Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1717

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1717 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2023 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla maidir leis an ngabhdán luchtúcháin agus an prótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí uile de threalamh raidió is féidir a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/4032

    IO L 223, 11.9.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1717/oj

    11.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 223/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1717 ÓN gCOIMISIÚN

    an 27 Meitheamh 2023

    lena leasaítear Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla maidir leis an ngabhdán luchtúcháin agus an prótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí uile de threalamh raidió is féidir a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (1), agus go háirithe Airteagal 3(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ceann de chuspóirí Threoir 2014/53/AE is ea dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do threalamh raidió a áirithiú.

    (2)

    Chun na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin le haghaidh catagóirí sonracha nó aicmí sonracha trealaimh raidió a chomhchuibhiú, agus chun ceanglais a shonrú maidir le comhdhíol trealaimh raidió agus a luchtairí agus maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, leasaíodh Treoir 2014/53/AE le Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (3)

    Tar éis na leasuithe ar Threoir (AE) 2022/2380, soláthraítear le Treoir 2014/53/AE freisin an bonn chun na ceanglais sin a oiriúnú d’aon dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a bheidh ann amach anseo nó d’aon fhorbairt sa mhargadh chun idir-inoibritheacht chomhchoiteann íosta a áirithiú idir trealamh raidió agus a ghléasanna luchtúcháin, agus chun áisiúlacht tomhaltóirí a fheabhsú, chun dramhaíl chomhshaoil a laghdú agus chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint.

    (4)

    A mhéid a bhaineann le comhchuibhiú na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh luchtú sreinge, ceanglaítear le hAirteagal 3(4), an chéad fhomhír de Threoir 2014/53/AE go dtógfar trealamh raidió laistigh de chatagóirí nó aicmí an trealaimh raidió a shonraítear i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Treoir sin ionas go gcomhlíonfaidh sé na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

    (5)

    Na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió a liostaítear san Iarscríbhinn sin is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge, leis na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE, foráiltear go ndéanfar na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió sin a fheistiú le gabhdán USB Type-C mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-3:2021 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®’. Ina theannta sin, na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió a liostaítear san Iarscríbhinn sin is féidir a athluchtú trí luchtú sreinge ag voltais is airde ná 5 volta, ag sruthanna is airde ná 3 aimpéar nó ag cumhachtaí is airde ná 15 vata, foráiltear leis na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid I d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE go n-ionchorpróidh na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió Seachadadh Cumhachta USB mar a thuairiscítear i gcaighdeán EN IEC 62680-1-2:2021 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coiteanna — Sonraíocht um Sheachadadh Cumhachta USB’.

    (6)

    An 5 Meán Fómhair 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IEC) caighdeán IEC 62680-1-2:2022 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Sheachadadh Cumhachta USB’ agus caighdeán IEC 62680-1-3:2022 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®’. Tá sonraíochtaí atá cothrom le dáta sa dá chaighdeán sin.

    (7)

    An 14 Deireadh Fómhair 2022, ghlac Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec), mar chaighdeáin Eorpacha (EN), an dá chaighdeán IEC sin a foilsíodh an 5 Meán Fómhair 2022, trí bhíthin EN IEC 62680-1-2:2022 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Sheachadadh Cumhachta USB’ agus EN IEC 62680-1-3:2022 ‘Comhéadain bus uilíoch srathach le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coiteanna – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®’.

    (8)

    Chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, is gá, i gCuid I, Pointe 2, d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE, na tagairtí don chaighdeán a bhaineann leis an ngabhdán luchtaithe agus cáblaí ar luchtú sreinge a mhodhnú i gcomhréir le caighdeán EN IEC 62680-1-3:2022.

    (9)

    Is gá freisin, i gCuid I, Pointe 3, d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE, na tagairtí don chaighdeán a bhaineann leis an bprótacal cumarsáide luchtúcháin maidir le luchtú sreinge ag voltas is airde ná 5 volta, ag sruthanna is airde ná 3 aimpéar nó ag cumhachtaí is airde ná 15 vata a mhodhnú, i gcomhréir le caighdeán EN IEC 62680-1-2:2022.

    (10)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/53/AE a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déantar Cuid I d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Treoir 2014/53/AE a leasú mar a leanas:

    (1)

    i bpointe 2.1, cuirtear ‘EN IEC 62680-1-3:2022’ in ionad na tagartha do chaighdeán ‘EN IEC 62680-1-3:2021’;

    (2)

    i bpointe 2.2, cuirtear ‘EN IEC 62680-1-3:2022’ in ionad na tagartha do chaighdeán ‘EN IEC 62680-1-3:2021’;

    (3)

    i bpointe 3.1, cuirtear ‘EN IEC 62680-1-2:2022’ in ionad na tagartha do chaighdeán ‘EN IEC 62680-1-2:2021’.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 153, 22.5.2014, lch. 62.

    (2)  Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (IO L 315, 7.12.2022, lch. 30).


    Top