EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02014R0658-20181018

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 658/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/658/2018-10-18

02014R0658 — GA — 18.10.2018 — 002.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 658/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 189 27.6.2014, lch. 112)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2018/92 of 18 October 2017 (*)

  L 17

2

23.1.2018

►M2

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2018/1298 of 11 July 2018 (*)

  L 244

1

28.9.2018



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 658/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach chun gníomhaíochtaí cógas-aireachais a dhéanamh i ndáil le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táillí do ghníomhaíochtaí cógas-aireachais a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (“táirgí íocshláinte”) atá údaraithe ag an Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus faoi Threoir 2001/83/CE a thoibheoidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘an Ghníomhaireacht’) ar shealbhóirí údaruithe margaíochta.

2.  Déanfar táirgí íocshláinte luibhe agus hoiméapatacha atá cláraithe i gcomhréir le, faoi seach, Airteagal 14 agus Airteagal 16a de Threoir 2001/83/CE agus táirgí íocshláinte atá údaraithe le cur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 126a de Threoir 2001/83/CE, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

3.  Bunaítear leis an Rialachán seo na gníomhaíochtaí cógas-aireachais arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais a bhfuil táillí le gearradh orthu, méideanna agus rialacha íocaíochta na dtáillí sin don Ghníomhaireacht, agus méideanna luach saothair ón nGníomhaireacht do na seirbhísí arna soláthar ag na rapóirtéirí agus, nuair is infheidhme, ag na comhrapóirtéirí.

4.  Beidh micrifhiontair díolmhaithe ó íocaíocht táille ar bith faoin Rialachán seo.

5.  Beidh feidhm ag na táillí a leagtar síos sa Rialachán seo gan dochar do na táillí atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 297/95.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “aonad inmhuirearaithe” aonad a shainítear trí theaglaim uathúil den tacar sonraí a leanas arna ndíorthú ó fhaisnéis ar gach táirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine atá údaraithe san Aontas atá ag an nGníomhaireacht, agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí shealbhóirí údaraithe margaíochta dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 57(2) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 faisnéis den chineál sin a chur faoi bhráid an bhunachair sonraí dá dtagraítear i bpointe (l) den dara fomhír d’Airteagal 57(1) den Rialachán sin:

(a) 

ainm an táirge íocshláinte, de réir an tsainmhínithe mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 1de Threoir 2001/83/CE;

(b) 

sealbhóir an údaraithe margaíochta;

(c) 

an Ballstát a bhfuil an t-údarú margaíochta bailí ann;

(d) 

substaint ghníomhach nó teaglaim de shubstaintí gníomhacha; agus

(e) 

foirm chógaisíochta.

Níl Pointe (d) den chéad fhomhír infheidhme i gcás táirgí íocshláinte hoiméapatacha údaraithe nó maidir le táirgí íocshláinte luibhe údaraithe, mar a shainmhínítear, faoi seach, i bpointe 5 agus i bpointe 30 d’Airteagal 1 de Threoir 2001/83/CE;

(2) 

ciallaíonn ‘fiontar meánmhéide’ fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE;

(3) 

ciallaíonn ‘fiontar beag’ fiontar beag de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE;

(4) 

ciallaíonn ‘micrifhiontar’ micrifhiontar de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE.

Airteagal 3

Cineálacha táillí

1.  Beidh na táillí do ghníomhaíochtaí cógas-aireachais comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

(a) 

táillí do nósanna imeachta a dhéantar ar leibhéal an Aontais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6;

(b) 

táille bhliantúil amhail dá bhforáiltear in Airteagal 7.

2.  I gcás ina dtoibhíonn an Ghníomhaireacht táille i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, íocfaidh an Ghníomhaireacht luach saothair, i gcomhréir le hAirteagal 9, don údarás inniúil náisiúnta:

(a) 

as seirbhísí arna soláthar ag na rapóirtéirí agus, nuair is infheidhme, na comhrapóirtéirí sa Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí arna gceapadh ag Ballstáit mar chomhaltaí den Choiste sin;

(b) 

as an obair a dhéanann Ballstáit a ghníomhaíonn mar rapóirtéirí agus, nuair is infheidhme, mar chomhrapóirtéirí sa ghrúpa comhordaithe.

Airteagal 4

Táille ar mheasúnú ar thuarascálacha tréimhsiúla chun dáta maidir le sábháilteacht

1.  Toibheoidh an Ghníomhaireacht táille ar mheasúnú ar thuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 107e agus Airteagal 107g de Threoir 2001/83/CE agus in Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

2.  Leagtar síos méid an táille agus méid comhréireach luach saothair an údaráis inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) i bpointe 1 de Chuid I den Iarscríbhinn.

3.  I gcás nach mbeidh ach sealbhóir an údaraithe margaíochta amháin faoi réir na hoibleagáide tuarascáil thréimhsiúil cothrom le dáta maidir le sábháilteacht a chur isteach i gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1, toibheoidh an Ghníomhaireacht méid iomlán na táille is infheidhme ar shealbhóir an údaraithe margaíochta.

4.  I gcás ina bhfuil beirt shealbhóirí údaruithe margaíochta nó níos mó faoi réir na hoibleagáide chun tuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht isteach i gcomhthéacs na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh, roinnfidh an Ghníomhaireacht méid iomlán na táille i measc na sealbhóirí údaruithe margaíochta sin i gcomhréir le pointe 2 de Chuid I den Iarscríbhinn.

5.  I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide é sealbhóir an údaraithe margaíochta dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4, laghdófar an méid is iníoctha ag sealbhóir an údaraithe margaíochta mar atá leagtha síos i bpointe 3 de Chuid I den Iarscríbhinn.

6.  Toibheoidh an Ghníomhaireacht an táille faoin Airteagal seo trí shonrasc a eisiúint do gach sealbhóir an údaraithe margaíochta lena mbaineann. Beidh an táille le híoc ar an dáta a gcuirfear tús leis an nós imeachta um measúnú ar an tuarascáil thréimhsiúil chun dáta maidir le sábháilteacht. Íocfar na táillí atá dlite faoin Airteagal seo leis an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc.

Airteagal 5

Táille chun staidéir sábháilteachta iar-údarúchaithe a mheasúnú

1.  Toibheoidh an Ghníomhaireacht táille ar an measúnú a dhéantar faoi Airteagal 107n go hAirteagal 107q de Threoir 2001/83/CE agus Airteagal 28b de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ar na staidéir sábháilteachta iar-údaraithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 21a agus i bpointe (a) d’Airteagal 22a(1) de Threoir 2001/83/CE, agus i bpointe (cb) d’Airteagal 9(4) agus i bpointe (a) d’Airteagal 10a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a dhéanfar i níos mó ná Ballstát amháin.

2.  Leagtar síos méid an táille agus méid comhréireach luach saothair an údaráis inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) i bpointe 1 de Chuid II den Iarscríbhinn.

3.  I gcás ina bhforchuirfear an oibleagáid chun staidéar sábháilteachta iar-údaraithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar níos mó ná sealbhóir údaruithe margaíochta amháin, agus go mbaineann na húdair imní chéanna le níos mó ná táirge íocshláinte amháin, agus déanann na sealbhóirí údaruithe margaíochta lena mbaineann comhstaidéar sábháilteachta iar-údaraithe, toibheofar an méid is iníoctha ag gach sealbhóir an údaraithe margaíochta mar atá leagtha síos i bpointe 2 de Chuid II den Iarscríbhinn.

4.  I gcás ina bhforchuirfear ar shealbhóir an údaraithe margaíochta, ar fiontar beag nó meánmhéide é, an oibleagáid chun staidéar sábháilteachta iar-údaraithe a dhéanamh, laghdófar an méid is iníoctha ag sealbhóir an údaraithe margaíochta mar atá leagtha síos i bpointe 3, Cuid II den Iarscríbhinn.

5.  Toibheoidh an Ghníomhaireacht an táille trí dá shonrasc a eisiúint do gach sealbhóir an údaraithe margaíochta lena mbaineann, ceann amháin don mheasúnú ar an dréacht-phrótacal agus ceann amháin don mheasúnú ar an tuarascáil staidéir dheireanach. Beidh an cuid ábhartha den táille le híoc ag tús an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an dréacht-phrótacal agus ag tús an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil staidéir deiridh agus íocfar don Ghníomhaireacht í laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc faoi seach.

6.  Beidh sealbhóirí údaruithe margaíochta a ngearrfar an táille orthu faoin Airteagal seo díolmhaithe ó tháille ar bith eile a íoc arna gearradh ag an Ghníomhaireacht nó ag údarás inniúil náisiúnta as staidéir dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach.

Airteagal 6

Táille ar mheasúnuithe i gcomhthéacs tarchur a thionscnaítear mar thoradh ar mheastóireacht ar shonraí cógas-aireachais

1.  Toibheoidh an Ghníomhaireacht táille ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhthéacs nós imeachta arna thionscnamh mar thoradh ar mheastóireacht ar shonraí cógas-aireachais, faoin dara fomhír d’Airteagal 31(1), Airteagal 31(2) agus Airteagal 107i go hAirteagal 107k de Threoir 2001/83/CE nó faoi Airteagal 20(8) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

2.  Leagtar síos méid an táille agus méid comhréireach luach saothair an údaráis inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 3(2) i bpointe 1 de Chuid III den Iarscríbhinn.

3.  I gcás nach mbeidh ach sealbhóir an údaraithe margaíochta amháin bainteach leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, toibheoidh an Ghníomhaireacht méid iomlán na táille ar shealbhóir an údaraithe margaíochta sin, mar atá leagtha síos i bpointe 1 de Chuid III den Iarscríbhinn, seachas sna cásanna a shonraítear i mír 5 den Airteagal seo.

4.  I gcás ina mbeidh beirt sealbhóirí údaruithe margaíochta nó níos mó bainteach leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, roinnfidh an Ghníomhaireacht méid iomlán na táille i measc na sealbhóirí údaruithe margaíochta sin i gcomhréir le pointe 2 de Chuid III den Iarscríbhinn.

5.  I gcás ina mbaineann an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le substaint amháin nó le teaglaim amháin de shubstaintí agus sealbhóir údaruithe margaíochta amháin, toibheoidh an Ghníomhaireacht méid laghduithe na táille ar shealbhóir an údaraithe margaíochta sin agus íocfaidh sí luach saothair leis an údarás inniúil náisiúnta as an tseirbhís a sholáthar an rapóirtéir nó an comhrapóirtéir, mar atá leagtha síos i bpointe 3 de Chuid III den Iarscríbhinn. I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide an é sealbhóir an údaraithe margaíochta, laghdófar an méid is iníoctha mar a leagtar síos i bpointe 3 de Chuid III den Iarscríbhinn.

6.  I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide é sealbhóir an údaraithe margaíochta dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo, laghdófar an méid is iníoctha ag sealbhóir an údaraithe margaíochta sin mar atá leagtha síos i bpointe 4 de Chuid III den Iarscríbhinn.

7.  Toibheoidh an Ghníomhaireacht an táille faoin Airteagal seo trí shonrasc ar leith a eisiúint do gach sealbhóir an údaraithe margaíochta atá bainteach leis an nós imeachta. Beidh an táille dlite ar dháta tosaigh an nós imeachta. Íocfar na táillí atá dlite faoin Airteagal seo leis an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc.

Airteagal 7

Táille bhliantúil do chórais teicneolaíochta faisnéise agus do fhaireachán ar litríocht

1.  Maidir lena gníomhaíochtaí cógas-aireachais a bhaineann le córais teicneolaíochta faisnéise faoi Airteagal 24, Airteagal 25a, Airteagal 26, pointe (1) den dara fomhír d’Airteagal 57(1) agus Airteagal 57(2) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus faireachán ar litríocht leighis roghnaithe faoi Airteagal 27 de, toibheoidh an Ghníomhaireacht táille uair sa bhliain mar atá leagtha síos i bpointe 1de Chuid IV den Iarscríbhinn (an “táille bhliantúil”).

2.  Toibheofar an táille bhliantúil ar shealbhóirí údaruithe margaíochta maidir leis na táirgí íocshláinte uile atá údaraithe san Aontas i gcomhréir le Treoir 2001/83/CE, ar bhonn na n-aonad inmhuirearaithe a fhreagraíonn do na táirgí íocshláinte sin. Ní bheidh na haonaid inmhuirearaithe a fhreagraíonn do tháirgí íocshláinte atá údaraithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 faoi réir na táille bliantúla.

Ríomhfaidh an Ghníomhaireacht an méid iomlán den táille bhliaintúil is iníoctha ag gach sealbhóir an údaraithe margaíochta ar bhonn na n-aonad inmhuirearaithe a fhreagraíonn don fhaisnéis arna taifeadadh an 1 Iúil gach bliain. Cumhdófar sa mhéid sin an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain lena mbaineann.

3.  I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide é sealbhóir an údaraithe margaíochta, laghdófar an méid den táille bhliaintúil is iníoctha ag sealbhóir an údaraithe margaíochta sin mar atá leagtha síos i gCuid IV den Iarscríbhinn.

4.  Beidh feidhm ag táille bhliantúil a laghdaíodh mar atá leagtha síos i bpointe 3 de Chuid IV den Iarscríbhinn, i ndáil le táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus Airteagal 10a de Threoir 2001/83/CE agus i ndáil le táirgí íocshláinte hoiméapatacha údaraithe agus táirgí íocshláinte luibhe údaraithe.

5.  I gcás inar fiontar beag nó meánmhéide é sealbhóir an údaraithe margaíochta táirgí íocshláinte dá dtagraítear i mír 4, ní bheidh feidhm ach ag an laghdú ar an táille atá leagtha amach i mír 3.

6.  Beidh an táille bhliantúil le híoc an 1 Iúil gach bliain i ndáil leis an mbliain féilire sin.

Íocfar na táillí atá le híoc faoin Airteagal seo laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc.

7.  Coinneoidh an Ghníomhaireacht an t-ioncam ón táille bhliantúil.

Airteagal 8

Laghduithe ar tháillí agus díolúintí ó tháillí

1.  Aon sealbhóir an údaraithe margaíochta a mhaíonn gur fiontar beag nó meánmhéide é atá i dteideal táille laghdaithe faoi Airteagail 4(5), Airteagal 5(4), Airteagal 6(5) Airteagal 6(6) nó Airteagal 7(3), déanfaidh sé dearbhú sa chéill sin leis an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc ón nGníomhaireacht. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an laghdú ar an táille i bhfeidhm ar bhonn an dearbhaithe sin.

2.  Aon sealbhóir an údaraithe margaíochta a mhaíonn gur micrifhiontar é i dteideal na díolúine ó tháille faoi Airteagal 1(4), déanfaidh sé dearbhú sa chéill sin leis an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc ón nGníomhaireacht. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an díolúine i bhfeidhm ar bhonn an dearbhaithe sin.

3.  Aon sealbhóir an údaraithe margaíochta a mhaíonn go bhfuil sé i dteideal táille bliantúla laghdaithe faoi Airteagal 7(4), déanfaidh sé dearbhú sa chéill sin leis an nGníomhaireacht. Foilseoidh an Ghníomhaireacht treoraíocht ar an dóigh a ndéanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an dearbhú sin a fhoirmliú. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an laghdú ar an táille i bhfeidhm ar bhonn an dearbhaithe sin i gcás. I gcás ina ndéanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an dearbhú tar éis an sonrasc a fháil ón nGníomhaireacht, déanfar an dearbhú laistigh de 30 lá féilire ó dháta an tsonraisc sin.

4.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht, tráth ar bith, fianaise a iarraidh go bhfuil na coinníollacha maidir le laghdú ar tháillí nó maidir le díolúine ó tháillí comhlíonta. I gcás den sórt sin, déanfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta a mhaíonn nó a bhfuil sé maíte aige go bhfuil sé i dteideal laghdaithe ar an táille nó díolúine ón táille faoin Rialachán seo, an fhaisnéis is gá a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh de 30 lá féilire ón iarraidh a fháil ón nGníomhaireacht, chun cur ar chumas na Gníomhaireachta comhlíonadh na gcoinníollacha sin a fhíorú.

5.  I gcás nach n-éiríonn le sealbhóir an údaraithe margaíochta, a mhaíonn nó a bhfuil sé maíte aige go bhfuil sé i dteideal laghdaithe ar tháille nó díolúine ó tháille faoin Rialachán seo, a léiriú go bhfuil sé i dteideal laghdaithe nó díolúine den chineál sin, déanfar méid na táille atá leagtha síos san Iarscríbhinn a mhéadú 10 % agus toibheoidh an Ghníomhaireacht an méid iomlán is infheidhme a thiocfaidh as nó, más iomchuí, an t-iarmhéid leis an méid iomlán is infheidhme a thiocfaidh as.

Airteagal 9

Luach saothair a íoc le húdaráis inniúla náisiúnta ag an nGníomhaireacht

1.  Íocfaidh an Ghníomhaireacht luach saothair leis na húdaráis inniúla náisiúnta as seirbhísí a sholáthar rapóirtéirí agus, i gcás inarb infheidhme, comhrapóirtéirí i gcomhréir le hAirteagal 3(2) sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil comhalta den Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a ghníomhaíonn mar rapóirtéir agus, nuair is infheidhme, comhrapóirtéir don mheasúnú ar thuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 4 ceaptha ag an mBallstát;

(b) 

i gcás ina bhfuil Ballstát a ghníomhaíonn mar rapóirtéir agus, nuair is infheidhme, mar chomhrapóirtéir ceaptha ag an ngrúpa comhordúcháin i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar thuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht dá dtagraítear in Airteagal 4;

(c) 

i gcás ina bhfuil comhalta den Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a ghníomhaíonn mar rapóirtéir agus, nuair is infheidhme, mar chomhrapóirtéir ceaptha ag an mBallstát don mheasúnú ar staidéir sábháilteachta iar-údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 5;

(d) 

i gcás ina bhfuil comhalta den Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí a ghníomhaíonn mar rapóirtéir agus, nuair is infheidhme, mar chomhrapóirtéir ceaptha ag an mBallstát do na tarchuir dá dtagraítear in Airteagal 6.

I gcás ina gcinnfidh an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí nó an grúpa comhordaithe comhrapóirtéir a cheapadh, déanfar an luach saothair don rapóirtéir agus don chomhrapóirtéir a chinneadh i gcomhréir le Cuid I, Cuid II agus Cuid III den Iarscríbhinn.

2.  Tá méideanna comhfhreagracha an luacha saothair do gach ceann de na gníomhaíochtaí atá liostaithe sa chéad fomhír de mhír 1 den Airteagal seo leagtha síos i gCuid I, i gCuid II agus i gCuid III den Iarscríbhinn.

3.  Ní íocfar an luach saothair dá bhforáiltear i bpointe 1 (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1 go dtí go mbeidh an tuarascáil mheasúnaithe deiridh maidir le moladh, atá beartaithe lena glacadh ag an gCoiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí curtha ar fáil don Ghníomhaireacht. Íocfar an luach saothair ar an measúnú ar na staidéir sábháilteachta iar-údaraithe dá dtagraítear i pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 in dhá thráthchuid. Íocfar an chéad thráthchuid a bhaineann le measúnú ar an dréacht-phrótacal agus an dara tráthchuid a bhaineann leis an measúnú ar an tuarascáil staidéir deiridh tar éis na tuarascálacha measúnaithe deiridh faoi seach a chur faoi bhráid an Choiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí.

4.  Beidh an luach saothair do na seirbhísí arna soláthar ag an rapóirtéar agus ag an gcomhrapóirtéar agus aon tacaíocht eolaíoch agus theicniúil lena mbaineann gan dochar d’oibleagáid na mBallstát staonadh ó threoracha nach bhfuil ag luí leis na cúraimí faoi leith na gcomhaltaí agus na saineolaithe ina gcáil mar rapóirtéir nó mar chomhrapóirtéir nó nach bhfuil ag luí le cúraimí agus freagrachtaí na Gníomhaireachta a thabhairt do chomhaltaí agus saineolaithe an Choiste Chógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí agus an ghrúpa comhordúcháin.

5.  Íocfar an luach saothair i gcomhréir leis an gconradh scríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 62(3) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Iompróidh an Ghníomhaireacht aon táillí bainc a bhaineann le híocaíocht an luacha saothair sin.

Airteagal 10

Modh íocaíochta na táille

1.  Íocfar na táillí in euro.

2.  Ní dhéanfar íocaíocht na dtáillí go dtí go mbeidh an sonrasc arna eisiúint ag an nGníomhaireacht faighte ag sealbhóir an údaraithe margaíochta.

3.  Déanfar íocaíocht na dtáillí trí bhíthin aistrithe chuig cuntas bainc na Gníomhaireachta. Iompróidh sealbhóir an údaraithe mhargaíochta aon táillí bainc a bhaineann leis an íocaíocht sin.

Airteagal 11

Íocaíocht na táille a shainaithint

Cuirfidh sealbhóir an údaraithe margaíochta an uimhir thagartha sonraisc in iúl i ngach íocaíocht. Maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh tríd an gcóras íocaíochta ar líne, is é a bheidh san uimhir thagartha an uimhir arna giniúint go huathoibríoch ag córas sonraiscthe na Gníomhaireachta.

Airteagal 12

Dáta íocaíochta na táille

Measfar gurb é dáta na híocaíochta an dáta a bhfaighfear méid iomlán na híocaíochta sa chuntas bainc atá ag an nGníomhaireacht. Ní mheasfar an sprioc-am le haghaidh íocaíochta a bheith comhlíonta ach amháin má tá méid iomlán na táille íoctha in am trátha.

Airteagal 13

Aisíocaíocht mhéideanna na dtáillí a íocadh de bhreis

Aon mhéideanna a íoctar sa bhreis ar mhéideanna na dtáillí atá le híoc, déanfaidh an Ghníomhaireacht iad a haisíoc leis sealbhóir an údaraithe margaíochta murar chomhaontaíodh a mhalairt go sainráite le sealbhóir an údaraithe margaíochta. I gcás ina mbeidh méid a íocadh de bhreis níos lú ná EUR 100, áfach, agus nach bhfuil aisíocaíocht iarrtha go sonrach ag sealbhóir an údaraithe margaíochta, ní aisíocfar an méid a íocadh de bhreis.

Airteagal 14

Meastachán sealadach ar bhuiséad na Gníomhaireachta

Agus meastachán ar an ioncam agus ar an gcaiteachas don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin á thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 67(6) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, cuirfidh an Ghníomhaireacht faisnéis mhionsonraithe maidir le hioncam ó tháillí a bhaineann le gníomhaíochtaí cógas-aireachais san áireamh. Déanfar idirdhealú san fhaisnéis sin idir an táille bhliantúil agus na táillí maidir le gach nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1). Cuirfidh an Ghníomhaireacht faisnéis anailíseach shonrach maidir lena hioncam agus caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí cógas-aireachais ar fáil freisin, ionas gur féidir an táille bhliantúil agus gach ceann de na táillí maidir le nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) a idirdhealú.

Airteagal 15

Trédhearcacht agus faireachán

1.  Foilseofar na méideanna agus na rátaí atá leagtha síos i gCuid I go Cuid IV den Iarscríbhinn ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

2.  Mar chuid den tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta a chuirtear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, tabharfaidh Stiúrthóir Feidhmeannach na Gníomhaireachta faisnéis don Chomhairle, don Choimisiún agus do Chúirt na nIniúchóirí maidir leis na comhchodanna a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar na costais atá le cumhdach ag na táillí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Áireofar san fhaisnéis sin miondealú ar chostais a bhaineann leis an mbliain roimhe sin agus réamhaisnéis don bhliain le teacht. Foilseoidh an Ghníomhaireacht forléargas ar an bhfaisnéis sin freisin ina tuarascáil bhliantúil.

3.  Tabharfaidh Stiúrthóir Feidhmeannach na Gníomhaireachta don Choimisiún agus don Bhord Bainistíochta uair sa bhliain freisin an fhaisnéis feidhmíochta atá leagtha amach i gCuid V den Iarscríbhinn bunaithe ar na táscairí feidhmíochta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

4.  Faoin 18 Iúil 2015, glacfaidh an Ghníomhaireacht sraith táscairí feidhmíochta agus an fhaisnéis atá liostaithe i gCuid V den Iarscríbhinn curtha san áireamh.

5.  Déanfar faireachán ar an ráta boilscithe arna thomhas trí bhíthin na Treoiruimhreach Eorpaí ar Phraghsanna do Thomhaltóirí arna foilsiú ag Eurostat de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2494/95 maidir leis na méideanna atá leagtha amach san Iarscríbhinn. Déanfar an faireachán den chéad uair tar éis don Rialachán seo a bheith curtha i bhfeidhm le linn bliana iomláine féilire agus, ina dhiaidh sin, déanfar go bliantúil é.

6.  I gcás ina ndlífear sin i bhfianaise an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena choigeartaítear méideanna na dtáillí agus méideanna luach saothair do rapóirtéirí agus do na comhrapóirtéirí dá dtagraítear i gCuid I go IV den Iarscríbhinn. I gcás ina dtiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm roimh an 1 Iúil, gabhfaidh éifeacht leis na coigeartuithe sin amhail ón 1 Iúil. I gcás ina dtagann an ghníomh tarmligthe i bhfeidhm tar éis 30 Meitheamh, beidh feidhm acu amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 17 Iúil 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15(6) a chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 15(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 17

Forálacha idirthréimhseacha

Ní bheidh feidhm ag na táillí dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5, agus in Airteagal 6 maidir leis na nósanna imeachta sin arna seoladh ar leibhéal an Aontais i gcás ina gcuirtear tús leis an measúnú ina leith roimh an 26 Lúnasa 2014.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Toibheofar an táille bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 7 ón 1 Iúil 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

CUID I

TÁILLE AR MHEASÚNÚ AR THUAIRISCÍ TRÉIMHSIÚLA COTHROM LE DÁTA MAIDIR LE SÁBHÁILTEACHT DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4

1. Is é ►M2  EUR 20 110  ◄ in aghaidh an nós imeachta a bheidh sa táille ar mheasúnú ar thuairiscí tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht. As an méid sin, is é ►M2  EUR 13 520  ◄ suim luach saothair an rapóirtéara. Déanfar an luach saothair sin a roinnt, i gcás inarb infheidhme, idir an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí.

2. Chun an tsuim a ríomh a bheidh le toibhiú ar gach sealbhóir an údaraithe margaíochta agus Airteagal 4(4) á chur i bhfeidhm, ríomhfaidh an Ghníomhaireacht cion na n-aonad inmhuirearaithe a bheidh i seilbh gach sealbhóra um údarú margaíochta lena mbaineann de líon iomlán na n-aonad inmhuirearaithe a bheidh i seilbh na sealbhóirí údaruithe margaíochta uile a bheidh páirteach sa nós imeachta.

Ríomhfar an cion a bheidh le híoc ag gach sealbhóir údaraithe margaíochta ar an modh seo a leanas:

(a) 

suim iomlán na táille a bheidh le híoc a roinnt ar na sealbhóirí údaruithe margaíochta uile lena mbaineann i gcomhréir le líon na n-aonad inmhuirearaithe, agus

(b) 

ina dhiaidh sin, an laghdú ar an táille i gcomhréir le mír 2 den Chuid seo agus an díolúine ón táille dá dtagraítear in Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha.

3. Agus Airteagal 4(5) á chur i bhfeidhm, íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim is infheidhme.

4. I gcás ina mbeidh feidhm ag an laghdú ar an táille nó ag an díolúine ón táille, oiriúnófar freisin an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir. I gcás ina mbaileoidh an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán is infheidhme tar éis sin, lena n-áirítear breisiú 10 % amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(5), oiriúnófar freisin an aisíocaíocht don rapóirtéir agus don comhrapóirtéir/do na comhrapóirtéirí dá réir.

CUID II

TÁILLE AR MHEASÚNÚ AR THUAIRISCÍ MAIDIR LE STAIDÉIR SHÁBHÁILTEACHTA IAR-ÚDARAITHE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5

1. Is é EUR  ►M2  EUR 44 340  ◄ a bheidh sa táille ar gach staidéar sábháilteachta iar-údarúchaithe a mheasúnú, agus beidh sé le díol in dhá thráthchuid mar a leanas:

(a) 

Beidh ►M2  EUR 17 740  ◄ le híoc ag tús an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an dréachtphrótacal dá dtagraítear in Airteagal 107n de Threoir 2001/83/CE; as an méid sin, is ►M2  EUR 7 510  ◄ a bheidh i suim luach saothair an rapóirtéara, agus déanfar an luach saothair sin a roinnt, i gcás inarb infheidhme, idir an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí;

(b) 

Beidh ►M2  EUR 26 600  ◄ le híoc ag tús an nós imeachta chun measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil staidéir deiridh a dhéanfaidh an Coiste Cógas-Aireachais um Measúnú Rioscaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 107p de Threoir 2001/83/CE; as an méid sin, is é ►M2  EUR 11 260  ◄ a bheidh i suim luach saothair an rapóirtéara, agus déanfar an luach saothair sin a roinnt, i gcás inarb infheidhme, idir an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí.

2. I gcás in ndéanfaidh sealbhóirí údaruithe margaíochta comhstaidéar sábháilteachta iar-údarúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(3), toibheoidh an Ghníomhaireacht an tsuim a bheidh le híoc ag gach sealbhóir an údaraithe margaíochta tríd an tsuim iomlán a roinnt go cothrom ar na sealbhóirí údaruithe margaíochta sin. Más ábhartha, cuirfear i bhfeidhm an laghdú ar an táille atá leagtha síos i bpointe 3 den Chuid seo nó, i gcás inarb iomchuí, an díolúine ón táille dá dtagraítear in Airteagal 1(4), maidir leis an gcion a bheidh le híoc ag sealbhóir an údaraithe margaíochta.

3. Agus Airteagal 5(4) á chur i bhfeidhm, íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim is infheidhme.

4. I gcás ina mbeidh feidhm ag an laghdú ar an táille agus ag an díolúine ón táille, oiriúnófar freisin an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir. I gcás ina mbaileoidh an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán is infheidhme tar éis sin, lena n-áirítear breisiú 10 % amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(5), oiriúnófar freisin an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir.

CUID III

TÁILLE AR MHEASÚNUITHE I GCOMHTHÉACS TARCHUR A THIONSCNAÍTEAR MAR THORADH AR MHEASTÓIREACHT AR SHONRAÍ CÓGAS-AIREACHAIS DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

1. Is é ►M2  EUR 184 600  ◄ a bheidh sa táille ar an measúnú ar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) i gcás ina n-áirítear substaint ghníomhach amháin nó dhá shubstaint ghníomhacha agus/nó teaglaim nó dhá theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú. Ardófar an táille sin le ►M2  EUR 40 020  ◄ le gach substaint ghníomhach bhreise nó le gach teaglaim de shubstaintí gníomhacha breise ón tríú substaint ghníomhach nó ón tríú teaglaim de shubstaintí gníomhacha ar aghaidh. Ní rachaidh an táille sin thar ►M2  EUR 304 660  ◄ beag beann ar líon na substaintí gníomhacha agus/nó na dteaglamaí de shubstaintí gníomhacha.

As méid na táille, seo a leanas a bheidh méid iomlán an luach saothair don rapóirtéir agus don chomhrapóirtéir/do na comhrapóirtéirí:

(a) 

►M2  EUR 123 060  ◄ i gcás ina n-áirítear substaint ghníomhach amháin nó dhá shubstaint ghníomhacha agus/nó teaglaim nó dhá theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú;

(b) 

►M2  EUR 149 740  ◄ i gcás ina n-áirítear trí shubstaint ghníomhacha agus/nó trí theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú;

(c) 

►M2  EUR 176 420  ◄ i gcás ina n-áirítear ceithre shubstaint ghníomhacha agus/nó ceithre theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú;

(d) 

►M2  EUR 203 090  ◄ i gcás ina n-áirítear cúig shubstaint ghníomhacha nó níos mó agus/nó cúig theaglaim de shubstaintí gníomhacha nó níos mó sa mheasúnú.

I gcás ina n-áirítear substaint ghníomhach amháin nó dhá shubstaint ghníomhacha agus/nó teaglaim amháin nó dhá theaglaim de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú, íocfaidh an Ghníomhaireacht udaráis inniúla náisiúnta do na seirbhísí arna gcur ar fáil ag an rapóirtéir agus ag an gcomhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí a ceapadh chun an measúnú a dhéanamh trí mhéid iomlán an luach saothair a roinnt go cothrom.

I gcás ina n-áirítear trí shubstaint ghníomhacha nó níos mó agus/nó 3 theaglaim nó níos mó de shubstaintí gníomhacha sa mheasúnú, íocfaidh an Ghníomhaireacht údaráis inniúla náisiúnta do na seirbhísí arna gcur ar fáil ag an rapóirtéir agus ag an gcomhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí trí:

(a) 

mhéid iomlán an luach saothair a roinnt go cothrom idir na húdaráis inniúla náisiúnta; agus

(b) 

luach saothair don rapóirtéir a mhéadú ina dhiadh sin le ►M2  EUR 1 030  ◄ i gcás ina n-áirítear trí shubstaint agus/nó trí theaglaim de shubstaintí gníomhacha, le ►M2  EUR 2 050  ◄ i gcás ina n-áirítear ceithre shubstaint agus/nó ceithre theaglaim de shubstaintí gníomhacha, le ►M2  EUR 3 100  ◄ i gcás ina n-áirítear cúig shubstaint nó níos mó agus/nó cúig theaglaim nó níos mó de shubstaintí gníomhacha. Íocfar an méadú sin as na codanna den táille a shanntar don Ghníomhaireacht agus don chomhrapóirtéir/do na comhrapóirtéirí, agus íocfaidh siad go léir an méid céanna as.

2. Chun críche an tsuim a bheidh le toibhiú ar gach sealbhóir an údaraithe margaíochta a ríomh agus Airteagal 6(4) á chur i bhfeidhm, ríomhfaidh an Ghníomhaireacht cion na n-aonad inmhuirearaithe a bheidh i seilbh gach sealbhóra údaraithe margaíochta lena mbaineann de líon iomlán na n-aonad inmhuirearaithe a bheidh i seilbh na sealbhóirí údaruithe margaíochta uile a bheidh páirteach sa nós imeachta.

Ríomhfar an tsuim is iníoctha ag gach sealbhóir an údaraithe margaíochta ar an modh m seo a leanas:

(a) 

suim iomlán na táille a bheidh le híoc a roinnt ar shealbhóirí na n-údaruithe margaíochta uile i gcomhréir le líon na n-aonad inmhuirearaithe; agus

(b) 

an laghdú ar an táille atá leagtha síos i bpointe 4 den Chuid seo agus an díolúine ón táille dá dtagraítear in Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin i gcás inarb ábhartha.

I gcás ina mbeidh feidhm ag an laghdú ar an táille nó an díolúine ón táille, oiriúnófar freisin an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir. I gcás ina mbaileoidh an Ghníomhaireacht an tsuim iomlán is infheidhme tar éis sin, lena n-áirítear méadú 10 % amhail dá bhforáiltear in Airteagal 8(5), oiriúnófar an aisíocaíocht a gheobhaidh an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí dá réir.

3. Agus Airteagal 6(5) á chur i bhfeidhm, íocfaidh sealbhóir an údaraithe margaíochta dhá thrian den táille is infheidhme a leagtar síos i bpointe 1 den Chuid seo. Íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim sin.

Beidh méid iomlán luach saothair don rapóirtéar agus don chomhrapóirtéar/do na comhrapóirtéirí as ceachtar den dá mhéid laghduithe den táille dá dtagraítear sa chéad fhomhír sin comhfhreagrach leis an gcion céanna de mhéid iomlán luach saothair an rapóirtéara agus an chomhrapóirtéara/na gcomhrapóirtéirí as an táille atá leagtha síos i bpointe 1 den Chuid seo maidir le measúnuithe i gcás ina bhfuil substaint ghníomhach amháin nó dhá shubstaint ghníomhacha agus/nó teaglaim amháin nó dhá theaglaim de shubstaintí gníomhacha i gceist. Roinnfidh an Ghníomhaireacht an tsuim sin go cothrom ar udaráis náisiúnta inniúla do na seirbhísí arna gcur ar fáil ag an rapóirtéir agus ag an gcomhrapóirtéir/ag na comhrapóirtéirí.

4. Agus Airteagal 6(6) á chur i bhfeidhm, íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim is infheidhme.

CUID IV

TÁILLE BHLIANTÚIL DO CHÓRAIS TEICNEOLAÍOCHTA FAISNÉISE AGUS DO FHAIREACHÁN AR LITRÍOCHT DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7

1. Is é ►M2  EUR 69 ◄ a bheidh sa táille bhliantúil in aghaidh an aonaid inmhuirearaithe.

2. Agus Airteagal 7(3) á chur i bhfeidhm, íocfaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide 60 % den tsuim is infheidhme.

3. Íocfaidh sealbhóir údaraithe margaíochta i leith táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(4) 80 % den tsuim is infheidhme maidir leis na haonaid inmhuirearaithe a chomhfhreagróidh do na táirgí íocshláinte sin.

CUID V

FAISNÉIS FEIDHMÍOCHTA

Bainfidh an fhaisnéis seo a leanas le gach bliain féilire:

Líon na mball foirne Gníomhaireachta atá páirteach i ngníomhaíochtaí cógas-aireachais ghníomhartha dlí an Aontais is infheidhme le linn na tréimhse tagartha, lena sonraítear na baill foirne dá dtabharfar gníomhaíochtaí atá comhfhreagrach do gach ceann de na táillí dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 7.
Líon na n-uaireanta an chloig arna seachfhoinsiú ó thríú páirtithe maille le sonrú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann agus costas arna thabhú.
Na costais chógas-aireachais fhoriomlána agus miondealú ar na costais foirne agus neamhfhoirne a bhaineann le gníomhaíochtaí atá comhfhreagrach do gach ceann de na táillí dá dtagraítear in Airteagail 4 go hAirteagal 7.
Líon na nósanna imeachta a bhaineann le measúnú ar thuarascálacha tréimhsiúla cothrom le dáta maidir le sábháilteacht maille le líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta agus líon na n-aonad inmhuirearaithe in aghaidh an nós imeachta; líon na dtuarascálacha arna gcur isteach in aghaidh an nós imeachta agus líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a chuir isteach comhthuarascáil thréimhsiúil cothrom le dáta maidir le sábháilteacht.
Líon na nósanna imeachta a bhaineann le measúnú ar dhréachtphrótacail agus ar thuarascála deiridh ar staidéir shábháilteachta iar-údarúchaithe; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a chuir dréachtphrótacal isteach; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a chuir tuarascáil staidéir deiridh isteach; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a chuir comhstaidéar isteach.
Líon na nósanna imeachta a bhaineann leis na tarchuir arna dtionscnamh mar thoradh ar an measúnú ar shonraí cógas-aireachais maille le líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta agus líon na n-aonad inmhuirearaithe lena mbaineann in aghaidh an tsealbhóra um údarú margaíochta agus in aghaidh an nós imeachta.
Líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a mhaígh go raibh stádas fiontair bhig agus mheánmhéide atá páirteach i ngach nós imeachta; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta ar diúltaíodh dá maíomh.
Líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a mhaígh go raibh stádas micrifhiontair acu; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta ar diúltaíodh dá maíomh.
Líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(4) agus a bhain tairbhe as laghdú ar táillí bliantúla; líon na n-aonad inmhuirearaithe in aghaidh an tsealbhóra údaraithe margaíochta lena mbaineann.
Líon na sonrasc a cuireadh amach agus táillí bliantúla a gearradh maidir leis an táille bhliantúil agus na meánsuimeanna agus na suimeanna foriomlána a cuireadh i sonrasc chuig sealbhóirí údaruithe margaíochta.
Líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta a mhaígh go raibh stádas fiontair bhig agus mheánmhéide nó stádas micrifhiontair acu in aghaidh gach cur i bhfeidhm den táille bhliantúil; líon na sealbhóirí údaruithe margaíochta ar diúltaíodh dá maíomh.
An líon rapóirtéireachtaí agus comhrapóirtéireachtaí in aghaidh an Bhallstáit in aghaidh an chineáil nós imeachta.
Líon na n-uaireanta oibre a chaith an rapóirtéir agus an comhrapóirtéir/na comhrapóirtéirí ar gach nós imeachta bunaithe ar an bhfaisnéis a thug na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbaineann don Ghníomhaireacht.
Top