This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011PC0353
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on food intended for infants and young children and on food for special medical purposes
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga agus maidir le bia chun críoch speisialta míochaine
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga agus maidir le bia chun críoch speisialta míochaine
/* COIM/2011/0353 leagan deireanach - 2011/0156 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga agus maidir le bia chun críoch speisialta míochaine /* COIM/2011/0353 leagan deireanach - 2011/0156 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA · Forais agus cuspóirí an togra Déanann an togra
leasú ar an reachtaíocht maidir le hearraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid
chun críocha cothaitheacha áirithe a chumhdaítear le Treoir 2009/39/CE, is
é sin an ‘Treoir Réime maidir le bianna diaitéiteacha’ mar a ghairtear
air. Glacadh forálacha Threoir 2009/39/CE
den chéad uair i 1977. Tar éis roinnt
leasuithe a dhéanamh, glacadh leagan athmhúnlaithe in 2009 agus bhí rialacha an
nós imeachta coiste nua san áireamh ann. Is bianna atá éagsúil le bianna atá
ceaptha do ghnáthchaitheamh iad earraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun
críocha cothaitheacha áirithe, agus, faoi mar a rialaítear faoi láthair iad, is
táirgí iad a mhonaraítear go speisialta chun riachtanais áirithe chothaíochais
catagóirí ar leith den phobal a shásamh. Bíonn ráiteas oiriúnachta ag gabháil
leis an ainmniúchán faoina ndíoltar bia diaitéiteach i dtaobh na húsáide
áirithe cothaíochais agus an ghrúpa áirithe den phobal a mbeartaítear an bia
dóibh, e.g: bia saor ó ghlútan le haghaidh céiliach, bia gránachbhunaithe
próiseáilte do leanaí óga, bainne foirmle do naíonáin ó uair a mbreithe etc. Tá an Treoir i
bhfeidhm le breis agus 30 bliain agus de bharr fhorbairt an mhargaidh bhia
agus na reachtaíochta bia ó shin i leith, is gá leasú foriomlán a dhéanamh
uirthi. Leoga, tá fadhbanna
suntasacha ag geallsealbhóirí agus ag na húdaráis rialaithe de bharr a leithne
is atá an coincheap 'earraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha
cothaitheacha áirithe' ar a bhfuil an Treoir Réime bunaithe i gcomhthéacs
an mhargaidh éabhlóidithe agus i gcomhthéacs dlíthiúil.
Bhíothas go mór in amhras faoi go leor bianna a aicmiú mar bhianna
diaitéiteacha agus faoin ngá leis an gcatagóir sin do bhianna. Aithnítear,
áfach, gurbh fhearr rialacha a choimeád le haghaidh catagóirí áirithe bia a
théann i gceann sochar cothaíochais foghrúpaí áirithe den phobal. Dá bhrí sin, tá
cuspóirí an togra maidir le rialú níos fearr agus simpliú dírithe ar na cúrsaí
sin a réiteach trí na rialacha a bhaineann le táirgí ar tugadh bianna
diaitéiteacha orthu go dtí seo a shimpliú agus a shoiléiriú, agus forbairt na
mbeart rialála sna réimsí ábhartha á cur san áireamh. I bhfianaise an
mhéid thuas, cuireann an togra deireadh le coincheap na mbianna diaitéiteacha
agus déanann sé foráil maidir le creat nua lena mbunaítear forálacha ginearálta
le haghaidh líon teoranta catagóirí bia atá seanbhunaithe agus sainithe, ar
bianna iad a mheastar a bheith riachtanach le haghaidh grúpaí áirithe
leochaileacha den phobal, i.e. bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia do
naíonáin agus do leanaí óga agus bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia
d'othair atá faoi chúram leighis. Sa bhreis ar na cuspóirí sin, tá an
togra dírithe freisin ar bheart aonair dlithiúil a chruthú a rialóidh liostaí
substaintí amhail vitimíní, mianraí agus substaintí eile is féidir a chur leis
na catagóirí bia a chumhdaítear leis an togra seo. Dhéanfaí liosta amháin as na
trí liosta dhifriúla de shubstaintí atá ar áireamh i dtrí bheart dhifriúla
dhlíthiúla. Bheadh soiléireacht do na geallsealbhóirí agus
do na Ballstáit agus riarachán ní b’fhearr ar leibhéal an Aontais mar thoradh
ar bheart cumaiscthe dá shamhail a bhunú. Tá measúnú tionchair ina dtugtar léargas
ar chur i bhfeidhm Threoir 2009/39/CE ag gabháil leis an leasú ar an
reachtaíocht. · Comhthéacs ginearálta Príomhchuspóir na
Treorach Réime ba ea fáil réidh leis na difríochtaí idir na dlíthe náisiúnta
maidir le hearraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha
cothaitheacha áirithe, chun saorghluaiseacht a cheadú agus coinníollacha
cothroma a chruthú ó thaobh iomaíochta de. Tháinig chun solais
sna pléití leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí go bhfuil deacrachtaí
ag dul i méid i dtaobh an Treoir Réime a chur chun feidhme, go háirithe i
ndáil leis na píosaí deireanacha de reachtaíocht an Aontais amhail an
reachtaíocht maidir le forbhianna (Treoir 2002/46/CE), an reachtaíocht
maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí eile a chur le bianna (Rialachán
(CE) Uimh. 1925/2006) agus an reachtaíocht maidir le maímh chothaíochais
agus sláinte (Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006). De réir mar a d’fhorbair margadh an bhia, is éard a tharla ná go
ndearna reachtaíocht an Aontais a bhí á rialú amhlaidh d'fhonn feidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh agus an leibhéal céanna cosanta do shaoránaigh ar fud na
hEorpa a áirithiú. De bharr a
anfhoilse is a bhí cúrsaí, rinneadh an trádáil ar an margadh inmheánach a
shaobhadh de bharr léirmhíniú agus forghníomhú éagsúil a rinneadh ar Threoir 2009/39/CE
ar fud na mBallstát, agus go háirithe maidir le raon feidhme a feidhmithe. Ina theannta sin, dealraíonn sé go ndéanfadh an
reachtaíocht Aontais sin a glacadh le déanaí agus atá luaite thuas na táirgí ar
fad a théann i gceann ar shochair chothaíochais don phobal i gcoitinne agus
d’fhoghrúpaí áirithe den phobal le hualach laghdaithe riaracháin agus le
tuilleadh soiléireachta i dtaobh a raoin feidhme a chumhdach. Faoi mar a foráladh
sa Treoir Réime, iarradh ar na Ballstáit a dtuairimí agus a dtaithí a chur
in iúl maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Treoir sin chun
tuarascálacha an Choimisiúin a ullmhú i ndáil le 1) cur chun feidhme an nós
imeachta um fhógra a thabhairt a bhaineann leis an Treoir Réime maidir le
bianna diaitéiteacha agus 2) inmhianaitheacht forálacha speisialta maidir le
bianna do dhaoine a bhfuil neamhoird mheitibileachta carbaihiodráití orthu
(bianna do dhiaibéitigh). Maidir le
bianna do dhiaibéitigh, baineadh de thátal as tuarascáil an Choimisiúin nach
ann do bhonn eolaíoch ar a bhféadfaí ceanglais shonracha chomhdhéanaimh a
fhorbairt don chatagóir bia sin, agus gur cheart do dhiaibéitigh an bia is
sláintiúla is féidir a ithe agus bia a roghnú as réimse bia atá ceaptha do
ghnáthchaitheamh. Luaitear freisin
sa tuarascáil ar chur chun feidhme an nós imeachta um fhógra a thabhairt, go
bhfuil difríochtaí suntasacha idir an chatagóir bia atá rialaithe faoin
bhforáil sin ó Bhallstát go Ballstát, agus déantar saobhadh ar an margadh dá
bhrí sin. Sa bhreis air sin,
iarrtar ar chuideachta fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla i leith gach
táirge ba mhaith leo a mhargú mar tháirge diaitéiteach agus caithfear an fógra
sin a thabhairt arís sna Ballstáit ar fad ina dteastaíonn uathu an táirge a
chur ar an margadh náisiúnta. Ualach suntasach riaracháin atá mar
thoradh air sin ar na Ballstáit agus don chuideachta araon agus tá amhras ann
an fiú an breisluach i dtéarmaí na sláinte poiblí agus faisnéise don
tomhaltóir. Is gá
breithniú a dhéanamh i ndáil le leasú mionsonraithe agus foriomlán a dhéanamh
ar an reachtaíocht maidir le bianna diaitéiteacha de bharr na saincheisteanna
sin ar fad atá luaite thuas. · Forálacha atá ann
cheana i réimse an togra Cumhdaítear réimse na mbianna a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha
cothaitheacha áirithe sna píosaí reachtaíochta seo a leanas: –
Treoir 2009/39/CE maidir le hearraí bia a
bheartaítear chun críocha cothaitheacha áirithe, ‘an Treoir Réime maidir
le bianna diaitéiteacha'. Leagtar síos leis an Treoir sainmhíniú
coiteann le haghaidh bianna a bhfuil beartaithe iad a
úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe mar aon le
forálacha ginearálta (e.g. nós imeachta ginearálta um fhógra a thabhairt i
leith catagóirí bia nach gcumhdaítear le reachtaíocht shonrach de chuid an
Choimisiúin) agus rialacha coiteanna maidir le lipéadú. De réir an
tsainmhínithe, ní hionann bianna a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha
cothaitheacha áirithe agus bianna atá ceaptha do ghnáthchaitheamh agus is
táirgí iad a dhéantar monarú speisialta orthu agus a bhfuil beartaithe iad a
úsáid chun riachtanais áirithe chothaitheacha catagóirí áirithe den phobal a
shásamh. Bearta sonracha a glacadh le i leith
catagóirí áirithe bia faoin reachtaíocht réime sin is ea: –
Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún maidir le
bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach. Glacadh an Treoir seo
den chéad uair i 1991 agus rinneadh leasú foriomlán uirthi in 2006. Bunaítear léi rialacha mionsonraithe agus iomlána maidir le
comhdhéanamh agus lipéadú le haghaidh táirgí a bhfuil
beartaithe iad a úsáid do naíonáin ó aois a mbreithe go 12 mhí
d’aois. Is oiriúnach bainne foirmle do naíonáin mar an
t-aon fhoinse chothaithe le linn na chéad mhíonna dóibh ar an saol mura
gcothaítear iad leis an gcíoch, agus féadfaidh bainne foirmle leantach a bheith
ina phríomhghné leachtach d’aiste bia atá á héagsúlú de réir a chéile do na
naíonáin sin. * Bunaíodh le Treoir 92/52/CEE ón
gComhairle maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a
bheartaítear le honnmhairiú go dtí tríú tíortha na rialacha maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle
leantach a onnmharaítear nó a ath-onnmhairítear ón Aontas Eorpach go dtí tríú
tíortha. –
Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún maidir le
bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga. Glacadh Treoir 2006/125/CE
den chéad uair i 1996 agus rinneadh é a chódú in 2006. Cumhdaítear leis an Treoir seo bianna a bhfuil beartaithe iad a
úsáid mar chuid d’aiste bia éagsúlaithe do naíonáin agus leanaí óga. Leagtar síos inti rialacha ginearálta maidir le
comhdhéanamh agus lipéadú le haghaidh réimse leathain de tháirgí éagsúla. Níor tugadh isteach aon mhórathruithe ó dháta a céad ghlactha. –
Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún maidir le
bianna diaitéiteacha chun críoch speisialta míochaine. Tá bianna diaitéiteacha chun críoch
speisialta míochaine beartaithe lena n-úsáid do bheathú eisiach nó páirteach othar a bhfuil
cumas suaite iontu gnáthbhia a chaitheamh agus nach féidir a n-aiste bia a
bhainistiú ach tríd an ngnáthaiste bia a mhodhnú nó trí bhíthin bianna
diaitéiteacha eile. Bunaítear léi critéir ghinearálta chomhdhéanaimh agus
rialacha sách mionsonraithe maidir le lipéadú. Tá na bianna sin le húsáid faoi
chúram leighis. Ní dhearnadh aon nuashonrú uirthi ó 1999 i leith. –
Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún maidir le bianna
a bhfuil beartaithe iad a úsáid in aistí bia fuinneamhshrianta chun críocha
meáchan a laghdú. Cumhdaítear leis an Treoir seo dhá
chatagóir de tháirgí a bheartaítear chun críocha meáchan a rialú: táirgí a thíolactar mar mhalartú ar an aiste bia
laethúil iomlán agus táirgí a thíolactar mar mhalartú ar bhéile amháin nó níos
mó den aiste bia laethúil. Leagtar amach inti rialacha ginearálta
maidir le comhdhéanamh agus lipéadú éigeantach le haghaidh na dtáirgí sin. –
Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún
maidir le comhdhéanamh agus lipéadú earraí bia do dhaoine atá éadulangach ar
ghlútan. Glacadh an
Rialachán seo in 2009. Beidh idirthréimhse i bhfeidhm go
dtí an 1 Eanáir 2012. Socraíonn sí tairseacha
glútain agus na rialacha gaolmhara maidir le lipéadú chun a léiriú ar bhonn
deonach nach bhfuil glútan i dtáirgí le haghaidh daoine a bhfuil éadúlaingt
bhuan acu i leith glútain (céiliaigh). Foráiltear sa
Rialachán go bhféadfaí an ráiteas ‘saor ó ghlútan’ a úsáid ar bhianna atá
ceaptha do ghnáthchaitheamh freisin. –
Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún
maidir le substaintí is féidir a chur le bianna a
bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha cothaitheacha
áirithe, chun críocha sonracha cothaitheacha. Maidir leis an Rialachán seo a glacadh
in 2009, déanann sé nuashonrú ar Threoir 2001/15/CE agus gabhann sé ionad
na Treorach sin agus bunaítear leis liosta comhdhlúite substaintí amhail
vitimíní, mianraí, agus substaintí eile is féidir a úsáid i mbianna diaitéiteacha
seachas na substaintí sin is féidir a úsáid i mbainne foirmle do naíonáin agus
i mbainne foirmle leantach agus i mbianna gránachbhunaithe agus i mbianna eile
do naíonáin atá ar áireamh sna Treoracha sonracha ábhartha. Cuirtear substaintí
nua leis an liosta sin faoi réir mheasúnú eolaíoch an Údaráis Eorpaigh um
Shábháilteacht Bia. · Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí
eile an Aontais Tá an togra ag teacht le beartas an
Choimisiúin um rialáil níos fearr, le Straitéis Liospóin agus le Straitéis an
AE um Fhorbraíocht Inbhuanaithe. Leagtar béim ar shimpliú
an phróisis rialúcháin, rud a laghdóidh an t-ualach riaracháin agus a
fheabhsóidh iomaíochas i dtionscal bia na hEorpa, le cois sábháilteacht bia a
áirithiú, ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a choimeád agus aird a
thabhairt ar ghnéithe domhanda. 2. Comhairliúchán leis na páirtithe
leasmhara agus measúnú tionchair · Comhairliúchán leis na
páirtithe leasmhara Modhanna
comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta
na bhfreagróirí Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe
leasmhara ar fad d'fhonn a gcuid tuairimí a fháil maidir le forálacha agus cur
i bhfeidhm na reachtaíochta atá ann cheana agus na hathruithe nach mór a
dhéanamh. Údaráis inniúla na mBallstát, ionadaithe ó chumainn an tionscail agus
eagraíochtaí tomhaltóirí a bhí sna freagróirí. Achoimre
ar na freagraí agus an chaoi ar cuireadh san áireamh iad –
Is é an t-ábhar imní is mó ag eagraíochtaí
tomhaltóirí go gcumhdaítear bianna áirithe le hainmniúchán/stádas speisialta
faoin Treoir Réime reatha nuair nach bhfuil bonn cuí leis, agus go
bhféadfaí iad a eisiamh ó raon feidhme forálacha tábhachtacha eile dá bharr -
e.g. Rialachán maidir le maímh chothaíochais agus sláinte.
Áitíonn na geallsealbhóirí sin nach bhfuil aon ghá stádas
speisialta a dheonú ar bhianna i gcás nach dtugann ceanglais shonracha chothaíochais
nó cosaint tomhaltóirí bonn le ceanglais chomhdhéanaimh nó lipéadaithe. Is fíor sin go háirithe nuair is féidir ráiteas
oiriúnachta a bheith ar an mbia de bharr an stádais sin, ar ráiteas é a
d'fhéadfaí a mheas mar mhaíomh cothaíochais nó sláinte nó a thabharfadh le fios
go bhfuil an bia sin níos oiriúnaí ná gnáthbhia dá shamhail. –
Creideann tionscal speisialaithe an bhia
dhiaitéitigh go bhfuil gá le reachtaíocht shoiléir agus thrédhearcach chun
comhdhéanamh táirgí in earnáil an bhia dhiaitéitigh a rialú ionas go leanfar ag
cosaint grúpaí leochaileacha den phobal mar aon leo siúd a bhfuil riachtanais
speisialta chothaíochais acu ó thaobh na sláinte poiblí agus na sábháilteachta
bia de. Sa chomhthéacs sin,
molann siad an reachtaíocht reatha a neartú agus na táirgí seo a leanas ar a
laghad a áireamh i liosta dearfach: ‘Bianna do naíonáin agus do leanaí
óga suas go trí bliana d'aois – lena n‑áirítear bainne foirmle do
naíonáin ísealmheáchan breithe’; ‘Bainne foirmle ar imeacht ón ospidéal’;
‘Treisiú do bhainne cíoch agus bainne le haghaidh fáis’; ‘Bianna do mhná atá ag
iompar clainne agus do mhná atá ag lachtadh'; ‘Bianna do dhaoine scothaosta a
bhfuil sláinte mhaith acu’; ‘Bianna chun críocha meáchan a bhainistiú’; ‘Bianna
chun críocha speisialta míochaine’; ‘Bianna do lucht spóirt’; ‘Bianna
diaitéiteacha do dhaoine atá éadulangach ar ghlútan’; ‘Bianna atá saor ó
lachtós’. Ina theannta sin,
leagtar béim i dtionscal an bhia dhiaitéitigh ar an ngá atá le nós imeachta
trédhearcach éifeachtúil agus éifeachtach chun liosta an Aontais a leathnú. Áitíonn siad go bhfuil cúrsaí eolaíochta fós ag
forbairt sa réimse seo agus dá bhrí sin, nach mór nós imeachta solúbtha a
thairiscint chun nuálaíocht a chur chun cinn. Mar sin féin, níl
tionscal an bhia ar fad ar aon fhocal faoi seo; creideann tionscail eile gur cheart feidhm a bheith ag na rialacha
céanna maidir le gach cineál bia agus nach bhfuil aon chúis ann foráil a
dhéanamh maidir le rialacha éagsúla ach i líon teoranta cásanna ina bhfuil
ceist faoi shábháilteacht bia. Maidir
le catagóirí áirithe bia, féadfaidh ualach gan chúis do thionscal an bhia a
bheith mar thoradh ar bhreisrialacha. Ina theannta sin, tá siad in amhras go gcuirfidh barraíocht rialála
dlíthiúla bac ar nuálaíocht. –
Tá tuairiscí tugtha ag na Ballstáit go bhfuil
oibreoirí áirithe ag baint leasa as an reachtaíocht maidir le bianna
diaitéiteacha chun dul timpeall ar rialacha na reachtaíochta bia a glacadh ina
dhiaidh sin, amhail an Rialachán maidir le maímh agus, dá bhrí sin, go bhfuil
saobhadh á dhéanamh ar choincheap bia a bhfuil beartaithe é a úsáid chun críocha
cothaitheacha áirithe agus nach bhfuil sé soiléir i gcásanna áirithe cé acu
reachtaíocht is ceart a bheith i bhfeidhm. Cruthaítear iomaíocht mhíchothrom
idir gnólachtaí agus deacrachtaí maidir le forghníomhú dá bharr sin. De réir na mBallstát, is é sábhailteacht na
dtomhaltóirí an ghné is tábhachtaí nár mhór a choimeád. Sa mheasúnú
tionchair a bhí mar thaca leis an togra, shainigh an Coimisiún ceithre rogha a
chumhdaigh na saincheisteanna thuasluaite agus cuireadh i gcomparáid iad i
bhfianaise chuspóirí an leasaithe (comhtháthú, simpliú, comhchuibhiú agus
gnólachtaí beaga agus nuálaíocht). · Saineolas a bhailiú agus a úsáid Ní raibh aon ghá le saineolas
seachtrach. · Measúnú tionchair Rinne an Coimisiún measúnú tionchair a
thíolactar maille leis an togra seo mar Pháipéar Oibre Inmheánach an
Choimisiúin. Rinneadh ceithre rogha dhifriúla a mheas
idir an reachtaíocht a aisghairm agus reachtaíocht threisithe a bhunú maidir le
bianna diaitéiteacha. Rinneadh measúnú ar na roghanna sin agus cuireadh san
áireamh an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheadh acu ar na
geallsealbhóirí agus ar na húdaráis éagsúla. Ina theannta sin, rinneadh cás gan
athrú a mheas lena ndéanfaí measúnú ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na
roghanna éagsúla a chur i gcomórtas. Rinneadh dhá rogha éagsúla a mheas: (1) níl coincheap an
bhia dhiaitéitigh de dhíth a thuilleadh chun cabhrú le margadh an bhia sa lá
atá inniu ann, agus ba cheart fáil réidh leis; (2) ní mór coincheap an bhia
dhiaitéitigh a neartú ionas go mbeidh sé ag teacht níos fearr le riachtanais
mhargadh an bhia agus riachtanais tomhaltóirí sa lá atá inniu ann. Forbraíodh
na ceithre rogha (dhá rogha a leanann cur chuige (1) agus dhá rogha a leanann
cur chuige (2)) laistigh den mheasúnú tionchair chun a áirithiú nach mbeadh mar
thoradh orthu go mbainfí na táirgí ón margadh, ach d'fhéadfaí a cheangal leo
athruithe a dhéanamh ar lipéadú agus/nó táirgí a athfhoirmiú, nó d'fheadfadh
tionchar a bheith ar luach margaidh na dtáirgí. Is é sin le rá, ní
dhéantar foráil sna roghanna atá á meas i dtaobh leasú a dhéanamh ar
reachtaíocht maidir le bia diaitéiteach i ndáil le cosc ar bhianna atá á ndíol
faoi láthair mar bhianna a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe. Ina
theannta sin, trí bhíthin na rialacha atá beartaithe i ngach rogha, d'fhéadfaí
an margadh a oiriúnú agus, dá bhrí sin, déantar foráil maidir le hidirthréimhse
leordhóthanach chun cabhrú le haistriú rianúil chuig an reachtaíocht nua agus
chun an t-ualach eacnamaíoch a íoslaghdú. Achoimre ar na roghanna agus an
príomhthionchar a bheadh ag gach ceann acu: · Rogha 1 – An reachtaíocht uile maidir le bia diaitéiteach a
aisghairm (An Treoir Réime agus na Treoracha
sonracha uile a glacadh faoi chreat na treorach réime sin) Má dhéantar
coincheap an bhia dhiaitéitigh a aisghairm, cuirfear cosc le tuilleadh saofa
idir bianna diaitéiteacha a bhfuil ráitis oiriúnachta ag gabháil leo agus
gnáthbhianna a ndéantar maímh chothaíochais agus sláinte ina dtaobh. Dá ainneoin sin, cé go bhfuil an chosúlacht ann
gur rogha mhaith í sin ó thaobh simplithe de agus i dtaobh an ualach riaracháin
a laghdú, d'fhéadfadh deacrachtaí suntasacha a bheith ag baint le reachtaíocht
náisiúnta a thabhairt isteach in ionad reachtaíochta áirithe de chuid an AE a
aisghairtear (e.g. reachtaíocht maidir le bianna a bhfuil beartaithe iad a
úsáid mar bhianna do naíonáin agus do leanaí óga). · Rogha 2 – An Treoir Réime maidir le bianna diaitéiteacha a
aisghairm ach cuid de na rialacha sonracha atá glactha faoi chreat na treorach
réime sin a choimeád Soláthraítear
na buntáistí céanna maidir le simpliú agus le laghdú ar an ualach riaracháin
leis an rogha seo is a sholáthraítear le rogha 1 ach, i dteannta na mbuntáistí
sin, féadfaidh an AE rialacha a choimeád le haghaidh catagóirí áirithe bia, ar
rialacha iad a chuireann le breisluach ar leibhéal an AE de bharr a
gcomhchuibhithe. Má chuirtear
deireadh leis na rialacha ginearálta maidir le bianna diaitéiteacha agus má
chuirtear i bhfeidhm rialacha níos soiléire i leith táirgí sonracha, ba cheart
comhordú níos fearr a bheith ann idir na ceanglais a bhaineann le píosaí
éagsúla reachtaíochta. · Rogha 3 – An Treoir Réime a leasú agus liosta dearfach
bianna diaitéiteacha a mbaineann rialacha sonracha maidir le comhdhéanamh
agus/nó lipéadú leo a bhunú Is é an
príomhbhuntáiste a bhaineann le liosta dearfach a shocrú do bhianna
diaitéiteacha a mbaineann rialacha sonracha maidir le comhdhéanamh agus lipéadú
leo, go mbeadh feidhm ag rialacha caighdeánaithe in earnáil an bhia
dhiaitéitigh agus sa chaoi sin, go ndéanfaí comhchuibhiú a áirithiú ar fud an
Aontais Eorpaigh. D'fhéadfaí a
mheas, áfach, go mbeadh ualach as cuimse ar an tionscal agus ar na Ballstáit dá
mbeadh orthu reachtaíocht bhreise shonrach maidir le bia diaitéiteach a
chomhlíonadh i gcás ina mbeadh siad ag iarraidh bia a dhíriú ar ghrúpaí áirithe
den phobal, go háirithe má chuirtear san áireamh nach bhfuil ach buntáistí an‑bheag
ag baint leis an reachtaíocht sin ó thaobh na sláinte poiblí agus ó thaobh na
faisnéise do thomhaltóirí de. · Rogha 4 – An Treoir Réime a leasú
chun nós imeachta láraithe um réamhúdarú an Aontais a bheidh bunaithe ar
mheasúnú eolaíoch a chur in ionad an nós imeachta um fhógra a thabhairt Dá gcuirfí i bhfeidhm nós imeachta caighdeánach um réamhúdarú, dhéanfaí
níos mó comhchuibhithe a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh ná mar a dhéantar
leis an nós imeachta ginearálta um fhógra a thabhairt atá i bhfeidhm faoi
láthair. Is cosúil, áfach, go mbeadh an t‑ualach a bhaineann le
réamhúdarú a thabhairt sula bhféadfaí ráiteas maidir le hoiriúnacht
dhiaitéiteach a úsáid ar tháirge díréireach ó thaobh cosanta tomhaltóirí agus
faisnéise de agus bheadh sé an‑chostasach don tionscal, agus go háirithe
do FBManna. Leanann
togra an Choimisiúin rogha 2 – An Treoir Réime maidir le bianna
diaitéiteacha a aisghairm ach cuid de na rialacha sonracha atá glactha faoi chreat
na treorach réime sin a choimeád. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA · Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle a ghlacadh lena mbunaítear rialacha is infheidhme maidir le
bianna a bhfuil beartaithe iad a úsáid mar bhianna do naíonáin agus do leanaí óga agus
bianna chun críoch speisialta míochaine ar rialacha iad a bhaineann le liosta
an Aontais de shubstaintí is féidir a chur leis na bianna a chumhdaítear leis
an togra seo. Déanann an togra simpliú agus soiléiriú
ar na ceanglais dhlíthiúla a bhfuil feidhm acu maidir le roinnt catagóirí bia
agus bunaítear leis liosta amháin de shubstaintí is féidir a chur leis na
bianna (‘liosta an Aontais’) a chumhdaítear leis an togra seo. Go háirithe: –
cuirtear ar fáil reachtaíocht nua ghinearálta réime
a mbeidh feidhm aici maidir le catagóirí dea-shainithe bia a aithníodh mar bhia
atá ríthábhachtach le haghaidh grúpaí áirithe seanbhunaithe de thomhaltóirí a
bhfuil riachtanais shonracha chothaíochais acu; –
bunaítear raon feidhme soiléir agus sainithe maidir
le cur i bhfeidhm; –
coimeádtar bearta sonracha maidir le catagóirí bia
atá ríthábhachtach le haghaidh grúpaí áirithe den phobal; –
leagtar síos rialacha ginearálta maidir leis an
gcomhdhéanamh agus an lipéadú a bhaineann leis na catagóirí bia sin; –
faightear réidh le difríochtaí sa léirmhíniú ar na
píosaí difriúla de reachtaíocht bia agus leis na deacrachtaí ar Bhallstáit agus
ar oibreoirí na píosaí sin a chur i bhfeidhm tríd an timpeallacht rialála a
shimpliú; –
baintear na hualaí a bhaineann leis an nós imeachta
um fhógra a thabhairt; –
áirithítear go gcaithfear le táirgí comhchosúla ar
an mbealach céanna ar fud an Aontais; –
baintear rialacha nach bhfuil gá leo a thuilleadh,
atá frithráiteach nó a d’fhéadfadh a bheith neamhréireach; –
bunaítear beart aonair dlithiúil le haghaidh
substaintí is féidir a chur leis na bianna a chumhdaítear leis an togra seo; Déanfaidh an
togra nua Treoir 92/52/CE, Treoir 2009/39/CE, Treoir 96/8/CE
agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 a aisghairm. Leagfar síos sna Rialacháin tharmligthe na ceanglais shonracha
chomhdhéanaimh agus faisnéise, arna nglacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus na ceanglais ghinearálta a
leagtar síos sa togra seo mar aon le Treoir 2006/141/CE, Treoir 2006/125/CE
agus Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún á gcur san áireamh. Tugtar le
fios le glacadh liosta an Aontais go bhfuil na critéir atá leagtha amach sa
togra seo á gcur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, tabharfar cumhachtaí cur chun
feidhme don Choimisiún ina thaobh sin. Déanfar na
cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Déantar foráil do nósanna imeachta éigeandála i gcásanna ina mbeadh
riosca tromchúiseach ó bhia a chumhdaítear sa togra seo do shláinte an duine. Chun na críche sin, tabharfar cumhachtaí cur chun feidhme don
Choimisiún ina leith sin. Déanfar na cumhachtaí sin a
fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. · Bunús dlí Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 114
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tugann cuspóir agus ábhar an
togra bonn don bhunús dlí. Ba cheart é a bheith mar chuspóir ag bearta a
ghlactar faoi Airteagal 114 den Chonradh ar Feidhmiú an Aontais Eorpaigh
an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú. Bunaítear leis an togra creat
comhchuibhithe dlíthiúil a bhaineann le ceanglais chomhdhéanaimh agus faisnéise
maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bianna
gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga agus
bia chun críoch speisialta míochaine mar aon le liosta an Aontais de
shubstaintí is féidir a chur leis na bianna sin ós rud é gur gá creat
comhchuibhithe a choinneáil le haghaidh táirgí atá dírithe ar ghrúpaí áirithe
den phobal atá leochaileach agus gurb iad catagóirí áirithe bia an t-aon
fhoinse cothaithe atá acu. Is é cuspóir an togra aon difríochtaí idir na dlíthe
náisiúnta a bhaineann le catagóirí bia i dtrácht a sheachaint, ar dlíthe iad a
chuireann bac ar shaorghluaiseacht agus, dá bhrí sin, a mbíonn tionchar díreach
acu ar an margadh inmheánach a bhunú agus a fheidhmiú. · Prionsabal na coimhdeachta Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta
a mhéid is nach dtagann an togra faoi réir inniúlacht eisiach an Aontais. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an
togra a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar na cúiseanna seo a leanas: Sular glacadh an Treoir Réime, bhí
na bearta náisiúnta a bhí á gcur i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúil ó Bhallstát
go Ballstát. De bharr na n‑éagsúlachtaí sin, bhí ar thionscal an bhia
dhiaitéitigh an táirgeadh a éagsúlú ag brath ar an mBallstát dá mbeartaíodh na
táirgí. Mar fhreagairt air sin, glacadh rialacha ginearálta agus roinnt beart
sonrach ar leibhéal an Aontais. Tá an
ceart ag an Aontas beart a dhéanamh d’fhonn an trádáil le tríú tíortha a chur
ar comhréim leis an trádáil laistigh den Aontas. Ní mór an ceart sin a mheas, áfach, i gcomparáid le comhréireacht an
bhirt agus leis an mbreisluach a bheidh ag rialacha an Aontais do shaoránaigh ar
fud na mBallstát uile. D’fhéadfadh leibhéil éagsúla
sábháilteachta bia agus cosanta do shláinte an duine a theacht as gníomhaíocht
aonair de chuid na mBallstát agus d’fhéadfaí mearbhall a chur ar thomhaltóirí.
Ina theannta sin, chuirfí saorghluaiseacht na mbianna sin san Aontas i mbaol. Bheadh sé mar
chroílár ghníomhaíocht an Aontais na rialacha atá ann cheana maidir le táirgí
áirithe a dhéantar a thrádáil go forleathan laistigh den Aontas a choimeád,
agus comhaontú idir na Ballstáit maidir leis an ngá leanúnach le rialacha
sonracha i ndáil le comhdhéanamh agus lipéadú chun saorghluaiseacht na n-earraí
sin a áirithiú. Díríonn sé freisin ar an timpeallacht
rialála a shimpliú maidir le substaintí a chur leis na bianna a chumhdaítear
leis an togra seo. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra
prionsabal na coimhdeachta. · Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas: Déanann an togra an creat rialála lena mbunaítear forálacha ginearálta
a bhfuil feidhm acu maidir le catagóirí áirithe bia a chomhchuibiú, i gcás ina
léirítear an gá atá le forálacha breise comhdhéanaimh agus lipéadaithe i ndáil
leis na rialacha ginearálta a bhfuil feidhm acu maidir le gach cineál bia. Cuireann na forálacha breise sin le cosaint an tomhaltóra trína
áirithiú go bhfaigheann tomhaltóirí bianna atá leordhóthanach ó thaobh an
chothaithe de, agus faisnéis iomchuí. Is leor a
bhfuil sna bearta beartaithe chun na cuspóirí a bhaint amach, eadhon a áirithiú
go ndéanfaidh tomhaltóirí roghanna eolasacha agus sábháilte agus a chinntiú go
ndéantar an margadh inmheánach a fheidhmiú ar bhealach rianúil. Ag an am
céanna, ní fhorchuirtear ualach nach bhfuil call leis nó atá róthrom leo. In éagmais comhchuibhithe le haghaidh na
gcatagóirí bia sin, bheadh barraíocht rialacha náisiúnta agus bheadh leibhéil
éagsúla cosanta ann do thomhaltóirí ó Bhallstát go Ballstát agus ualach níos mó
ar an tionscal. Déantar an t-ualach airgeadais a
íoslaghdú toisc go bhfuil forálacha reatha sonracha ann cheana féin, ní
dhéantar na forálacha ginearálta a shimpliú agus a shoiléiriú ach i dtaobh raon
feidhme a bhfeidhmithe. · Rogha ionstraimí Na hionstraimí atá beartaithe:
Rialachán. Ní bheadh beart eile leordhóthanach ar
na cúiseanna seo a leanas: Creat saintreorach
atá ann faoi láthair den chuid is mó agus níl mórán solúbthachta ag Ballstáit
maidir lena fheidhmiú. D’fhéadfadh cur chuige
neamhréireach san Aontas a bheith mar thoradh ar Threoir, agus chruthófaí
neamhchinnteacht do thomhaltóirí agus don tionscal dá bhrí sin. Soláthraíonn Rialachán cur chuige comhréireach don tionscal agus
laghdaíonn sé ar an ualach riaracháin de bharr nach ar na hoibreoirí a bheidh
sé eolas a chur ar an reachtaíocht náisiúnta sna Ballstáit ar fad. Cur chuige solúbtha a bheadh in
ionstraimí reachtaíochta boige amhail treoirlínte le dul i gceann athruithe
áirithe a bhfuil gá leo sa reachtaíocht reatha, ach ní bheadh siad oiriúnach i
ngach cás. Ina theannta sin, de bharr stádas neamhcheangailteach na
n-ionstraimí sin, meastar nach leor iad chun dul i ngleic leis na difríochtaí i
léirmhíniú agus cur chun feidhme na reachtaíochta. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl ann di. 5. Faisnéis bhreise · Insamhladh, treoirthréimhse agus idirthréimhse Beidh idirthréimhse ann chun an togra a
chur i bhfeidhm. · Simpliú Déantar foráil leis an togra maidir le
simpliú na reachtaíochta. Is é sin ceann de phríomhchuspóirí an leasaithe ar an
reachtaíocht maidir le bianna a bhfuil beartaithe iad a
úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe. Nuair a úsáidtear Rialachán mar
ionstraim dhlíthiúil tacaíonn sé sin le simpliú a bhaint amach mar ráthaíonn sé
go mbíonn ar gach gníomhaí na rialacha céanna a leanúint ag an am céanna. Cuirfear deireadh
le nósanna imeachta riaracháin náisiúnta a thugtar isteach tar éis an nós
imeachta um fhógra a thabhairt a chur chun feidhme agus laghdófar ar an ualach
riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme na reachtaíochta dá bhrí sin. Bainfear na forálacha a glacadh i dTreoir 2009/39/CE
agus a glacadh fúithi, ar forálacha iad nach bhfuil gá leo a thuilleadh, atá
frithráiteach nó a d’fhéadfadh a bheith neamhréireach. Áirítear an togra i gClár Oibre an
Choimisiúin do 2011 – Iarscríbhinn III – Clár Rollach maidir le simpliú agus
tionscnaimh maidir le hualach riaracháin a laghdú faoin tagairt 2009/SANCO/004. · An reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm Má ghlactar leis an togra, déanfar an
reachtaíocht atá ann faoi láthair a aisghairm. · Athmhúnlú Tá
athmhúnlú i gceist leis an togra. · An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa
ghníomh atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an Limistéar Eorpach
Eacnamaíoch a chuimsiú ann. · Míniú mionsonraithe ar an togra Tugtar sa Rialachán an bonn le
hardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú maidir le bianna a bhfuil beartaithe iad a úsáid mar bhianna do naíonáin agus do leanaí óga agus bianna chun críoch
speisialta míochaine. Bunaítear leis freisin beart aonair dlíthiúil a dhéanann
rialú ar an liosta substaintí is féidir a chur leis na bianna a chumhdaítear leis
an togra (Caibidil I). Déantar foráil i gCaibidil II agus i
gCaibidil III maidir le prionsabail ghinearálta agus forálacha sonracha a
mbeidh feidhm acu maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle
leantach, bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do
leanaí óga, agus bianna chun críoch speisialta míochaine. Baineann Caibidil
IV le liosta an Aontais a bhunú de shubstaintí is féidir a chur leis na bianna
a chumhdaítear sa togra agus déantar foráil inti maidir le nós imeachta chun
liosta an Aontais a nuashonrú. Déantar
foráil i gCaibidil V maidir le clásal ginearálta rúndachta. Baineann
Caibidil VI agus Caibidil VII leis na forálacha nós imeachta ar fad a bhaineann
leis an togra nua a chur chun feidhme, le tarmligean na gcumhachtaí, leis na
nósanna imeachta, leis na leasuithe is gá agus leis na bearta atá le
haisghairm. Sonraítear freisin na bearta idirthréimhseacha a mbeadh feidhm acu
maidir leis na catagóirí bia a rialaítear faoi láthair faoi Threoir 2009/39/CE
agus an dáta teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm. 2011/0156 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le bia a bhfuil beartaithe é a úsáid
mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga agus maidir le bia chun críoch speisialta
míochaine (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de
bhun Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach[1], De bharr an méid seo a leanas: (1)
Foráiltear le hAirteagal 114 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach mór ardleibhéal cosanta a bheith mar bhunús
le bearta a bhfuil sé mar chuspóir leo an margadh inmheánach a bhunú agus a
fheidhmiú agus a bhaineann, inter alia, le sláinte agus le sábháilteacht
agus cosaint tomhaltóirí, agus aon fhorbairt nua atá bunaithe ar fhíorais
eolaíocha go háirithe á cur san áireamh. (2)
Gné riachtanach den mhargadh inmheánach is ea
saorghluaiseacht bia slán agus folláin, rud a chuireann go mór le sláinte agus
le leas na saoránach, agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha. (3)
Leagtar síos i dTreoir 2009/39/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir
le hearraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha cothaitheacha
áirithe[2]
rialacha ginearálta maidir le comhdhéanamh agus ullmhúchán na mbianna sin atá
ceaptha go speisialta chun riachtanais shonracha chothaíochais na ndaoine a
mbeartaítear dóibh iad a shásamh. Tá formhór na
bhforálacha atá leagtha síos sa Treoir sin ann ó 1977 agus, dá bhrí sin,
ba cheart iad a athbhreithniú. (4)
Bunaítear le Treoir 2009/39/CE sainmhíniú
coiteann le haghaidh ‘earraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha
cothaitheacha áirithe’ agus ceanglais ghinearálta lipéadaithe, lena n‑áirítear
ceanglais gur cheart go mbeadh lipéad ar na hearraí bia sin a léiríonn a
oiriúnaí is atá siad i leith na gcríoch cothaitheach atá maíte. (5)
Tá roinnt gníomhartha neamhreachtacha de chuid an
Aontais ag gabháil leis na ceanglais ghinearálta chomhdhéanaimh agus
lipéadaithe atá leagtha síos i dTreoir 2009/39/CE, ar gníomhartha iad is
infheidhme maidir le catagóirí sonracha bia. Chuige sin, tá leagtha síos i dTreoir 2006/141/CE ón gCoimisiún an
22 Nollaig 2006 rialacha comhchuibhithe maidir le bainne foirmle do
naíonáin agus bainne foirmle leantach[3]
agus tá leagtha síos i dTreoir 2006/125/CE ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2006
rialacha comhchuibhithe áirithe maidir le bianna gránachbhunaithe próiseáilte
agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga[4]. Ar an gcaoi chéanna, tá rialacha comhchuibhithe leagtha síos freisin
le Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún an 26 Feabhra 1996 maidir le bia
a bhfuil beartaithe é a úsáid húsáid in aistí bia fuinneamhshrianta chun críocha meáchan a laghdú[5], Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún an 25 Márta 1999
maidir le bia diaitéiteach chun críoch speisialta míochaine[6] agus Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón
gCoimisiún an 20 Eanáir 2009 maidir le comhdhéanamh agus lipéadú earraí bia do
dhaoine atá éadulangach ar ghlútan[7]. (6)
Ina theannta sin, tá leagtha síos i dTreoir 92/52/CEE
ón gComhairle an 18 Meitheamh 1992, rialacha comhchuibhithe maidir le
bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach a bheartaítear le
hallmhairiú go tríú tíortha[8]. (7)
Déantar foráil i dTreoir 2009/39/CE maidir le
forálacha sonracha a ghlacadh i ndáil leis an dá chatagóir shonracha seo a
leanas de bhia a chuimsítear sa sainmhíniú ar earraí bia a bhfuil beartaithe é
a úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe: ‘bia a bhfuil beartaithe é a úsáid chun na riachtanais
a bhaineann le dianiarracht mhatánach a chomhlíonadh, go háirithe i gcás lucht
spóirt' agus 'bia le haghaidh daoine a bhfuil neamhoird mheitibileachta
carbaihiodráití (diaibéiteas) orthu’. Maidir le bia a
bhfuil beartaithe é a úsáid chun na riachtanais a bhaineann le dianiarracht
mhatánach a chomhlíonadh, ní fhéadfaí teacht ar réiteach sásúil maidir le
forbairt forálacha sonracha mar gheall ar thuairimí an-éagsúil i measc na
mBallstát agus na ngeallsealbhóirí maidir le raon feidhme na reachtaíochta
sonraí, líon na bhfochatagóirí bia a bheidh le háireamh, na critéir maidir le
ceanglais chomhdhéanaimh a bhunú agus an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ar
nuálaíocht i bhforbairt táirgí. Maidir
le forálacha speisialta le haghaidh bia do dhaoine a bhfuil neamhoird
mheitibileachta carbaihiodráití (diaibéiteas) orthu, is é tátal tuarascála ón
gCoimisiún[9] go
bhfuil easnamh sa bhunús eolaíochta i ndáil le ceanglais shonracha
chomhdhéanaimh a shocrú. (8)
Ceanglaítear freisin le Treoir 2009/39/CE nós
imeachta ginearálta um fhógra a thabhairt ar leibhéal náisiúnta le haghaidh bia
a thíolacann oibreoirí i ngnó an bhia mar bhia a chuimsítear sa sainmhíniú ar
'earraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe',
agus nach bhfuil forálacha sonracha leagtha síos i ndlí an Aontais ina leith,
sula gcuirtear ar mhargadh an Aontais é, chun faireachán éifeachtach na mBallstát
ar an mbia sin a éascú. (9)
Léiríodh i dtuarascáil ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an nós
imeachta sin um fhógra a thabhairt[10],
go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ann de thoradh léirmhínithe éagsúla ar an
sainmhíniú ar earraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha
cothaitheacha áirithe, a dhealraíonn sé atá oscailte do léirmhínithe éagsúla na
n-údarás náisiúnta. Baineadh de thátal as, dá bhrí sin, go
mbeadh gá le leasú ar raon feidhme Threoir 2009/39/CE chun cur chun
feidhme níos éifeachtaí agus níos comhchuibhithe reachtaíocht an Aontais a
áirithiú. (10)
I dtuarascáil staidéir[11] maidir le leasú ar an reachtaíocht i ndáil
le hearraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha cothaitheacha
áirithe, dearbhaítear torthaí thuarascáil an Choimisiúin maidir le cur chun
feidhme an nós imeachta um fhógra a thabhairt agus léirítear ann go bhfuil líon
níos mó earraí bia á margú agus á lipéadú sa lá atá inniu ann mar earraí bia a
bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe, de bharr an
tsainmhínithe leathain atá leagtha síos i dTreoir 2009/39/CE. Luann an tuarascáil staidéir freisin go bhfuil difríochtaí móra idir
an cineál bia arna rialú faoin reachtaíocht sin ó Bhallstát go Ballstát; d’fhéadfaí an bia céanna a mhargú ag an am céanna i mBallstáit éagsúla
mar bhia a bhfuil beartaithe é a úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe
agus/nó mar bhia atá ceaptha do ghnáthchaitheamh dírithe ar an bpobal go
ginearálta nó ar roinnt foghrúpaí den phobal amhail mná atá ag iompar clainne,
mná a bhfuil a sos míostraithe curtha díobh, daoine níos aosta, leanaí atá ag
fás, ógánaigh, daoine atá gníomhach ar leibhéil éagsúla, agus eile. Dá bhrí sin, baintear an bonn d’fheidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh, cruthaítear neamhdheimhneacht dhlíthiúil d’údaráis
inniúla, d’oibreoirí i ngnó an bhia agus do thomhaltóirí agus ní féidir an
riosca go mbainfí mí‑úsáid as margú agus go ndéanfaí an iomaíocht a
shaobhadh a chur as an áireamh as an oiread. (11)
Dealraíonn sé go bhfuil gníomhartha eile Aontais a
glacadh le déanaí níos oiriúnaithe do mhargadh nuálaíoch bia atá ag forbairt ná
mar atá Treoir 2009/39/CE. Is
iad na gníomhartha atá ábhartha nó tábhachtach sa chaoi sin: Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 10 Meitheamh maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát
a bhaineann le forbhianna[12],
Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothaíochais agus sláinte a dhéantar
maidir le bianna[13]
agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus
substaintí eile a chur le bianna[14]. Ina theannta sin, dhéanfadh forálacha na ngníomhartha Aontais sin líon
áirithe de na catagóirí bia a chumhdaítear le Treoir 2009/39/CE a rialú go
leordhóthanach le hualach riaracháin níos lú agus le tuilleadh soiléireachta i
dtaobh an raoin feidhme agus na gcuspóirí. (12)
Ina theannta sin, is léir ón taithí atá faighte go
nuige seo nach bhfuil rialacha áirithe a áiríodh i dTreoir 2009/39/CE nó a
glacadh faoin Treoir sin éifeachtach a thuilleadh chun feidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. (13)
Dá bhrí sin, ba cheart fáil réidh le coincheap
‘earraí bia a bhfuil beartaithe iad a úsáid chun críocha cothaitheacha áirithe’
agus ba cheart an gníomh seo a chur in ionad Threoir 2009/39/CE. Chun an cur i bhfeidhm a shimpliú agus chun comhsheasmhacht ar fud na
mBallstát a áirithiú, ba cheart an gníomh seo a bheith i bhfoirm Rialacháin. (14)
Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos
prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás
Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca
le sábháilteacht bia[15],
bunaítear leis prionsabail choiteanna agus sainmhínithe coiteanna do dhlí bia
an Aontais d’fhonn ardleibhéal cosanta sláinte agus feidhmiú éifeachtach an
mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.
Bunaítear leis prionsabail na hanailíse riosca i ndáil le
bia agus na struchtúir agus na sásraí le haghaidh na meastóireachtaí eolaíocha
agus teicneolaíochta a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (dá
ngairfear ‘an tÚdarás’ anseo feasta). Dá bhrí sin, níor mhór feidhm a bheith ag
sainmhínithe áirithe atá leagtha síos sa Rialachán sin i gcomhthéacs an
Rialacháin seo. Ina theannta sin, chun críche an Rialacháin seo, ba cheart dul
i gcomhairle leis an Údarás i ndáil le cúrsaí ar bith a d'fhéadfadh difear a
dhéanamh do shláinte phoiblí. (15)
Líon teoranta de chatagóirí bia an t-aon fhoinse
bheathaithe, nó cuid de fhoinse bheathaithe, atá ag grúpaí áirithe den daonra. Tá na catagóirí bia sin ríthábhachtach chun
riochtaí áirithe a bhainistiú agus/nó tá siad ríthábhachtach chun an
leordhóthanacht chothaitheach a bheartaítear le haghaidh grúpaí áirithe
leochaileacha seanbhunaithe den phobal a choimeád.
Áirítear sna catagóirí bia sin bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle
leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus bia chun
críoch speisialta míochaine. Is léir ón taithí atá faighte go nuige seo go
n-áirithítear leis na forálacha atá leagtha síos i dTreoir 2006/141/CE, Treoir 2006/125/CE,
agus Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, saorghluaiseacht an bhia sin ar
bhealach sásúil, agus áirithítear ag an am céanna ardleibhéal cosanta i ndáil
le sláinte phoiblí. Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndíríonn
an Rialachán seo ar na ceanglais ghinearálta chomhdhéanaimh agus faisnéise
maidir le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia
gránachbhunaithe próiseáilte, agus bia do naíonáin agus do leanaí óga agus bia
chun críoch speisialta míochaine, agus Treoir 2006/141/CE, Treoir 2006/125/CE
agus Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún á gcur san áireamh. (16)
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart
na sainmhínithe atá leagtha síos i dTreoir 2006/141/CE, Treoir 2006/125/CE
agus Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún a aistriú chuig an Rialachán seo. Mar
sin féin, ba cheart na sainmhínithe ar bhainne foirmle do naíonáin agus bainne
foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus
bia chun críoch speisialta míochaine a oiriúnú go rialta agus dul chun cinn
teicniúil agus eolaíoch agus forbairtí ábhartha ar leibhéal idirnáisiúnta á
gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí. (17)
Is tábhachtach go mbeidh na comhábhair a úsáidtear
i monarú na gcatagóirí bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo oiriúnach chun
riachtanais chothaíochais na ndaoine a mbeartaítear dóibh iad a shásamh, agus
go bhfuil siad oiriúnach dóibh, agus go bhfuil a leordhóthanacht chothaitheach
suite le sonraí eolaíocha a nglactar leo go ginearálta. Ba
cheart an leordhóthanacht sin a léiriú trí athbhreithniú córasach a dhéanamh ar
na sonraí eolaíocha atá ar fáil. (18)
Tá ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú leagtha
síos i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000
maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia a
lipéadú, a thíolacadh agus a fhógairt[16]. Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ghinearálta lipéadaithe sin,
mar riail ghinearálta, maidir leis na catagóirí bia a chumhdaítear leis an
Rialachán seo. Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh
sa Rialachán seo freisin maidir le ceanglais bhreise i ndáil le forálacha Threoir 2000/13/CE,
nó maoluithe ón Treoir sin, nuair is gá, chun cuspóirí sonracha an
Rialacháin seo a chomhlíonadh. (19)
Ba cheart na critéir a leagan síos sa Rialachán seo
chun na ceanglais shonracha chomhdhéanaimh agus faisnéise a bhunú maidir le
bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe
próiseáilte, agus bia do naíonáin agus bia chun críoch speisialta míochaine,
agus Treoir 2006/141/CE, Treoir 2006/125/CE agus Treoir 1999/21/CE
ón gCoimisiún á gcur san áireamh. D’fhonn
na sainmhínithe ar bhainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach, bia
gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin, agus bia chun críoch
speisialta míochaine atá leagtha síos sa Rialachán seo a oiriúnú, agus dul chun
cinn teicniúil agus eolaíoch agus forbairtí ábhartha ar leibhéal idirnáisiúnta
á gcur san áireamh, chun na ceanglais shonracha chomhdhéanaimh agus faisnéise a
leagan síos maidir leis na catagóirí bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo,
lena n‑áirítear ceanglais bhreise lipéadaithe nó maoluithe ó fhorálacha Threoir 2000/13/CE
agus maímh chothaíochais agus sláinte a údarú, ba cheart an chumhacht
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún
comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear
comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a
áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige,
go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus
go hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (20)
Is iomchuí liosta an Aontais de vitimíní, mianraí,
aimínaigéid agus substaintí eile is féidir a chur le bainne foirmle do
naíonáin, bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do
naíonáin, agus bia chun críoch speisialta míochaine a bhunú agus a nuashonrú,
faoi réir critéar áirithe atá leagtha síos sa Rialachán seo. Ós rud é go dtugtar le fios le glacadh an liosta go bhfuil na critéir
atá leagtha amach sa Rialachán seo á gcur i bhfeidhm, ba cheart cumhachtaí cur
chun feidhme a thabhairt don Choimisiún ina thaobh sin. Ba
cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos
na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir
le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme an
Choimisiúin[17]. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is féidir a chur
i bhfeidhm láithreach a ghlacadh a dhéanfaidh nuashonrú ar liosta an Aontais, i
gcás ina n-éilítear a leithéid ar mhórchúiseanna práinne i gcásanna a bhaineann
le sláinte phoiblí a bhfuil bonn cuí leo. (21)
Faoi láthair, de bhun Tuairime ón gCoiste Eolaíoch
ar rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ar rioscaí sláinte nua-aitheanta
(SCENIHR)[18]
maidir le measúnú riosca ar tháirgí nanaitheicneolaíochtaí, arna dhátú an 19 Eanáir 2009,
tá easpa faisnéise ann maidir leis na rioscaí a bhaineann le nana-ábhair a
ndearnadh innealtóireacht orthu, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh na modhanna
tástála atá ann cheana leordhóthanach chun dul i gceann na saincheisteanna ar
fad a thiocfaidh chun cinn maidir le nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht
orthu. Dá bhrí sin, níor
cheart nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a áireamh i liosta an
Aontais maidir leis na catagóirí bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go
dtí go mbeidh meastóireacht déanta ag an Údarás. (22)
Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus le simpliú
reachtach, ba cheart scrúdú meántréimhseach a dhéanamh ar an gceist ar cheart
raon feidhme liosta an Aontais a leathnú chuig catagóirí eile bia arna rialú le
reachtaíocht shonrach eile de chuid an Aontais. (23)
Ní mór nósanna imeachta a bhunú chun bearta
éigeandála a ghlacadh i gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ó bhia a
chumhdaítear leis an Rialachán seo do shláinte an duine.
Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun bearta éigeandála a chur chun
feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don
Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán
(AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme
maidir le bearta éigeandála a ghlacadh ar gníomhartha iad is féidir a chur i
bhfeidhm láithreach, i gcás ina n‑éilítear a leithéid ar mhórchúiseanna
práinne i gcásanna a bhaineann le sláinte phoiblí a bhfuil bonn cuí leo. (24)
Tá sé ráite i dTreoir 92/52/CEE ón gComhairle
nach mór do bhainne foirmle agus bainne foirmle leantach do naíonáin a
onnmharaítear nó a ath-onnmhairítear ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais a
chomhlíonadh ach amháin má cheanglaíonn an tír is allmhaireoir a mhalairt.
Bunaíodh an prionsabal sin cheana féin maidir le bia i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
Ar mhaithe le simpliú agus le deimhneacht dhlithiúil, ba
cheart Treoir 92/52/CEE a aisghairm dá bhrí sin. (25)
Le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le
maímh chothaíochais agus sláinte a dhéantar maidir le bianna[19], bunaítear na rialacha agus na
coinníollacha a bhaineann le maímh chothaíochais agus sláinte a úsáid ar bhia. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin mar riail ghinearálta
maidir leis na catagóirí bia a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ach amháin
má shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo nó i ngníomhartha neamhreachtacha a
ghlactar de bhun an Rialacháin seo. (26)
Faoi láthair, is féidir na ráitis ‘saor ó ghlútan’
agus ‘méid an-bheag glútain’ a úsáid le haghaidh bia a
bhfuil beartaithe é a úsáid chun críocha
cothaitheacha áirithe agus le haghaidh bia atá ceaptha do ghnáthchaitheamh faoi
na rialacha a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún
maidir le comhdhéanamh agus lipéadú earraí bia do dhaoine atá éadulangach ar
ghlútan[20].
D’fhéadfaí breathnú ar na ráitis sin mar mhaímh chothaíochais, mar atá sainmhínithe
i Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006. Ar mhaithe le simpliú, ba cheart do
Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 amháin na ráitis sin a rialú agus ba cheart
do na ráitis na ceanglais atá sa Rialachán sin a chomhlíonadh. Ní mór na
hoiriúnuithe teicniúla de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, a
ionchorpraíonn na maímh chothaíochais 'saor ó ghlútan' agus 'méid an-bheag
glútain', agus na coinníollacha gaolmhara úsáide a rialaítear faoi Rialachán
(CE) Uimh. 41/2009 a bheith curtha i gcrích sula dtiocfaidh an Rialachán
seo i bhfeidhm. (27)
Meastar gur bia a bhfuil beartaithe é a úsáid chun críocha
cothaitheacha áirithe iad ‘malartú ar bhéile chun críocha meáchan a rialú’ agus
‘malartú ar aiste bia iomlán chun críocha meáchan a rialú’ agus rialaítear iad
le rialacha sonracha a glacadh faoi Threoir 96/8/CE. Mar sin féin, tá méadú tagtha ar an líon bia a bheartaítear don phobal
ginearálta a bhfuil ráitis chosúla air a thíolactar mar mhaímh i leith sláinte
chun críocha meáchan a rialú. Ionas
nach mbeidh aon mhearbhall ann maidir le cad is bia a mhargaítear chun críocha
meáchan a rialú, agus ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus comhchuibheas
reachtaíocht an Aontais, ba cheart na ráitis sin a bheith rialaithe faoi
Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 amháin, agus ba cheart do na ráitis
sin na ceanglais atá sa Rialachán sin a chomhlíonadh. Ní mór na hoiriúnuithe teicniúla de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006,
a ionchorpraíonn na maímh i leith sláinte a thagraíonn do mheáchan coirp a
rialú i gcás bia a thíolactar mar ‘malartú ar aiste bia iomlán chun críocha
meáchan a rialú’ agus mar ‘malartú ar bhéile chun meáchan a rialú’ agus na
coinníollacha gaolmhara úsáide a rialaítear faoi Threoir 96/8/CE a bheith
curtha i gcrích sula dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. (28)
Toisc nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na
ngníomhaíochtaí atá le déanamh a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí
sin, gur féidir iad a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an
Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha
amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil
riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. (29)
Tá gá le bearta idirthréimhseacha leordhóthanacha
chun go mbeidh oibreoirí i ngnó an bhia in ann oiriúnú do cheanglais an
Rialacháin seo. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I
ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1
Ábhar 1. Bunaítear leis an Rialachán seo
ceanglais chomhdhéanaimh agus faisnéise i ndáil leis na catagóirí bia seo a
leanas: (a) bainne foirmle do
naíonáin agus bainne foirmle leantach; (b) bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia
do naíonáin agus do leanaí óga; (c) bia chun críoch speisialta míochaine. 2. Déantar foráil
sa Rialachán seo maidir leis na rialacha i ndáil le liosta an Aontais de
vitimíní, mianraí agus substaintí eile is féidir a chur leis na catagóirí bia
dá dtagraítear i mír 1 a bhunú agus a nuashonrú. Airteagal 2
Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin seo,
beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (a) na sainmhínithe ar ‘bia’ agus ar ‘cur ar
an margadh’ atá leagtha amach in Airteagal 2 agus Airteagal 3(8) de
Rialachán (CE) Uimh. 178/2002; (b) na sainmhínithe ar ‘lipéadú’ agus ar
‘earra bia réamhphacáistithe’ atá i bpointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 1(3)
de Threoir 2000/13/CE; (c) na sainmhínithe ar ‘maíomh cothaíochais’
agus ar ‘maíomh sláinte’ atá leagtha amach i bpointe (4) agus pointe (5) d’Airteagal 2(2)
de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006; agus, (d) an sainmhíniú ar ‘substaint eile’ atá
leagtha amach in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006. 2. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo
a leanas freisin: (a) ciallaíonn ‘an tÚdarás’ an tÚdarás Eorpach
um Shábháilteacht Bia a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002; (b) ciallaíonn ‘naíonáin’ leanaí faoi aois 12 mhí; (c) ciallaíonn ‘leanaí óga’ leanaí idir aon
bhliain agus trí bliana d'aois; (d) ciallaíonn ‘bainne
foirmle do naíonáin’ bia a chaitheann naíonáin sna chéad mhíonna i ndiaidh
a mbreithe agus a chomhlíonann, leis féin, riachtanais chothaíochais na naíonán
sin go dtí go dtugtar isteach beathú comhlántach iomchuí; (e) ciallaíonn ‘bainne foirmle leantach' bia a chaitheann naíonáin nuair a
thugtar isteach beathú comhlántach iomchuí agus is ionann é agus an phríomhghné
leachtach d’aiste bia atá á héagsúlú de réir a chéile do na naíonáin sin; (f) ciallaíonn 'bia gránachbhunaithe
próiseáilte’: (i) bia a bhfuil
beartaithe é a úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe naíonán a bhfuil sláinte
mhaith acu a chomhlíonadh le linn iad a scoitheadh den chíoch, agus bia a
bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe leanaí óga a bhfuil
sláinte mhaith acu a chomhlíonadh a chuireann lena n-aiste bia agus/nó chun go
rachaidh siad i dtaithí de réir a chéile ar ghnáthbhia, agus (ii) bia a bhaineann le ceann amháin de na
ceithre chatagóir seo a leanas: –
gránaigh shimplí a dhéantar a fhliuchadh nó is gá a
fhliuchadh le bainne nó le leachtanna scamhardacha iomchuí eile; –
gránaigh a bhfuil bia ardphróitéine curtha leo a
dhéantar a fhliuchadh nó is gá a fhliuchadh le bainne nó le leacht eile atá
saor ó phróitéin; –
pasta atá le caitheamh tar éis a chócarála in uisce
beirithe nó leachtanna iomchuí eile; –
roscaí agus brioscaí atá le caitheamh go díreach,
nó tar éis a bpúdraithe, ach uisce, bainne nó leachtanna eile oiriúnacha a chur
leo; (g) ciallaíonn ‘bia do
naíonáin’ bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe
naíonán a bhfuil sláinte mhaith acu a chomhlíonadh le linn iad a scoitheadh den
chíoch, agus bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia chun ceanglais áirithe
leanaí óga a bhfuil sláinte mhaith acu a chomlíonadh a chuireann lena n-aiste
bia agus/nó chun go rachaidh siad i dtaithí de réir a chéile ar ghnáthbhia,
seachas (i) bia gránachbhunaithe próiseáilte agus (ii) bainne a bhfuil
beartaithe é a úsáid mar bhia do leanaí óga; (h) ciallaíonn ‘bia chun
críoch speisialta míochaine’ bia a bhfuil beartaithe é a úsáid mar bhia chun
aiste bia othar a bhainistiú agus atá le húsáid faoi chúram leighis. Tá sé beartaithe lena úsáid é do bheathú eisiach
nó páirteach othar a bhfuil cumas teoranta, lagaithe nó suaite acu maidir le
gnáthbhia nó cothaithigh sa ghnáthbhia a ghlacadh, a dhíleá, a ionsú, a
mheitibiliú nó a dhíchur, nó othar a bhfuil ceanglais chothaíochais eile arna
gcinneadh ag lucht leighis acu, nach féidir a n‑aiste bia a bhainistiú
ach tríd an ghnáthaiste bia a mhodhnú. 3. Tabharfar de
chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15
chun na sainmhínithe ar ‘bainne foirmle do naíonáin’, ‘bainne foirmle
leantach’, ‘bia gránachbhunaithe próiseáilte’ agus ‘bia do naíonáin’ agus ‘bia
chun críoch speisialta míochaine’ a oiriúnú, agus dul chun cinn teicniúil agus
eolaíoch agus forbairtí ábhartha ar leibhéal idirnáisiúnta á gcur san áireamh,
de réir mar is iomchuí. CAIBIDIL II
CUR AR AN MARGADH Airteagal 3
Cur ar an margadh Ní fhéadfar an bia
dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur ar an margadh ach amháin má
chomhlíonann sé forálacha an Rialacháin seo. Airteagal 4
Bia réamhphacáistithe Ní cheadófar an bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1)
ar an margadh miondíola ach i bhfoirm bia réamhphacáistithe. Airteagal 5
Saorghluaiseacht earraí Ní fhéadfaidh na Ballstáit srian nó cosc a
chur le bia a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar an margadh, ar chúiseanna
a bhaineann le comhdhéanamh, monarú, tíolacadh nó lipéadú. Airteagal 6
Bearta éigeandála 1. Nuair is léir
go mbeadh riosca tromchúiseach ó bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) do
shláinte an duine agus nach bhféadfaí an riosca sin a smachtú go sásúil trí
bhíthin beart arna nglacadh ag an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann,
glacfaidh an Coimisiún gan mhoill, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó
Bhallstát, bearta eatramhacha éigeandála iomchuí, lena n-áirítear bearta a
chuirfidh srian nó cosc leis an mbia i dtrácht a chur ar an margadh, ag brath
ar a thromchúisí atá an scéal. Glacfar na bearta sin trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2). 2. Ar
mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cuí leo maidir le smacht a choimeád
agus/nó dul i gceann ar riosca tromchúiseach do shláinte an duine, glacfaidh an
Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is féidir a chur i bhfeidhm láithreach i
gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(3). 3. I gcás ina
dtabharfaidh Ballstát fógra oifigiúil don Choimisiún maidir leis an ngá atá le
bearta éigeandála a ghlacadh agus nach ngníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1,
féadfaidh an Ballstát lena mbaineann aon bhearta eatramhacha éigeandála iomchuí
a ghlacadh, laistigh dá chríoch féin, a chuirfidh srian nó cosc leis an mbia i
dtrácht a chur ar an margadh, ag brath ar a thromchúisí is atá an scéal. Tabharfaidh sé fógra láithreach ina leith sin don Choimisiún agus do
na Ballstáit eile agus tabharfaidh sé na cúiseanna lena chinneadh. Glacfaidh an
Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a dhíreoidh ar na bearta eatramhacha
éigeandála náisiúnta a leathnú, a leasú nó a aisghairm. Glacfar na gníomhartha
cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 14(2). Féadfaidh an Ballstát a bhearta
eatramhacha éigeandála náisiúnta a choimeád go dtí go nglacfar na gníomhartha
cur chun feidhme atá luaite sa mhír seo. CAIBIDIL III
CEANGLAIS
Roinn 1 Forálacha
tosaigh Airteagal 7
Forálacha tosaigh 1. Comhlíonfaidh an bia dá dtagraítear
in Airteagal 1(1) aon cheanglas faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir
le bia. 2. Beidh na ceanglais a leagtar síos sa
Rialachán seo i réim thar aon cheanglas neamhréireach de dhlí an Aontais is
infheidhme maidir le bia. Airteagal 8
Tuairimí an Údaráis Soláthróidh an tÚdarás Eorpach um
Shábháilteacht Bia tuairimí eolaíocha i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 23
de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 chun críche an Rialachán seo a chur i
bhfeidhm. Roinn 2
Ceanglais ghinearálta Airteagal 9
Comhdhéanamh ginearálta agus ceanglais faisnéise 1. Fágfaidh
comhdhéanamh an bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) gur iomchuí agus gur
oiriúnach é chun riachtanais chothaíochais na ndaoine a mbeartaítear dóibh é a
chomhlíonadh, i gcomhréir le sonraí eolaíocha a nglactar leo go ginearálta. 2. Maidir leis an mbia dá dtagraítear
in Airteagal 1(1), ní bheidh aon substaint ann ar leor í chun sláinte na
ndaoine a bhfuil an bia beartaithe dóibh a chur i mbaol. 3. Beidh faisnéis leordhóthanach don
tomhaltóir ar lipéadú, tíolacadh agus fógraíocht an bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1)
agus ní bheidh sí míthreorach. 4. Ní dhéanfaidh ach na daoine sin a
bhfuil cáilíocht acu i leigheas, cothú nó cógaisíocht nó gairmithe eile atá
freagrach as cúram sláinte do mháithreacha agus do leanaí aon fhaisnéis
úsáideach nó moltaí a bhaineann leis na catagóirí bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1)
a scaipeadh. Roinn 3
Ceanglais Shonracha Airteagal 10
Comhdhéanamh sonrach agus ceanglais faisnéise 1. Ní mór don bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1)
ceanglais Airteagal 7 agus na ceanglais chomhdhéanaimh agus faisnéise dá
bhforáiltear in Airteagal 9 a chomhlíonadh. 2. Faoi réir
cheanglais ghinearálta Airteagal 7 agus Airteagal 9 agus Treoir 2006/141/CE,
Treoir 2006/125/CE agus Treoir 1999/21/CE á gcur san áireamh, mar aon
leis an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a bheidh déanta, beidh sé de
chumhacht ag an gCoimisiún Rialacháin tharmligthe a ghlacadh, tráth nach déanaí
ná [2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], i
gcomhréir le hAirteagal 15, i ndáil leis an méid seo a leanas: (a) ceanglais shonracha chomhdhéanaimh an
bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1); (b) na ceanglais shonracha maidir le húsáid
lotnaidicídí i dtáirgí talmhaíochta a bheartaítear le haghaidh tháirgeadh an
bhia sin agus maidir le hiarmhar lotnaidicídí sa bhia sin; (c) na ceanglais shonracha maidir le lipéadú,
tíolacadh agus fógraíocht an bhia dá dtagraítear in Airteagal 1(1), lena
n-áirítear údarú na maíomh cothaíochais agus sláinte ar an mbia sin; (d) an nós imeachta um fhógra a thabhairt
chun an bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chur ar an margadh chun
faireachán oifigiúil éifeachtach an bhia sin a éascú ar bhonn cé na hoibreoirí
i ngnó an bhia a thabharfaidh fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit/na mBallstát
ina bhfuil an táirge á mhargú; (e) na ceanglais atá ar chleachtais
tionscnaimh agus tráchtála a bhaineann le bainne foirmle do naíonáin; agus, (f) na ceanglais maidir le faisnéis atá le
soláthar i ndáil le beathú naíonán agus leanaí óga chun a áirithiú go bhfuil
faisnéis leordhóthanach ann ar chleachtais bheathaithe iomchuí. 3. Faoi réir cheanglais Airteagal 7
agus Airteagal 9 agus an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch ábhartha á
chur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún na Rialacháin tharmligthe atá luaite i
mír 2 a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 15. I gcás rioscaí don tsláinte a bheith ag teacht
chun cinn agus mórchúiseanna práinne a bheith á éileamh, beidh feidhm ag an nós
imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 16 maidir le gníomhartha tarmligthe
a ghlactar de bhun na míre sin. CAIBIDIL IV
LIOSTA AN AONTAIS DE SHUBSTAINTÍ ATÁ CEADAITHE Airteagal 11
Liosta an Aontais de shubstaintí atá ceadaithe 1. Féadfar vitimíní, mianraí,
aimínaigéid agus substaintí eile a chur leis an mbia dá dtagraítear in Airteagal 1(1),
ar chuntar go gcomhlíonann na substaintí sin na coinníollacha seo a leanas: (a) nach údar imní iad, ar bhonn na fianaise
eolaíche atá ar fáil, i dtaobh shláinte na dtomhaltóirí de; agus, (b) go n‑oireann
siad lena n-úsáid don cholainn daonna. 2. Tráth nach déanaí ná [2 bhliain
tar éis dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], bunóidh an Coimisiún
agus nuashonróidh sé ina dhiaidh sin liosta an Aontais de shubstaintí atá
ceadaithe a chomhlíonann coinníollacha mhír 1, trí bhíthin Rialachán cur
chun feidhme. Má chuirtear substaint le liosta an Aontais, áireofar san
iontráil sonraíocht na substainte agus, nuair is iomchuí, sonrófar na
coinníollacha úsáide agus na critéir íonachta is infheidhme. Glacfar na
Rialacháin cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 14(2). Más ann do mhórchúiseanna práinne a bhfuil
bonn cuí leo a bhaineann le rioscaí don tsláinte a bheith ag teacht chun cinn,
glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is féidir a chur i bhfeidhm láithreach a nuashonróidh liosta
an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 14(3). 3. Féadfar substaint a iontráil ar
liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 2 ar thionscnamh an Choimisiúin nó
tar éis iarratas a dhéanamh. Féadfaidh Ballstát nó páirtí leasmhar, a
d’fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh freisin ar son roinnt páirtithe leasmhara
(dá ngairfear an t-iarratasóir anseo feasta), iarratas a dhéanamh. Cuirfear na
hiarratais chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 4. 4. Beidh na nithe seo a leanas san
iarratas: (a) ainm agus seoladh an iarratasóra; (b) ainm na substainte agus tuairisc shoiléir
uirthi; (c) comhdhéanamh na substainte; (d) úsáid bheartaithe na substainte agus
coinníollacha na húsáide sin; (e) athbhreithniú
córasach ar na sonraí eolaíocha agus ar na staidéir iomchuí a rinneadh tar éis treoir,
ar glacadh léi go ginearálta, a fháil ó shaineolaithe maidir le dearadh agus
feidhmiú na staidéar sin; (f) fianaise eolaíoch a
léiríonn cainníocht na substainte nach gcuireann sláinte na ndaoine a
mbeartaítear dóibh í i mbaol, agus a oiriúnaí atá sí i dtaobh na n‑úsáidí
atá beartaithe; (g) fianaise eolaíoch a léiríonn go n‑oireann an tsubstaint lena
húsáid don cholainn daonna; (h) achoimre ar a bhfuil san iarratas. 5. I gcás ina bhfuil substaint ar
áireamh cheana féin i liosta an Aontais agus ina bhfuil athrú suntasach tagtha
ar na modhanna táirgthe, nó athrú tagtha ar mhéid na gcáithníní, mar shampla
trí nanaitheicneolaíocht, measfar gur substaint éagsúil atá sa tsubstaint a
ullmhaítear leis na modhanna nua sin agus déanfar liosta an Aontais a mhodhnú
dá réir sin, sular féidir an tsubstaint a chur ar mhargadh an Aontais. Airteagal 12
Faisnéis rúnda a bhaineann le hiarratais 1. I measc na faisnéise a sholáthraítear san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 11,
féadfar déileáil go rúnda le faisnéis a chuirfidh iarratasóirí ar fáil i gcás
ina bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach a dhéanamh do
sheasamh an iarratasóra ó thaobh iomaíochta de. 2. Ní fhéadfar a mheas, i gcás ar bith,
gur faisnéis rúnda atá sa mhéid seo a leanas: (i) ainm agus seoladh an iarratasóra; (ii) ainm na substainte agus tuairisc uirthi; (iii) an bonn le húsáid na
substainte i mbia ar leith nó ar bhia ar leith; (iv) faisnéis is ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar a shábháilte agus atá
an tsubstaint; (v) nuair is infheidhme, an modh/na modhanna anailíse in úsáid ag an
iarratasóir. 3. Cuirfidh na hiarratasóirí in iúl cén
chuid den fhaisnéis a sholáthraíonn siad ar mhaith leo a ndéileálfar go rúnda
léi. Ní mór cúiseanna infhíoraithe a thabhairt i gcásanna den sórt sin. 4. Tar éis dul i gcomhairle leis
na hiarratasóirí, cinnfidh an Coimisiún cén fhaisnéis a choinneofar faoi rún
agus tabharfaidh sé fógra dá réir do na hiarratasóirí agus do na Ballstáit. 5. Tar éis dóibh a bheith curtha ar an
eolas maidir le seasamh an Choimisiúin, beidh trí seachtaine ag iarratasóirí
lena n-iarratas a tharraingt siar chun rúndacht na faisnéise a soláthraíodh a
chaomhnú. Caomhnófar an rúndacht go dtí go rachaidh an tréimhse sin in éag. CAIBIDIL V
RÚNDACHT Airteagal 13
Clásal ginearálta rúndachta Glacfaidh an Coimisiún, an tÚdarás agus na
Ballstáit na bearta is gá, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001,
chun rúndacht iomchuí na faisnéise a gheobhaidh siad faoin Rialachán seo a
áirithiú, seachas faisnéis a chaithfear a fhoilsiú in imthosca inar gá sin chun
sláinte an duine, sláinte ainmhithe nó an comhshaol a chosaint. CAIBIDIL VI
FORÁLACHA MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA Airteagal 14
Coiste 1. Tabharfaidh an Buanchoiste um an
mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe cúnamh don Choimisiún. Coiste laistigh
de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír
seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí
nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh
nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama
chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an
choiste é. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír
seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin. Airteagal 15
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos
san Airteagal seo. 2. Tabharfar
tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus Airteagal 10
den Rialachán seo ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón (*) [(*) Dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh bhunúsaigh
reachtaigh nó ó dháta ar bith eile arna shocrú ag an reachtóir.] 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus
Airteagal 10 den Rialachán seo a chúlghairm uair ar bith. I gcás cinnidh
maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe
sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá
i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Tiocfaidh
gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 2(3) agus Airteagal 10
den Rialachán seo i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ón lá a thugann
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle fógra faoin ngníomh sin nó, sula dtéann
an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag
an gComhairle araon don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar
thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 16
Nós imeachta práinne 1. Tiocfaidh
gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan
mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2.
Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi
ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós
imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15. In a leithéid de chás, déanfaidh
an Coimisiún an gníomh a aisghairm gan mhoill tar éis fógra a thabairt faoi
chinneadh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle agóid a dhéanamh. CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 17
Aisghairm 1. Déantar Treoir 92/52/CEE agus Treoir 2009/39/CE
a aisghairm ó [an chéad lá den mhí dhá bhliain tar éis theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo]. Forléireofar tagairtí a dhéantar do na
hachtanna aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo. 2. Déantar Treoir 96/8/CE agus Rialachán
(CE) Uimh. 41/2009 a aisghairm ó [an chéad lá den mhí dhá bhliain
tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Airteagal 18
Bearta Idirthréimhseacha Maidir le bia nach gcomhlíonann an Rialachán
seo ach a chomhlíonann Treoir 2009/39/CE agus Treoir 96/8/CE,
Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 agus
ar cuireadh lipéid air roimh [2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo], féadfar leanúint dá mhargú tar éis an dáta sin go dtí go
mbeidh na stoic ídithe. Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ó [an chéad lá den mhí
2 bhliain tar éis a theacht i bhfeidhm], Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán [1] Seasamh Pharlaimint na hEorpa an
... agus seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh an ... Seasamh Pharlaimint na hEorpa an ... agus cinneadh ón gComhairle an ... [2] IO L 124, 20.5.2009,
lch. 21. [3] IO L 401, 30.12.2006, lch. 1. [4] IO L 339, 6.12.2006,
lch. 16. [5] IO L 55, 6.3.1996, lch. 22. [6] IO L 91, 7.4.1999, lch. 29. [7] IO L 16, 21.1.2009, lch. 3. [8] IO L 179, 1.7.1992, lch. 129. [9] COIM (2008) 392 Tuarascáil ón
gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le bia le
haghaidh daoine a bhfuil neamhoird mheitibileachta carbaihiodráití
(diaibéiteas) orthu, an Bhruiséil, 26.6.2008. [10] Tuarascáil ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme
Airteagal 9 de Threoir 89/398/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú
dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia chun críocha áirithe
cothaitheacha, COIM (2008)393, arna dhátú 27.6.2008. [11] Anailís ar thionchar sóisialta,
comhshaoil agus eacnamaíoch na roghanna beartais i dtaobh athbhreithniú a
dhéanamh ar an Treoir réime maidir le bianna diaitéiteacha – Tuarascáil
staidéir de chuid Agra CEAS Consulting, arna dhátú an 29.4.2009. [12] IO L 183, 12.7.2002, lch. 51. [13] IO L 404, 30.12.2006, lch. 9. [14] IO L 404, 30.12.2006, lch. 26. [15] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. [16] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. [17] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [18] Coiste Eolaíoch arna bhunú le
Cinneadh ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2008 lena mbunaítear struchtúr
comhairliúcháin na gCoistí Eolaíocha agus saineolaithe i réimse na
sábháilteachta tomhaltóirí, na sláinte poiblí agus an chomhshaoil, agus lena
n-aisghairtear Cinneadh 2004/210/CE (2008/721/CE), IO L 241, 10.9.2008,
lch. 21. [19] IO L 404, 30.12.2006, lch. 9. [20] IO L 14, 20.1.2009, lch. 5.