-15-9

518

 

F4.1

 

FENBUCONAZOLE

114369-43-6

694

 

F4.1

 

FLUQUINCONAZOLE

136426-54-5

474

 

F4.1

 

FLUSILAZOLE

85509-19-9

435

 

F4.1

 

FLUTRIAFOL

76674-21-0

436

 

F4.1

 

HEXACONAZOLE

79983-71-4

465

 

F4.1

 

IMAZALIL (ENILCONAZOLE)

58594-72-2

335

 

F4.1

 

METCONAZOLE

125116-23-6

706

 

F4.1

 

MYCLOBUTANIL

88671-89-0

442

 

F4.1

 

PENCONAZOLE

66246-88-6

446

 

F4.1

 

PROPICONAZOLE

60207-90-1

408

 

F4.1

 

PROTHIOCONAZOLE

178928-70-6

745

 

F4.1

 

TEBUCONAZOLE

107534-96-3

494

 

F4.1

 

TETRACONAZOLE

112281-77-3

726

 

F4.1

 

TRIADIMENOL

55219-65-3

398

 

F4.1

 

TRICYCLAZOLE

41814-78-2

547

 

F4.1

 

TRIFLUMIZOLE

99387-89-0

730

 

F4.1

 

TRITICONAZOLE

131983-72-7

652

 

F4.2

FUNGAICÍDÍ IMÍODASÓIL

CYAZOFAMIDE

120116-88-3

653

 

F4.2

 

FENAMIDONE

161326-34-7

650

 

F4.2

 

TRIAZOXIDE

72459-58-6

729

Fungaicídí ar morfóilíní is bonn dóibh

F5

 

 

 

 

 

F5.1

FUNGAICÍDÍ MORFÓILÍN

DIMETHOMORPH

110488-70-5

483

 

F5.1

 

DODEMORPH

1593-77-7

300

 

F5.1

 

FENPROPIMORPH

67564-91-4

427

Fungaicídí eile

F6

 

 

 

 

 

F6.1

FUNGAICÍDÍ NITRIGINE ALFATAIGH

CYMOXANIL

57966-95-7

419

 

F6.1

 

DODINE

2439-10-3

101

 

F6.1

 

GUAZATINE

108173-90-6

361

 

F6.2

FUNGAICÍDÍ AIMÍDE

BENALAXYL

71626-11-4

416

 

F6.2

 

BOSCALID

188425-85-6

673

 

F6.2

 

FLUTOLANIL

66332-96-5

524

 

F6.2

 

MEPRONIL

55814-41-0

533

 

F6.2

 

METALAXYL

57837-19-1

365

 

F6.2

 

METALAXYL-M

70630-17-0

580

 

F6.2

 

PROCHLORAZ

67747-09-5

407

 

F6.2

 

SILTHIOFAM

175217-20-6

635

 

F6.2

 

TOLYLFLUANID

731-27-1

275

 

F6.2

 

ZOXAMIDE

156052-68-5

640

 

F6.3

FUNGAICÍDÍ AINILÍDE

CARBOXIN

5234-68-4

273

 

F6.3

 

FENHEXAMID

126833-17-8

603

 

F6.4

FUNGAICÍDÍ-BAICTÉIRICÍDÍ ANTAIBHEATHACHA

KASUGAMYCIN

6980-18-3

703

 

F6.4

 

POLYOXINS

11113-80-7

710

 

F6.4

 

STREPTOMYCIN

57-92-1

312

 

F6.5

FUNGAICÍDÍ ARAMATACHA

CHLOROTHALONIL

1897-45-6

288

 

F6.5

 

DICLORAN

99-30-9

150

 

F6.6

FUNGAICÍDÍ DÉCHARBOCSAIMÍDE

IPRODIONE

36734-19-7

278

 

F6.6

 

PROCYMIDONE

32809-16-8

383

 

F6.7

FUNGAICÍDÍ DÉNÍOTRANAILÍN

FLUAZINAM

79622-59-6

521

 

F6.8

FUNGAICÍDÍ DÉNÍTRIFEANÓIL

DINOCAP

39300-45-3

98

 

F6.9

FUNGAICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR

FOSETYL

15845-66-6

384

 

F6.9

 

TOLCLOFOS-METHYL

57018-04-9

479

 

F6.10

FUNGAICÍDÍ OCSASÓIL

HYMEXAZOL

10004-44-1

528

 

F6.10

 

FAMOXADONE

131807-57-3

594

 

F6.10

 

VINCLOZOLIN

50471-44-8

280

 

F6.11

FUNGAICÍDÍ FEINILPIORÓIL

FLUDIOXONIL

131341-86-1

522

 

F6.12

FUNGAICÍDÍ TAILIMÍDE

CAPTAN

133-06-2

40

 

F6.12

 

FOLPET

133-07-3

75

 

F6.13

FUNGAICÍDÍ PIRIMIDÍN

BUPIRIMATE

41483-43-6

261

 

F6.13

 

CYPRODINIL

121552-61-2

511

 

F6.13

 

FENARIMOL

60168-88-9

380

 

F6.13

 

MEPANIPYRIM

110235-47-7

611

 

F6.13

 

PYRIMETHANIL

53112-28-0

714

 

F6.14

FUNGAICÍDÍ CUINEOILÍN

QUINOXYFEN

124495-18-7

566

 

F6.14

 

8-HYDROXYQUINOLINE SULFATE

134-31-6

677

 

F6.15

FUNGAICÍDÍ CUINEOIN

DITHIANON

3347-22-6

153

 

F6.16

FUNGAICÍDÍ STRÓBALÚRACHA

AZOXYSTROBIN

131860-33-8

571

 

F6.16

 

DIMOXYSTROBIN

149961-52-4

739

 

F6.16

 

FLUOXASTROBIN

361377-29-9

746

 

F6.16

 

KRESOXIM-METHYL

143390-89-0

568

 

F6.16

 

PICOXYSTROBINE

117428-22-5

628

 

F6.16

 

PYRACLOSTROBINE

175013-18-0

657

 

F6.16

 

TRIFLOXYSTROBINE

141517-21-7

617

 

F6.17

FUNGAICÍDÍ ÚIRÉ

PENCYCURON

66063-05-6

402

 

F6.18

FUNGAICÍDÍ NEAMHAICMITHE

ACIBENZOLAR

126448-41-7

597

 

F6.18

 

BENZOIC ACID

65-85-0

622

 

F6.18

 

DICHLOROPHEN

97-23-4

325

 

F6.18

 

FENPROPIDIN

67306-00-7

520

 

F6.18

 

METRAFENONE

220899-03-6

752

 

F6.18

 

2-PHENYPHENOL

90-43-7

246

 

F6.18

 

SPIROXAMINE

118134-30-8

572

 

F6.19

FUNGAICÍDÍ EILE

FUNGAICÍDÍ EILE

 

 

Luibhicídí, Gas-scriostóirí agus Scriostóirí caonaigh

H0

 

 

 

 

Luibhicídí ar feanocs-fíteahormóin is bonn dóibh

H1

 

 

 

 

 

H1.1

LUIBHICÍDÍ FEANOCSACHA

2,4-D

94-75-7

1

 

H1.1

 

2,4-DB

94-82-6

83

 

H1.1

 

DICHLORPROP-P

15165-67-0

476

 

H1.1

 

MCPA

94-74-6

2

 

H1.1

 

MCPB

94-81-5

50

 

H1.1

 

MECOPROP

7085-19-0

51

 

H1.1

 

MECOPROP-P

16484-77-8

475

Luibhicídí ar trí-aisín agus trí-aisíonóin is bonn dóibh

H2

 

 

 

 

 

H2.1

LUIBHICÍDÍ MEITILTIAITHRÍ-AISÍN

METHOPROTRYNE

841-06-5

94

 

H2.2

LUIBHICÍDÍ TRÍ-AISÍN

SIMETRYN

1014-70-6

179

 

H2.2

 

TERBUTHYLAZINE

5915-41-3

234

 

H2.3

LUIBHICÍDÍ TRÍ-AISÍONÓIN

METAMITRON

41394-05-2

381

 

H2.3

 

METRIBUZIN

21087-64-9

283

Luibhicídí ar aimídí agus ainilíde is bonn dóibh

H3

 

 

 

 

 

H3.1

LUIBHICÍDÍ AIMÍDE

BEFLUBUTAMID

113614-08-7

662

 

H3.1

 

DIMETHENAMID

87674-68-8

638

 

H3.1

 

FLUPOXAM

119126-15-7

8158

 

H3.1

 

ISOXABEN

82558-50-7

701

 

H3.1

 

NAPROPAMIDE

15299-99-7

271

 

H3.1

 

PETHOXAMIDE

106700-29-2

665

 

H3.1

 

PROPYZAMIDE

23950-58-5

315

 

H3.2

LUIBHICÍDÍ AINILÍDE

DIFLUFENICAN

83164-33-4

462

 

H3.2

 

FLORASULAM

145701-23-1

616

 

H3.2

 

FLUFENACET

142459-58-3

588

 

H3.2

 

METOSULAM

139528-85-1

707

 

H3.2

 

METAZACHLOR

67129-08-2

411

 

H3.2

 

PROPANIL

709-98-8

205

 

H3.3

LUIBHICÍDÍ CLÓRAICÉATAINILÍDE

ACETOCHLOR

34256-82-1

496

 

H3.3

 

ALACHLOR

15972-60-8

204

 

H3.3

 

DIMETHACHLOR

50563-36-5

688

 

H3.3

 

PRETILACHLOR

51218-49-6

711

 

H3.3

 

PROPACHLOR

1918-16-7

176

 

H3.3

 

S-METOLACHLOR

87392-12-9

607

Luibhicídí ar carbamáití agus bios-carbamáití is bonn dóibh

H4

 

 

 

 

 

H4.1

LUIBHICÍDÍ BIOS-CARBAMÁITE

CHLORPROPHAM

101-21-3

43

 

H4.1

 

DESMEDIPHAM

13684-56-5

477

 

H4.1

 

PHENMEDIPHAM

13684-63-4

77

 

H4.2

LUIBHICÍDÍ CARBAMÁITE

ASULAM

3337-71-1

240

 

H4.2

 

CARBETAMIDE

16118-49-3

95

Luibhicídí ar déníotranailín agus díorthaigh is bonn dóibh

H5

 

 

 

 

 

H5.1

LUIBHICÍDÍ DÉNÍTRIFEANÓIL

BENFLURALIN

1861-40-1

285

 

H5.1

 

BUTRALIN

33629-47-9

504

 

H5.1

 

ETHALFLURALIN

55283-68-6

516

 

H5.1

 

ORYZALIN

19044-88-3

537

 

H5.1

 

PENDIMETHALIN

40487-42-1

357

 

H5.1

 

TRIFLURALIN

2582-09-8

183

Luibhicídí ar díorthaigh úiré, úraicile nó sulfóiniolúiré is bonn dóibh

H6

 

 

 

 

 

H6.1

LUIBHICÍDÍ SULFÓINIOLÚIRE

AMIDOSULFURON

120923-37-7

515

 

H6.1

 

AZIMSULFURON

120162-55-2

584

 

H6.1

 

BENSULFURON

99283-01-9

502

 

H6.1

 

CHLORSULFURON

64902-72-3

391

 

H6.1

 

CINOSULFURON

94593-91-6

507

 

H6.1

 

ETHOXYSULFURON

126801-58-9

591

 

H6.1

 

FLAZASULFURON

104040-78-0

595

 

H6.1

 

FLUPYRSULFURON

150315-10-9

577

 

H6.1

 

FORAMSULFURON

173159-57-4

659

 

H6.1

 

IMAZOSULFURON

122548-33-8

590

 

H6.1

 

IODOSULFURON

185119-76-0

634

 

H6.1

 

MESOSULFURON

400852-66-6

663

 

H6.1

 

METSULFURON

74223-64-6

441

 

H6.1

 

NICOSULFURON

111991-09-4

709

 

H6.1

 

OXASULFURON

144651-06-9

626

 

H6.1

 

PRIMISULFURON

113036-87-6

712

 

H6.1

 

PROSULFURON

94125-34-5

579

 

H6.1

 

RIMSULFURON

122931-48-0

716

 

H6.1

 

SULFOSULFURON

141776-32-1

601

 

H6.1

 

THIFENSULFURON

79277-67-1

452

 

H6.1

 

TRIASULFURON

82097-50-5

480

 

H6.1

 

TRIBENURON

106040-48-6

546

 

H6.1

 

TRIFLUSULFURON

135990-29-3

731

 

H6.1

 

TRITOSULFURON

142469-14-5

735

 

H6.2

LUIBHICÍDÍ ÚRAICILE

LENACIL

2164-08-1

163

 

H6.3

LUIBHICÍDÍ ÚIRÉ

CHLORTOLURON

15545-48-9

217

 

H6.3

 

DIURON

330-54-1

100

 

H6.3

 

FLUOMETURON

2164-17-2

159

 

H6.3

 

ISOPROTURON

34123-59-6

336

 

H6.3

 

LINURON

330-55-2

76

 

H6.3

 

METHABENZTHIAZURON

18691-97-9

201

 

H6.3

 

METOBROMURON

3060-89-7

168

 

H6.3

 

METOXURON

19937-59-8

219

Luibhicídí eile

H7

 

 

 

 

 

H7.1

LUIBHICÍDÍ AIRIOLOCSAIFEANOCSAPRÓIPIANACHA

CLODINAFOP

114420-56-3

683

 

H7.1

 

CYHALOFOP

122008-85-9

596

 

H7.1

 

DICLOFOP

40843-25-2

358

 

H7.1

 

FENOXAPROP-P

113158-40-0

484

 

H7.1

 

FLUAZIFOP-P-BUTYL

79241-46-6

395

 

H7.1

 

HALOXYFOP

69806-34-4

438

 

H7.1

 

HALOXYFOP-R

72619-32-0

526

 

H7.1

 

PROPAQUIZAFOP

111479-05-1

713

 

H7.1

 

QUIZALOFOP

76578-12-6

429

 

H7.1

 

QUIZALOFOP-P

94051-08-8

641

 

H7.2

LUIBHICÍDÍ BEINSEAFÚRÁIN

ETHOFUMESATE

26225-79-6

233

 

H7.3

LUIBHICÍDÍ AIGÉID BHEANSÓIGH

CHLORTHAL

2136-79-0

328

 

H7.3

 

DICAMBA

1918-00-9

85

 

H7.4

LUIBHICÍDÍ DÉPHIRIDILIAM

DIQUAT

85-00-7

55

 

H7.4

 

PARAQUAT

4685-14-7

56

 

H7.5

LUIBHICÍDÍ CIOGLAIHEACSÁINDÉ-ÓIN

CLETHODIM

99129-21-2

508

 

H7.5

 

CYCLOXYDIM

101205-02-1

510

 

H7.5

 

TEPRALOXYDIM

149979-41-9

608

 

H7.5

 

TRALKOXYDIM

87820-88-0

544

 

H7.6

LUIBHICÍDÍ DÉ-AISÍN

PYRIDATE

55512-33-9

447

 

H7.7

LUIBHICÍDÍ DÉCHARBOCSAIMÍDE

CINIDON-ETHYL

142891-20-1

598

 

H7.7

 

FLUMIOXAZIN

103361-09-7

578

 

H7.8

LUIBHICÍDÍ ÉITEAR DÉFHEINILE

ACLONIFEN

74070-46-5

498

 

H7.8

 

BIFENOX

42576-02-3

413

 

H7.8

 

NITROFEN

1836-75-5

170

 

H7.8

 

OXYFLUORFEN

42874-03-3

538

 

H7.9

LUIBHICÍDÍ IMÍODASÓILÍONÓIN

IMAZAMETHABENZ

100728-84-5

529

 

H7.9

 

IMAZAMOX

114311-32-9

619

 

H7.9

 

IMAZETHAPYR

81335-77-5

700

 

H7.10

LUIBHICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA

AMMONIUM SULFAMATE

7773-06-0

679

 

H7.10

 

CHLORATES

7775-09-9

7

 

H7.11

LUIBHICÍDÍ ISEACSASÓIL

ISOXAFLUTOLE

141112-29-0

575

 

H7.12

LUIBHICÍDÍ MORFAICTINE

FLURENOL

467-69-6

304

 

H7.13

LUIBHICÍDÍ NITRÍLE

BROMOXYNIL

1689-84-5

87

 

H7.13

 

DICHLOBENIL

1194-65-6

73

 

H7.13

 

IOXYNIL

1689-83-4

86

 

H7.14

LUIBHICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR

GLUFOSINATE

51276-47-2

437

 

H7.14

 

GLYPHOSATE

1071-83-6

284

 

H7.15

LUIBHICÍDÍ FEINILPIORASÓIL

PYRAFLUFEN

129630-19-9

605

 

H7.16

LUIBHICÍDÍ PIRIDAISÍONÓIN

CHLORIDAZON

1698-60-8

111

 

H7.16

 

FLURTAMONE

96525-23-4

569

 

H7.17

LUIBHICÍDÍ PIRIDÍNCARBOCSAIMÍDE

PICOLINAFEN

137641-05-5

639

 

H7.18

LUIBHICÍDÍ AIGÉID PHIRIDÍNCARBOCSAILIGH

CLOPYRALID

1702-17-6

455

 

H7.18

 

PICLORAM

1918-02-1

174

 

H7.19

LUIBHICÍDÍ AIGÉID PHIRIDILOCSAICÉITIGH

FLUROXYPYR

69377-81-7

431

 

H7.19

 

TRICLOPYR

55335-06-3

376

 

H7.20

LUIBHICÍDÍ CUINEOILÍN

QUINCLORAC

84087-01-4

493

 

H7.20

 

QUINMERAC

90717-03-6

563

 

H7.21

LUIBHICÍDÍ TIAIDÉ-AISÍN

BENTAZONE

25057-89-0

366

 

H7.22

LUIBHICÍDÍ TIACARBAMÁITE

EPTC

759-94-4

155

 

H7.22

 

MOLINATE

2212-67-1

235

 

H7.22

 

PROSULFOCARB

52888-80-9

539

 

H7.22

 

THIOBENCARB

28249-77-6

388

 

H7.22

 

TRI-ALLATE

2303-17-5

97

 

H7.23

LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓIL

AMITROL

61-82-5

90

 

H7.24

LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓILÍONÓIN

CARFENTRAZONE

128639-02-1

587

 

H7.25

LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓLÓIN

PROPOXYCARBAZONE

145026-81-9

655

 

H7.26

LUIBHICÍDÍ TRÍCHÉATÓIN

MESOTRIONE

104206-82-8

625

 

H7.26

 

SULCOTRIONE

99105-77-8

723

 

H7.27

LUIBHICÍDÍ NEAMHAICMITHE

CLOMAZONE

81777-89-1

509

 

H7.27

 

FLUROCHLORIDONE

61213-25-0

430

 

H7.27

 

QUINOCLAMINE

2797-51-5

648

 

H7.27

 

METHAZOLE

20354-26-1

369

 

H7.27

 

OXADIARGYL

39807-15-3

604

 

H7.27

 

OXADIAZON

19666-30-9

213

 

H7.27

LUIBHICÍDÍ EILE, GAS-SCRIOSTÓIRÍ SCRIOSTÓIRÍ CAONAIGH

LUIBHICÍDÍ EILE, GAS-SCRIOSTÓIRÍ SCRIOSTÓIRÍ CAONAIGH

 

 

Feithidicídí agus Acairicídí

I0

 

 

 

 

Feithidicídí ar pireatróideacha is bonn dóibh

I1

 

 

 

 

 

I1.1

FEITHIDICÍDÍ PIREATRÓIDEACHA

ACRINATHRIN

101007-06-1

678

 

I1.1

 

ALPHA-CYPERMETHRIN

67375-30-8

454

 

I1.1

 

BETA-CYFLUTHRIN

68359-37-5

482

 

I1.1

 

BETA-CYPERMETHRIN

65731-84-2

632

 

I1.1

 

BIFENTHRIN

82657-04-3

415

 

I1.1

 

CYFLUTHRIN

68359-37-5

385

 

I1.1

 

CYPERMETHRIN

52315-07-8

332

 

I1.1

 

DELTAMETHRIN

52918-63-5

333

 

I1.1

 

ESFENVALERATE

66230-04-4

481

 

I1.1

 

ETOFENPROX

80844-07-1

471

 

I1.1

 

GAMMA-CYHALOTHRIN

76703-62-3

768

 

I1.1

 

LAMBDA-CYHALOTHRIN

91465-08-6

463

 

I1.1

 

TAU-FLUVALINATE

102851-06-9

432

 

I1.1

 

TEFLUTHRIN

79538-32-2

451

 

I1.1

 

ZETA-CYPERMETHRIN

52315-07-8

733

Feithidicídí ar hidreacarbóin chlóirínithe is bonn dóibh

I2

 

 

 

 

 

I2.1

FEITHIDICÍDÍ ORGÁNACLÓIRÍN

DICOFOL

115-32-2

123

 

I2.1

 

TETRASUL

2227-13-6

114

Feithidicídí ar carbamáití agus ocsaím-charbamáití is bonn dóibh

I3

 

 

 

 

 

I3.1

FEITHIDICÍDÍ OCSAÍM-CHARBAMÁITE

METHOMYL

16752-77-5

264

 

I3.1

 

OXAMYL

23135-22-0

342

 

I3.2

FEITHIDICÍDÍ CARBAMÁITE

BENFURACARB

82560-54-1

501

 

I3.2

 

CARBARYL

63-25-2

26

 

I3.2

 

CARBOFURAN

1563-66-2

276

 

I3.2

 

CARBOSULFAN

55285-14-8

417

 

I3.2

 

FENOXYCARB

79127-80-3

425

 

I3.2

 

FORMETANATE

22259-30-9

697

 

I3.2

 

METHIOCARB

2032-65-7

165

 

I3.2

 

PIRIMICARB

23103-98-2

231

Feithidicídí ar orgánafosfáit is bonn dóibh

I4

 

 

 

 

 

I4.1

FEITHIDICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR

AZINPHOS-METHYL

86-50-0

37

 

I4.1

 

CADUSAFOS

95465-99-9

682

 

I4.1

 

CHLORPYRIFOS

2921-88-2

221

 

I4.1

 

CHLORPYRIFOS-METHYL

5589-13-0

486

 

I4.1

 

COUMAPHOS

56-72-4

121

 

I4.1

 

DIAZINON

333-41-5

15

 

I4.1

 

DICHLORVOS

62-73-7

11

 

I4.1

 

DIMETHOATE

60-51-5

59

 

I4.1

 

ETHOPROPHOS

13194-48-4

218

 

I4.1

 

FENAMIPHOS

22224-92-6

692

 

I4.1

 

FENITROTHION

122-14-5

35

 

I4.1

 

FOSTHIAZATE

98886-44-3

585

 

I4.1

 

ISOFENPHOS

25311-71-1

412

 

I4.1

 

MALATHION

121-75-5

12

 

I4.1

 

METHAMIDOPHOS

10265-92-6

355

 

I4.1

 

NALED

300-76-5

195

 

I4.1

 

OXYDEMETON-METHYL

301-12-2

171

 

I4.1

 

PHOSALONE

2310-17-0

109

 

I4.1

 

PHOSMET

732-11-6

318

 

I4.1

 

PHOXIM

14816-18-3

364

 

I4.1

 

PIRIMIPHOS-METHYL

29232-93-7

239

 

I4.1

 

TRICHLORFON

52-68-6

68

Feithidicídí ar táirgí bitheolaíocha agus luibheolaíocha is bonn dóibh

I5

 

 

 

 

 

I5.1

FEITHIDICÍDÍ BITHEOLAÍOCHA

AZADIRACHTIN

11141-17-6

627

 

I5.1

 

NICOTINE

54-11-5

8

 

I5.1

 

PYRETHRINS

8003-34-7

32

 

I5.1

 

ROTENONE

83-79-4

671

Feithidicídí eile

I6

 

 

 

 

 

I6.1

FEITHIDICÍDI A THÁIRGTEAR TRÍ CHOIPEADH

ABAMECTIN

71751-41-2

495

 

I6.1

 

MILBEMECTIN

51596-10-2

51 596-11-3

660

 

I6.1

 

SPINOSAD

168316-95-8

636

 

I6.3

FEITHIDICÍDÍ BEANSÓILÚIRÉ

DIFLUBENZURON

35367-38-5

339

 

I6.3

 

FLUFENOXURON

101463-69-8

470

 

I6.3

 

HEXAFLUMURON

86479-06-3

698

 

I6.3

 

LUFENURON

103055-07-8

704

 

I6.3

 

NOVALURON

116714-46-6

672

 

I6.3

 

TEFLUBENZURON

83121-18-0

450

 

I6.3

 

TRIFLUMURON

64628-44-0

548

 

I6.4

FEITHIDICÍDÍ CARBASÁITE

BIFENAZATE

149877-41-8

736

 

I6.5

FEITHIDICÍDÍ DIAISILHIODRAISÍN

METHOXYFENOZIDE

161050-58-4

656

 

I6.5

 

TEBUFENOZIDE

112410-23-8

724

 

I6.6

RIALAITHEOIRÍ FÁIS FEITHIDÍ

BUPROFEZIN

69327-76-0

681

 

I6.6

 

CYROMAZINE

66215-27-8

420

 

I6.6

 

HEXYTHIAZOX

78587-05-0

439

 

I6.7

FERAMÓIN FEITHIDE

(E, Z)-9-DODECENYL ACETATE

35148-19-7

422

 

I6.8

FEITHIDICÍDÍ NÍTREAGUAINIDÍNE

CLOTHIANIDIN

210880-92-5

738

 

I6.8

 

THIAMETHOXAM

153719-23-4

637

 

I6.9

FEITHIDICÍDÍ ORGANÁSTÁIN

AZOCYCLOTIN

41083-11-8

404

 

I6.9

 

CYHEXATIN

13121-70-5

289

 

I6.9

 

FENBUTATIN OXIDE

13356-08-6

359

 

I6.10

FEITHIDICÍDÍ OCSAIDÉ-AISÍN

INDOXACARB

173584-44-6

612

 

I6.11

FEITHIDICÍDÍ ÉITEAR FEINILE

PYRIPROXYFEN

95737-68-1

715

 

I6.12

FEITHIDICÍDÍ PIORASÓIL (FEINILE)

FENPYROXIMATE

134098-61-6

695

 

I6.12

 

FIPRONIL

120068-37-3

581

 

I6.12

 

TEBUFENPYRAD

119168-77-3

725

 

I6.13

FEITHIDICÍDÍ PIRIDÍN

PYMETROZINE

123312-89-0

593

 

I6.14

FEITHIDICÍDÍ PIRIDILMEITIOLAIMÍN

ACETAMIPRID

135410-20-7

649

 

I6.14

 

IMIDACLOPRID

138261-41-3

582

 

I6.14

 

THIACLOPRID

111988-49-9

631

 

I6.15

FEITHIDICÍDÍ EISTEAR SUILFÍTE

PROPARGITE

2312-35-8

216

 

I6.16

FEITHIDICÍDÍ TEATRAISÍN

CLOFENTEZINE

74115-24-5

418

 

I6.17

FEITHIDICÍDÍ AIGÉID THEATRÓNAIGH

SPIRODICLOFEN

148477-71-8

737

 

I6.18

FEITHIDICÍDÍ (CARBAMÓIL-) TRÍ-ASÓIL

TRIAZAMATE

112143-82-5

728

 

I6.19

FEITHIDICÍDÍ ÚIRÉ

DIAFENTHIURON

80060-09-9

8097

 

I6.20

FEITHIDICÍDÍ NEAMHAICMITHE

ETOXAZOLE

153233-91-1

623

 

I6.20

 

FENAZAQUIN

120928-09-8

693

 

I6.20

 

PYRIDABEN

96489-71-3

583

 

I6.21

FEITHIDICÍDÍ EILE - ACAIRICÍDÍ

FEITHIDICÍDÍ EILE - ACAIRICÍDÍ

 

 

Moiliscicídí, iomlán:

M0

 

 

 

 

Moiliscicídí

M1

 

 

 

 

 

M1.1

FEITHIDICÍDÍ CARBAMÁITE

THIODICARB

59669-26-0

543

 

M1.2

MOILISCICÍDÍ EILE

FERRIC PHOSPHATE

10045-86-0

629

 

M1.2

 

METALDEHYDE

108-62-3

62

 

M1.2

 

MOILISCICÍDÍ EILE

 

 

Rialaitheoirí Fáis Phlandaí, iomlán:

PGR0

 

 

 

 

Rialaitheoirí fiseolaíocha fáis phlandaí

PGR1

 

 

 

 

 

PGR1.1

RIALAITHEOIRÍ FISEOLAÍOCHA FÁIS PHLANDAÍ

CHLORMEQUAT

999-81-5

143

 

PGR1.1

 

CYCLANILIDE

113136-77-9

586

 

PGR1.1

 

DAMINOZIDE

1596-84-5

330

 

PGR1.1

 

DIMETHIPIN

55290-64-7

689

 

PGR1.1

 

DIPHENYLAMINE

122-39-4

460

 

PGR1.1

 

ETHEPHON

16672-87-0

373

 

PGR1.1

 

ETHOXYQUIN

91-53-2

517

 

PGR1.1

 

FLORCHLORFENURON

68157-60-8

633

 

PGR1.1

 

FLURPRIMIDOL

56425-91-3

696

 

PGR1.1

 

IMAZAQUIN

81335-37-7

699

 

PGR1.1

 

MALEIC HYDRAZIDE

51542-52-0

310

 

PGR1.1

 

MEPIQUAT

24307-26-4

440

 

PGR1.1

 

1-METHYLCYCLOPROPENE

3100-04-7

767

 

PGR1.1

 

PACLOBUTRAZOL

76738-62-0

445

 

PGR1.1

 

PROHEXADIONE-CALCIUM

127277-53-6

567

 

PGR1.1

 

SODIUM 5-NITROGUAIACOLATE

67233-85-6

718

 

PGR1.1

 

SODIUM O-NITROPHENOLATE

824-39-5

720

 

PGR1.1

 

TRINEXAPAC-ETHYL

95266-40-3

8349

Táirgí frithphéactha

PGR2

 

 

 

 

 

PGR2.2

TÁIRGÍ FRITHPHÉACTHA

CARVONE

99-49-0

602

 

PGR2.2

 

CHLORPROPHAM

101-21-3

43

Rialaitheoirí eile fáis phlandaí

PGR3

 

 

 

 

 

PGR3.1

RIALAITHEOIRÍ EILE FÁIS PHLANDAÍ

RIALAITHEOIRÍ EILE FÁIS PLANDAÍ

 

 

Táirgí eile Cosanta Plandaí, iomlán:

ZR0

 

 

 

 

Olaí mianracha

ZR1

 

 

 

 

 

ZR1.1

OLA MIANRACH

OLAÍ PEITRILIAM

64742-55-8

29

Olaí cothaitheacha

ZR2

 

 

 

 

 

ZR2.1

OLA COTHAITHEACH

OLAÍ TARRA

 

30

Steirileáin ithreach (Neamaicídí ina measc)

ZR3

 

 

 

 

 

ZR3.1

BRÓIMÍD MHEITILE

BRÓIMÍD MHEITILE

74-83-9

128

 

ZR3.2

STEIRILEÁIN EILE ITHREACH

CHLOROPICRIN

76-06-2

298

 

ZR3.2

 

DAZOMET

533-74-4

146

 

ZR3.2

 

1,3-DICHLOROPROPENE

542-75-6

675

 

ZR3.2

 

METAM-SODIUM

137-42-8

20

 

ZR3.2

 

STEIRILEÁIN EILE ITHREACH

 

 

Creimiricídí

ZR4

 

 

 

 

 

ZR4.1

CREIMIRICÍDÍ

BRODIFACOUM

56073-10-0

370

 

ZR4.1

 

BROMADIOLONE

28772-56-7

371

 

ZR4.1

 

CHLORALOSE

15879-93-3

249

 

ZR4.1

 

CHLOROPHACINONE

3691-35-8

208

 

ZR4.1

 

COUMATETRALYL

5836-29-3

189

 

ZR4.1

 

DIFENACOUM

56073-07-5

514

 

ZR4.1

 

DIFETHIALONE

104653-34-1

549

 

ZR4.1

 

FLOCOUMAFEN

90035-08-8

453

 

ZR4.1

 

WARFARIN

81-81-2

70

 

ZR4.1

 

CREIMIRICÍDÍ EILE

 

 

Táirgí uile eile cosanta plandaí

ZR5

 

 

 

 

 

ZR5.1

DÍFHABHTÁIN

DÍFHABHTÁIN EILE

 

 

 

ZR5.2

TÁIRGÍ EILE COSANTA PLANDAÍ

TÁIRGÍ EILE COSANTA PLANDAÍ

 

 


(1)  Uimhreacha Clárlainne CAS (Chemical Abstract Service Registery Numbers).

(2)  Comharchomhairle Idirnáisiúnta Anailíseach Lotnaidicídí (Collaborative International Pesticides Analytical Council).


Top