This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1496
Council Implementing Regulation (EU) 2023/1496 of 20 July 2023 implementing Regulation (EU) No 269/2014 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1496 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1496 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
IO L 183I, 20.7.2023, p. 15–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
20.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 183/15 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1496 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Iúil 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (1) nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 23 Márta 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go gcáineann sí go géar cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar sárú follasach é ar Chairt na Náisiún Aontaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin go bhfuil an tAontas tiomanta i gcónaí an brú comhchoiteann a choinneáil ar an Rúis agus é a mhéadú, lena n-áirítear, b’fhéidir, trí bhearta sriantacha breise a thabhairt isteach. |
(4) |
Tá tacaíocht mhíleata á tabhairt ag an Iaráin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne Úcráin, ar cogadh gan chúis, gan údar é. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart cúigear daoine aonair a raibh atá bainteach le forbairt agus seachadadh Aerárthaí Gan Foireann chuig an Rúis a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:
‘Daoine
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar Chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
1573. |
Hamid Reza SHARIFI TEHRANI حمید رضا شریفی تهرانی ar a dtugtar freisin Hamidreza SHARIFI TEHRANI |
Feidhm: Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Qods Aviation Industries Dáta breithe: 6.7.1974 Áit bhreithe: an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Tá Hamidreza Sharifi-Tehrani ar dhuine de phríomhchomhaltaí Bhord Stiúrthóirí Qods Aviation Industries (QAI), eintiteas atá ag díol dróin Mohajer-6 leis an Rúis chun go n-úsáidfí iad i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
20.7.2023 |
1574. |
Ali Reza TANGSIRI علیرضا تنگسیری |
Feidhm: Ceannasaí Chabhlach IRGC agus cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Paravar Pars Company agus comhalta dá Bhord Dáta breithe: 27.8.1963 Áit bhreithe: Arvandkenar, An Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is é Ali Reza Tangsiri ceannasaí Chabhlach IRGC agus cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí Paravar Pars Company agus is comhalta é dá Bhord; tháirg Paravar Pars Company Aerárthaí Gan Foireann do IRGC Aerospace Force (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do Chabhlach IRGC. Go háirithe, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Aerárthach Gan Foireann Shahed-171 na hIaráine, arna fhorbairt ag IRGC AF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
20.7.2023 |
1575. |
Mohsen ASADI محسن اسدی |
Feidhm: Comhalta de Bhord Paravar Pars Company Dáta breithe: 16.9.1971 Áit bhreithe: Kerman, an Iaráin Inscne: fireann |
Is comhalta é Mohsen Asadi de Bhord Paravar Pars Company, a tháirg Aerárthaí Gan Foireann do IRGC Aerospace Force (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do Chabhlach IRGC. Go háirithe, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Aerárthach Gan Foireann Shahed-171 na hIaráine, arna fhorbairt ag IRGC AF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
20.7.2023 |
1576. |
Mohammad Reza MOHAMMADI محمد رضا محمدی |
Feidhm: Comhalta de Bhord Paravar Pars Company Dáta breithe: 16.4.1971 Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is comhalta é Mohammad Reza Mohammadi de Bhord Paravar Pars Company, a thairg Aerárthaí Gan Foireann do IRGC Aerospace Force (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do Chabhlach IRGC. Go háirithe, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Aerárthach Gan Foireann Shahed-171 na hIaráine, arna fhorbairt ag IRGC AF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
20.7.2023 |
1577. |
Mohammad Sadegh Heidari MOUSA محمد صادق حیدری موسی |
Feidhm: Comhalta de bhord Paravar Pars Company Dáta breithe: 24.9.1977 Áit bhreithe: Shahrebabak, an Iaráin Náisiúntacht: Iaránach Inscne: fireann |
Is comhalta é Mohammad Sadegh Heidari Mousa de Bhord Paravar Pars Company, a tháirg Aerárthaí Gan Foireann do IRGC Aerospace Force (IRGC AF) agus tá tástálacha déanta aige ar Aerárthaí Gan Foireann do IRGC. Go háirithe, bhí baint ag Paravar Pars Company le taighde, forbairt agus táirgeadh Aerárthach Gan Foireann Shahed-171 na hIaráine, arna fhorbairt ag IRGC AF. Tá Aerárthaí Gan Foireann Shahed-171 arna dtáirgeadh san Iaráin á n-úsáid ag Cónaidhm na Rúise sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine. Agus an ról sin aige, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin. |
20.7.2023’ |