This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32024D2026
Council Decision (CFSP) 2024/2026 of 22 July 2024 amending Decision 2014/512/CFSP concerning restrictive measures in view of Russia’s actions destabilising the situation in Ukraine
Cinneadh (CBES) 2024/2026 ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
Cinneadh (CBES) 2024/2026 ón gComhairle an 22 Iúil 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
ST/11812/2024/INIT
IO L, 2024/2026, 23.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2026/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2026 |
23.7.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2026 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Iúil 2024
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach na conclúidí uaithi roimhe seo maidir le tacaíocht leanúnach a thabhairt do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus d’athdhearbhaigh sí tiomantas daingean an Aontais tacaíocht leanúnach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin. Cháin an Chomhairle Eorpach go láidir freisin an géarú ar an gcogaíocht a rinne Cónaidhm na Rúise le déanaí, go háirithe na hionsaithe níos déine breise ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach agus criticiúil, go háirithe ar an earnáil fuinnimh. |
(3) |
Fad a leanfaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de rialacha bunúsacha an dlí idirnáisiúnta a shárú, lena n-áirítear, go háirithe, an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, nó rialacha an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a shárú, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm agus bearta breise a dhéanamh, más gá. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 9 de Chinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. |
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2025.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2026/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)