This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0066
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/66 of 21 October 2022 amending Regulation (EU) 2021/821 of the European Parliament and of the Council as regards the list of dual-use items
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/66 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n-ítimí dé-úsáide
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/66 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n-ítimí dé-úsáide
C/2022/7424
IO L 9, 11.1.2023, p. 1–252
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
11.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 9/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/66 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n-ítimí dé-úsáide
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide (1) a rialú, agus go háirithe Airteagal 17(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ceanglaítear le Rialachán (AE) 2021/821 ón gComhairle go mbeidh ítimí dé-úsáide faoi réir rialú éifeachtach i gcás ina ndéantar iad a onnmhairiú ón Aontas nó i gcás iad a bheith ar idirthuras tríd an Aontas, nó i gcás ina seachadtar go tríú tír iad mar thoradh ar sheirbhísí bróicéireachta arna soláthar ag bróicéir a bhfuil cónaí air san Aontas nó atá bunaithe san Aontas. |
(2) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, leagtar síos liosta coiteann na n-ítimí dé-úsáide atá faoi réir rialuithe san Aontas. Déantar cinntí maidir leis na hítimí atá faoi réir rialuithe faoi chuimsiú rialuithe dé-úsáide arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. |
(3) |
Liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821, ní mór é a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun a áirithiú go bhfuil na hoibleagáidí slándála idirnáisiúnta á gcomhlíonadh ina n-iomláine, chun trédhearcacht a ráthú, agus chun iomaíochas na n-oibreoirí eacnamaíocha a choinneáil ar bun. Na liostaí rialaithe a ghlac na córais idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh agus na socruithe maidir le rialú onnmhairí, rinneadh athrú orthu le linn 2021 agus dá bhrí sin ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821 a leasú dá réir. Chun ábhar tagartha d’údaráis um rialú onnmhairí agus d’oibreoirí eacnamaíocha a éascú, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a ionadú. |
(4) |
Liosta na n-ítimí dé-úsáide a leagtar amach in Iarscríbhinn I trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, le Rialachán (AE) 2021/821, tugtar de chumhacht don Choimisiún an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta, i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus na gealltanais ábhartha, agus aon leasú orthu, lenar ghlac na Ballstáit agus, i gcás inarb infheidhme, an tAontas ina gcáil mar chomhaltaí de na córais idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh agus na socruithe idirnáisiúnta maidir le rialú onnmhairiú, nó trí chonarthaí ábhartha idirnáisiúnta a dhaingniú. |
(5) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú a luaithe is féidir go bhfuil na hoibleagáidí slándála idirnáisiúnta á gcomhlíonadh ina iomláine, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/821 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 21 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
LIOSTA NA nÍTIMÍ DÉ-ÚSÁIDE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3 DEN RIALACHÁN SEO
Le liosta na n-ítimí dé-úsáide atá san Iarscríbhinn seo, cuirtear chun feidhme rialuithe dé-úsáide arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear Grúpa na hAstráile (1), an Córas Rialaithe um Theicneolaíocht Diúracán (MTCR) (2), Grúpa na Soláthraithe Núicléach (NSG) (3), Comhshocraíocht Wassenaar (4) agus an Coinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha (CWC) (5).
AN CLÁR
Cuid I |
Nótaí Ginearálta, Acrainmneacha agus Giorrúcháin, agus Sainmhínithe |
Cuid II - Catagóir 0 |
Ábhair núicléacha, saoráidí agus trealamh |
Cuid III - Catagóir 1 |
Ábhair speisialta agus trealamh gaolmhar |
Cuid IV - Catagóir 2 |
Próiseáil ar ábhair |
Cuid V - Catagóir 3 |
Leictreonaic |
Cuid VI - Catagóir 4 |
Ríomhairí |
Cuid VII - Catagóir 5 |
Teileachumarsáid agus ‘an tslándáil faisnéise’ |
Cuid VIII - Catagóir 6 |
Braiteoirí agus léasair |
Cuid IX - Catagóir 7 |
Loingseoireacht agus eitleonaic |
Cuid X - Catagóir 8 |
Ábhair Mhuirí |
Cuid XI - Catagóir 9 |
Aeraspás agus tiomáint |
CUID 1
Nótaí Ginearálta, Acrainmneacha agus Giorrúcháin, agus Sainmhínithe
NÓTAÍ GINEARÁLTA A GHABHANN LE hIARSCRÍBHINN I
1. |
Maidir le rialú earraí atá deartha nó atá modhnaithe le haghaidh úsáid mhíleata, féach an liosta nó na liostaí ábhartha de rialuithe maidir le hearraí míleata atá á gcoimeád ag Ballstáit AE féin. Aon tagairt atá san Iarscríbhinn lena ndeirtear ‘FÉACH FREISIN RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA’, is ag tagairt do na liostaí sin atá sí. |
2. |
Níor cheart go ndéanfaí cuspóir na rialuithe atá san Iarscríbhinn seo a shárú toisc aon earraí neamhrialaithe (lena n-áirítear gléasra) a bheith á n-onnmhairiú, a bhfuil comhpháirt rialaithe amháin nó níos mó iontu, nuair is í an chomhpháirt rialaithe nó nuair is iad na comhpháirteanna rialaithe sin príomheilimint na n-earraí agus nuair is féidir an chomhpháirt sin nó na comhpháirteanna sin a bhaint nó a úsáid chun críche eile.
|
3. |
Leis na hearraí atá sonraithe san Iarscríbhinn seo, áirítear earraí nua agus earraí athláimhe araon. |
4. |
I gcásanna áirithe, is de réir ainm agus uimhir CAS a liostaítear ceimiceáin. Beidh feidhm ag an liosta maidir le ceimiceáin a bhfuil an fhoirmle struchtúrach chéanna acu (lena n-áirítear hiodráití) is cuma an t-ainm atá orthu ná an uimhir CAS atá acu. Léirítear na huimhreacha CAS ionas go bhféadfar ceimiceán áirithe nó meascán áirithe a shainaithint, gan beann ar ainmníocht. Ní féidir uimhreacha CAS a úsáid mar aitheantóirí uathúla toisc go bhfuil uimhreacha difriúla CAS ag foirmeacha áirithe de na ceimiceáin a liostaítear, agus toisc go bhféadfadh uimhir dhifriúil CAS a bheith ag meascáin a bhfuil ceimiceán atá sa liosta iontu. |
NÓTA MAIDIR LEIS AN TEICNEOLAÍOCHT NÚICLÉACH (NTN)
(Le léamh in éineacht le roinn E de Chatagóir 0.)
An ‘teicneolaíocht’ sin a bhaineann go díreach le haon earra atá rialaithe i gCatagóir 0, déantar í a rialú de réir fhorálacha Chatagóir 0.
An ‘teicneolaíocht’ sin atá ann chun earraí atá faoi rialú a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’, leanann sí de bheith faoi rialú fiú nuair is infheidhme í maidir le hearraí neamhrialaithe.
Nuair a cheadaítear earraí a onnmhairiú, údaraítear go n-onnmhaireofaí freisin, chuig an úsáideoir deiridh céanna sin, an ‘teicneolaíocht’ íosta is gá chun na hearraí sin a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil agus a dheisiú.
Ní bheidh feidhm ag na rialuithe maidir le haistriú ‘teicneolaíochta’, i ndáil le faisnéis ‘atá san fhearann poiblí’ ná maidir le ‘taighde bunúsach eolaíoch’.
NÓTA GINEARÁLTA MAIDIR LE TEICNEOLAÍOCHT (NGT)
(Le léamh in éineacht le roinn E de Chatagóir 1 go Catagóir 9.)
Onnmhairiú na ‘teicneolaíochta’ sin atá ‘riachtanach’ chun earraí a rialaítear i gCatagóir 1 go Catagóir 9 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’, déantar é a rialú de réir fhorálacha Chatagóir 1 go Catagóir 9.
An ‘teicneolaíocht’ sin atá ‘riachtanach’ chun earraí faoi rialú ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’, is faoi rialú a bheidh sí i gcónaí, fiú nuair is infheidhme í maidir le hearraí neamhrialaithe.
An ‘teicneolaíocht’ sin arb í an teicneolaíocht íosta í is gá chun suiteáil, oibriú, cothabháil (seiceáil) nó deisiúchán na n-earraí sin nach bhfuil faoi rialú nó a n-údaraítear iad a onnmhairiú, níl feidhm ag aon rialuithe ina leith.
Nóta : |
Ní chumhdaíonn an méid sin an ‘teicneolaíocht’ sin atá sonraithe in 1E002.e., 1E002.f., 8E002.a. agus 8E002.b. |
Na rialuithe maidir le haistrithe ‘teicneolaíochta’, ní bheidh feidhm acu maidir le faisnéis ‘atá san fhearann poiblí’ ná maidir le ‘taighde bunúsach eolaíoch’, ná maidir leis an bhfaisnéis íosta is gá le haghaidh iarratais phaitinne.
NÓTA MAIDIR LE BOGEARRAÍ NÚICLÉACHA (NGB)
(Tá sáraíocht ag an nóta seo ar aon rialú i roinn D de Chatagóir 0)
Ní rialaítear le Roinn D de Chatagóir 0 den liosta seo ‘bogearraí’ arb é an ‘cód aidhme’ íosta is gá iad chun na hítimí sin ar údaraíodh a n-onnmhairiú a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil (a sheiceáil) nó a dheisiú.
Nuair a cheadaítear earraí a onnmhairiú, údaraítear go n-onnmhaireofaí freisin chuig an úsáideoir deiridh céanna sin, an ‘cód aidhme’ íosta is gá chun na hearraí sin a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil agus a dheisiú.
Nóta : |
Ní dhíolmhaítear ‘bogearraí’ atá sonraithe i gCatagóir 5, Cuid 2 (‘Slándáil Faisnéise) den Nóta maidir le Bogearraí Núicléacha. |
NÓTA GINEARÁLTA MAIDIR LE BOGEARRAÍ (NGB)
(Tá sáraíocht ag an nóta seo ar aon rialú i roinn D de Chatagóir 1 go Catagóir 9.)
Ní rialaítear le Catagóir 1 go Catagóir 9 den liosta seo ‘bogearraí’ atá:
a. |
Ar fáil i gcoitinne don phobal toisc:
|
b. |
‘San fhearann poiblí’; nó |
c. |
Ina ‘gcód aidhme’ íosta is gá chun na hítimí sin a bhfuil a n-onnmhairiú údaraithe a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil (a sheiceáil) nó a dheisiú. |
Nóta : |
Ní dhíolmhaítear ‘bogearraí’ atá sonraithe i gCatagóir 5, Cuid 2 (‘Slándáil Faisnéise’) le hiontráil c. den Nóta Ginearálta maidir le Bogearraí. |
NÓTA GINEARÁLTA MAIDIR LE ‘SLÁNDÁIL FAISNÉISE’ (GISN)
Ba cheart ítimí ‘slándála faisnéise’ nó feidhmeanna ‘slándála faisnéise’ a chur san áireamh i bhfianaise fhorálacha Chatagóir 5, Cuid 2, fiú más comhpháirteanna, ‘bogearraí’ nó feidhmeanna ítimí eile iad.
CLEACHTAIS EAGARTHÓIREACHTA IN IRIS OIFIGIÚIL AN AONTAIS EORPAIGH
I gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa treoir stíle Idirinstitiúideach, i gcás téacsanna Gaeilge arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
— |
úsáidtear camóg idir an tslánuimhir agus na deachúlacha, |
— |
léirítear slánuimhreacha ina dtrí agus ina dtrí, agus cuirtear spás beag idir gach sraith de thrí uimhir. |
Leanann an téacs a thugtar san Iarscríbhinn seo an cleachtas thuasluaite.
ACRAINMNEACHA AGUS GIORRÚCHÁIN A ÚSÁIDTEAR SAN IARSCRÍBHINN SEO
Maidir le hacrainmneacha agus giorrúcháin a úsáidtear mar théarmaí sainmhínithe, féach ‘Sainmhínithe ar Théarmaí a Úsáidtear san Iarscríbhinn seo’.
ACRAINMNEACHA AGUS GIORRÚCHÁIN |
|
ABEC |
Coiste na nInnealtóirí um Imthacaí Fáinneacha |
ABMA |
Comhlachas Meiriceánach na Monaróirí Giaranna |
ADC |
Tiontaire ó Analógach go Digiteach |
AGMA |
Comhlachas Meiriceánach na Monaróirí Giaranna |
AHRS |
Córais Tagartha um Shainstiúir agus Treo-cheann |
AISI |
An Institiúid Mheiriceánach um Iarainn agus um Chruach |
ALE |
Eipealuadair Chisil Adamhaigh |
ALU |
Aonad Loighce agus Uimhríochta |
ANSI |
An Institiúid Mheiriceánach um Chaighdeáin Náisiúnta |
APP |
Buaicfheidhmiú Coigeartaithe |
APU |
Aonad Cumhachta Cúnta |
ASTM |
An Cumann Meiriceánach um Thástálacha agus um Ábhair |
ATC |
Rialú Aerthráchta |
BJT |
Trasraitheoirí Dépholacha Cumair |
BPP |
Táirge na bParaiméadar Léis |
BSC |
Rialaitheoir Stáisiúin Bunáite |
CAD |
Dearadh Ríomhchuidithe |
CAS |
Seirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha |
CCD |
Gléas Luchtchúpláilte |
CDU |
Aonad Rialaithe agus Taispeána |
CEP |
Earráid Chiorclach Dhóchúil |
CMM |
Meaisín Tomhaiste Comhordanáidí |
CMOS |
Leathsheoltóir Comhlántach Ocsaíde Miotail |
CNTD |
Deascadh Teirmeach trí Núicléatú Rialaithe |
CPLD |
Gaireas Loighce In-ríomhchláraithe Coimpléascach |
CPU |
Lár-Aonad Próiseála |
CVD |
Deascadh Ceimiceach Gaile |
CC |
Cogaíocht Cheimiceach |
CW (do léasair) |
Tonn Leanúnach |
DAC |
Tiontaire ó Analógach go Digiteach |
DANL |
Meánleibhéal Fuaime Léirithe |
DBRN |
Loingseoireacht Sonraí-Thagartha |
DDS |
Sintéiseoir Digiteach Díreach |
DMA |
Anailís Dhinimiciúil-Mheicniúil |
DME |
Trealamh Tomhais Achar |
DMOSFET |
Trasraitheoir Tionchair Réimse de chineál Leathsheoltóra Ocsaíde Idirleata |
DS |
Soladaithe ó thaobh an treo de |
DP |
Droichead pléascach |
EB-PVD |
Deascadh Fisiceach Gaile trí Léas Leictreoin |
SPD |
Sreang droichid phléascaigh |
ECAD |
Dearadh Leictreonach Ríomhchuidithe |
ECM |
Meaisíniú Leictriceimiceach |
EDM |
Meaisíní Díluchtaithe Leictreacha |
TSP |
Tionscnóirí Scragaill Phléascaigh |
EIRP |
Cumhacht Choibhéiseach Radaithe go hIseatrópach |
EMP |
Bíog Leictreamaighnéadach |
ENOB |
Líon Iarbhír na nGiotán |
ERF |
Bailchríochnú Leictrisreabheolaíoch |
ERP |
Cumhacht Choibhéiseach Radaithe |
ESD |
Díluchtú Leictreastatach |
ETO |
Tíreastóir Inscoite ag Astaíre |
ETT |
Tíreastóir Truiceartha Leictreach |
AE |
An tAontas Eorpach |
EUV |
Ultraivialait Fhoircneach |
FADEC |
Rialú Digiteach Innill le hÚdarás Iomlán |
FFT |
Trasfhoirm Tapa Fourier |
FPGA |
Eagar Geataí In-ríomhchláraithe sa Réimse |
FPIC |
Idirnasc In-ríomhchláraithe sa Réimse |
FPLA |
Eagar Loighce In-ríomhchláraithe sa Réimse |
FPO |
Oibríochtaí Snámhphointe |
FWHM |
Lánleithead ar Leath-Uasmhéid |
TTRT |
Trasraitheoir Tionchair Réimse Timpeallgheatach |
GLONASS |
Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte |
GNSS |
Córas Domhanda um Loingseoireacht Satailíte |
GPS |
Córas Suite Domhanda |
GSM |
Córas Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach |
GTO |
Tíreastóir Inscoite ag Astaíre |
HBT |
Trasraitheoirí Heitrea-Dépholacha |
HDMI |
Comhéadan Ilmheán Ardghléine |
HEMT |
Trasraitheoir Ard-Soghluaiseachta Leictreon |
EESI |
An Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta |
IEC |
An Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil |
IED |
Gaireas Pléascach Seiftithe |
IEEE |
Institiúid na nInnealtóirí Leictreacha agus Leictreonacha |
IFOV |
Réimse Radhairc Meandrach |
IGBT |
Trasraitheoir Dépholach a bhfuil Geata Inslithe aige |
IGCT |
Tíreastóir Cómhalartaithe Geata Chomhtháite |
IHO |
Eagraíocht Idirnáisiúnta Hidreagrafaíochta |
ILS |
Córas Tuirlingthe le hIonstraimí |
IMU |
Aonad Tomhais Táimhe |
INS |
Córas Loingseoireachta Táimhe |
IP |
Prótacal Idirlín |
IRS |
Córas Tagartha Táimhe |
IRU |
Aonad Tagartha Táimhe |
ISA |
Atmaisféar Caighdeánach Idirnáisiúnta |
ISAR |
Radar Cró Shintéisigh Inbhéartaigh |
ISO |
Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú |
ITU |
An tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide |
JT |
Joule-Thomson |
LIDAR |
Aimsiú agus Raonáil Solais |
LIDT |
Tairseach an Damáiste Léasar-Aslaithe |
LOA |
Fad foriomlán |
LRU |
Aonad atá In-Athsholáthraithe sa líne |
LTT |
Tíreastóir Truiceartha Solais |
MLS |
Córais Tuirlingthe Micreathoinne |
MMIC |
Ciorcaid Iomlánaithe Micreathoinne Mhonailiotacha |
MOCVD |
Deascadh Ceimiceach Orgánaimhiotalach Gaile |
MOSFET |
Trasraitheoir Tionchair Réimse de chineál Leathsheoltóra Ocsaíde Idirleata |
MPM |
Modúl Cumhachta Micreathonnach |
MRF |
Bailchríochnú Maighnéadaisreabheolaíoch |
MRF |
Méid na Tréithe Intaifithe is Lú |
MRI |
Íomháú Athshondais Mhaighnéadaigh |
MTBF |
Meán-Am idir Theipeanna |
MTTF |
Meán-Am go Teip |
NA |
Cró Uimhriúil |
NDT |
Tástáil Neamhscriosach |
GCP |
Glanchainníocht Phléascach |
NIJ |
An Institiúid Náisiúnta Dlí agus Cirt |
OAM |
Oibríochtaí, Riarachán nó Cothabháil |
OSI |
Idirnasc Córas Oscailte |
PAI |
Polaimídí-imídí |
PAR |
Radar Ascnaimh Bheacht |
PCL |
Aimsiú Comhtháiteach Éighníomhach |
PDK |
Pacáiste Deartha Próisis |
PIN |
Uimhir Aitheantais Phearsanta |
PMR |
Raidió Soghluaiste Príobháideach |
PVD |
Deascadh Fisiceach gaile |
Csm |
codanna sa mhilliún |
QAM |
Modhnúchán na hAimplitiúide Cearnaithe |
QE |
Éifeachtúlacht Chandamach |
RAP |
Plasmaí Adamh Imoibríoch |
RF |
Radaimhinicíocht |
rms |
meán cuadratach |
RNC |
Rialaitheoir Líonra Raidió |
RNSS |
Córas Réigiúnach um Loingseoireacht Satailíte |
ROIC |
Cuaird Iomlánaithe Léamh Amach |
S-FIL |
Liteagrafaíocht Inphrionta Céime agus Splaince |
SAR |
Radar Cró Shintéisigh |
SAS |
Sonóir Cró Shintéisigh |
SC |
Criostal Aonair |
SCR |
Coigeartóir Sileacain Rialaithe |
SFDR |
Raon Dinimiciúil Saor Tuilí |
SHPL |
Léasar For-Ardchumhachta |
SLAR |
Radar aerbheirthe Taobhfhéachana |
SOI |
Sileacain ar Inslitheoir |
SQUID |
Gléas Trasnaíochta Candamach Forsheolta |
SRA |
Cóimeáil atá In-Athsholáthraithe sa Cheardlann |
SRAM |
Cuimhne Statach Randamrochtana |
SSB |
Taobh-bhanda Aonair |
SSR |
Radar Tánaisteach Faireachais |
SSS |
Sonóir Taobhscanta |
TIR |
Léamh Iomlán Léirithe |
TVR |
Freagairt Voltais Tarchuir |
u |
Aonad Maise Adamhaí |
IAS |
Inatriallacht Aontreoch Suíomhaimsiúcháin |
UTS |
Neart Teanntachta Deiridh |
UV |
Ultraivialait |
VJFET |
Trasraitheoirí Ingearacha Éifeacht Réimse an Chumair |
VOR |
Raon Uilethreoch An-Ardmhinicíochta |
EDS |
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte |
WLAN |
Líonra Achair Logánta gan Sreang |
SAINMHÍNIÚ AR NA TÉARMAÍ A ÚSÁIDTEAR SAN IARSCRÍBHINN SEO
Tugtar sainmhínithe ar théarmaí idir ‘comharthaí singile athfhriotail’ i Nóta Teicniúil a bhaineann leis an ítim ábhartha.
Is iad seo a leanas na sainmhínithe ar théarmaí idir ‘comharthaí dúbailte athfhriotail’:
N.B. |
Tugtar tagairtí don chatagóir idir lúibíní tar éis an téarma atá sainmhínithe |
Ciallaíonn ‘cruinneas’ (2 3 6 7 8) téarma a thomhaistear i dtéarmaí míchruinnis de ghnáth, uasdiall, deimhneach nó diúltach, luach sonraithe ó chaighdeán a nglactar leis nó ó fhíorluach.
‘Córais ghníomhacha rialaithe eitilte’ (7): córais iad seo a fheidhmíonn chun gluaiseachtaí míchuibhiúla nó ualaí struchtúracha míchuibhiúla de chuid ‘aerárthaí’ nó diúracán a chosc trí aschur ó roinnt braiteoirí a phróiseáil go huathrialach agus ansin trí na horduithe riachtanacha coisctheacha a sholáthar chun rialú uathoibríoch a fháil.
‘Picteilín gníomhach’ (6 8): is éard atá ann eilimint (aonair) íosta den eagar soladstaide a bhfuil feidhm aistrithe fótaileictrigh aige nuair atá sé nochta do radaíocht solais (leictreamaighnéadach).
‘Buaicfheidhmiú coigeartaithe’ (4): is éard atá ann buaic-ráta coigeartaithe ina ndéanann ‘ríomhairí digiteacha’ suimithe agus iolruithe snámhphointe 64 ghiotán nó níos mó, agus sloinntear é i dTeireaflapanna Ualaithe (TU) in aonaid de 1012 oibríochtaí snámhphointe coigeartaithe in aghaidh an tsoicind.
N.B. |
Féach Catagóir 4, Nóta Teicniúil. |
Ciallaíonn ‘aerárthach’ (1 6 7 9) feithicil aerbheirthe a bhfuil sciathán dobhogtha, sciathán sclóine, sciathán rothlach (héileacaptar), rótar claonta nó sciathán claonta aici.
N.B. |
Féach freisin ‘aerárthach sibhialta’. |
Ciallaíonn ‘aerlong’ (9) feithicil aerbheirthe chumhacht-tiomáinte ar gás atá níos éadroime ná an t-aer (héiliam de ghnáth, hidrigin roimhe seo) a choinníonn ar foluain í.
Ciallaíonn ‘le gach cúiteamh atá ar fáil’ (2) tar éis gach beart indéanta atá ar fáil don mhonaróir a mheas, ar beart é lenar féidir gach earráid chórasach ó thaobh suite de a bhaineann leis an tsamhail de mheaisínuirlis sin a laghdú an oiread agus is féidir nó lenar féidir gach earráid tomhais a bhaineann leis an meaisín tomhais comhordanáidí sin a laghdú an oiread agus is féidir.
Ciallaíonn ‘á leithroinnt ag ITU’ (3 5) leithroinnt bandaí minicíochta de réir eagrán reatha Rialacháin Raidió AIT maidir le seirbhísí príomha, seirbhísí údaraithe agus seirbhísí tánaisteacha.
N.B. |
Ní áirítear cionrannta breise ná cionrannta eile leis sin. |
Ciallaíonn ‘diall an tsuímh uilligh’ (2) an difríocht is mó is féidir idir an suíomh uilleach agus an suíomh uilleach iarbhír, tomhaiste go fíorchruinn tar éis do cheap saotharphíosa an bhoird a bheith casta as an suíomh a raibh sé ar dtús.
Ciallaíonn ‘bogadh randamach uillinne’ (7) an earráid uillinne a charntar le himeacht aimsire mar thoradh ar thorann bán ar ráta uilleach (IEEE STD 528-2001).
‘APP’ (4): is ionann é agus ‘Feidhmiú Bhuaic-ráta Coigeartaithe’.
Ciallaíonn ‘algartam neamhshiméadrach’ (5) algartam cripteagrafach ina n-úsáidtear eochracha difriúla matamaiticiúla don chriptiú agus don díchriptiú.
N.B. |
Is minic a úsáidtear ‘algartaim neamhshiméadracha’ i mbainistiú eochracha. |
Ciallaíonn ‘fíordheimhniú’ (5) céannacht úsáideora, próisis nó gléas a fhíorú, go minic mar réamhriachtanas chun rochtain ar acmhainní i gcóras faisnéise a cheadú. Áirítear leis sin fíorú a dhéanamh ar thionscnamh nó ábhar teachtaireachta nó faisnéise eile, agus gach gné de rialú rochtana nuair nach ndéantar aon chomhaid ná téacs a chriptiú ach amháin fad is a bhaineann go díreach le pasfhocail, Uimhreacha Aitheantais Phearsanta (Uimhreacha PIN) nó sonraí comhchosúla a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe.
Ciallaíonn ‘meánchumhacht aschurtha’ (6) méid iomlán an fhuinnimh aschurtha ‘léasair’, i ngiúil, roinnte ar an achar ama, i soicindí, os cionn a gcuirtear amach sraith de bhíoga comhleanúnacha. I gcás sraith de bhíoga atá spásáilte go haonfhoirmeach, is ionann sin agus iomlán an fhuinnimh aschurtha ‘léasair’ in aon bhíog amháin, i ngiúil, méadaithe faoi mhinicíocht bíogtha an ‘léasair’, in Heirts.
Ciallaíonn ‘moill ar fhorleathadh don gheata bunúsach’ (3) luach na moille ar fhorleathadh a fhreagraíonn don gheata bunúsach a úsáidtear i ‘gciorcad iomlánaithe monailiotach’. I gcás ‘fine’ de ‘chiorcaid iomlánaithe mhonailiotacha’, féadfar é sin a shonrú mar mhoill ar fhorleathadh in aghaidh geata tipiciúil san ‘fhine’ sin nó mar mhoill thipiciúil san fhorleathadh in aghaidh an gheata san ‘fhine’ sin.
N.B.1. |
‘Níor cheart ‘moill ar fhorleathadh don gheata bunúsach’ a mheascadh leis an moill ar ionchur/aschur i gcás ‘ciorcad iomlánaithe monailiotach’ casta.’ |
N.B.2. |
Is éard atá i ‘bhfine’ na ciorcaid iomlánaithe uile a gcuirtear na nithe seo a leanas go léir i bhfeidhm ina leith mar mhodheolaíocht monaraíochta agus mar shonraíochtaí monaraíochta, ach amháin na feidhmeanna atá acu faoi seach:
|
Ciallaíonn ‘taighde bunúsach eolaíoch’ (GTN NTN) obair thurgnamhach nó obair theoiriciúil a dhéantar go príomha chun teacht ar eolas nua maidir le bunphrionsabail na bhfeiniméan nó na bhfíricí inbhraite seachas obair atá dírithe go príomhúil ar aidhm nó ar chuspóir sonrach praiticiúil.
Ciallaíonn ‘laofacht’ (méadar luasghéaraithe) (7) an meán thar thréimhse shonraithe d’aschur méadair luasghéaraithe, é á thomhas faoi chúinsí sonraithe oibriúcháin, agus gan aon chomhghaol ann le luasghéarú ná le rothlú an ionchuir. Sloinntear ‘laofacht’ in g nó i méadair in aghaidh an tsoicind chearnaithe (g nó m/s2). (Caighdeán IEEE 528-2001) (Miocra g cothrom le 1 × 10–6 g).
Ciallaíonn ‘laofacht’ (gíreascóp) (7) an meán thar thréimhse shonraithe d’aschur gíreascóip, é á thomhas faoi chúinsí sonraithe oibriúcháin, agus gan aon chomhghaol ann le luasghéarú ná le rothlú an ionchuir. Is i gcéimeanna in aghaidh na huaire (céim/uair) a shloinntear ‘laofacht’ de ghnáth. (Caighdeán IEEE 528-2001).
Is éard atá i gceist le ‘hoibreáin bhitheolaíocha’ (1): pataiginí nó tocsainí, roghnaithe nó modhnaithe (amhail íonacht, seilfré, nimhneacht, tréithe scaipthe, nó friotaíocht in aghaidh radaíochta UV a athrú) chun taismigh a tháirgeadh i ndaoine nó in ainmhithe, trealamh a dhíghrádú nó damáiste a dhéanamh do bharra nó don chomhshaol.
Ciallaíonn ‘ceamáil’ (2) díláithriú aiseach in aon rothlú amháin den phríomhfhearsaid agus é á thomhas i bplána atá ingearach le pláta fásála na fearsaide, ag pointe le hais imlíne phláta fásála na fearsaide (Tagairt: ISO 230-1:1986, mír 5.63).
Ciallaíonn ‘CEP’ (7) ‘Earráid Chiorclach - I ngnáthdháileadh ciorlach, ga an chiorcail ina bhfuil 50 % de na tomhais aonair atá á ndéanamh, nó ga an chiorcail a bhfuil dóchúlacht 50 % ann gur ann atá siad.
Ciallaíonn ‘léasar ceimiceach’ (6) léasar ina ngintear an speiceas flosctha leis an bhfuinneamh aschurtha le himoibriú ceimiceach.
Ciallaíonn ‘meascán ceimiceach’ (1) táirge soladach, leachtach nó gásach ina bhfuil dhá chomhpháirt nó níos mó nach n-imoibríonn le chéile faoi na coinníollacha ina bhfuil an meascán á stóráil.
Is éard atá i gceist le ‘córais frith-chasmhóiminte faoi rialú an imshruthaithe nó córas rialaithe treo faoi rialú an imshruthaithe’ (7) córais a bhaineann leas as aer a shéidtear thar dhromchlaí aerdinimiciúla d’fhonn cur leis na fórsaí a ghineann na dromchlaí nó d’fhonn na fórsaí sin a rialú.
Ciallaíonn ‘aerárthach sibhialta’ (1 3 4 7) na ‘haerárthaí’ sin a liostaíonn na húdaráis um eitlíocht shibhialta i gceann nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó i stát atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar de réir ainmniúchán ar liostaí deimhnithe aeracmhainneachta chun taisteal ar bhealaí tráchtála sibhialta inmheánacha agus seachtracha nó chun úsáidí dlisteanacha sibhialta, príobháideacha nó gnó.
N.B. |
Féach freisin ‘aerárthach’. |
Ciallaíonn ‘rialaitheoir an chainéil chumarsáide’ (4) an comhéadan fisiceach a rialaíonn sreabhadh na faisnéise digití sioncrónaí nó aisioncrónaí. Is éard atá ann cóimeáil ar féidir í a chomhtháthú i dtrealamh ríomhaireachta nó i dtrealamh teileachumarsáide ionas go mbeidh rochtain ar chumarsáid.
Tá ‘córais cúitimh’ (6) comhdhéanta de bhraiteoir príomhúil scálach, braiteoir tagartha amháin nó níos mó (e.g. maighnéadmhéadair veicteoirí) chomh maith le bogearraí lenar féidir torann rothlaithe an choirp dhocht de chuid an ardáin a laghdú.
Ciallaíonn ‘comhchodach’ (1 2 6 8 9) ‘maitrís’ agus pas breise nó pasanna breise ina bhfuil cáithníní, guairí, snáithíní nó aon chomhcheangal díobh sin, agus iad ann chun críche sonraí nó chun críoch sonrach.
Ciallaíonn ‘comhdhúile III/V’ (3 6) táirgí polachriostalacha nó táirgí dénártha nó táirgí coimpléascacha monachriostalacha arb éard atá iontu dúile ó ghrúpa IIIA agus VA de thábla rangaithe peiriadach Mendeleyev (e.g. arsainíd ghailliam, arsainíd alúmanaim-ghailliam, foisfíd indiam).
Ciallaíonn ‘comhrianú a rialú’ (2) dhá ghluaisne nó níos mó atá ‘faoi rialú uimhriúil’ agus a fheidhmíonn i gcomhréir le treoracha lena sonraítear an chéad suíomh eile a éilítear agus na rátaí fotha a éilítear chuig an suíomh sin. Bíonn na rátaí fotha sin éagsúil ó chéile chun an comhrianú is inmhianaithe a bhaint amach (tag. ISO/DIS 2806 - 1980).
Ciallaíonn ‘teocht chriticiúil’ (1 3 5) (dá dtagraítear uaireanta mar an teocht thrasdultach) de chuid ábhar sonrach ‘forsheoltach’ an teocht sin ag a gcailleann an t-ábhar an fhriotaíocht atá aige in aghaidh shreabhadh an tsrutha leictrigh leanúnaigh.
Ciallaíonn ‘gníomhachtú cripteagrafach’ (5) aon teicníc lena ngníomhachtaítear nó lena gcumasaítear cumas cripteagrafach ítime, trí mheicníocht shlán a chuireann monaróir an earra chun feidhme, i gcás ina bhfuil an mheicníocht sin ceangailte go huathúil d’aon cheann de na nithe seo a leanas:
1. |
Aon ásc amháin den ítim; nó |
2. |
Custaiméir amháin, i gcás níos mó ná ásc amháin den ítim. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Féadfar teicnící agus meicníochtaí an ‘ghníomhachtaithe chripteagrafaigh’ a chur chun feidhme mar chrua-earraí, mar ‘bhogearraí’ nó mar ‘theicneolaíocht’. |
2. |
D’fhéadfadh eochracha ceadúnais atá bunaithe ar shraithuimhir nó ionstraimí fíordheimhnithe amhail teastais atá sínithe go digiteach, mar shampla, a bheith ina meicníochtaí le haghaidh ‘gníomhaíochtú cripteagrafach’. |
Ciallaíonn ‘cripteagrafaíocht’ (5) an disciplín a chorpraíonn na prionsabail, na bealaí agus na modhanna le sonraí a athrú ó bhonn d’fhonn ábhar faisnéise na sonraí sin a cheilt, d’fhonn a chinntiú nach bhféadfaí na sonraí sin a mhodhnú i ngan fhios, nó d’fhonn úsáid neamhúdaraithe na sonraí sin a chosc. Ní bhaineann an ‘chripteagrafaíocht’ ach le faisnéis a athrú ó bhonn trí leas a bhaint as ‘paraiméadar rúnda’ amháin nó níos mó (e.g. cripteathróga) nó as an mbainistiú gaolmhar eochracha.
Nótaí :
1. |
Ní áirítear le ‘Cripteagrafaíocht’ teicnící comhbhrúite nó códúcháin do shonraí ‘fosaithe’. |
2. |
Áirítear díchriptiú le ‘cripteagrafaíocht’. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
'Paraiméadar rúnda': tairiseach nó eochair a dhéantar a cheilt ar dhaoine eile nó nach roinntear ach le grúpa áirithe. |
2. |
‘Fosaithe’: ní féidir leis an algartam códúcháin ná leis an algartam comhbhrúite glacadh le paraiméadair a sholáthraítear go seachtrach (e.g. athróga cripteagrafacha nó eochairathróga) ná ní féidir leis an úsáideoir an t-algartam a mhodhnú. |
Ciallaíonn ‘léasar toinne leanúnaí’ (6) ‘léasar’ lena soláthraítear aschur fuinnimh atá leanúnach go hainmniúil ar feadh níos mó ná 0,25 soicind.
Ciallaíonn ‘freagairt ar chibeartheagmhas’ (4) an próiseas lena ndéantar an fhaisnéis is gá maidir le cibeartheagmhas a mhalartú le daoine aonair nó le heagraíochtaí atá freagrach as feabhsúchán a dhéanamh nó a chomhordú chun aghaidh a thabhairt ar an gcibeartheagmhas.
Ciallaíonn Córais ‘Loingseoireachta Sonraí-Thagartha’ (‘DBRN’) (7) córais ina mbaintear leas as foinsí éagsúla sonraí geo-mhapála a rinneadh a thomhas roimhe sin agus a dhéantar a chomhtháthú ionas go gcuirtear faisnéis chruinn loingseoireachta ar fáil faoi dhálaí dinimiciúla. Áirítear le foinsí sonraí, léarscáileanna bataiméadracha, léarscáileanna réaltaí, léarscáileanna domhantarraingthe, léarscáileanna maighnéadacha nó léarscáileanna digiteacha 3-D den tír-raon.
Ciallaíonn ‘úráiniam laghdaithe’ (0) úráiniam laghdaithe in iseatóp 235 faoi bhun an leibhéil atá sa nádúr.
Baineann ‘forbairt’ (GTN NTN Uile) le gach céim a thagann roimh an táirgeacht shrathach, mar shampla: dearadh, taighde ar dhearadh, anailísí ar dhearadh, coincheapa maidir le dearadh, fréamhshamhlacha a chóimeáil agus a thástáil, scéimeanna maidir le táirgeacht phíolótach, sonraí maidir le dearadh, an próiseas ina ndéantar táirge de na sonraí maidir le dearadh, dearadh na cumraíochta, dearadh an chomhtháthaithe, agus an leagan amach.
Ciallaíonn ‘nascadh trí idirleathadh’ (1 2) nascadh soladstaideach ina ndéantar ar a laghad dhá phíosa miotail ar leithligh a nascadh ina bpíosa amháin inar comhionann neart a ailt le neart an ábhair is laige, agus inarb é an phríomh-mheicníocht ná eadar-idirleathadh adamh trasna an chomhéadain.
Ciallaíonn ‘ríomhaire digiteach’ (4 5) trealamh a bhfuil ar a chumas an méid seo a leanas ar fad a dhéanamh, i bhfoirm athróg scoite amháin nó níos mó:
a. |
Glacadh le sonraí; |
b. |
Sonraí nó treoracha a stóráil i bhfeistí stórais atá fosaithe nó inathraithe (inscríofa); |
c. |
Sonraí a phróiseáil trí sheicheamh stóráilte treoracha, ar seicheamh inmhodhnaithe é; agus |
d. |
Sonraí aschuir a sholáthar. |
N.B. |
Maidir le seicheamh treoracha atá stóráilte a mhodhnú, áirítear leis an modhnú sin feistí eile stórála atá fosaithe a chur in ionad na bhfeistí atá ann cheana, ach ní áirítear leis aon athrú fisiceach ar shreangú ná ar idirnaisc. |
Ciallaíonn ‘ráta an aistrithe dhigitigh’ (sainmhíniú) ráta iomlán giotán na faisnéise sin a aistrítear go díreach ar aon chineál meáin.
N.B. |
Féach freisin ‘Ráta iomlán an aistrithe dhigitigh’. |
Ciallaíonn ‘ráta síobtha’ (gíreascóp) (7) an chomhpháirt d’aschur gíreascóip a fheidhmíonn agus í neamhspleách ar rothlú an ionchuir. Sloinntear é mar ráta uilleach. (Caighdeán IEEE 528-2001).
Ciallaíonn ‘gram éifeachtach’ (0 1), i gcás ‘ábhar inscoilte speisialta’, na nithe seo a leanas:
a. |
I gcás iseatóip phlútóiniam agus iseatóip úráiniam-233, meáchan an iseatóip i ngraim; |
b. |
I gcás úráiniam atá saibhrithe 1 faoin gcéad nó níos mó in iseatóp úráiniam-235, meáchan na dúile i ngraim, méadaithe faoin saibhriú cearnaithe á shloinneadh mar chodán deachúil den mheáchan; |
c. |
I gcás úráiniam atá saibhrithe faoi bhun 1 faoin gcéad in iseatóp úráiniam-235, meáchan na dúile i ngraim, méadaithe faoi 0,0001; |
Ciallaíonn ‘cóimeáil leictreonach’ (2 3 4 5) roinnt comhpháirteanna leictreonacha (i.e. ‘eilimintí ciorcaid’, ‘comhpháirteanna scoite’, ciorcaid iomlánaithe, etc.) atá nasctha le chéile chun feidhm shonrach nó feidhmeanna sonracha a chur i gcrích, atá in-athsholáthraithe ina n-iomláine agus ar gnách gur féidir iad a dhíchóimeáil.
N.B.1. |
‘Eilimint ciorcaid’: cuid fheidhmeach aonair de chiorcad leictreonach, bíodh sí gníomhach nó éighníomhach, mar shampla aon dé-óid amháin, aon trasraitheoir amháin, aon fhriotóir amháin, aon toilleoir amháin, etc. |
N.B.2. |
‘Comhpháirt scoite’: ‘eilimint ciorcaid’ a dhéantar a phacáistiú léi féin agus a bhfuil a naisc sheachtracha féin aici. |
Ciallaíonn ‘ábhair fuinneamhachais’ (1) substaintí nó meascáin a imoibríonn go ceimiceach chun fuinneamh a scaoileadh, fuinneamh atá riachtanach don fheidhm atá ceaptha ina leith. Is fo-aicme d’ábhair fuinneamhachais iad ‘pléascáin’, ‘ábhair phiriteicniúla’ agus ‘tiomántáin’.
Ciallaíonn ‘éifeachtóirí deiridh’ (2) greamáin, ‘aonaid uirlisithe ghníomhacha’ agus aon uirlisiú eile a cheanglaítear leis an mbonnphláta ag ceann ghéag láimhsitheora ‘róbait’.
N.B. |
Is éard atá in ‘aonad uirlisithe gníomhach’ gaireas lena dtugtar cumhacht tiomána, fuinneamh próiseála nó braiteacht don saotharphíosa. |
Ciallaíonn ‘dlús coibhéiseach’ (6) mais achair optúil a bhfuil optach in aghaidh an aonaid ann agus é á theilgean ar an dromchla optúil.
Ciallaíonn ‘caighdeáin choibhéiseacha’ (1) caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta inchomparáide arna n-aithint ag Ballstát amháin nó níos mó de chuid an Aontais nó ag Stát amháin nó níos mó atá rannpáirteach i gComhshocrú Wassenaar, agus atá infheidhme maidir leis an iontráil ábhartha.
Ciallaíonn ‘pléascáin’ (1) substaintí nó meascáin, bídís soladach, leachtach nó gásach, nach mór dóibh madhmadh nuair atá feidhm á baint astu mar lánáin phríomhúla, mar lánáin threisithe nó mar phríomhlánáin i bpléasc-chinn, i scartáil agus i bhfeidhmeanna eile.
Ciallaíonn ‘Córais FADEC’ (9) Córais Lánúdaráis do Rialú Digiteach ar Innill – córas digiteach leictreonach rialaithe d’inneall gástuirbín a bhfuil ar a chumas an t-inneall a rialú go huathrialach tríd an raon oibriúcháin go léir ón uair a éilítear an t-inneall a thosú go dtí go n-éilítear an t-inneall a mhúchadh, faoi ghnáthchúinsí agus faoi chúinsí lochta araon.
Áirítear le ‘hábhair shnáithíneacha nó ábhair fhiliméadacha’ (0 1 8 9) na nithe seo a leanas:
a. |
‘Monaifiliméid’ leanúnacha; |
b. |
‘Snáth’ leanúnach agus ‘caisirníní’ leanúnacha; |
c. |
‘Téipeanna’, fabraicí, mataí randamacha agus bréideanna randamacha; |
d. |
Blaincéid déanta as snáithíní mionghearrtha, snáithíní stáplacha agus snáithíní comhtháite; |
e. |
Guairí, bídís monachriostalach nó polachriostalach, fada nó gearr; |
f. |
Laíon polaimíde aramatach. |
Ciallaíonn ‘ciorcad iomlánaithe scannánach’ (3) eagar ‘d’eilimintí ciorcaid’ agus d’idirnaisc mhiotalacha a fhoirmítear nuair a dheascann scannán tiubh nó tanaí ar ‘fhoshraith’ inslithe.
N.B. |
Is éard atá in ‘eilimint ciorcaid’ cuid fheidhmeach aonair de chiorcad leictreonach, bíodh sí gníomhach nó éighníomhach, mar shampla aon dé-óid amháin, aon trasraitheoir amháin, aon fhriotóir amháin, aon toilleoir amháin, etc. |
Ciallaíonn ‘córas eitilte solasrialaithe’ (7) príomhchóras rialaithe dhigitigh eitilte lena n-úsáidtear aischothú chun an ‘t-aerárthach’ a rialú le linn eitilte, i gcás inar comharthaí optúla iad na horduithe chuig na héifeachtóirí/gníomhróirí.
Ciallaíonn ‘córas eitilte sreangrialaithe’ (7) príomhchóras rialaithe dhigitigh eitilte lena n-úsáidtear aischothú chun an t-aerárthach a rialú le linn eitilte, i gcás inar comharthaí optúla iad na horduithe chuig na héifeachtóirí/gníomhróirí.
Ciallaíonn ‘eagar de phlánaí fócasacha’ (6 8) ciseal líneach plánach nó ciseal déthoiseach plánach, nó teaglaim de chisil phlánacha, d’eilimintí brathadóireachta aonair, bíodh nó ná bíodh leictreonaic léitheoireachta aige, a fheidhmíonn sa phlána fócasach.
N.B. |
Níl sé i gceist go n-áireofaí leis seo cruach eilimintí brathadóireachta aonair ná aon bhrathadóirí dhá eilimint, trí eilimint nó ceithre eilimint ar choinníoll nach gcuirtear tréimhse moille ná suimeáil i bhfeidhm laistigh den eilimint. |
Ciallaíonn ‘bandaleithead codánach’ (3 5) an ‘bandaleithead meandrach’ roinnte ar an minicíocht lárnach agus arna shloinneadh mar chéatadán.
Ciallaíonn ‘abhóga minicíochta’ (5 6) cineál ‘spréspeictreaim’ ina n-athraítear minicíocht tharchurtha de chuid cainéal aonair cumarsáide trí shraith randamach nó súdrandamach de chéimeanna scoite.
Ciallaíonn ‘aga lasctha minicíochta’ (3) an méid ama (i.e. an mhoill) a thógann sé ar chomhartha agus é á lascadh ó mhinicíocht aschurtha sonraithe tosaigh, chun teacht go dtí aon cheann díobh seo a leanas nó ina fhoisceacht:
a. |
± 100 Hz de mhinicíocht aschurtha sonraithe deiridh is lú ná 1 GHz; nó |
b. |
± 0,1 cuid in aghaidh an mhilliúin de mhinicíocht aschurtha sonraithe deiridh arb ionann agus 1 GHz í nó ar mó ná sin í. |
Is éard atá i gceist le ‘breosla-chill’ (8) feiste leictriceimiceach a thiontaíonn fuinneamh ceimiceach ina leictreachas Srutha Dhírigh (DC) trí bhreosla a thagann ó fhoinse sheachtrach a ídiú.
Ciallaíonn ‘in-chomhleáite’ (1) ní is féidir a thrasnascadh tuilleadh nó a pholaiméiriú tuilleadh (leasaithe) trí leas a bhaint as teas, as radaíocht, as catalaígh, etc., nó ní is féidir a leá gan phirealú (gan ghualú).
Ciallaíonn ‘Trasraitheoir Tionchair Réimse Timpeallgheatach (‘TTRT’) gléas a bhfuil eilimint(í) aonchainéil nó ilchainéil seolta leathsheoltóra aige le struchtúr geata coitinn ann a theann timpeall ar sruth gach eilimintí cainéil seolta leathsheoltóra agus a rialaíonn an sruth sin.
N.B. |
Áirítear leis an sainmhíniú seo nanaibhileog nó tionchar réimse nanaishreinge agus trasraitheoirí timpeallgheatacha agus struchtúir eiliminte cainéil leathsheoltóra ‘TTRT’ eile. |
Ciallaíonn ‘roghnóirí dochta’ (5) sonraí nó tacar sonraí, a bhaineann le duine aonair (e.g. sloinne, céadainm, seoladh ríomhphoist, seoladh poist, uimhir ghutháin nó grúpchleamhnachtaí).
Ciallaíonn ‘gléas treoraíochta’ (7) córais lena gcomhtháthaítear an próiseas ina ndéantar suíomh agus luas feithicle a thomhas agus a ríomh (i.e. loingsiú) leis an bpróiseas ina ndéantar orduithe a ríomh agus a sheoladh chuig córais rialaithe eitilte na feithicle chun an ruthag a cheartú.
Ciallaíonn ‘ciorcad iomlánaithe hibrideach’ (3) aon teaglaim de chiorcad nó de chiorcaid iomlánaithe, nó de chiorcad iomlánaithe a bhfuil ‘eilimintí ciorcaid’ nó ‘comhpháirteanna scoite’ aige atá nasctha le chéile chun feidhm shonrach nó feidhmeanna sonracha a chur i gcrích, agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Tá feiste amháin ann, ar a laghad, nach bhfuil imchochlaithe; |
b. |
Tá sé nasctha le chéile trí ghnáthmhodhanna táirgthe ciorcad iomlánaithe; |
c. |
Tá sé in-athsholáthraithe ina iomláine; agus |
d. |
Ní féidir é a bhaint as a chéile de ghnáth. |
N.B.1. |
‘Eilimint ciorcaid’: cuid fheidhmeach aonair de chiorcad leictreonach, bíodh sí gníomhach nó éighníomhach, mar shampla aon dé-óid amháin, aon trasraitheoir amháin, aon fhriotóir amháin, aon toilleoir amháin, etc. |
N.B.2. |
‘Comhpháirt scoite’: ‘eilimint ciorcaid’ a dhéantar a phacáistiú léi féin agus a bhfuil a naisc sheachtracha féin aici. |
Ciallaíonn ‘feabhsú íomhánna’ (4) próiseáil a dhéanamh le halgartaim ar íomhánna a dhíorthaítear go seachtrach agus a bhfuil faisnéis iontu, amhail comhbhrú ama, scagadh, eastóscadh, roghnú, comhghaolú, conbhlóidiú, nó trasfhoirmiú idir fearainn (e.g. trasfhoirmiú tapa Fourier nó trasfhoirmiú Walsh). Ní áirítear leis sin algartaim nach n-úsáideann ach trasfhoirmiú líneach nó trasfhoirmiú rothlach maidir le híomhá aonair, mar shampla aistriúchán, eastóscadh gnéithe, clárú nó dathú bréagach.
Is éard atá i gceist le ‘himdhíon-tocsain’ (1) comhchuingeach d’antashubstaint mhonaclónach atá sonrach do chineál amháin cille agus de ‘thocsain’ nó de ‘fho-aonad de thocsain’, agus ar comhchuingeach é nach dtéann i bhfeidhm ach ar chealla galracha.
Ciallaíonn ‘atá san fhearann poiblí’ (GTN NTN NGB), de réir mar atá feidhm aige san Iarscríbhinn seo, ‘teicneolaíocht’ nó ‘bogearraí’ a cuireadh ar fáil agus nár cuireadh aon srian i bhfeidhm maidir lena scaipeadh ina dhiaidh sin (ní chiallaíonn srian ó thaobh cóipchirt de go dtógtar ‘teicneolaíocht’ nó ‘bogearraí’ as ‘an bhfearann poiblí’).
Is éard atá i gceist le ‘slándáil faisnéise’ (NGB GISN 5) na bealaí go léir agus na feidhmeanna go léir lena n-áirithítear inrochtaineacht, rúndacht nó sláine faisnéise nó teileachumarsáide, ach ní áirítear leis sin na bealaí ná na feidhmeanna atá ceaptha cosaint a thabhairt in aghaidh teipeanna. Áirítear leis seo ‘cripteagrafaíocht’, ‘gníomhachtú cripteagrafach’, ‘crioptanailís’, cosaint ar an sceitheadh amhrasach agus slándáil na ríomhairí.
Nóta Teicniúil :
‘Crioptanailís’: anailís ar chóras cripteagrafaíochta nó ar ionchur agus aschur an chórais sin chun athróga rúnda nó sonraí íogaire, lena n-áirítear glantéacs, a bhaint as.
Ciallaíonn ‘Bandaleithead meandrach’ (3 5 7) an bandaleithead sin ina bhfanann cumhacht an aschurtha ag leibhéal seasmhach laistigh de 3 dB gan aon pharaiméadair oibríochta eile a choigeartú.
Cuirtear ‘insliú’ (9) le comhpháirteanna de mhótar roicéid, i.e. leis an gcás, leis an mbuinne, leis na hionraoin, le hiaimh an cháis, agus áirítear leis stoc leatháin déanta as rubar comhshuite atá leasaithe nó leath-leasaithe ina bhfuil ábhar inslithe nó teasfhulangach. Féadfar é a chur leis freisin mar bhútáil nó mar fhlapaí strusmhaolaithe.
Tá ‘lineáil inmheánach’ (9) oiriúnach don nasc-chomhéadan idir an tiomántán soladach agus an cás nó an líneáil inslithe. Is éard a bhíonn ann de ghnáth easrú ábhar teasfhulangach nó ábhar inslithe ar bhun polaiméir leachtaí, e.g. polabútaidhé-éin hiodrocsail-fhoirceanta líonta le carbón (HTPB) nó polaiméir eile ar cuireadh oibreáin leasaithe léi trína spraeáil nó trína scrídeáil ar an taobh istigh den chás.
Ciallaíonn ‘Tiontaire Idirdhuillithe ó Analógach go Digiteach (ADC)’ (3) feistí a bhfuil aonaid ADC iolracha acu lena samplaítear an t-ionchur analógach céanna ag amanna difriúla ionas, agus na haschuir á gcomhiomlánú, go mbeidh an t-ionchur analógach sampláilte go héifeachtach agus tiontaithe ag ráta samplála níos airde.
Is éard atá i gceist le ‘Grádaiméadar Maighnéadach Intreach’ (6) eilimint aonair lena mbraitear grádán an réimse mhaighnéadaigh agus an leictreonaic ghaolmhar, arb é is aschur dó tomhas ar ghrádán an réimse mhaighnéadaigh.
N.B. |
Féach freisin ‘Grádaiméadar Maighnéadach’. |
Ciallaíonn ‘bogearraí ionraidh’ (4 5) ‘bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe ionas nach mbraithfí iad leis na ‘huirlisí faireacháin’ a bheadh ag ríomhaire nó ag feiste ar féidir léi dul ar líonraí, nó chun ‘frithbhearta cosanta’ ríomhaire nó feiste den sórt sin a shárú, agus a dhéanann aon cheann de na nithe seo a leanas:
a. |
Sonraí nó faisnéis a bhaint as ríomhaire nó as feiste ar féidir léi dul ar líonraí, nó sonraí córais nó úsáideora a mhodhnú; nó |
b. |
conair chaighdeánach rite cláir nó próisis a mhodhnú chun gur féidir treoracha arna dtabhairt go seachtrach a chur i gcrích. |
Nótaí :
1. |
Ní áirítear le ‘bogearraí ionraidh’ aon cheann díobh seo a leanas:
|
2. |
Áirítear le feistí ar féidir leo dul ar líonraí feistí soghluaiste agus méadair chliste. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
‘Uirlisí faireacháin’: ‘Bogearraí’ nó feistí crua-earraí a dhéanann faireachán ar iompraíochtaí córais nó ar phróisis atá ag rith ar fheiste. Áirítear leis sin táirgí frithvíreas (AV), táirgí slándála pointe deiridh, táirgí slándála pearsanta (PSP), córais braite ionraidh (IDS), córáis coiscthe ionraidh (IPS) nó ballaí dóiteáin. |
2. |
‘Frithbhearta cosanta’: teicnící atá deartha chun a áirithiú go rithfí cód go sábháilte, amhail Cosc ar Rith Sonraí (DEP), Randamú Leagan Amach Spás an tSeolta (ASLR) nó rith cláir sa bhosca gainimh. |
Áirítear le ‘saothráin bheo atá ar leithlis’ (1) saothráin bheo atá suanach agus saothráin bheo atá in ullmhóidí triomaithe.
Ciallaíonn ‘fáisceáin iseastatacha’ (2) trealamh lenar féidir cuas iata a bhrúchóiriú trí mheáin éagsúla (gás, leacht, cáithníní soladacha, etc.) chun brú cothrom a chruthú i ngach treo laistigh den chuas, brú a bheidh le cur i bhfeidhm ar shaotharphíosa nó ar ábhar.
Is éard atá i gceist le ‘léasar’ (0 1 2 3 5 6 7 8 9) ítim lena ndéantar solas atá comhleanúnach ó thaobh spáis agus ama a tháirgeadh trí astú spreagtha radaíochta a aimpliú.
N.B. |
|
Ciallaíonn ‘leabharlann’ (1) (bunachar paraiméadrach sonraí teicniúla) bailiúchán d’fhaisnéis theicniúil, a bhféadfaí feabhas a chur ar fheidhmíocht na gcóras, an trealaimh nó na gcomhpháirteanna cuí trí thagairt a dhéanamh di.
Ciallaíonn ‘feithiclí atá níos éadroime ná an t-aer’ (9) balúin agus ‘aerlonga’ a bhíonn ag brath ar aer te nó ar gháis eile atá níos éadroime ná an t-aer, gáis mar héiliam nó hidrigin, chun go bhféadfaidh siad éirí in airde.
Ciallaíonn ‘líneacht’ (2) (is i dtéarmaí neamhlíneachta a thomhaistear é de ghnáth) uasdiall na sainuimhreach iarbhír (meán an léimh is airde agus an léimh is ísle), deimhneach nó diúltach, ó líne dhíreach a dhéantar a shuí sa tslí go ndéanfaí na huasdialltaí a chothromú agus a íoslaghdú.
Is éard atá i gceist le ‘líonra ceantair logánta’ (4 5) córas cumarsáide sonraí ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Trí bhíthin an chórais sin, is féidir le líon treallach ‘feistí sonraí’ neamhspleácha teagmháil a dhéanamh le chéile go díreach; agus |
b. |
Ní bhaineann sé ach le ceantar geografach a bhfuil achar measartha ann (e.g. bloc oifigí, monarcha, campas, trádstóras). |
N.B. |
Ciallaíonn ‘feiste sonraí’ trealamh a bhfuil ar a chumas seichimh d’fhaisnéis dhigiteach a tharchur nó a bhfuil ar a chumas glacadh leis na seichimh sin. |
Is éard atá i gceist le ‘grádaiméadair mhaighnéadacha’ (6) uirlisí atá deartha chun comhathrú spáis na réimsí maighnéadacha a thagann ó fhoinsí atá lasmuigh den uirlis féin a aimsiú. Is éard atá ann roinnt ‘maighnéadaiméadar’ agus an leictreonaic ghaolmhar, arb é is aschur dó tomhas ar ghrádán an réimse mhaighnéadaigh.
N.B. |
Féach freisin ‘Grádaiméadar Maighnéadach Intreach’. |
Is éard atá i gceist le ‘maighnéadaiméadair’ (6) uirlis atá deartha chun réimsí maighnéadacha a thagann ó fhoinsí atá lasmuigh den uirlis féin a aimsiú. Is éard atá iontu eilimint shingil lena mbraitear grádán réimse mhaighnéadaigh agus an leictreonaic ghaolmhar, arb é is aschur dóibh tomhas ar an réimse maighnéadach.
Áirítear le ‘hábhair atá díonach ar chreimeadh ag UF6 ’ (0) copar, cóimhiotail chopair, cruach dhosmálta, alúmanam, ocsaíd alúmanaim, cóimhiotail alúmanaim, nicil nó cóimhiotail ina bhfuil 60 % nó níos mó de nicil de réir meáchain agus polaiméirí hidreacarbóin fluairínithe.
Ciallaíonn ‘maitrís’ (1 2 8 9) pas atá leanúnach cuid mhaith agus a líonann an spás idir cáithníní, guairí nó snáithíní.
Is éard atá i gceist le ‘neamhchinnteacht tomhais’ (2) an sainpharaiméadar lena sonraítear an raon timpeall ar luach an aschurtha ina bhfuil luach ceart na hathróige intomhaiste taobh istigh de leibhéal muiníne 95 %. Áirítear leis na dialltaí córasacha neamhcheartaithe an frithbhualadh neamhcheartaithe agus na dialltaí randamacha (tag. ISO 10360-2).
Ciallaíonn ‘micrichiorcad micriríomhaire’ (3) ‘ciorcad iomlánaithe monailiotach’ nó ‘ciorcad iomlánaithe ilslise’ a bhfuil aonad loighce agus uimhríochta (ALU) ann a bhfuil ar a chumas treoracha ginearálta a chur i bhfeidhm ó chuimhne inmheánach, ar shonraí atá sa chuimhne inmheánach.
N.B. |
Féadfar cur leis an gcuimhne inmheánach le cuimhne sheachtrach. |
Ciallaíonn ‘micrichiorcad micreaphróiseálaí’ (3) ‘ciorcad iomlánaithe monailiotach’ nó ‘ciorcad iomlánaithe ilslise’ a bhfuil aonad loighce agus uimhríochta (ALU) ann a bhfuil ar a chumas sraith de threoracha ginearálta a chur i bhfeidhm ó chuimhne sheachtrach.
N.B.1. |
Ní gnách go mbíonn cuimhne dhílis a bheadh ar fáil d’úsáideoirí ag an ‘micrichiorcad micreaphróiseálaí’, cé gur féidir an chuimhne atá ar an tslis a úsáid agus feidhm loighce an mhicrichiorcaid sin á cur i bhfeidhm. |
N.B.2. |
Áirítear leis sin sraitheanna de shliseanna atá ceaptha oibriú le chéile ionas go bhfeidhmeoidh an ‘micrichiorcad micreaphróiseálaí’. |
Ciallaíonn ‘miocrorgánaigh’ (1 2) bactéir, víris, míceaphlasmaí, rickettsiae, clamaidia nó fungais, bídís nádúrtha, feabhsaithe nó modhnaithe, i bhfoirm ‘saothráin bheo atá ar leithlis’ nó mar ábhar lena n-áirítear ábhar beo atá ionaclaithe nó éillithe d’aon ghnó lena macasamhail de shaothráin.
Ciallaíonn ‘diúracáin’ (1 3 6 7 9) córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann, a bhfuil ar a gcumas cinn diúracáin 500 kg ar a laghad a sheachadadh ag raon 300 km ar a laghad.
‘Monafiliméad’ (1) nó filiméad: an breisiú is lú de shnáithín, gan aige ach trastomhas cúpla micriméadar de ghnáth.
Ciallaíonn ‘ciorcad iomlánaithe monailiotach’ (3) teaglaim ‘d’eilimintí ciorcaid’, bídís éighníomhach nó gníomhach, nó an dá rud, agus ar fíor ina leith an méid seo a leanas:
a. |
Foirmítear iad trí phróiseas idirleata, trí phróisis ionchlannaithe nó trí phróisis deasctha in ábhar leathsheoltach aonair nó ar ábhar leathsheoltach aonair, ní ar a dtugtar ‘slis’. |
b. |
Glactar leis go bhfuil siad doroinnte; agus |
c. |
Cuireann siad feidhm nó feidhmeanna an chiorcaid i gcrích. |
N.B. |
Is éard atá in ‘eilimint ciorcaid’ cuid fheidhmeach aonair de chiorcad leictreonach, bíodh sí gníomhach nó éighníomhach, mar shampla aon dé-óid amháin, aon trasraitheoir amháin, aon fhriotóir amháin, aon toilleoir amháin, etc. |
Ciallaíonn ‘Ciorcad Iomlánaithe Micreathoinne Monailiotach’ (‘MMIC’) (3 5) ‘ciorcad iomlánaithe monailiotach’ a oibríonn ag minicíochtaí micreathoinne nó toinne milliméadair.
‘Braiteoirí um íomháú monaspeictreach’ (6): tá ar a gcumas sonraí ón íomháú a ghnóthú ó bhanda speictreach scoite aonair.
Ciallaíonn ‘ciorcad iomlánaithe ilslise’ (3) dhá ‘chiorcad iomlánaithe mhonailiotacha’ nó níos mó agus iad nasctha le ‘foshraith’ choiteann.
Ciallaíonn ‘Tiontaire Ilchainéil ó Analógach go Digiteach (ADC)’ (3) feistí lena gcomhtháthaítear níos mó ná aon ADC amháin, atá saindeartha chun go mbeidh ionchur analógach ar leithligh ag gach ADC.
Tá ‘Braiteoirí um íomháú ilspeictreach’ (6) ar a gcumas sonraí ón íomháú a ghnóthú go comhuaineach nó go srathach ó dhá bhanda speictreacha scoite nó níos mó. Uaireanta, tagraítear do bhraiteoirí a bhfuil níos mó ná fiche banda speictreach scoite acu mar bhraiteoirí um íomháú hipirspeictreach.
Ciallaíonn ‘úráiniam nádúrtha’ úráiniam a bhfuil na meascáin d’iseatóip atá sa nádúr ann.
Ciallaíonn ‘Rialaitheoir um rochtain ar an líonra’ (4) comhéadan fisiceach le líonra lascacháin dáilte. Baintear leas as meán coiteann a oibríonn an ‘ráta aistrithe dhigitigh’ céanna tríd síos, agus leas á bhaint as eadránú (e.g. ceadchomhartha nó iompróir a bhrath) le haghaidh an tarchurtha. Go neamhspleách ar na cinn eile, roghnaíonn sé paicéid sonraí nó grúpaí sonraí (e.g. IEEE 802) a sheoltar chuige. Is éard atá ann cóimeáil ar féidir í a chomhtháthú i dtrealamh ríomhaireachta nó i dtrealamh teileachumarsáide ionas go mbeidh rochtain ar chumarsáid.
Ciallaíonn ‘imoibreoir núicléach’ (0) imoibreoir iomlán a bhfuil ar a chumas feidhmiú sa tslí go gcothaítear imoibriú slabhrach inscoilte atá rialaithe agus féinchothaitheach. Áirítear le ‘himoibreoir núicléach’ na hearraí go léir atá istigh i soitheach an imoibreora nó atá ceangailte go díreach leis, an trealamh lena rialaítear leibhéal na cumhachta i gcroí an imoibreora, agus na comhpháirteanna sin a mbíonn príomhfhuarthán chroí an imoibreora iontu de ghnáth, nó a bhíonn i dtadhall díreach leis nó lena ndéantar é a rialú.
Ciallaíonn ‘rialú uimhriúil’ (2) rialú uathoibríoch ar phróiseas a chuirtear i gcrích le feiste lena mbaintear leas as sonraí uimhriúla a chuirtear isteach, de ghnáth, agus an oibríocht ar siúl (tag. ISO 2382 2015).
Ciallaíonn ‘cód aidhme’ (NGB) foirm threalamh-inrite de shloinneadh áisiúil ar phróiseas amháin nó níos mó (‘cód foinse’ (teanga fhoinseach)), agus í tiontaithe ag córas ríomhchlárúcháin.
Ciallaíonn ‘oibríochtaí, riarachán nó cothabháil’ (‘OAM’) (5) ceann amháin nó níos mó de na taisc seo a leanas a dhéanamh:
a. |
Aon cheann díobh seo a leanas a bhunú nó a bhainistiú:
|
b. |
Faireachán nó bainistiú a dhéanamh ar chúinse oibriúcháin nó feidhmíocht ítime; nó |
c. |
Logálaithe nó sonraí iniúchóireachta a bhainistiú chun tacú leis na taisc a bhfuil tuairisc orthu i mír a nó i mír b. |
Nóta : |
Ní áirítear le ‘OAM’ aon cheann de na taisc seo a leanas ná na príomhfheidhmeanna bainistíochta a bhaineann leo:
|
Ciallaíonn ‘ciorcad iomlánaithe optúil’ (3) ‘ciorcad iomlánaithe monailiotach’ nó ‘ciorcad iomlánaithe hibrideach’, a bhfuil páirt amháin nó níos mó de atá ceaptha feidhmiú mar fhótabhraiteoir nó mar fhóta-astaíre nó atá ceaptha feidhm nó feidhmeanna optúla nó feidhm nó feidhmeanna leictre-optúla a chur i gcrích.
Ciallaíonn ‘lascadh optúil’ (5) comharthaí i bhfoirm optúil a ródú nó a lascadh gan iad a thiontú ina gcomharthaí leictreacha.
Ciallaíonn ‘dlús iomlán an tsrutha’ (3) líon iomlán na n-aimpéarlúb sa chorna (i.e. suim líon na lúb méadaithe faoin sruth uasta atá á iompar ag gach lúb) roinnte ar thrasghearradh iomlán an chorna (arb é atá ann filiméid fhorsheoltacha, an mhaitrís mhiotalach a bhfuil na filiméid fhorsheoltacha neadaithe inti, an t-ábhar imchochlaithe, aon chainéil fuaraithe, etc.).
Ciallaíonn ‘stát atá rannpháirteach’ (7 9) stát atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar. (Féach www.wassenaar.org)
Ciallaíonn ‘buaic-chumhacht’ (6) an chumhacht is airde a bhaintear amach le linn ‘aga na bíge’.
Ciallaíonn ‘líonra ceantair pearsanta’ (5) córas cumarsáide sonraí ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Trí bhíthin an chórais sin, is féidir le líon treallach ‘feistí sonraí’ neamhspleácha nó líon treallach ‘feistí sonraí’ idirnasctha teagmháil a dhéanamh le chéile go díreach; agus |
b. |
Ní bhaineann sé ach leis an gcumarsáid idir feistí atá i ngarchomharsanacht fhisiciúil duine aonair nó i ngarchomharsanacht rialaitheoir feistí (e.g., seomra aonair, oifig nó gluaisteán). |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Ciallaíonn ‘feiste sonraí’ trealamh a bhfuil ar a chumas seichimh d’fhaisnéis dhigiteach a tharchur nó a bhfuil ar a chumas glacadh leis na seichimh sin. |
2. |
Téann an ‘líonra ceantair logánta’ thar cheantar geografach an ‘líonra ceantair phearsanta’. |
Is éard atá i gceist le ‘a rinneadh a dheighilt cheana féin’ (1) gur cuireadh i bhfeidhm próiseas ar bith atá ceaptha cur le tiúchan an iseatóip atá faoi rialú.
Tá ‘príomheilimint’ (4), mar atá feidhm aici i gCatagóir 4, ina ‘príomheilimint’ nuair is mó ná 35 % de luach iomlán an chórais a bhfuil sí mar chuid de a luach athsholáthair. Is é luach na heiliminte an méid a d’íoc monaróir an chórais as an eilimint nó an méid a d’íoc suimeálaí an chórais aisti. Is éard atá sa luach iomlán an gnáthphraghas díola idirnáisiúnta nuair a dhíoltar an córas le páirtithe neamhghaolmhara, tráth na monaraíochta nó tráth a dhéantar an loingsiú a chomhdhlúthú.
Ciallaíonn ‘táirgeadh’ (GTN NTN Uile) gach céim den táirgeadh, lena n-áirítear na céimeanna seo a leanas: déantús, innealtóireacht táirgeachta, monarú, comhtháthú, cóimeáil (gléasadh), cigireacht, tástáil, dearbhú cáilíochta.
Ciallaíonn ‘trealamh táirgeachta’ (1 7 9) uirlisiú, teimpléid, díreoga, mandrailí, múnlaí, díslí, daingneáin, meicníochtaí ailíniúcháin, trealamh tástála, innealra agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, á dteorannú dóibh siúd atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun céim amháin nó níos mó den phróiseas ‘táirgeachta’ ‘a fhorbairt’.
Ciallaíonn ‘saoráidí táirgeachta’ (7 9) ‘trealamh táirgeachta’ agus bogearraí atá saindeartha le haghaidh táirgeachta agus a dhéantar a chomhtháthú i suiteálacha chun céim amháin nó níos mó céimeanna den phróiseas ‘táirgeachta’ ‘a fhorbairt’.
Ciallaíonn ‘clár’ (6) seicheamh de threoracha chun próiseas a chur i gcrích, agus é i bhfoirm, sin nó ar féidir é a chur i bhfoirm a bheadh inrite ag ríomhaire leictreonach.
Ciallaíonn ‘comhbhrú bíog’ (6) códú agus próiseáil ar bhíog aga fhada de chuid chomhartha an radair, chun í a thiontú ina bíog aga ghearr, agus buntáistí an fhuinnimh ardbhíog a choinneáil ag an am céanna.
Is éard atá i gceist le ‘aga na bíge’ (6) an t-achar ama a mhaireann bíog ‘léasair’ agus ciallaíonn sé an t-am idir na pointí leathchumhachta ar phríomhfhaobhar agus ar chúlfhaobhar bíge aonair.
Ciallaíonn ‘léasar bíogach’ (6) ‘léasar’ a bhfuil ‘aga na bíge’ aige arb ionann é agus 0,25 soicind nó ar lú é ná sin.
Ciallaíonn ‘cripteagrafaíocht chandamach’ (5) fine teicnící lena ndéantar eochair roinnte le haghaidh ‘cripteagrafaíochta’ a bhunú trí na hairíonna sin maidir le meicnic-chandamach atá ag córas fisiceach a thomhas (lena n-áirítear na hairíonna fisiceacha sin a bhíonn á rialú go sainráite ag an optaic-chandamach, ag teoiric an réimse chandamaigh nó ag an leictridinimic chandamach).
Ciallaíonn ‘lúfaireacht minicíochta radair’ (6) aon teicníc lena n-athraítear, i seicheamh súdrandamach, minicíocht iompróra tarchuradóra radair bhíogaigh idir bíoga nó idir grúpaí de bhíoga, de shuim atá cothrom le bandaleithead na bíge nó atá níos mó ná é.
Ciallaíonn ‘spréspeictream radair’ (6) aon teicníc modhnúcháin lena ndéantar fuinneamh a thagann ó chomhartha a bhfuil banda minicíochta aige atá cúng go maith a leathadh amach ar bhanda minicíochta atá i bhfad níos leithne trí leas a bhaint as códú randamach nó as códú súdrandamach.
Is éard atá i gceist le ‘íogaireacht radanta’ (6) íogaireacht radanta (mA/W) = 0,807 × (tonnfhad in nm) × Éifeachtúlacht Chandamach (QE).
Nóta Teicniúil :
Déantar QE a shloinneadh de ghnáth mar chéatadán; chun críocha na foirmle seo, áfach, déantar QE a shloinneadh mar uimhir dhéachúil ar lú í ná a haon, e.g. sloinntear 78 % mar 0,78.
Ciallaíonn ‘próiseáil fíor-ama’ (6) próiseáil sonraí ag córas ríomhaireachta is córas lena soláthraítear an leibhéal seirbhíse is gá, mar fheidhm de chuid na n-acmhainní atá ar fáil, laistigh d’aga freagartha ráthaithe, gan spleáchas ar an ualach atá ar an gcóras, nuair a spreagann teagmhas seachtrach é chun é sin a dhéanamh.
Ciallaíonn ‘in-atrialltacht’ (7) a ghaire dá chéile atá tomhais arna ndéanamh arís agus arís ar an athróg chéanna faoi na dálaí oibriúcháin céanna, nuair a tharlaíonn athruithe ar chúinsí nó ar thréimhsí neamhoibríochta idir na tomhais. (Tagairt: IEEE 528-2001 (diall caighdeánach d’aon sigme))
‘Atá riachtanach’ (GTN 3 5 6 7 9), de réir mar a chuirtear i bhfeidhm i leith na ‘teicneolaíochta’ é, ní bhaineann sé ach leis an gcuid sin den ‘teicneolaíocht’ a bhfuil freagracht shonrach uirthi as na leibhéil feidhmíochta, na tréithe feidhmíochta, nó na feidhmeanna feidhmíochta, atá á rialú a bhaint amach nó a mhéadú. Féadfaidh an ‘teicneolaíocht’ sin atá ‘riachtanach’ a bheith roinnte idir earraí difriúla.
Ciallaíonn ‘oibreán smachtaithe círéibe’ (1) substaintí a chuireann greannú céadfach ar dhaoine go gasta nó a chuireann bac fisiciúil orthu go gasta agus a imíonn arís go gairid tar éis dheireadh thréimhse an nochta, nuair a úsáidtear na substaintí sin sna dálaí dá bhfuil siad ceaptha chun lucht círéibe a chur faoi smacht.
Nóta Teicniúil :
Is fo-thacar iad na deorgháis ‘d’oibreáin smachtaithe círéibe’.
Ciallaíonn ‘róbat’ (2 8) meicníocht ionramhála, bíodh sé de chineál na conaire leanúnaí nó den chineál pointe go pointe, a fhéadfaidh leas a bhaint as braiteoirí, agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Tá sé ilfheidhmeach; |
b. |
Tá ar a chumas ábhair, páirteanna, uirlisí nó feistí speisialta a shuí nó a threoshuí trí ghluaiseachtaí inathraithe i spás tríthoiseach; |
c. |
Ionchorpraítear leis trí sheirbhifheiste nó níos mó, bídís den chineál lúb-iata nó lúb-oscailte, agus féadfar mótair chéimthomhais a áireamh leo sin; agus |
d. |
Tá ‘cumas ríomhchlárúcháin atá inrochtana don úsáideoir’ ann trí mhodh múinte/athsheinnte nó trí ríomhaire leictreonach a bhféadfadh sé gur rialaitheoir loighce in-ríomhchláraithe atá ann, i.e. gan idirghabháil mheicniúil. |
N.B. |
Ní áirítear leis an sainmhíniú thuas na feistí seo a leanas:
|
Is éard atá i gceist le ‘caisirnín’ (1) burla (12-120 de ghnáth) de ‘dhuail’ atá comhthreomhar a bheag nó a mhór.
N.B. |
Is burla de ‘mhonaifiliméid’ (de bhreis agus 200 de ghnáth) é ‘snáth’ agus iad socraithe go comhthreomhar a bheag nó a mhór. |
Ciallaíonn ‘díláithriú gathach’ (2) díláithriú gathach in aon rothlú amháin den phríomhfhearsaid agus é á thomhas i bplána atá ingearach le hais na fearsaide ag pointe ar dhromchla imrothlach seachtrach nó inmheánach atá le tástáil (Tagairt: ISO 230-1:1986, mír 5.61).
Ciallaíonn ‘ráta samplaí’ i gcás Tiontaire ó Analógach go Digiteach (ADC) líon uasta na samplaí a thomhaistear, tráth an ionchuir analógaigh, thar thréimhse aon soicind amháin, ach amháin i gcás róshampláil ADCanna. I gcás róshampláil ADCanna, meastar gurb é atá sa ‘ráta samplaí’ a ráta ghiotánra aschuir. Féadfar tagairt do ‘ráta samplála’ freisin mar ráta samplála, arb iondúil go sonraítear é i Meigeashamplaí in Aghaidh an tSoicind (GSPS) i Gigeashamplaí in Aghaidh an tSoicind (GSPS), nó mar ráta tiontaithe, arb iondúil go sonraítear in Heirts (Hz) é.
Ciallaíonn ‘córas loingseoireachta satailíte’ (5 7) córas arb é atá ann stáisiúin talún, cnuasach satailítí, agus glacadóirí, lenar féidir suíomhanna glacadóirí a ríomh ar bhonn comharthaí a fhaightear ó na satailítí. Áirítear leis Córais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte (GNSS) agus Córais Réigiúnacha Loingseoireachta Satailíte (RNSS).
Ciallaíonn ‘fachtóir scála’ (gíreascóp nó méadar luasghéaraithe) (7) an t-athrú san aschur i gcóimheas leis an athrú san ionchur atá le tomhas. Go ginearálta, déantar fachtóir scála a mheas mar fhána líne dírí is féidir a chur in oiriúint, trí mhodh na n-íoschearnóg, do shonraí ionchuir-aschuir a fuarthas tríd an ionchur a athrú go timthriallach thar réimse an ionchuir.
Ciallaíonn ‘anailíseoirí comharthaí’ (3) fearas a bhfuil ar a chumas airíonna bunúsacha na gcomhpháirteanna minicíochta aonair atá mar chuid de chomharthaí ilmhinicíochta a thomhas agus a léiriú.
Ciallaíonn ‘comharthaí a phróiseáil’ (3 4 5 6) comharthaí a dhíorthaítear go seachtrach agus a bhfuil faisnéis iontu a phróiseáil le halgartaim amhail comhbhrú ama, scagadh, eastóscadh, roghnú, comhghaolú, conbhlóidiú, nó trasfhoirmiú idir fearainn (e.g. trasfhoirmiú Fourier tapa nó trasfhoirmiú Walsh).
Ciallaíonn ‘bogearraí’ (NGB Uile) cnuasach a bhfuil ‘clár’ nó ‘micreachlár’ amháin nó níos mó ann agus é nó iad fosaithe in aon mheán inláimhsithe sloinnte.
N.B. |
Is éard atá i gceist le ‘micreachlár’ seicheamh de bhuntreoracha, a choimeádtar i gcuimhne speisialta, agus a chuirtear i bhfeidhm nuair a chuirtear an treoir thagartha isteach i dtabhall treoracha. |
Is éard atá i gceist le ‘cód foinse’ (nó teanga fhoinseach) (6 7 9) sloinneadh áisiúil ar phróiseas amháin nó níos mó agus ar féidir le córas ríomhchlárúcháin é a thiontú go foirm trealamh-inrite (‘cód aidhme’ (nó teanga aidhme)).
Ciallaíonn ‘spásárthach’ (9) satailítí agus taiscéalaithe spáis, bídís gníomhach nó éighníomhach.
Ciallaíonn ‘bus spásárthaigh’ (9) trealamh a sholáthraíonn bonneagar tacaíochta an ‘spásárthaigh’ agus suíomh don ‘phálasta spásárthaigh’.
Ciallaíonn ‘pálasta spásárthaigh’ (9) trealamh, a cheanglaítear leis an ‘mbus spásárthaigh’, arna cheapadh chun misean a chur i gcrích sa spás (e.g. cumarsáid, breathnóireacht, eolaíocht).
Ciallaíonn ‘spáscháilithe’ (3 6 7) go bhfuil ítim deartha, monaraithe nó cáilithe trí thástáil ráthúil, lena hoibriú ag airde ar mó í ná 100 km os cionn dhromhcla an Domhain.
N.B. |
An cinneadh go bhfuil ítim shonrach ‘spáscháilithe’ de bhua a tástála, ní fhágann sin go bhfuil ítimí eile sa rith táirgeachta céanna nó sa tsraith samhla chéanna ‘spáscháilithe’ murar tástáladh ina gceann agus ina gceann iad. |
Ciallaíonn ‘ábhar inscaoilte speisialta’ (0) plútóiniam-239, úráiniam-233, ‘úráiniam atá saibhrithe in iseatóip 235 nó 233’, agus aon ábhar a bhfuil na nithe sin iontu.
Is ionann ‘modal sonrach’ (0 1 9) agus modal Young i bpascail, atá coibhéiseach le N/m2 arna roinnt ar mheáchan sonrach in N/m3, agus é á thomhas ag teocht (296 ± 2) K ((23 ± 2) °C) agus ag bogthaise choibhneasta (50 ± 5) %.
Is éard atá i gceist le ‘neart teanntachta sonrach’ (0 1 9) neart teanntachta deiridh i bpascail, atá coibhéiseach le N/m2 arna roinnt ar mheáchan sonrach in N/m3, agus é á thomhas ag teocht (296 ± 2) K ((23 ± 2) °C) agus ag bogthaise choibhneasta (50 ± 5)%.
Ciallaíonn ‘gíreascóip rothlaithe maise’ (7) gíreascóip a n-úsáidtear mais shíor-rothlach iontu chun gluaisne uilleach a bhrath.
Ciallaíonn ‘speictream leata’ (5) teicníc trína leatar fuinneamh atá i gcainéal cumarsáide ar de bhanda atá cúng go maith é ar speictream fuinnimh atá i bhfad níos leithne.
Radar ‘speictream-leata’ (6) - féach ‘Radar speictream-leata’.
Ciallaíonn ‘cobhsaíocht’ (7) an diall caighdeánach (1 sigme) de chomhathrú paraiméadair ar leith óna luach calabraithe, agus é á thomhas faoi dhálaí cobhsaí teochta. Féadtar é sin a shloinneadh mar fheidhm ama.
Ciallaíonn ‘Stáit ar/nach Páirtithe iad sa Choinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha’ (1) na stáit a bhfuil / nach bhfuil an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh, Stoc-Charnadh agus Úsáid Arm Ceimiceach i bhfeidhm iontu. (Féach www.opcw.org)
Sainítear leis an téarma ‘Modh Foistine’ (9) dálaí feidhmiúcháin an innill, nuair nach mbíonn aon luaineacht shuntasach ann ó thaobh pharaiméadair an innill de, amhail sá/cumhacht, rpm agus eile, agus nuair is seasmhach atá teocht an aeir chomhthimpeallaigh agus brú ionraon an innill.
Ciallaíonn ‘árthach fo-fhithiseach’ árthach ina bhfuil iniamh atá deartha chun daoine nó lasta a iompar, agus atá deartha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
a. |
Oibriú os cionn an strataisféir; |
b. |
Ruthag neamhfhithiseach a dhéanamh; agus |
c. |
Tuirlingt ar ais ar Domhan agus na daoine nó an lasta slán. |
Ciallaíonn ‘foshraith’ (3) leathán de bhunábhar, bíodh nó gréasán idirnaisc ann ná bíodh, ar féidir ‘comhpháirteanna scoite’ nó ciorcaid iomlánaithe a chur air nó isteach ann.
N.B.1. |
‘Comhpháirt scoite’: ‘eilimint ciorcaid’ a dhéantar a phacáistiú léi féin agus a bhfuil a naisc sheachtracha féin aici. |
N.B.2. |
‘Eilimint ciorcaid’: cuid fheidhmeach aonair de chiorcad leictreonach, bíodh sí gníomhach nó éighníomhach, mar shampla aon dé-óid amháin, aon trasraitheoir amháin, aon fhriotóir amháin, aon toilleoir amháin, etc. |
Ciallaíonn ‘crotáin foshraithe’ (3 6) comhdhúile monailiotacha a bhfuil toisí acu atá oiriúnach do tháirgeadh eilimintí optúla amhail scátháin nó fuinneoga optúla.
Is éard atá i gceist le ‘fo-aonad tocsaine’ (1) comhpháirt de ‘thocsain’ iomlán ar comhpháirt scoite é ó thaobh strúchtúir agus feidhme de.
Ciallaíonn ‘for-chóimhiotail’ (2 9) cóimhiotail de bhun nicile, cóbailt nó iarainn a bhfuil saolré réabtha struis acu is mó ná 1 000 uair ag 400 MPa agus a bhfuil neart teanntachta deiridh acu is mó ná 850 MPa, ag 922 K (649 °C) nó níos airde.
Ciallaíonn ‘forsheoltach’ (1 3 5 6 8) ábhair, i.e. miotail, cóimhiotail nó comhdhúile, ar féidir leo an fhriotaíocht leictreach ar fad a chailleadh, i.e. ar féidir leo seoltacht leictreach gan teorainn a shroicheadh agus ar féidir leo sruthanna an-mhór leictreachais a iompar gan téamh Joule.
N.B. |
Déantar staid ‘fhorsheoltach’ ábhair a shaintréithriú ar bhonn aonair le ‘teocht chriticiúil’, réimse maighnéadach criticiúil, ar feidhm é den teocht, agus dlús srutha criticiúil ar feidhm é, áfach, den réimse maighnéadach agus den teocht araon. |
Ciallaíonn ‘Léasar For-Ardchumhachta’ (‘SHPL’) (6) ‘léasar’ atá in ann fuinneamh aschurtha ar mó é ná 1 kJ a sheachadadh (an t-iomlán nó aon chuid de) laistigh de 50 ms nó a bhfuil meánchumhacht nó cumhacht CW aige ar mó í ná 20 kW.
Ciallaíonn ‘foirmiú sárphlaisteach’ (1 2) próiseas dífhoirmiúcháin ina mbaintear úsáid as teas do mhiotail arb é is príomhthréith dóibh luachanna ísle fadaithe (níos lú ná 20 %) a bheith acu ag an bpointe briste mar a chinntear é ag teocht an tseomra de réir ghnáth-thástáil an nirt inteannta, chun faduithe a bhaint amach le linn na próiseála, ar dhá oiread níos mó iad, ar a laghad, ná na luachanna sin.
Ciallaíonn ‘algartam siméadrach’ (5) algartam cripteagrafach ina n-úsáidtear an eochair chéanna don chriptiú agus don díchriptiú.
N.B. |
Gnáthúsáid amháin den ‘algartam siméadrach’ is ea an rúndacht sonraí. |
Is éard atá i ‘dtéip’ (1) ábhar a dhéantar as ‘monaifiliméid’, ‘duail’, ‘caisirníní’, ‘barrach’ nó ‘snáth’ etc., bídís crosfhite nó aontreoch, agus a dhéantar a réamhthuile de ghnáth le roisín.
N.B. |
Is burla de ‘mhonaifiliméid’ (de bhreis agus 200 de ghnáth) é ‘snáth’ agus iad socraithe go comhthreomhar a bheag nó a mhór. |
Ciallaíonn ‘teicneolaíocht’ (GTN NTN Uile) sainfhaisnéis atá riachtanach chun earraí a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. Is i bhfoirm ‘sonraí teicniúla’ nó i bhfoirm ‘cúnamh teicniúil’ a bhíonn an fhaisnéis sin.
N.B.1. |
D’fhéadfadh sé gur i bhfoirm treoracha, scileanna, oiliúna, eolas oibre agus seirbhísí comhairliúcháin a bheadh an ‘cúnamh teicniúil’ agus d’fhéadfadh sé freisin go mbeadh aistriú ‘sonraí teicniúla’ i gceist leis. |
N.B.2. |
D’fhéadfadh sé gur i bhfoirm treoirphleananna, pleananna, léaráidí, samhlacha, foirmlí, táblaí, dearaí agus sonraíochtaí innealtóireachta, lámhleabhar agus treoracha a bheadh na ‘sonraí teicniúla’ agus iad scríofa nó taifeadta ar mheáin eile nó ar ghairis eile amhail dioscaí, téipeanna agus cuimhní inléite amháin. |
Ciallaíonn ‘ciorcad iomlánaithe tríthoiseach’ (3) bailiúchán díslí leathsheoltóra nó cisil d’fheiste ghníomhach, arna n-iomlánú le chéile, agus ina bhfuil leathsheoltóir trína dtéann naisc a théann go hiomlán trí idirshuiteoir, foshraith, dísle nó ciseal chun idirnaisc idir cisil na feiste a bhunú. Is éard is idirshuiteoir ann comhéadan lena gcumasaítear naisc leictreacha.
Ciallaíonn ‘fearsaid chlaontach’ (2) fearsaid a bhfuil uirlis crochta uirthi agus a n-athraíonn suíomh uilleach lárlíne na fearsaide sin i leith ais eile le linn an phróisis meaisínithe.
Is ionann ‘amthairiseach’ (6) agus an t-am a ghlactar ón tráth a chuirtear spreagadh solais i bhfeidhm go dtí go mbaineann an incrimint reatha amach luach 1-1/e uair an luacha deiridh (i.e. 63 % den luach deiridh).
Is éard is ‘am go foistine’ ann (dá ngairtear freisin aga freagartha an mheá-mhéadair) an t-achar ama ar lena linn a laghdaítear éifeachtaí suaiteacha an luasghéaraithe de dheasca an chláir shoghluaiste (torann ardmhinicíochta).
Ciallaíonn ‘scriútaí rinne’ (9) comhpháirt fáinne sheasta (soladach nó deighilte) atá nasctha le dromchla laistigh chuasán an tuirbín innill nó gné ag barr lasmuigh lann an tuirbín, lena soláthraítear séala gáis idir na comhpháirteanna seasta agus na comhpháirteanna rothlacha.
Ciallaíonn ‘smacht iomlán eitilte’ (7) rialú uathoibríoch ar athróga staide ‘aerárthaigh’ agus ar chonaire eitilte ‘aerárthaigh’ chun spriocanna misin a bhaint amach agus athruithe fíor-ama i sonraí maidir le spriocanna, guaiseacha nó ‘aerárthaí’ eile á bhfreagairt.
Ciallaíonn ‘ráta iomlán an aistrithe dhigitigh’ (5) líon na ngiotán, lena n-áirítear giotáin an chódaithe línigh, na giotáin bhreise agus araile de réir an aonaid ama a théann idir an trealamh comhfhreagrach i gcóras tarchuir dhigitigh.
N.B. |
Féach freisin ‘ráta an aistrithe dhigitigh’. |
Is ionann ‘barrach’ (1) agus burla de ‘mhonafiliméid’ agus iad comhthreomhar a bheag nó a mhór de ghnáth.
Ciallaíonn ‘tocsainí’ (1 2) tocsainí i bhfoirm ullmhóidí nó meascán a leithlisíodh d’aon ghnó, gan beann ar an modh táirgthe, seachas tocsainí ar ann dóibh mar ábhair shalaithe in ábhair eile amhail eiseamail phaiteolaíocha, barra, bia-ábhar nó stoc síolta de ‘mhiocrorgánaigh’.
Ciallaíonn ‘intiúnta’ (6) cumas ‘léasair’ aschur leanúnach a tháirgeadh ar gach tonnfhad thar raon trasdulta ‘léasair’ éagsúla. Táirgíonn ‘léasar’ líne-inroghnaithe tonnfhaid scoite laistigh d’aon trasdul ‘léasair’ amháin agus ní mheastar é a bheith ‘intiúnta’.
Ciallaíonn ‘in-atrialltacht aontreoch aimsiúcháin suímh’ (2) an ceann is lú de na luachanna R↑ agus R↓ (ar aghaidh agus siar) d’ais meaisín-uirlise aonair, mar a shainítear in 3.21 de ISO 230-2:2014 nó a choibhéisí náisiúnta.
Ciallaíonn ‘aerfheithicil gan foireann’ (‘UAV’) (9) aon aerárthach atá in ann tús a chur le heitilt agus eitilt rialaithe agus loingseoireacht a choinneáil ar siúl gan aon fhoireann ann.
Ciallaíonn ‘úráiniam atá saibhrithe sna hiseatóip 235 nó 233’ (0) úráiniam ina bhfuil iseatóip 235 nó 233, nó an dá cheann díobh, agus iad i méideanna a fhágann gur mó an cóimheas líonmhaireachta de shuim an dá iseatóp sin le hiseatóp 238 ná cóimheas iseatóp 235 le hiseatóp 238 ar ann dó sa nádúr (cóimheas iseatóip 0,71 faoin gcéad).
Ciallaíonn ‘úsáid’ (GTN NTN Uile) oibriúchán, suiteáil (lena n-áirítear suiteáil ar an láthair oibre), cothabháil (seiceáil), deisiú, ollchóiriú agus athfheistiú.
Ciallaíonn ‘in-ríomhchláraitheacht atá inrochtana don úsáideoir’ (6) an tsaoráid lena gceadaítear don úsáideoir ‘cláir’ a chur isteach, a mhodhnú nó a athrú trí mhodhanna seachas:
a. |
Athrú fisiciúil sa sreangú nó sna hidirnaisc; nó |
b. |
Socrú na rialuithe feidhme lena n-áirítear cur isteach paraiméadar. |
Is éard atá i gceist le ‘vacsaín’ (1) táirge íocshláinte i bhfoirmiú cógaisíochta faoi cheadúnas ón údarás rialúcháin i dtír a tháirgthe nó i dtír a úsáide nó a bhfuil údarú chun triallacha margaidh nó cliniciúla faighte ina leith ón údarás sin, agus a ceapadh chun freagairt chosanta dhíonach a spreagadh i ndaoine nó in ainmhithe chun galar a chosc iontu siúd dá dtugtar é.
Ciallaíonn ‘feistí leictreonacha folúis’ (3) feistí leictreonacha atá bunaithe ar idirghníomhaíocht léis leictreoin le tonn leictreamaighnéadach a scaipeann i gciorcad folúis nó a idirghníomhaíonn le hathshonadóirí radamhinicíochta cuais folúis. Áirítear ar ‘feistí leictreonacha folúis’ cliostróin, feadáin toinne taistil, agus a gcuid díorthach.
Ciallaíonn ‘nochtadh leochaileachta’ (4) an próiseas trína ndéantar leochaileacht a shainaithint, a thuairisciú nó a chur in iúl do dhaoine aonair nó eagraíochtaí atá freagrach as feabhsúchán a dhéanamh nó a chomhordú chun an leochaileacht a réiteach, nó trína ndéantar anailís ar leochaileaccht leis na daoine aonair nó eagraíochtaí sin.
Ciallaíonn ‘snáth’ (1) burla de ‘dhuail’ atá casta ar a chéile.
N.B. |
Is burla de ‘mhonaifiliméid’ (de bhreis agus 200 de ghnáth) é ‘snáth’ agus iad socraithe go comhthreomhar a bheag nó a mhór. |
CUID II
Catagóir 0
CATAGÓIR 0 – ÁBHAIR NÚICLÉACHA, SAORÁIDÍ NÚICLÉACHA, AGUS TREALAMH NÚICLÉACH
0A
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
0A001
‘Imoibreoirí núicléacha’ agus trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe dóibh agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, mar a leanas:
a. |
‘Imoibreoirí núicléacha’; |
b. |
Soithí miotail, nó mórpháirteanna a dhéantar i gceardlann dóibh, lena n-áirítear ceann soithigh an imoibreora do bhrúshoitheach imoibreora, atá saindeartha nó sainullmhaithe chun glacadh le croí ‘imoibreora núicléach’; |
c. |
Trealamh láimhsithe atá saindeartha nó sainullmhaithe chun breosla a chur isteach nó a bhaint amach as ‘imoibreoir núicléach’; |
d. |
Riailmhaidí atá saindeartha nó sainullmhaithe chun an próiseas inscoilte a rialú in ‘imoibreoir núicléach’, bonneagair thacaíochta nó chrochta dóibh, meicníochtaí tiomána agus feadáin threoracha na maidí; |
e. |
Brúfheadáin atá saindeartha nó sainullmhaithe le go mbeidh siad in ann glacadh le heilimintí breosla agus leis an bpríomhfhuarthán in ‘imoibreoir núicléach’; |
f. |
Feadáin mhiotail siorcóniam nó feadáin chóimhiotail siorcóniam (nó cóimeálacha feadán) atá saindeartha nó sainullmhaithe lena n-úsáid mar chumhdach breosla in ‘imoibreoir núicléach’ agus i gcainníochtaí ar mó iad ná 10 kg;
|
g. |
Caidéil fuartháin nó athfhillirí atá saindeartha nó sainullmhaithe chun an príomhfhuarthán a imshruthú in ‘imoibreoirí núicléacha’; |
h. |
‘Feisteas inmheánach imoibreora núicléach’ atá saindeartha nó sainullmhaithe chun a úsáide in ‘imoibreoir núicléach’, lena n-áirítear colúin tacaíochta don chroí, cainéil bhreosla, feadáin calandria, sciatha teirmeacha, sciatha, plátaí greille croí agus plátaí réscaiptheacha; Nóta Teicniúil : In 0A001.h. ciallaíonn ‘feisteas inmheánach imoibreora núicléach’ aon bhonneagar mór laistigh de shoitheach imoibreora a bhfuil feidhm amháin nó níos mó aige ar nós tacaíocht a thabhairt don chroí, ailíniú breosla a chothabháil, sruth an phríomhfhuartháin a dhíriú, sciatha radaíochta a sholáthar do shoitheach an imoibreora agus ionstraimiú laistigh den chroí a threorú. |
i. |
Malartóirí teasa mar a leanas:
|
j. |
Brathadóirí neodrón atá saindeartha nó sainullmhaithe chun leibhéil flosca neodrón a thomhas laistigh de chroí ‘imoibreoir núicléach’; |
k. |
‘Sciatha teirmeacha seachtracha’ atá saindeartha nó sainullmhaithe chun a n-úsáide in ‘imoibreoir núicléach’ chun cailleadh teasa a laghdú agus chun an soitheach coimeádta a chosaint. Nóta Teicniúil : In 0A001.k. ciallaíonn ‘sciatha teirmeacha seachtracha’ mórstruchtúir a chuirtear anuas ar an soitheach imoibreora agus lena laghdaítear cailleadh teasa ón imoibreoir agus lena laghdaítear an teocht laistigh den soitheach coimeádta. |
0B
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
0B001
Gléasra chun iseatóip ‘úráiniam nádúrtha’, ‘úráiniam laghdaithe’ nó ‘ábhar inscaoilte speisialta’ a dheighilt, agus trealamh agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe lena n-aghaidh, mar a leanas:
a. |
Gléasra atá saindeartha chun iseatóip ‘úráiniam nádúrtha’, ‘úráiniam laghdaithe’ agus ‘ábhar inscoilte speisialta’ a dheighilt, mar a leanas:
|
b. |
Lártheifneoirí gáis agus cóimeálacha agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe don phróiseas deighilte le lártheifneoir gáis, mar a leanas: Nóta Teicniúil : In 0B001.b. ciallaíonn ‘ábhar le hardchóimheas neart-go-dlús’ aon cheann díobh seo a leanas:
|
c. |
Trealamh agus comhpháirteanna, atá saindeartha nó sainullmhaithe do phróiseas deighilte trí idirleathadh gásach, mar a leanas:
|
d. |
Trealamh agus comhpháirteanna, atá saindeartha nó sainullmhaithe do phróiseas deighilte aeraidinimiciúil, mar a leanas:
|
e. |
Trealamh agus comhpháirteanna, atá saindeartha nó sainullmhaithe do phróiseas deighilte trí mhalartú ceimiceach, mar a leanas:
|
f. |
Trealamh agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe do phróiseas deighilte trí mhalartú ian, mar a leanas:
|
g. |
Trealamh agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe do phróisis deighilte atá bunaithe ar léasar agus ina n-úsáidtear deighilt iseatóp trí ghal adamhach le léasar, mar a leanas:
|
h. |
Trealamh agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe do phróisis deighilte atá bunaithe ar léasar agus ina n-úsáidtear deighilt iseatóp trí ghal adamhach le léasar, mar a leanas:
|
i. |
Trealamh agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe do phróiseas deighilte plasma, mar a leanas:
|
j. |
Trealamh agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe do phróiseas scartha leictreamaighnéadach, mar a leanas:
|
0B002
Córais, trealamh nó comhpháirteanna cúntacha atá saindeartha nó sainullmhaithe, mar a leanas, do ghléasra um dheighilt iseatóp atá sonraithe in 0B001, atá déanta as ‘ábhair atá díonach ar chreimeadh ó UF6
’ nó atá faoi chosaint na n-ábhar sin:
a. |
Hidreachláibh fothaithe, oighinn nó córais a úsáidtear chun UF6 a chur chuig an bpróiseas saibhriúcháin; |
b. |
Dínéaltóirí nó fuarghaistí, a mbaintear úsáid astu chun UF6 a bhaint as an bpróiseas saibhriúcháin chun é a aistriú ar a théamh; |
c. |
Stáisiúin táirgí agus fuíll chun UF6 a aistriú isteach i ngabhdáin; |
d. |
Stáisiúin leachtaithe nó soladaithe a mbaintear úsáid astu chun UF6 a bhaint amach as an bpróiseas saibhriúcháin trí UF6 a chomhbhrú, a fhuarú agus a aistriú go foirm leachtach nó soladach; |
e. |
Córais píobánra agus córais ilseoladáin atá saindeartha nó sainullmhaithe chun UF6 a láimhseáil i gcascáidí an idirleata ghásaigh, i gcascáidí lártheifneora nó i gcascáidí aeraidinimicúla; |
f. |
Córais folúis agus caidéil mar a leanas:
|
g. |
Mais-speictriméadair UF6 nó foinsí ian a bhfuil sé ar a gcumas samplaí ar líne a thógáil ó shruthanna gáis UF6 agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
0B003
Gléasra do thiontú an úráiniam agus trealamh atá saindeartha agus sainullmhaithe lena aghaidh, mar a leanas:
a. |
Córais do thiontú tiúchán méine úráiniam go UO3; |
b. |
Córais chun UO3 a thiontú go UF6; |
c. |
Córais chun UO3 a thiontú go UO2; |
d. |
Córais chun UO2 a thiontú go UF4; |
e. |
Córais chun UF4 a thiontú go UF6; |
f. |
Córais chun UF4 a thiontú go miotal úráiniam; |
g. |
Córais chun UF6 a thiontú go UO2; |
h. |
Córais chun UF6 a thiontú go UF4; |
i. |
Córais chun UO2 a thiontú go UCl4; |
0B004
Gléasra do tháirgeadh nó do thiúchan tromuisce, deoitéiriam agus comhdhúl eile deoitéiriam agus trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe lena aghaidh, mar a leanas:
a. |
Gléasra do tháirgeadh tromuisce, do tháirgeadh deoitéiriam nó do tháirgeadh comhdhúl deoitéiriam, mar a leanas:
|
b. |
Trealamh agus comhpháirteanna, mar a leanas:
|
0B005
Gléasra atá saindeartha chun eilimintí breosla ‘imoibreora núicléach’ a mhonarú, agus trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe lena aghaidh.
Nóta Teicniúil :
Le trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe chun eilimintí breosla ‘imoibreora núicléach’ a mhonarú, áirítear trealamh:
1. |
A mbíonn teagmháil dhíreach de ghnáth aige le sreabh táirgthe na n-ábhar núicléach nó a mbaintear úsáid as chun an sreabh sin a phróiseáil nó a rialú go díreach; |
2. |
A mbaintear úsáid as chun na hábhair núicléacha a shéalú laistigh den chumhdach; |
3. |
A mbaintear úsáid as chun iomláine an chumhdaigh nó an tséala a sheiceáil; |
4. |
A mbaintear úsáid as chun cóireáil deiridh an bhreosla shéalaithe a sheiceáil; nó |
5. |
A úsáidtear chun eilimintí imoibreora a chóimeáil. |
0B006
Gléasra chun eilimintí ionradaithe breosla ‘imoibreora núicléach’ a athphróiseáil, agus trealamh agus comhpháirteanna atá saindeartha nó sainullmhaithe lena aghaidh.
Nóta : |
Áirítear le 0B006:
|
0B007
Gléasra chun plútóiniam a thiontú, agus trealamh atá saindeartha nó sainullmhaithe lena aghaidh, mar a leanas:
a. |
Córais chun níotráit de phlútóiniam a thiontú go hocsaíd; |
b. |
Córais chun miotal plútóiniam a tháirgeadh. |
0C
Ábhair
0C001
‘Úráiniam nádúrtha’ nó ‘úráiniam laghdaithe’ nó tóiriam i bhfoirm miotail, cóimhiotail, comhdhúil cheimiceach nó tiúcháin agus aon ábhar eile ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na nithe réamhluaite;
Nóta : |
Ní rialaítear le 0C001 iad seo a leanas:
|
0C002
‘Ábhair inscoilte speisialta’
Nóta : |
Ní rialaítear le 0C002 ceithre ‘ghram éifeachtacha’ nó níos lú ná sin nuair a choimeádtar iad i gcomhpháirt bhraiteach in ionstraimí. |
0C003
Deoitéiriam, tromuisce (ocsaíd deoitéiriam) agus comhdhúile eile deoitéiriam, agus meascáin agus tuaslagáin ina bhfaightear deoitéiriam, inar mó ná 1:5 000 an cóimheas iseatópach deoitéiriam le hidrigin.
0C004
Graifít ar mó a leibhéal íonachta ná cúig pháirt in aghaidh an mhilliúin de ‘choibhéis bóróin’ agus ar mó a dlús ná 1,50 g/cm3 lena húsáid in ‘imoibreoir núicléach’, i gcainníocht ar mó í ná 1 kg.
N.B. |
FÉACH 1C107 FREISIN. |
Nóta 1 : |
Chun críche rialaithe onnmhairiúcháin, cinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir bunaithe cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na honnmhairí graifíte a chomhlíonann na sonraíochtaí thuasluaite lena n-úsáid in ‘imoibreoir núicléach’. Ní rialaítear le 0C004 graifít ar mó a leibhéal íonachta ná 5 csm (codanna sa mhilliún) de ‘choibhéis bóróin’ agus ar mó a dlús ná 1,50 g/cm3 lena húsáid in ‘imoibreoir núicléach’. |
Nóta 2 : |
In 0C004, sainmhínítear ‘coibhéis bóróin’ (CB) mar shuim BEz d’eisíontais (seachas CBcarbón ós rud é nach meastar carbón mar eisíontas) lena n-áirítear bórón, sa chás seo a leanas:
BEZ (codanna sa mhillún (csm)) = CF × tiúchan de dhúil Z in csm;
agus inar σB agus σZ na trasghearrthacha gabhála neodrón teirmeach (i sciobóil) maidir le bórón a fhaightear go nádúrtha agus le dúil Z faoi seach; agus gur AB agus AZ an mhais adamhach de bhórón a fhaightear go nádúrtha agus de dhúil Z faoi seach. |
0C005
Comhdhúile nó púdair atá sainullmhaithe chun bacainní ar idirleathadh gásach a mhonarú, atá díonach ar chreimeadh UF6 (e.g. nicil nó cóimhiotail arb í nó iad nicil, ocsaíd alúmanaim nó polaiméirí hidreacarbóin lánfhluairínithe 60 % nó níos mó dá meáchan), arb é 99,9 % nó níos mó a n-íonacht de réir meáchain, agus ag a bhfuil méid cháithníneach ar lú í ná 10 μm arna thomhas le caighdeán ASTM B330 agus ag a bhfuil ardleibhéal aonfhoirmeachta maidir le méid na gcáithníní.
0D
Bogearraí
0D001
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun na hearraí atá sonraithe sa Chatagóir seo ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.
0E
Teicneolaíocht
0E001
‘Teicneolaíocht’ mar a shainítear sa Nóta maidir leis an Teicneolaíocht Núicléach chun na hearraí atá sonraithe sa Chatagóir seo ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.
CUID III
Catagóir 1
CATAGÓIR 1 – ÁBHAIR SPEISIALTA AGUS TREALAMH GAOLMHAR
1A
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
1A001
Comhpháirteanna atá déanta as comhdhúile fluairínithe, mar a leanas:
a. |
Séalaí, gaiscéid, séaltáin nó máilíní breosla, atá saindeartha chun a n-úsáide in ‘aerárthach’ nó san aeraspás, arb ionann iontu agus 50 % dá meáchan méid aon cheann de na hábhair atá sonraithe in 1C009.b. nó 1C009.c.; |
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
Ní úsáidtear. |
1A002
Struchtúir nó lannáin ‘chomhchodacha’, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN 1A202, 9A010 agus 9A110. |
a. |
Tá siad déanta as aon cheann díobh seo a leanas:
|
b. |
Déanta as ‘maitrís’ mhiotail nó carbóin, agus aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 1A002 struchtúir nó lannáin chomhchodacha atá déanta as ‘ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ charbóin atá tar éis a dtuilte le roisín eapocsach, chun struchtúir nó lannáin ‘aerárthaí sibhialta’ a dheisiú, agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le 1A002 earraí leathchríochnaithe, atá saindeartha d’fheidhmeanna sibhialtacha amháin, mar a leanas:
|
Nóta 3 : |
Ní rialaítear le 1A002.b.1. earraí leathchríochnaithe a bhfuil ar a mhéad dhá ghné d’fhiliméid fite iontu agus atá saindeartha d’fheidhmeanna mar a leanas:
|
Nóta 4 : |
Ní rialaítear le 1A002 earraí críochnaithe atá saindeartha d’fheidhm shonrach. |
Nóta 5 : |
Ní rialaítear le 1A002.b.1 ‘ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ charbóin atá mionghearrtha nó muilleáilte go meicniúil agus arb ionann an fad atá acu agus 25,0 mm nó ar lú ná sin é. |
1A003
Táirgí atá monaraithe as poilimídí aramatacha neamh-‘inchomhleáite’ i bhfoirm scannáin, leatháin, téipe nó ribín, agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
a. |
Tá tiús acu ar mó é ná 0,254 mm; nó |
b. |
Tá siad brataithe nó lannaithe le carbóin, le graifít, le miotail nó le substaintí maighnéadacha. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 1A003 táirgí atá brataithe nó lannaithe le copar, agus atá deartha chun cláir ciorcaid phriontáilte leictreonacha a tháirgeadh. |
N.B. |
Maidir le poilimídí aramatacha ‘in-chomhleáite’ i bhfoirm ar bith, féach 1C008.a.3. |
1A004
Trealamh cosanta agus braite agus a chomhpháirteanna nach bhfuil saindeartha le haghaidh úsáid mhíleata, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA, 2B351 AGUS 2B352. |
a. |
Maisc aghaidhe iomláine, scagcheanastair agus an trealamh dí-éillithe a bhaineann leo, atá deartha nó modhnaithe chun cosaint a thabhairt ar aon cheann de na nithe seo a leanas, agus na comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
Nóta Teicniúil : Chun críocha 1A004.a.:
|
b. |
Cultacha cosanta, lámhainní cosanta agus bróga cosanta, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun cosaint a thabhairt in aghaidh aon cheann díobh seo a leanas:
|
c. |
Córais bhraite, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun aon cheann díobh seo a leanas a bhrath nó a aithint, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
|
d. |
Trealamh leictreonach atá deartha chun iarmhar ‘pléascán’ a bhrath nó a aithint go huathoibríoch agus chun úsáid a bhaint as teicnící ‘braite rianta’ (e.g. tonn fhuaimiúil dromchla, speictriméadracht soghluaiseachta ian, speictriméadracht soghluaiseachta difreálaí, mais-speictriméadracht). Nóta Teicniúil : Sainmhínítear ‘brath rianta’ mar an cumas chun gail ar lú í ná 1 csm, nó soladach nó leacht 1 mg a bhrath.
|
Nótaí Teicniúla :
1. |
Áirítear le 1A004 trealamh agus comhpháirteanna a ainmníodh, ar éirigh leo caighdeáin náisiúnta a bhaint amach i dtástálacha nó ar léiríodh a n-éifeachtacht ar bhealach eile, chun ‘ábhair radaighníomhacha’, ‘oibreáin bhitheolaíocha’, oibreáin cogaíochta ceimicí, ‘ionsamhlaitheoirí’ nó ‘oibreáin smachtaithe círéibe’ a bhrath nó chun cosaint a thabhairt ina orthu, fiú má bhaintear úsáid as an trealamh nó as na comhpháirteanna sin i dtionscail shibhialta amhail mianadóireacht, cairéalú, talmhaíocht, cógaisíocht, liacht, tréidliacht, an comhshaol, bainistiú dramhaíola, nó i dtionscal an bhia. |
2. |
Is substaint nó ábhar é ‘ionsamhlaitheoir’ a mbaintear úsáid as in ionad oibreán tocsaineach (ceimiceach nó bitheolaíoch) in oiliúint, i dtaighde, i dtástáil nó i meastóireacht. |
3. |
Chun críocha 1A004, is éard is ‘ábhair radaighníomhacha’ ann na hábhair sin atá roghnaithe nó modhnaithe ionas gur éifeachtúla atá siad maidir le taismigh a dhéanamh de dhaoine nó d’ainmhithe, le trealamh a dhíghrádú nó damáiste a dhéanamh do bharra nó don chomhshaol. |
1A005
Armúr coirp agus comhpháirteanna lena aghaidh, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN NA RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA. |
a. |
Armúr bog coirp nach bhfuil monaraithe go caighdeáin mhíleata ná go sonraíochtaí míleata, ná a gcoibhéisí, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh; |
b. |
Plátaí armúir chrua coirp a thugann cosaint bhalaistíoch arb ionann í agus leibhéal IIIA (NIJ 0101.06, Iúil 2008) nó ‘caighdeáin choibhéiseacha’, nó atá faoi bhun an leibhéil nó na gcaighdeán sin. |
N.B. |
Féach 1C010 le haghaidh ‘ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ a úsáidtear chun armúr coirp a mhonarú. |
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 1A005 armúr coirp nuair is in éineacht lena n-úsáideoir atá sé ar mhaithe le cosaint phearsanta an úsáideora. |
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le 1A005 armúr coirp atá deartha chun cosaint tosaigh amháin a thabhairt ar bhloghanna agus ar phléascanna araon a thagann ó ghairis phléascacha neamh-mhíleata. |
Nóta 3 : |
Ní rialaítear le 1A005 armúr coirp atá deartha chun cosaint a thabhairt ar thráma ó scian, spíce, snáthaid nó uirlis mhaol. |
1A006
Trealamh, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun Gairis Phléascacha Seiftithe (IEDanna) a dhiúscairt, mar a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH FREISIN NA RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA. |
a. |
Feithiclí cianoibrithe; |
b. |
‘Suaiteoirí’ |
Nóta Teicniúil :
Chun críocha 1A006.b: is feistí iad ‘suaiteoirí’ atá saindeartha chun cosc a chur ar fheidhmiú gairis phléascaigh trí dhiúracán leachta, soladach nó sobhriste a theilgean.
Nóta : |
Ní rialaítear le 1A006 trealamh nuair is lena oibreoir atá sé. |
1A007
Trealamh agus feistí, atá saindeartha chun lánáin agus gléasanna a bhfuil ‘ábhair fuinneamhachais’ iontu a thionscnamh, trí mhodhanna leictreacha, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA, 3A229 AGUS 3A232. |
a. |
Gléasanna lámhachta do mhaidhmitheoirí pléascacha atá deartha chun na maidhmitheoirí pléascacha atá sonraithe in 1A007.b. a thiomáint; |
b. |
Maidhmitheoirí pléascacha a thiomáintear go leictreach mar a leanas:
|
Nótaí Teicniúla :
1. |
Baintear úsáid uaireanta as an bhfocal ‘tionscnóir’ nó ‘adhainteoir’ in ionad an fhocail ‘maidhmitheoir’. |
2. |
Chun críocha 1A007.b., bainfidh na maidhmitheoirí ábhartha ar fad úsáid as seoltóir beag leictreach (droichead, sreang droichid, nó scragall) a ghalaíonn go pléascach nuair a chuirtear bíog ardsrutha leictreach ghasta tríd. I maidhmitheoirí eile nach bioráin lámhaigh iad, cuireann an seoltóir pléascach tús le madhmadh ceimiceach in ábhar teagmhála ardphléascach ar nós PETN (peinti-eiritríotóilteitriníotráit). I maidhmitheoirí a bhfuil biorán lámhaigh iontu, le galú pléascach an tseoltóra leictrigh, tiomáintear biorán lámhaigh trí bhearna, agus cuirtear tús le madhmadh ceimiceach le himbhualadh an bhioráin lámhaigh in aghaidh an phléascaigh. I ndearaí áirithe, déantar an biorán lámhaigh a thiomáint le fórsa maighnéadach. I ndearaí áirithe, déantar an biorán lámhaigh a thiomáint le fórsa maighnéadach. |
1A008
Lánáin, feistí agus comhpháirteanna, mar a leanas:
a. |
‘Lánáin mhúnlaithe’ ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
b. |
Lánáin ghéara i gcruth líneach ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
|
c. |
Corda maidhmitheach a bhfuil ualach pléascach lárnach aige ar mó é ná 64 g/m; |
d. |
Gearrthóirí, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 1A008.b., agus uirlisí gearrtha, a bhfuil Glanchainníocht Phléascach (GCP) acu ar mó í ná 3,5 kg. |
Nóta Teicniúil :
Is lánáin phléascacha iad ‘lánáin mhúnlaithe’ atá múnlaithe chun éifeachtaí an tséidte phléascaigh a dhíriú.
1A102
Comhpháirteanna carbón-carbóin pirealaithe agus athsháithithe atá deartha le haghaidh feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó i roicéid sondála atá sonraithe in 9A104.
1A202
Struchtúir chomhchodacha, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 1A002, atá i bhfoirm feadán, agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
N.B. |
FÉACH FREISIN 9A010 AGUS 9A110. |
a. |
Tá trasthomhas inmheánach acu atá idir 75 mm agus 400 mm; agus |
b. |
Tá siad déanta as aon cheann de na ‘hábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ atá sonraithe in 1C010.a. nó b. nó in 1C210.a. nó as na hábhair charbóin réamhthuilte atá sonraithe in 1C210.c. |
1A225
Catalaígh phlatanaithe atá saindeartha nó sainullmhaithe chun an t-imoibriú malartaithe hidrigin-iseatóp a chur chun cinn idir hidrigin agus uisce chun tritiam a fháil ar ais ó thromuisce nó chun tromuisce a tháirgeadh.
1A226
Sainphacálacha a bhféadfar úsáid a bhaint astu chun tromuisce a dheighilt ó ghnáthuisce agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
a. |
Tá siad déanta as mogall cré-umha fosfair atá cóireáilte go ceimiceach le hinfhliuchtacht a fheabhsú; agus |
b. |
Tá siad deartha lena n-úsáid i dtúir don driogaireacht folúis. |
1A227
Fuinneoga sciata ard-dlúis (gloine luaidhe nó eile) radaíochta ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus frámaí atá saindeartha lena n-aghaidh:
a. |
Tá ‘achar fuar’ acu ar mó é ná 0,09 m2; |
b. |
Tá dlús acu ar mó é ná 3 g/cm3; agus |
c. |
Tá siad 100 mm nó níos mó ar tiús. |
Nóta Teicniúil :
In 1A227, ciallaíonn an téarma ‘achar fuar’ an t-achar féachana den fhuinneog a nochtar don leibhéal is ísle radaíochta san fheidhmchlár deartha.
1B
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
1B001
Trealamh chun na struchtúir nó na lannáin ‘chomhchodacha’ atá sonraithe in 1A002 nó chun na ‘hábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ atá sonraithe in 1C010 a tháirgeadh nó a iniúchadh mar a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH FREISIN 1B101 AGUS 1B201. |
a. |
Innill tochraiste filiméad, ina bhfuil an ghluaisne a bhaineann le snáithíní a shuí, a chumhdach agus a thochras á gcomhordú agus á ríomhchlárú i dtrí cinn nó níos mó d’aiseanna ‘seirbheashuite príomhúla’, agus atá saindeartha chun struchtúir nó lannáin ‘chomhchodacha’ a mhonarú as ‘ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’; |
b. |
Innill leagtha téipe, ina bhfuil an ghluaisne a bhaineann le téip nó leatháin a shuí agus a leagan á gcomhordú agus á ríomhchlárú i gcúig cinn nó níos mó d’aiseanna ‘seirbheashuite príomhúla’, agus atá saindeartha chun struchtúir ‘chomhchodacha’ d’aerfhrámaí nó de ‘dhiúracáin’ a mhonarú.
Nóta Teicniúil : Chun críocha 1B001.b., tá sé ar chumas ‘inneall leagtha téipe’ ‘banda filiméad’ amháin nó níos mó a leagan atá teoranta do leithead ar mó ná 25,4 mm é nó iad agus ar lú ná 304,8 mm é nó iad, nó arb ionann leis sin é nó iad, agus cúrsaí ‘banda filiméad’ aonair a ghearradh agus a atosú le linn phróiseas an leagtha. |
c. |
Innill iltreocha iltoiseacha fíodóireachta nó crosfhite, lena n-áirítear cuibheoirí agus fearais mhodhnaithe, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun snáithíní a fhí, a chrosfhí nó a thrilsiú, do struchtúir ‘chomhchodacha’; Nóta Teicniúil : Chun críocha 1B001.c., áirítear cniotáil le teicníc na crosfhí. |
d. |
Trealamh atá saindeartha nó curtha in oiriúint go speisialta chun snáithíní atreisiúcháin a tháirgeadh, mar a leanas:
|
e. |
Trealamh chun an t-ábhar réamhthuilte atá sonraithe in 1C010.e. a tháirgeadh trí mhodh an chomhleáite the; |
f. |
Trealamh iniúchta neamhlotmhar atá saindeartha d’ábhair ‘chomhchodacha’, mar a leanas:
|
g. |
‘Innill curtha na mbarrach, a bhfuil an ghluaisne a bhaineann le barraigh a shuí agus a leagan comhordaithe agus ríomhchláraithe in dhá cheann nó níos mó d’aiseanna ‘seirbheashuite príomhúla’, agus atá saindeartha chun struchtúir ‘chomhchodacha’ d’aerfhrámaí nó de dhiúracáin a mhonarú. Nóta Teicniúil : Chun críocha 1B001.g., tá sé ar chumas ‘innill curtha na mbarrach’ ‘banda filiméad’ amháin nó níos mó a chur ag a bhfuil leithead is lú ná 25,4 mm nó arb ionann leis sin é, agus cúrsaí ‘banda filiméad’ aonair a ghearradh agus a atosú le linn phróiseas an churtha. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Chun críocha 1B001, le haiseanna ‘seirbheashuite príomhúla’, rialaítear, faoi threoir ríomhchláir, suíomh an éifeachtóra deiridh (i.e an ceann) sa spás i ndáil leis an saotharphíosa ag an treoshuíomh ceart agus sa treo ceart chun an próiseas inmhianaithe a bhaint amach. |
2. |
Chun críocha 1B001, is éard is ‘banda filiméad’ ann aon leithead leanúnach amháin de théip, de bharrach nó de shnáithín atá tuilte go hiomlán nó i bpáirt le roisín. Áirítear ar ‘bhandaí filiméad’ atá tuilte go hiomlán nó i bpáirt le roisín iad sin atá brataithe le púdar tirim a chreimneálann ar a dtéamh. |
1B002
Trealamh atá deartha chun púdar cóimhiotal nó ábhair cháithníneacha a tháirgeadh, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Tá siad saindeartha chun éilliú a sheachaint; agus |
b. |
Tá siad saindeartha lena n-úsáid i gceann amháin nó níos mó de na próisis atá sonraithe in 1C002.c.2. |
N.B. |
FÉACH 1B102 FREISIN. |
1B003
Uirlisí, díslí, múnlaí nó daingneáin do ‘fhoirmiú sárphlaisteach’ nó do ‘nascáil idirleata’ tíotáiniam, alúmanaim nó a gcóimhiotal, atá saindeartha chun aon cheann díobh seo a leanas a mhonarú:
a. |
Struchtúir d’aerfhrámaí nó struchtúir aeraspáis; |
b. |
Innill ‘aerárthaí’ nó aeraspáis: nó |
c. |
Comhpháirteanna atá saindeartha do struchtúir atá sonraithe in 1B003.a. nó d’innill a shonraítear in 1B003.b. |
1B101
Trealamh, seachas an trealamh atá sonraithe in 1B001, chun comhchodaigh struchtúracha ‘a tháirgeadh’, mar a leanas; agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH 1B201 FREISIN. |
Nóta : |
Le comhpháirteanna agus gabhálais atá sonraithe in 1B101, áirítear múnlaí, mandrailí, díslí, daingneáin agus uirlisiú chun fáscadh, leasú, múnlú, sintéarú agus nascadh réamhfhoirmithe a dhéanamh ar struchtúir chomhchodacha agus ar na lannáin agus ar na táirgí a mhonaraítear astu. |
a. |
Innill tochraiste filiméad nó innill churtha snáithíní, ina bhfuil an ghluaisne a bhaineann le snáithíní a shuí, a chumhdach agus a thochras á gcomhordú agus á ríomhchlárú i dtrí cinn nó níos mó d’aiseanna, atá deartha chun struchtúir chomhchodacha nó lannáin chomhchodacha a dhéanamh as ‘ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’, agus na rialuithe comhordúcháin agus ríomhchláraithe; |
b. |
Innill leagtha téipe, ina bhfuil an ghluaisne a bhaineann le téip nó leatháin a shuí agus a leagan síos á gcomhordú agus á ríomhchlárú in dhá cheann nó níos mó d’aiseanna, atá deartha chun struchtúir chomhchodacha d’aerfhrámaí nó de ‘dhiúracáin’ a mhonarú; |
c. |
Trealamh atá deartha nó modhnaithe chun ‘ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’‘a tháirgeadh’, mar a leanas:
|
d. |
Trealamh atá deartha nó modhnaithe chun cóireáil speisialta a dhéanamh ar dhromchla na snáithíní nó chun na réamhthuiltí agus na réamhfhoirmeacha atá sonraithe in iontráil 9C110 a tháirgeadh.
|
1B102
‘Trealamh táirgeachta’ do phúdar miotail, seachas an trealamh atá sonraithe in 1B002, agus a chomhpháirteanna, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 1B115.b FREISIN. |
a. |
‘Trealamh táirgeachta’ do phúdar miotail atá inúsáidte chun na hábhair sféarúla, sféaróideacha nó adamhaithe atá sonraithe in 1C011.a., in 1C011.b., 1C111.a.1., 1C111.a.1., 1C111.a.2. nó sna Rialuithe maidir le hEarraí Míleata, ‘a tháirgeadh’ i dtimpeallacht rialaithe. |
b. |
Comhpháirteanna atá saindeartha do ‘threalamh táirgeachta’ atá sonraithe in 1B002 nó in 1B102.a. |
Nóta : |
Áirítear le 1B102:
|
1B115
Trealamh, seachas an trealamh atá sonraithe in 1B002 nó in 1B102, chun tiomántáin agus comhchodaigh tiomántán a tháirgeadh, mar a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena aghaidh:
a. |
‘Trealamh táirgeachta’ chun tiomántáin leachtacha nó comhchodaigh tiomántán ‘a tháirgeadh’, a láimhseáil nó chun tástáil inghlacthachta a dhéanamh orthu, ar tiomántáin nó comhchodaigh iad atá sonraithe in 1C011.a., in 1C011.b., in 1C111 nó sna Rialuithe maidir le hEarraí Míleata; |
b. |
‘Trealamh táirgeachta’ chun tiomántáin sholadacha nó comhchodaigh tiomántán ‘a tháirgeadh’, a láimhseáil, a mheascadh, a leasú, a mhúnlú, a fháscadh, a mheaisíniú nó a easbhrú, nó chun tástáil inghlacthachta a dhéanamh orthu, ar tiomántáin nó comhchodaigh iad atá sonraithe in 1C011.a., in 1C011.b., in 1C111 nó sna Rialuithe maidir le hEarraí Míleata.
|
Nóta 1 : |
Do threalamh atá saindeartha chun táirgí míleata a tháirgeadh, féach na Rialuithe maidir le hEarraí Míleata. |
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le 1B115 trealamh chun cairbíd bhóróin ‘a tháirgeadh’ agus a láimhseáil ná chun tástáil inghlacthachta a dhéanamh uirthi. |
1B116
Soic atá saindeartha chun ábhair a dhíorthaítear go pirealaíoch a tháirgeadh, ábhair a fhoirmítear i múnla, ar mhandrail nó ar fhoshraith eile ó gháis réamhtheachtacha a lobhann sa raon teochta 1 573 K (1 300 °C) go 3 173 K (2 900 °C) ag brúnna de 130 Pa go 20 kPa.
1B117
Baiscmheascthóirí ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
a. |
Tá siad deartha nó modhnaithe chun meascadh a dhéanamh faoi fholús i raon nialas go 13,316 kPa; |
b. |
Tá ar a gcumas teocht an chuasáin meascacháin a rialú; |
c. |
Tá toilleadh toirtmhéadrach de 110 lítear nó níos mó acu; agus |
d. |
Tá ‘seafta meascacháin/fuinte’ amháin ar a laghad suite go haslárnach iontu. |
Nóta : |
In 1B117.d., ní thagraíonn an téarma ‘seafta meascacháin/fuinte’ do dhícheirtleánaitheoirí ná d’fhearsaidí sceana. |
1B118
Meascthóirí leanúnacha ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
a. |
Tá siad deartha nó modhnaithe chun meascadh a dhéanamh faoi fholús i raon nialas go 13,316 kPa; |
b. |
Tá ar a gcumas teocht an chuasáin meascacháin a rialú; |
c. |
is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
1B119
Muilte fuinnimh shreabhánaigh a bhféadfar iad a úsáid chun substaintí atá sonraithe in 1C011.a., in 1C011.b., in 1C111 nó sna Rialuithe maidir le hEarraí Míleata, a mheilt nó a mhuilleáil, agus na comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.
1B201
Innill tochraiste filiméad, seachas na cinn atá sonraithe in 1B001 nó in 1B101, agus aon trealamh gaolmhar, mar a leanas:
a. |
Innill tochraiste filiméad ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
b. |
Rialuithe comhordúcháin agus ríomhchláraithe do na hinnill tochraiste filiméad atá sonraithe in 1B201.a.; |
c. |
Beachtmhandrailí do na hinnill tochraiste filiméad atá sonraithe in 1B201.a. |
1B225
Cealla leictrealaíocha chun fluairín a tháirgeadh a bhfuil acmhainn táirgteachta acu is mó ná 250 g de fhluairín san uair.
1B226
Deighilteoirí leictreamaighnéadacha iseatóp atá deartha le haghaidh ianfhoinsí aonair nó ianfhoinsí iolracha a bhfuil ar a gcumas léas-sruth ianach iomlán 50 mA nó níos mó a sholáthar, nó deighilteoirí leictreamaighnéadacha iseatóp atá feistithe lena samhail d’ianfhoinsí.
Nóta : |
Le 1B226, áirítear deighilteoirí:
|
1B228
Colúin driogaireachta chrióigineacha hidrigine ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Tá siad deartha chun feidhmiú ag teocht inmheánach 35 K (– 238 °C) nó níos lú; |
b. |
Tá siad deartha chun feidhmiú ag brú inmheánach 0,5 go 5 MPa; |
c. |
Tá siad déanta as:
|
d. |
Tá trastomhais inmheánacha 30 cm nó níos mó acu agus ‘fad éifeachtach’ 4 m nó níos mó acu. |
Nóta Teicniúil :
In 1B228, ciallaíonn ‘fad éifeachtach’ airde ghníomhach an ábhair pacála i gcolún de chineál pacáilte, nó airde ghníomhach na bplátaí teagmhála inmheánacha i gcolún de chineál pláta.
1B230
Caidéil a bhfuil ar a gcumas tuaslagáin de chatalaíoch aimíde potaisiam, bíodh sé tiubhaithe nó caol, a chur i gcúrsaíocht i leacht amóinia (KNH2/NH3), agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Tá siad aerdhíonach (i.e. séalaithe go heirméiteach); |
b. |
Tá toilleadh acu ar mó é ná 8,5 m3/h; agus |
c. |
Ar fíor ina leith ceachtar díobh seo a leanas:
|
1B231
Saoráidí nó gléasra don tritiam, nó an trealamh lena n-aghaidh, mar a leanas:
a. |
Saoráidí nó gléasra chun tritiam a tháirgeadh, a fháil ar ais, a eastóscadh, a thiúchan nó a láimhseáil; |
b. |
Trealamh do shaoráidí nó do ghléasra do thritiam, mar a leanas:
|
1B232
Turbafhorbróirí nó tacair chun turbafhorbróirí-comhbhrúiteoirí a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
a. |
Tá siad deartha chun feidhmiú ag teocht asraoin de 35 K (– 238 °C) nó níos lú; agus |
b. |
Tá siad deartha chun tréchur gáis hidrigine 1 000 kg/san uair nó níos mó a bheith acu. |
1B233
Saoráidí nó gléasra deighilte iseatóp litiam, agus an trealamh lena n-aghaidh, mar a leanas:
a. |
Saoráidí nó gléasra chun iseatóip litiam a dheighilt; |
b. |
Trealamh chun iseatóip litiam a dheighilt bunaithe ar an bpróiseas malgaim litiam-mearcair, mar a leanas:
|
c. |
Córais um malartú ian atá saindeartha chun iseatóip litiam a dheighilt, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh; |
d. |
Córais um malartú ceimiceán (lena n-úsáidtear éitir chorónacha, crioptanna, nó éitir chorónacha taobhcheangail), atá saindeartha chun iseatóip litiam a dheighilt, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh. |
1B234
Soithí, cuasáin agus gabhdáin srianta tréanphléascáin, agus feistí srianta cosúil leo atá deartha le haghaidh tástáil tréanphléascán agus gaireas pléascach agus a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
N.B. |
FÉACH FREISIN NA RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA. |
a. |
Tá siad deartha chun pléascadh a shrianadh ina iomláine arb ionann é agus 2 kg de TNT nó níos mó; agus |
b. |
Tá acu eilimintí nó gnéithe deartha lena gcumasaítear faisnéis dhiagnóiseach nó tomhais a aistriú i bhfíor-am nó le haga moille. |
1B235
Cóimeálacha sprice agus comhpháirteanna do tháirgeadh tritiam, mar a leanas:
a. |
Cóimeálacha sprice atá déanta as litiam atá saibhrithe in iseatóp litiam-6, nó ina bhfuil litiam atá saibhrithe in iseatóp litiam-6, ar cóimeálacha sprice iad atá saindeartha chun tritiam a tháirgeadh trí ionradaíocht, lena n-áirítear iad a chur isteach in imoibreoir núicléach; |
b. |
Comhpháirteanna atá saindeartha do na cóimeálacha sprice atá sonraithe in 1B235.a. |
Nóta Teicniúil :
Féadfar a áireamh ar chomhpháirteanna atá saindeartha do chóimeálacha sprice chun tritiam a tháirgeadh piollairí litiam, faighteoirí tritiam, agus cumhdaigh shainbhrataithe.
1C
Ábhair
Nóta Teicniúil :
Miotail agus Cóimhiotail: Mura bhforáiltear dá mhalairt, cumhdófar leis na focail ‘miotail’ agus ‘cóimhiotail’ in 1C001 agus in 1C012 amhfhoirmeacha agus foirmeacha leathdhéanta, mar a leanas: |
Amhfhoirmeacha: Anóidí, liathróidí, barraí (lena n-áirítear barraí eangaithe agus barraí sreinge), billéid, bloic, blúmáin, brící, toirtíní, catóid, criostail, ciúbanna, díslí, gráinní, gráinníní, tinní, cnapáin, piollairí, muca, púdar, rondelles, grán, leaca, slugaí, spúinse, bataí; |
Foirmeacha leathdhéanta (bídís brataithe, plátáilte, druileáilte nó pollta nó ná bídís):
Níor cheart go sárófaí cuspóir an rialaithe le heasportáil na bhfoirmeacha neamhliostaithe a ndeirtear gur táirgí críochnaithe iad ach ar amhfhoirmeacha nó foirmeacha leathdhéanta iad i ndáiríre. |
1C001
Ábhair atá saindeartha chun radaíocht leictreamaighnéadach, nó polaiméirí seoltacha iontu féin, a ionsú mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 1C101 FREISIN. |
a. |
Ábhair chun minicíochtaí ar mó iad ná 2 × 108 Hz ach ar lú iad ná 3 × 1012 Hz a ionsú;
|
b. |
Ábhair nach bhfuil trédhearcach do sholas infheicthe agus atá saindeartha chun radaíocht neas-infridhearg a bhfuil tonnfhad níos mó ná 810 nm ach níos lú ná 2 000 nm (minicíochtaí níos mó ná 150 THz ach níos lú ná 370 THz) aici a ionsú;
|
c. |
Ábhair pholaiméireacha is seoltóirí iontu féin a bhfuil ‘bulcsheoltacht leictreach’ acu ar mó í ná 10 000 S/m (Símin in aghaidh an mhéadair) nó ‘friotachas leatháin (dromchla)’ ar lú é ná 100 óm/cearnóg, bunaithe ar cheann ar bith de na polaiméirí seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Ba cheart ‘bulcsheoltacht leictreach’ agus ‘friotachas leatháin (dromchla)’ a chinneadh trí úsáid a bhaint as ASTM D-257 nó as a choibhéis náisiúnta. |
1C002
Cóimhiotail, púdar cóimhiotail, agus ábhair chóimhiotalacha, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 1C202 FREISIN. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C002 cóimhiotail, púdar cóimhiotail, ná ábhair chóimhiotalacha, sainfhoirmlithe chun críoch brataithe. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Is iad na cóimhiotail in 1C002 na cinn a bhfuil céatadán níos airde de réir meáchain iontu den mhiotal atá luaite i gcomparáid le haon dúil eile. |
2. |
Ba cheart ‘saolré réabtha struis’ a thomhas i gcomhréir le caighdeán E-139 ASTM nó lena choibhéisí náisiúnta. |
3. |
Ba cheart ‘saolré strustuirse ar thimthriall íseal’ a thomhas i gcomhréir le caighdeán E-606 ASTM ‘An Cleachtas Molta do Thástáil ar Thimthriall Íseal Buanaimplitiúide Strustuirse’ nó i gcomhréir lena choibhéisí náisiúnta. Ba cheart gur tástáil aiseach a dhéanfaí ina mbeadh an meánchóimheas struis cothrom le 1 agus an toisc dhlúthaithe struis (Kt) cothrom le 1. Sainmhínítear an cóimheas meánstruis mar an t-uas-strus lúide an t-íos-strus roinnte ar an uas-strus. |
a. |
‘Alúmainídí’, mar seo a leanas:
|
b. |
Cóimhiotail, mar a leanas, atá déanta as an bpúdar nó as an ábhar cáithníneach atá sonraithe in 1C002.c.:
|
c. |
Púdar cóimhiotail nó ábhar cáithníneach ar fíor ina leith na tréithe uile seo a leanas:
|
d. |
Ábhair chóimhiotalacha ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
1C003
Miotail mhaignéadacha, de gach cineál agus foirm, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
a. |
Tá tréscaoilteacht choibhneasta tosaigh 120 000 nó níos mó acu agus tiús 0,05 mm nó níos lú ná sin acu; Nóta Teicniúil : Ní mór an tréscaoilteacht tosaigh a thomhas ar ábhair atá go hiomlán ainnéalta. |
b. |
Is cóimhiotail mhaighnéadstraidhneacha iad ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
c. |
Stiallacha cóimhiotalacha dímhorfacha nó ‘nanaichriostalta’, ar fíor ina leith na tréithe uile seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Is iad na hábhair ‘nanaichriostalta’ in 1C003.c. na hábhair a bhfuil gránmhéid criostail 50 nm nó níos lú acu, arna cinneadh le díraonadh x-ghathach. |
1C004
Cóimhiotail tíotáiniam úráiniam nó cóimhiotail tungstain a bhfuil ‘maitrís’ acu atá bunaithe ar iarann, ar nicil nó ar chopar, agus ar fíor ina leith na tréithe uile seo a leanas:
a. |
Tá dlús os cionn 17,5 g/cm3 acu; |
b. |
Tá teorainn leaisteach os cionn 880 MPa acu; |
c. |
Tá neart teanntachta deiridh os cionn 1 270 MPa acu; agus |
d. |
Tá fadú os cionn 8 % acu. |
1C005
Seoltóirí ‘forsheoltachta’
‘comhchodacha’ atá níos mó ná 100 m ar a bhfad nó a bhfuil mais os cionn 100 g acu, mar a leanas:
a. |
Seoltóirí ‘forsheoltacha’‘comhchodacha’ a bhfuil ‘filiméid’ tíotáiniam-niaibiam iontu, agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
b. |
Seoltóirí ‘forsheoltacha’‘comhchodacha’ arb é atá iontu ‘filiméad’‘forsheoltach’ amháin nó níos mó, seachas tíotáiniam-niaibiam, agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
c. |
Seoltóirí ‘forsheoltacha’‘comhchodacha’ arb é atá iontu ‘filiméad’‘forsheoltach’ amháin nó níos mó a bhíonn fós ‘forsheoltach’ os cionn 115 K (–158,16 °C). |
Nóta Teicniúil :
Chun críoch 1C005, féadfaidh ‘filiméid’ a bheith i bhfoirm sreinge, sorcóra, scannáin, téipe nó ribín.
1C006
Sreabháin agus ábhair bhealaithe, mar a leanas:
a. |
Ní úsáidtear; |
b. |
Ábhair bhealaithe ina bhfuil, mar príomh-chomhábhair, éitear nó tiai-éitear feiniléine nó ailcilfeiniléine, nó meascáin díobh, a bhfuil níos mó ná dhá fheidhm éitir nó tiai-éitir nó meascáin díobh iontu; |
c. |
Sreabháin mhaolúcháin nó snámhachta ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
d. |
Srebháin fluaracarbóin atá deartha d’fhuarú leictreonach agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
1C007
Púdair cheirmeacha, ábhair ‘chomhchodacha’
‘maitríse’ ceirmí agus ‘ábhair réamhtheachtacha’, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 1C107 FREISIN. |
a. |
Púdair cheirmeacha débhóiríde tíotáiniam (TiB2) (CAS 12045-63-5) a bhfuil eisíontais mhiotalacha iomlána acu, gan méideanna breise beartaithe a chur san áireamh, ar lú iad ná 5 000 csm, arb ionann meánmhéid an cháithnín iontu agus 5 μm nó inar lú ná sin í, agus nach mó ná 10 % líon na gcáithníní iontu ar mó iad ná 10 μm; |
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
Ábháir ‘chomhchodacha’‘maitríse’ ceirmí mar a leanas:
|
d. |
Ní úsáidtear; |
e. |
‘Ábhair réamhtheachtacha’ atá saindeartha le haghaidh ‘tháirgeadh’ na n-ábhar atá sonraithe in 1C007.c, mar a leanas:
|
f. |
Ní úsáidtear. |
Nóta Teicniúil :
Chun críocha 1C007, is ábhair shainchuspóireacha pholaiméireacha nó mhiotalacha-orgánacha iad ‘ábhair réamhtheachtacha’ a úsáidtear chun cairbíd sileacain, nítríd sileacain, nó ceirmigh ina bhfuil sileacan, carbón nó nítrigin ‘a tháirgeadh’.
1C008
Substaintí polaiméireacha neamhfhluairínithe, mar a leanas:
a. |
Imídí, mar a leanas:
|
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
Ní úsáidtear; |
d. |
Céatóin pholairléineacha |
e. |
Suilfídí polairléineacha, i gcás inar dépheinléin, trípheinléin nó inar cumasc de na substsaintí sin é an grúpa airléineach; |
f. |
Polaidéfheiniléitearsulfón a bhfuil ‘teocht thrasdultach ghloine (Tg)’ aige ar mó í ná 563 K (290 °C). |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Cinntear ‘teocht thrasdultach ghloine (Tg)’ d’ábhair theirmeaplaisteacha 1C008.a.2, d’ábhair atá sonraithe in 1C008.a.4. agus in 1C008.f. agus úsáid á baint as an modh a bhfuil cur síos air in ISO 11357-2:1999 nó as a choibhéisí náisiúnta |
2. |
Cinntear ‘teocht thrasdultach ghloine (Tg)’ d’ábhair theirmithéachtacha 1C008.a.2 agus d’ábhair atá sonraithe in 1C008.a.3. agus úsáid á baint as modh na lúibe 3 phointe a bhfuil cur síos air in ASTM D 7028-07 nó as an gcaighdeán náisiúnta coibhéiseach. Tá an tástáil le déanamh agus úsáid á baint as eiseamal tástála tirime a bhfuil ar a laghad íosmhéid 90 % sa chéim leasaithe mar atá sonraithe in ASTM E 2160-04 nó caighdeán náisiúnta coibhéiseach bainte amach aige, agus a leasaíodh agus úsáid á baint as an teanglaim de phróisis ghnáthleasaithe agus iarleasaithe a thugann an Tg is airde. |
1C009
Comhdhúile fluairínithe neamhphróiseáilte, mar a leanas:
a. |
Ní úsáidtear; |
b. |
Poilimidí fluairínithe a bhfuil 10 % nó níos mó d’fhluairín cuingrithe iontu de réir meáchain; |
c. |
Leaistiméirí fosfaiséine fluarínithe a bhfuil 30 % nó níos mó d’fhluairín cuingrithe iontu de réir meáchain. |
1C010
‘Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN 1C210 AGUS 9C110. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Chun ‘neart teanntachta sonrach’, ‘modal sonrach’ nó meáchan sonrach ‘ábhar snáithíneach nó filiméadach’ in 1C010.a., 1C010.b., 1C010.c. nó 1C010.e.1.b. a ríomh, ba cheart an neart teanntachta agus an modal a chinneadh agus úsáid á baint as Modh A a bhfuil cur síos air in ISO 10618:(2004) nó a choibhéisí náisiúnta. |
2. |
Tá an measúnú ar ‘neart teanntachta sonrach’, ar ‘mhodal sonrach’ nó ar mheáchan sonrach ‘ábhar snáithíneach nó filiméadach’ neamh-aontreoch (e.g. fabraicí, mataí randamacha agus bréideanna randamacha) in 1C010 le bunú ar airíonna meicniúla na n-aonfhiliméad aontreoch a chomhdhéanann iad (e.g. aonfhiliméid, snáth, caisirníní, barraigh) roimh a bpróiseáil ina ‘n-ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ neamh-aontreocha. |
a. |
‘Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ orgánacha ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
b. |
‘Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ charbóin ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
c. |
Ábhair ‘shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ neamhorgánacha ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
d. |
Ábhair ‘shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nóta Teicniúil : ‘Cumasctha’ is ea snáithíní teirmeaplaisteacha agus snáithíní atreisiúcháin a chumasc filiméad go filiméad, ionas go ndéanfaí meascán ‘maitríse’ de shnáithín atreisiúcháin i bhfoirm a bheadh go hiomlán snáithíneach. |
e. |
‘Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ atá tuilte le roisín go hiomlán nó go páirteach nó atá tuilte le pic (réamhthuilte), ‘ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ mhiotail nó charbón-bhrataithe (réamhfhoirmeacha) nó ‘réamhfhoirmeacha snáithíní carbóin’, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
1C011
Miotail agus comhdhúile, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA AGUS 1C111. |
a. |
Miotail ar lú méid a gcáithníní ná 60 μm, bídís sféarúil, adamhaithe, sféaróideach, calógach nó meilte, agus iad monaraithe as ábhair arb é 99 % nó níos mó ná sin dá bhfuil iontu siorcóiniam, maignéisiam agus a gcóimhiotail; Nóta Teicniúil : Déantar cion nádúrtha an haifniam sa siorcóiniam (idir 2 % agus 7 % de ghnáth) a áireamh leis an siorcóiniam.
|
b. |
Bórón nó cóimhiotail bhóróin arb ionann méid a gcáithníní agus 60 μm nó ar lú ná sin í;
|
c. |
Níotráit guainídín (CAS 506-93-4); |
d. |
Nítreaguainidín (NQ) (CAS 556-88-7). |
N.B. |
Féach freisin Rialuithe maidir le hEarraí Míleata do phúdair mhiotail a mheasctar le substaintí eile chun meascán a dhéanamh chun críoch míleata. |
1C012
Na hábhair seo a leanas:
Nóta Teicniúil :
Úsáidtear na hábhair seo de ghnáth mar fhoinsí teasa núicléach.
a. |
Plútóiniam in aon fhoirm, ar mó ná 50 % de réir meáchain a mheasúnacht iseatópach plútóiniam-238;
|
b. |
Neiptiúiniam-237 ‘arna dheighilt cheana féin’ in aon fhoirm.
|
1C101
Ábhair agus feistí d’inbhraitigh laghdaithe amhail frithchaiteacht radair, sínithe ultraivialaite/infridhearga agus sínithe fuaimiúla, seachas iad siúd atá sonraithe in 1C001, agus iad inúsáidte i ‘ndiúracáin’, i bhfochórais ‘diúracán’ nó sna haerárthaí gan foireann atá sonraithe in 9A012 nó 9A112.a.
Nóta 1 : |
Áirítear le 1C101:
|
Nóta 2 : |
Ní áirítear le 1C101, bratuithe nuair a úsáidtear go speisialta iad chun satailítí a rialú go teirmeach. |
Nóta Teicniúil :
In 9B105, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
1C102
Ábhair charbóncharbóin pirealaithe agus athsháithithe atá deartha do na feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004, nó do na roicéid sondála atá sonraithe in 9A104.
1C107
Graifít agus ábhair cheirmeacha, seachas iad siúd atá sonraithe in IC007, mar a leanas:
a. |
Graifítí mínghráinní a bhfuil dlús toirte 1,72 g/cm3 nó níos mó ná sin acu, agus é á thomhas ag 288 K (15 C), agus a bhfuil méid gráinneach 100 μm nó níos lú ná sin acu, iad inúsáidte do shoic diúracán agus do reanna sróine feithiclí athiontrála, ar féidir iad a mheaisíniú chun aon cheann de na táirgí seo a leanas a tháirgeadh:
|
b. |
Graifítí treisithe pirealaíocha nó snáithíneacha, agus iad inúsáidte do shoic diúracán agus do reanna sróine feithiclí athiontrála atá inúsáidte i ‘ndiúracáin”’, sna feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó sna roicéid sondála atá sonraithe in 9A104;
|
c. |
Ábhair chomhchodacha cheirmeacha (tairiseach tréleictreach is lú ná 6 ag aon mhinicíocht ó 100 MHz go 100 GHz) lena n-úsáid i gcóin radair atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’, sna feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó sna roicéid sondála dá dtagraítear in 9A104; |
d. |
Ceirmeach treisithe cairbíde sileacain neamhloiscthe agus inmheaisínithe i mbulc, atá inúsáidte do reanna sróine atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’, i bhfeithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó sna roicéid sondála atá sonraithe in 9A104; |
e. |
Comhchodaigh cheirmeacha threisithe cairbíde sileacain, atá inúsáidte do reanna sróine, d’fheithiclí athiontrála agus do fhlapaí soic atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’, sna feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó sna roicéid sondála atá sonraithe in 9A104; |
f. |
Ábhair chomhchodacha cheirmeacha agus inmheaisínithe i mbulc ina bhfuil maitrís ‘Cheirmigh ag a bhfuil Teocht Ultra-Ard (UHTC)’ agus leáphointe arb ionann é agus 3 000 °C nó níos mó aici agus atá treisithe le snáithíní nó filiméid, atá inúsáidte do chomhchodanna diúracáin (amhail reanna sróine, feithiclí athiontrála, imill tosaigh, scairdeití, dromchlaí rialaithe nó ionsaiteáin scóige de mhótar roicéid) i ‘ndiúracáin’, i bhfeithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó sna roicéid sondála atá sonraithe in 9A104 nó i ‘ndiúracháin’.
Nóta Teicniúil 1 : In 1C107.f. is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km. Nóta Teicniúil 2 : Áirítear le ‘Ceirmigh ag a bhfuil Teocht Ultra-Ard (UHTC)’ an méid seo a leanas:
|
1C111
Tiomántáin agus ceimiceáin ar cuid de thiomántán iad, seachas na ceimiceáin atá sonraithe in 1C011, mar a leanas:
a. |
Substaintí tiomántacha:
|
b. |
Substaintí polaiméireacha:
|
c. |
Breiseáin agus oibreáin thiomántacha eile:
|
d. |
‘Tiomántáin ghlóthacha’, seachas na tiomántáin atá sonraithe sna Rialuithe maidir le hEarraí Míleata, sainfhoirmlithe d’úsáid i ‘ndiúracáin’. Nótaí Teicniúla :
|
Nóta : |
Maidir le tiomántáin agus ceimiceáin ar cuid de thiomántáin iad agus nach bhfuil sonraithe in 1C111, féach na Rialuithe maidir le hEarraí Míleata. |
1C116
Cruacha aoischruaite mártainsíteacha, atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH 1C216 FREISIN. |
a. |
Is ionann an neart teanntachta deiridh, arna thomhas ag 293 K (20 °C), agus na luachanna seo a leanas, nó is mó ná iad sin é:
|
b. |
In aon cheann de na foirmeacha seo a leanas atá sí:
|
Nóta Teicniúil 1 :
Cóimhiotal iarainn is ea na cruacha aoischruaite mártainsíteacha:
1. |
Ar gnách gurb iad a bpríomhthréithe cion ard nicile, cion an-íseal carbóin agus dúile ionadúla nó deascáin a úsáid chun neartú agus cruachan de réir aoise a bhaint amach; agus |
2. |
A ndeachaigh ciogail cóireála teasa orthu chun an próiseas trasfhoirmithe mhártainsítigh (céim an tuaslagáin ainnéalta) a éascú agus a ndearnadh aois-chruachan orthu ina dhiaidh sin (céim an deascaidh chruaite). |
Nóta Teicniúil 2 :
In 9B105, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
1C117
Ábhair chun comhpháirteanna ‘diúracán’ a mhonarú, mar a leanas:
a. |
Tungstan agus cóimhiotail i bhfoirm cháithníneach a bhfuil cion tungstain iontu de 97 % nó ar mó é ná sin de réir meáchain agus méid na gcáithníní iontu arb ionann í agus 50 × 10–6 m (50 μm) nó ar lú í ná sin; |
b. |
Molaibdéineam agus cóimhiotail i bhfoirm cháithníneach a bhfuil cion molaibdéinim iontu de 97 % nó ar mó é ná sin de réir meáchain agus méid na gcáithníní iontu arb ionann í agus 50 × 10–6 m (50 μm) nó ar lú í ná sin; |
c. |
Ábhair thungstain ar fíor ina léith gach ceann díobh seo a leanas:
|
Nóta Teicniúil :
In 9B105, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
1C118
Cruach dhosmálta dhéphléascach tíotáiniam-chobhsaithe (Ti-DSS) ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Is fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
|
b. |
Is in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas atá sí:
|
1C202
Cóimhiotail, seachas na cóimhiotail atá sonraithe in 1C002.b.3. nó .b.4., mar a leanas:
a. |
Cóimhiotail alúmanaim ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas:
|
b. |
Cóimhiotail tíotáiniam ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas:
|
Nóta Teicniúil :
Leis an bhfrása ‘in ann’, cuimsítear cóimhiotail roimh a gcóireáil teasa nó ina diaidh.
1C210
‘Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ nó réamhthuilte, seachas iad siúd atá sonraithe in 1C010.a., b. nó e., mar a leanas:
a. |
‘Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ charbóin nó araimíde ar fíor ina leith aon cheann den dá shaintréith seo a leanas:
|
b. |
‘Ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ ghloine ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas:
|
c. |
‘Snáth’, ‘caisirníní’, ‘barraigh’ nó ‘téipeanna’, iad leanúnach agus tuilte le roisín teirmithéachta agus a bhfuil leithead 15 mm nó níos lú acu (réamhthuilte) agus atá déanta as ‘ábhair shnáithíneacha nó fhiliméadacha’ charbóin nó ghloine atá sonraithe in 1C210.a. nó b. Nóta Teicniúil : Is leis an roisín a fhoirmítear maitrís an chomhchodaigh.
|
1C216
Cruach mártainsíte, seachas iad sin atá sonraithe in 1C116, a bhfuil ‘ar a gcumas’ neart teanntachta deiridh a bheith acu arb ionann é agus 1 950 MPa nó ar mó ná sin é, ag 293 K (20 °C).
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C216 na foirmeacha ina bhfuil na toisí líneacha uile 75 mm nó níos lú. |
Nóta Teicniúil :
Leis an bhfrása cruach aoischruaite mhártainsíteach a bhfuil ‘ar a gcumas’, cuimsítear cruach aoischruaite mhártainsíteach roimh an gcóireáil teasa nó ina diaidh.
1C225
Bórón atá saibhrithe san iseatóp bórón-10 (10B) go leibhéal atá níos airde ná an fhliúrse iseatópach is dual dó, mar a leanas: bórón eiliminteach, comhdhúile, meascáin ina bhfuil bórón, earraí a mhonaraítear astu, dramhaíl nó fuíoll d’aon cheann dá bhfuil réamhráite.
Nóta : |
In 1C225 áirítear le meascáin ina bhfuil bórón ábhair atá bórón-luchtaithe. |
Nóta Teicniúil :
Is isteach is amach le 18,5 % den mheáchan (20 faoin gcéad den luach adamhach) atá an fhliúirse iseatópach nádúrtha is dual do bhórón-10.
1C226
Tungstan, cairbíd tungstain, agus cóimhiotail a bhfuil níos mó ná 90 % de thungstan iontu de réir meáchain, seachas iad siúd atá sonraithe in 1C117, ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas:
a. |
Is i bhfoirmeacha a bhfuil siméadracht shorcóireach chuasach acu atá siad (lena n-áirítear teascáin shorchóireacha) agus a bhfuil trastomhas inmheánach acu atá idir 100 mm agus 300 mm; agus |
b. |
Tá mais acu ar mó í ná 20 kg; |
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C226 earraí monaraithe atá saindeartha mar mheáchain ná mar chomhlínitheoirí gáma-gha. |
1C227
Cailciam ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas:
a. |
Tá níos lú ná 1 000 csm de réir meáchain d’eisíontais mhiotalacha eile seachas maignéisiam ann; agus |
b. |
Tá cion níos lú ná 10 csm de réir meáchain de bhórón ann. |
1C228
Maignéisiam ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas:
a. |
Tá níos lú ná 200 csm de réir meáchain d’eisíontais mhiotalacha eile seachas cailciam ann; agus |
b. |
Tá cion níos lú ná 10 csm de réir meáchain de bhórón ann. |
1C229
Biosmat ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas:
a. |
Tá íonacht aige arb ionann é agus 99,99 % de réir meáchain nó ar mó é ná sin; agus |
b. |
Tá cion níos lú ná 10 csm de réir meáchain d’airgead ann. |
1C230
Miotal beirilliam, cóimhiotail ina bhfuil níos mó ná 50 % de bheirilliam de réir meáchain, comhdhúile beirilliam, earraí a mhonaraítear astu, agus dramhaíl nó fuíoll d’aon cheann dá bhfuil réamhráite, seachas iad siúd atá sonraithe sna Rialuithe Maidir le hEarraí Míleata.
N.B. |
FÉACH FREISIN NA RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C230 iad seo a leanas:
|
1C231
Miotal haifniam, cóimhiotail a bhfuil níos mó ná 60 % de haifniam iontu de réir meáchain, comhdhúile haifniam a bhfuil níos mó ná 60 % de haifniam de meáchain iontu, táirgí a mhonaraítear astu, agus dramhaíl nó fuíoll d’aon cheann dá bhfuil réamhráite.
1C232
Héiliam-3 (3He), meascáin a bhfuil héliam-3 iontu, agus táirgí nó feistí a bhfuil aon cheann dá bhfuil réamhráite iontu.
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C232 táirge nó feiste a bhfuil níos lú ná 1 g de héliam-3 ann. |
1C233
Litiam atá saibhrithe san iseatóp litiam-6 (6Li) go leibhéal atá níos airde ná an fhliúrse iseatópach nádúrtha is dual dó, agus táirgí nó feistí a bhfuil litiam saibhrithe iontu, mar a leanas: litiam eiliminteach, cóimhiotail, comhdhúile, meascáin a bhfuil litiam iontu, táirgí a mhonaraítear astu, dramhaíl nó fuíoll d’aon cheann dá bhfuil réamhráite.
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C233 dáileogmhéadair theirmealonracha. |
Nóta Teicniúil :
Is isteach is amach le 6,5 % den mheáchan (7,5 faoin gcéad den luach adamhach) atá an fhliúirse iseatópach nádúrtha is dual do litiam-6.
1C234
Siorcóiniam a bhfuil cion haifniam ann ar lú é ná páirt amháin haifniam in aghaidh 500 páirt siorcóiniam de réir meáchain, mar a leanas: miotal, cóimhiotail a bhfuil níos mó ná 50 % de shiorcóiniam de réir meáchain iontu, comhdhúile, táirgí a mhonaraítear astu, agus dramhaíl nó fuíoll d’aon cheann dá bhfuil réamhráite, seachas na cinn atá sonraithe in 0A001.f.
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C234 siorcóiniam i bhfoirm scragaill arb ionann a thiús agus 0,10 mm nó ar lú ná sin é. |
1C235
Tritiam, comhdhúile tritiam, meascáin a bhfuil tritiam iontu inar mó an cóimheas idir na hadaimh tritiam in aghaidh hidrigine ná aon pháirt i 1 000, agus táirgí agus feistí a bhfuil aon cheann dá bhfuil réamhluaite iontu.
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C235 táirge ná feiste a bhfuil níos lú ná 1,48 × 103 GBq (40 Ci) de thritiam ann. |
1C236
‘Radanúiclídí’ atá oiriúnach chun foinsí neodrón a dhéanamh bunaithe ar imoibriú alfa-n, seachas na cinn atá sonraithe in 0C001 agus 1C012.a., sna foirmeacha seo a leanas:
a. |
Eiliminteach; |
b. |
Comhdhúile a bhfuil gníomhaíocht iomlán 37 GBq/kg (1 Ci/kg) nó níos mó acu; |
c. |
Meascáin a bhfuil gníomhaíocht iomlán acu de 37 GBq/kg (1 Ci/kg) nó níos mó; |
d. |
Táirgí nó feistí a bhfuil aon cheann dá bhfuil réamhluaite iontu. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C236 táirge nó feiste a bhfuil níos lú ná 3,7 GBq (100 milliciúire) de ghníomhaíocht iontu. |
Nóta Teicniúil :
In 1C236, is ‘radanúiclídí’ aon cheann de na nithe seo a leanas:
— |
Achtainiam-225 (225Ac) |
— |
Achtainiam-227 (227Ac) |
— |
Calafoirniam-253 (253Cf) |
— |
Ciúiriam-240 (240Cm) |
— |
Ciúiriam-241 (241Cm) |
— |
Ciúiriam-242 (242Cm) |
— |
Ciúiriam-243 (243Cm) |
— |
Ciúiriam-244 (244Cm) |
— |
Éinstéiniam-253 (253Es) |
— |
Éinstéiniam-254 (254Es) |
— |
Gadailiniam-148 (148Gd) |
— |
Plútóiniam-236 (236Pu) |
— |
Plútóiniam-238 (238Pu) |
— |
Polóiniam-208 ( 208Po) |
— |
Polóiniam-209 (209Po) |
— |
Polóiniam-210 (210Po) |
— |
Raidiam-223 (223Ra) |
— |
Tóiriam-227 (227Th) |
— |
Tóiriam-228 (228Th) |
— |
Úráiniam-230 (230U) |
— |
Úráiniam-232 (232U) |
1C237
Raidiam-226 (226Ra), cóimhiotail raidiam-226, cumaisc raidiam-226, meascáin a bhfuil radiam-226 iontu, earraí atá monaraithe astu, agus táirgí agus feistí a bhfuil aon cheann dá bhfuil réamhráite iontu.
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C237 iad seo a leanas:
|
1C238
Trífhluairíd chlóirín (ClF3).
1C239
Tréanphléascáin, cé is moite díobh siúd atá sonraithe sna Rialuithe maidir le hEarraí Míleata, nó substaintí nó meascáin a bhfuil níos mó ná 2 % de thréanphléascáin de réir meáchain iontu, agus a bhfuil dlús criostail acu ar mó é ná 1,8 g/cm3 agus a bhfuil luas madhmtha acu ar mó é ná 8 000 m/s.
1C240
Púdar nicile agus miotal póiriúil nicile, seachas iad siúd atá sonraithe in 0C005, mar a leanas:
a. |
Púdar nicile a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas aige:
|
b. |
Miotal póiriúil nicile atá déanta as ábhair atá sonraithe in 1C240.a. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 1C240 iad seo a leanas:
|
Nóta Teicniúil :
Le 1C240.b, tagraítear do mhiotal póiriúil a fhoirmítear trí na hábhair in IC240.a a chumasc agus a shintéarú chun ábhar miotalach a fhoirmiú a bhfuil póireanna míne idirnasctha tríd an struchtúr ann.
1C241
Réiniam agus cóimhiotail a bhfuil 90 % nó níos mó de réiniam iontu de réir meáchain; agus cóimhiotail réiniam agus tungstain a bhfuil 90 % nó níos mó d’aon mheascán de réiniam agus de thungstan de réir meáchain iontu, seachas na cinn sin atá sonraithe in 1C226, a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
a. |
Is i bhfoirmeacha a bhfuil siméadracht shorcóireach chuasach acu atá siad (lena n-áirítear teascáin shorchóireacha) agus a bhfuil trastomhas inmheánach acu idir 100 mm agus 300 mm; agus |
b. |
Tá mais acu ar mó í ná 20 kg; |
1C350
Ceimiceáin a fhéadtar a úsáid mar réamhtheachtaithe d’oibreáin cheimiceacha thocsaineacha, mar a leanas, agus ‘meascáin cheimiceacha’ ina bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh seo:
N.B. |
FÉACH FREISIN RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA AGUS 1C450. |
1. |
Tiaidhéghliocól (CAS 111-48-8); |
2. |
Ocsaclóiríd fosfair (CAS 10025-87-3); |
3. |
Meitiolfosfónáit démheitile (CAS 756-79-6); |
4. |
FÉACH FREISIN RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA i dtaca le Défhluairíd fosfóinile meitile (CAS 676-99-3); |
5. |
Déchlóiríd fosfóinile meitile (CAS 676-97-1); |
6. |
Foisfít démheitile (DMP) (868-85-9); |
7. |
Tríchlóiríd fosfair (CAS 7719-12-2); |
8. |
Foisfít trímheitile (TMP) (CAS 121-45-9); |
9. |
Clóiríd tiainile (CAS 7719-09-7); |
10. |
3-Hiodrocsa-1-meitilphipiridín (CAS 3554-74-3); |
11. |
Clóiríd N,N-Dé-íseapróipil-(béite)-aimíneitile (CAS 96-79-7); |
12. |
Tiól N,N-Dé-íseapróipil-(béite)-amíneatáin (CAS 5842-07-9); |
13. |
3-Cuiniclidineol (CAS 1619-34-7); |
14. |
Fluairíd photaisiam (CAS 7789-23-3); |
15. |
2-Clóireatánól (CAS 107-07-3); |
16. |
Démheitiolaimín (CAS 124-40-3); |
17. |
Eitiolfosfonáit dé-eitile (CAS 78-38-6); |
18. |
N,N-démheitiolfosfaraimíodáit dé-eitile (CAS 2404-03-7); |
19. |
Foisfít dé-eitile (CAS 762-04-9); |
20. |
Hidreaclóiríd démheitiolaimín (CAS 506-59-2); |
21. |
Déchlóiríd foisfíonail eitile (CAS 1498-40-4); |
22. |
Déchlóiríd foisfíonail eitile (CAS 1066-50-8); |
23. |
FÉACH FREISIN RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA i dtaca le Défhluairíd fosfóinile eitile (CAS 753-98-0); |
24. |
Fluairíd hidrigine (CAS 7664-39-3); |
25. |
Beinsíoláit mheitile (CAS 76-89-1); |
26. |
Déchlóiríd foisfíonail meitile (CAS 676-83-5); |
27. |
Eatánól N,N-Dé-iseapróipil-(béite)-aimín (CAS 96-80-0); |
28. |
Alcól pineacóilile (CAS 464-07-3); |
29. |
FÉACH RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA i dtaca le Meitiolfosfóinít O-eitile O-2-dé-íseapróipiolaimíneitile (QL) (CAS 57856-11-8); |
30. |
Foisfít trí-eitile (CAS 122-52-1); |
31. |
Tríchlóiríd arsanaice (CAS 7784-34-1); |
32. |
Aigéad beinsíleach (CAS 76-93-7); |
33. |
Meitiolfosfóinít dé-eitile (CAS 15715-41-0); |
34. |
Eitiolfosfónáit démheitile (CAS 6163-75-3); |
35. |
Défhluairíd foisfíonail eitile (CAS 430-7844); |
36. |
Défhluairíd foisfíonail meitile (CAS 753-59-3); |
37. |
3-Cuinicliodón (CAS 3731-38-2); |
38. |
Peinteaclóiríd fosfair (CAS 10026-13-8); |
39. |
Pineacolón (CAS 75-97-8); |
40. |
Ciainíd photaisiam (CAS 151-50-8); |
41. |
Défhluairíd photaisiam (CAS 7789-29-9); |
42. |
Fluairíd hidrigine amóiniam nó défhluairíd amóiniam (CAS 1341-49-7); |
43. |
Fluairíd sóidiam (CAS 7681-49-4); |
44. |
Défhluairíd sóidiam (CAS 1333-83-1); |
45. |
Ciainíd sóidiam (CAS 143-33-9); |
46. |
Trí-eatánólaimín (CAS 102-71-6); |
47. |
Peinteasuilfíd fosfair (CAS 1314-80-3); |
48. |
Dé-iseapróipiolaimín (CAS 108-18-9); |
49. |
Dé-eitiolaimíneatánól (CAS 100-37-8); |
50. |
Suilfíd sóidiam (CAS 1313-82-2); |
51. |
Monaclóiríd sulfair (CAS 10025-67-9); |
52. |
Déchlóiríd sulfair (CAS 10545-99-0); |
53. |
Hidreaclóiríd trí-eatánólaimín (CAS 637-39-8); |
54. |
Hidreaclóiríd N,N-dé-iseapróipil-(béite)-aimíneitile clóiríde (CAS 4261-68-1); |
55. |
Aigéad meitiolfosfónáite (CAS 993-13-5); |
56. |
Meitiolfosfónáite dé-eitile (CAS 683-08-9); |
57. |
Déchlóiríd N,N-démheitiolaimíneafosfaraile (CAS 677-43-0); |
58. |
Foisfít trí-iseaprópaile (CAS 116-17-6); |
59. |
Eitildé-eatánólaimín (CAS 139-87-7); |
60. |
Fosfaraitiáit O,O-dé-eitile (CAS 2465-65-8); |
61. |
Fosfaraidéthiáit O,O-dé-eitile (CAS 298-06-6); |
62. |
Heicseafluaraisileacáit sóidiam (CAS 16893-85-9); |
63. |
Déchlóiríd mheitiolfosfónaitiac (CAS 676-98-2); |
64. |
Dé-eitiolaimín (CAS 109-89-7); |
65. |
Hidreaclóiríd N,N-dé-iseapróipilaimíoneatántióil (CAS 41480-75-5) |
66. |
Déchlórafosfáit meitile (CAS 677-24-7); |
67. |
Déchlórafosfáit eitile (CAS 1498-51-7); |
68. |
Défhluarafosfáit mheitile (CAS 22382-13-4); |
69. |
Défhluarafosfáit eitile (CAS 460-52-6); |
70. |
Clórafoisfít dé-eitile (CAS 589-57-1); |
71. |
Clórafluarafosfáit mheitile (CAS 754-01-8); |
72. |
Clórafluarafosfáit eitile (CAS 762-77-6); |
73. |
N,N-Dé-meitiolformaimidín (CAS 44205-42-7); |
74. |
N,N-Dé-eiliolformaimidín (CAS 90324-67-7); |
75. |
N,N-Déphróipilformaimidín (CAS 48044-20-8); |
76. |
N,N-Dé-iseapróipilformaimidín (CAS 857522-08-8); |
77. |
N,N-Démheitiolaicéataimidín (CAS 2909-14-0); |
78. |
N,N-Dé-eitiolaicéataimidín (CAS 14277-06-6); |
79. |
N,N-Déphróipilaicéataimidín (CAS 1339586-99-0); |
80. |
N,N-Démheitiolprópánaimidín (CAS 56776-14-8); |
81. |
N,N-Dé-eitiolprópánaimidín (CAS 84764-73-8); |
82. |
N,N-Déphróipilprópánaimidín (CAS 1341496-89-6); |
83. |
N,N-Démheitiolbútanaimidín (CAS 1340437-35-5); |
84. |
N,N-Dé-eitiolbútanaimidín (CAS 53510-30-8); |
85. |
N,N-Déphróipilbútanaimidín (CAS 1342422-35-8); |
86. |
N,N-Dé-iseapróipilbútanaimidín (CAS 1315467-17-4); |
87. |
N,N-Démheitiliseabútanaimidín (CAS 321881-25-8); |
88. |
N,N-Dé-eitiliseabútanaimidín (CAS 1342789-47-2); |
89. |
N,N-Déphróipiliseabútanaimidín (CAS 1342700-45-1); |
Nóta 1 : |
Le haghaidh onnmhairí chuig ‘Stáit nach Páirtithe iad sa Choinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha’, ní rialaítear le 1C350 ‘meascáin cheimiceacha’ ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na ceimiceáin atá sonraithe in iontrálacha 1C350.1, .3, .5, .11, .12, .13, .17, .18, .21, .22, .26, .27, .28, .31, .32, .33, .34, .35, .36, .54, .55, .56, .57, .63 agus .65 nach mó ná 10 % de réir mheáchan an mheascáin aon cheimiceán ar leith atá sonraithe. |
Nóta 2 : |
Le haghaidh onnmhairí chuig ‘Stáit ar Páirtithe iad den Choinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha’, ní rialaítear le 1C350 ‘meascáin cheimiceacha’ ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na ceimiceáin atá sonraithe in iontrálacha 1C350.1, .3, .5, .11, .12, .13, .17, .18, .21, .22, .26, .27, .28, .31, .32, .33, .34, .35, .36, .54, .55, .56, .57, 63 agus .65 nach mó ná 30 % de réir mheáchan an mheascáin aon cheimiceán ar leith atá sonraithe. |
Nóta 3 : |
Ní rialaítear le 1C350 ‘meascáin cheimiceacha’ a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na ceimiceáin atá sonraithe in iontrálacha 1C350.2, .6, .7, .8, .9, .10, .14, .15, .16, .19, .20, .24, .25, .30, .37, .38, .39, .40, .41, .42, .43, .44, .45, .46, .47, .48, .49, .50, .51, .52, .53, .58, .59, .60, .61, .62, .64, .66, .67, .68, .69, .70, .71, .72, .73, .74, .75, .76, .77, .78, .79, .80, .81, .82, .83, .84, .85, .86, .87, .88 agus .89 nach mó ná 30 % de réir mheáchan an mheascáin aon cheimiceán ar leith atá sonraithe. |
Nóta 4 : |
Ní rialaítear le IC350 táirgí a aithnítear mar earraí tomhaltais atá pacáistithe lena miondíol chun úsáide pearsanta nó atá pacáistithe chun úsáid an duine aonair. |
1C351
Pataiginí an duine agus ainmhithe, agus ‘tocsainí’, mar a leanas:
a. |
Víris, bídís nádúrtha, feabhsaithe nó mionathraithe, i bhfoirm ‘saothráin bheo atá ar leithlis’ nó mar ábhar lena n-áirítear ábhar beo atá ionaclaithe nó éillithe d’aon ghnó le saothráin den sórt sin, mar a leanas:
|
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
Baictéir, bídís nádúrtha, feabhsaithe nó mionathraithe, i bhfoirm ‘saothráin bheo atá ar leithlis’ nó mar ábhar lena n-áirítear ábhar beo atá ionaclaithe nó éillithe d’aon ghnó le saothráin den sórt sin, mar a leanas:
|
d. |
‘Tocsainí’, mar a leanas, agus ‘fo-aonad tocsainí’ díobh sin:
|
e. |
Fungais, bídís nádúrtha, feabhsaithe nó mionathraithe, i bhfoirm ‘saothráin bheo atá ar leithlis’ nó mar ábhar lena n-áirítear ábhar beo atá ionaclaithe nó éillithe d’aon ghnó le saothráin den sórt sin, mar a leanas:
|
Nóta : |
Ní rialaítear le IC351 ‘vacsaíní’ nó ‘imdhíon-tocsainí’. |
1C353
‘Dúile géiniteacha’ agus ‘orgánaigh atá géinmhodhnaithe’, mar a leanas:
a. |
Aon ‘orgánach géinmhodhnaithe’ ina bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas, nó ina bhfuil ‘eilimint ghéiniteach’ lena ndéantar aon cheann díobh seo a leanas:
|
b. |
Ní úsáidtear. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Áirítear le ‘horgánaigh atá géinmhodhnaithe’ orgánaigh ina ndearnadh na seichimh aigéid núicléasaigh a chruthú nó a athrú trí ionramháil mhóilíneach d’aon ghnó. |
2. |
Le ‘dúile géiniteacha, áirítear’, inter alia, crómasóim, géanóim, plasmaidí, trasuiteáin, veicteoirí agus orgánaigh dhíghníomhaithe ina bhfuil blúirí inghnóthaithe d’aigéad núicléasach, bídís géinmhodhnaithe nó neamh-ghéinmhodhnaithe, nó sintéisithe go ceimiceach ina n-iomláine nó i bpáirt. Chun críoch rialú a dhéanamh ar dhúile géiniteacha, meastar gur féidir aigéid núicléasacha ó orgánach, víreas nó sampla díghníomhaithe a ghnóthú más rud é go bhfuil sé beartaithe, le díghníomhú agus ullmhú an ábhair, leithlisiú, íonú, aimpliú, brath nó sainaithint na n-aigéad núicléasach a éascú nó go bhfuiltear ar an eolas go ndéanann an díghníomhú agus an t-ullmhú sin amhlaidh. |
3. |
Is é an sainmhíniú atá ar ‘phataigineacht a chumasú nó a fheabhsú’ ná nuair is dócha go mbeidh mar thoradh ar ionsá nó comhtháthú sheicheamh nó sheichimh an aigéid núicléasaigh gur féidir orgánach is faighteoir a úsáid d’aon ghnó chun bheith ina údar galair agus báis nó go gcuirfear leis an gcumas sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin athruithe ar, inter alia, nimhneacht, in-tarchurthacht, cobhsaíocht, modh ionfhabhtaithe, raon óstaigh, in-atáirgtheacht, cumas chun imdhíonacht an óstaigh a sheachtaint nó a chosc, frithsheasmhacht in aghaidh frithbhearta liachta, nó inbhraiteacht. |
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 1C353 seichimh aigéid núicléasaigh Escherichia coli de shéireaghrúpaí O26, O45, O103, O104, O111, O121, O145, O157 a tháirgeann tocsain Shiga agus de shéireaghrúpaí eile a tháirgeann tocsain Shiga, seachas na dúile géiniteacha díobh siúd lena gcódaítear do thocsain Shiga, nó dá fo-aonaid. |
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le IC352 ‘vacsaíní’. |
1C354
Pataiginí na bplandaí, mar a leanas:
a. |
Víris, bídís nádúrtha, feabhsaithe nó mionathraithe, i bhfoirm ‘saothráin bheo atá ar leithlis’ nó mar ábhar lena n-áirítear ábhar beo atá ionaclaithe nó éillithe d’aon ghnó le saothráin den sórt sin, mar a leanas:
|
b. |
Baictéir, bídís nádúrtha, feabhsaithe nó mionathraithe, i bhfoirm ‘saothráin bheo atá ar leithlis’ nó mar ábhar atá ionaclaithe nó éillithe d’aon ghnó le saothráin den sórt sin, mar a leanas:
|
c. |
Fungais, bídís nádúrtha, feabhsaithe nó mionathraithe, i bhfoirm ‘saothráin bheo atá ar leithlis’ nó mar ábhar atá ionaclaithe nó éillithe d’aon ghnó le saothráin den sórt sin, mar a leanas:
|
1C450
Ceimiceáin thocsaineacha agus réamhtheachtaithe ceimiceacha tocsaineacha, mar a leanas, agus ‘meascáin cheimiceacha ina bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh seo:
N.B. |
FÉACH FREISIN IONTRÁIL 1C350, 1C351.d. AGUS NA RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA. |
a. |
Ceimiceáin thocsaineacha, mar a leanas:
|
b. |
Réamhtheachtaithe ceimiceacha tocsaineacha, mar a leanas:
|
1D
Bogearraí
1D001
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh atá sonraithe in 1B001 go 1B003 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.
1D002
‘Bogearraí’ chun lannáin nó ‘comhchodaigh’
‘maitríse’
‘a fhorbairt’, bídís orgánach, nó déanta as miotal nó as carbón.
1D003
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun go mbeidh trealamh in ann na feidhmeanna atá sonraithe in 1A004.c. nó in 1A004.d a dhéanamh.
1D101
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun earraí atá sonraithe in 1B101, 1B102, 1B115, 1B117, 1B118 nó 1B119 a oibriú nó a chothabháil.
1D103
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun anailís a dhéanamh ar inbhraitigh laghdaithe amhail frithchaiteacht radair, sínithe ultraivialaite/infridhearga agus sínithe fuaimiúla.
1D201
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun earraí atá sonraithe in 1B201 a ‘úsáid’.
1E
Teicneolaíocht
1E001
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh nó ábhair atá sonraithe in 1A002 go 1A005, 1A006.b., 1A007, 1B nó 1C ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’.
1E002
‘Teicneolaíocht’ eile, mar a leanas:
a. |
‘Teicneolaíocht’ chun polabeinsitiasóil nó polabeinseatocsasóil ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’: |
b. |
‘Teicneolaíocht’ chun comhdhúile fluaraileaistiméire a bhfuil monaiméir viniléitir amháin ar a laghad iontu ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’; |
c. |
‘Teicneolaíocht’ chun na púdair cheirmeacha nó na hábhair cheirmeacha neamh-‘chomhchodacha’ seo a leanas a dhearadh nó ‘a tháirgeadh’:
|
d. |
Ní úsáidtear; |
e. |
‘Teicneolaíocht’ chun na hábhair atá sonraithe in 1C001 a shuiteáil, a chothabháil ná a dheisiú. |
f. |
‘Teicneolaíocht’ chun na struchtúir, na lannáin nó na hábhair ‘chomhchodacha’ atá sonraithe in 1A002 1C007.c. a dheisiú;
|
g. |
‘Leabharlanna’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun go mbeidh trealamh in ann na feidhmeanna atá sonraithe in 1A004.c. nó in 1A004.d a dhéanamh. |
1E101
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun earraí atá sonraithe in 1A102, 1B001, 1B101, 1B102, 1B115 go 1B119, 1C001, 1C101, 1C107, in 1C111 go 1C118, agus in 1D101 nó in 1D103 ‘a úsáid’.
1E102
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun ‘bogearraí’ atá sonraithe in 1D001, 1D101 nó 1D103 ‘a fhorbairt’.
1E103
‘Teicneolaíocht’ chun teocht, brú nó atmaisféar a rialú in uathchláibh nó i hidreachláibh, nuair a úsáidtear í chun ‘comhchodaigh’ nó ‘comhchodaigh’ pháirtphróiseáilte ‘a tháirgeadh’.
1E104
‘Teicneolaíocht’ a bhaineann le hábhair a dhíorthaítear go pirealaíoch ‘a tháirgeadh’, ábhair a fhoirmítear i múnla, ar mhandrail nó ar fhoshraith eile a thagann ó gháis réamhtheachtacha a lobhann sa raon teochta 1 573 K (1 300 °C) go 3 173 K (2 900 °C)) ag brúnna 130 Pa go 20 kPa.
Nóta : |
Áirítear le 1E104, ‘teicneolaíocht’ chun gáis réamhtheachtacha, rátaí sreafa agus sceidil agus paraiméadair rialála próisis a chomhdhéanamh. |
1E201
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun earraí atá sonraithe in 1A002, 1A007, 1A202, 1A225 go 1A227, 1B201, 1B225 go 1B235, 1C002.b.3. nó .b.4., 1C010.b., 1C202, 1C210, 1C216, 1C225 go 1C241 nó 1D201 ‘a úsáid’.
1E202
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun na hearraí atá sonraithe in 1A007, 1A202 nó in 1A225 go 1A227 ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’.
1E203
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun ‘bogearraí’ atá sonraithe in 1D201 a ‘fhorbairt’.
CUID IV
Catagóir 2
CATAGÓIR 2 - PRÓISEÁIL ÁBHAR
2A
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
N.B. |
Le haghaidh imthacaí ciúine, féach na Rialuithe maidir le hEarraí Míleata. |
2A001
Imthacaí frithchuimilte agus córais imthacaí, mar a leanas, agus comhpháirteanna lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH 2A101 FREISIN. |
a. |
Imthacaí gránacha agus imthacaí rollacha soladacha, a bhfuil gach lamháltas atá sonraithe ag an monaróir i gcomhréir le ISO 492 Aicme Lamháltais 4 acu (nó a choibhéis náisiúnta), nó níos fearr ná sin, agus a bhfuil na ‘fáinní’ agus na ‘dúile rollacha’ iontu déanta as monal nó beirilliam;
Nótaí Teicniúla :
|
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
Córais ghníomhacha imthacaí maighnéadacha lena n-úsáidtear aon cheann díobh seo a leanas, agus comhchodanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
|
2A101
Imthacaí gránacha gathacha, seachas iad siúd atá sonraithe in 2A001, a bhfuil gach lamháltas sonraithe i gcomhréir le ISO 492 Aicme Lamháltais 2 acu (nó ANSI/ABMA Std 20 Aicme Lamháltais ABEC-9 nó a choibhéis náisiúnta eile), nó níos fearr ná sin, agus ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
a. |
Trastomhas cró an fháinne laistigh idir 12 mm agus 50 mm; |
b. |
Trastomhas cró an fháinne lasmuigh idir 25 mm agus 100 mm; agus |
c. |
Leithead idir 10 mm agus 20 mm. |
2A225
Breogáin atá déanta as ábhair atá díonach ar mhiotail achtainíde leachtaí, mar a leanas:
a. |
Breogáin a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
b. |
Breogáin a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
c. |
Breogáin ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
|
2A226
Comhlaí ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
a. |
Tá ‘méid ainmniúil’ 5 mm nó níos mó acu; |
b. |
Tá bolgshéala acu; agus |
c. |
Tá siad déanta ina n-iomláine as alúmanam, cóimhiotal alúmanaim, nicil nó cóimhiotal nicile a bhfuil níos mó ná 60 % de nicil de réir meáchain ann, nó tá siad líneáilte le hábhar den chineál sin. |
Nóta Teicniúil :
I gcás comhlaí a bhfuil trastomhais ionraoin agus asraoin éagsúla acu, is don trastomhas is lú a thagraítear le ‘méid ainmniúil’ in 2A226.
2B
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
Nótaí Teicniúla :
1. |
Ní ríomhtar sa líon iomlán aiseanna comhrianaithe, aiseanna comhrianaithe comhthreomhara tánaisteacha, (e.g., an w-ais ar mhuilte comthrománacha tollta nó ais rothlach tánaisteach a bhfuil an lárlíne aici comhthreomhar leis an bpríomhais rothlach). Ní gá d’aiseanna rothlacha rothlú 360 o. Is féidir ais rothlach a thiomáint le feiste líneach (e.g., scriú nó raca agus pinniún). |
2. |
Chun críocha 2B, is ionann líon na n-aiseanna ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach don ‘rialú comhrianaithe’ agus líon na n-aiseanna a ndéantar gluaisne comhuaineacha agus idirghaolmhara ar a bhfud nó ina dtimpeall, idir an saotharphíosa agus an uirlis, le linn don saotharphíosa a bheith á phróiseáil. Ní áirítear leis sin aon aiseanna breise a ndéantar aon ghluaiseacht choibhneasta eile ar a bhfud nó ina dtimpeall, laistigh den mheaisín, amhail a leanas:
|
3. |
Beidh ainmníocht na n-aiseanna i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta ISO 841:2001, Córais uathoibriúcháin thionsclaíoch agus comhtháthú – Rialú uimhriúil meaisíní – Córas comhordúcháin agus ainmníocht gluaisne. |
4. |
Chun críocha 2B001 go 2B009, meastar ‘fearsaid chlaontach’ mar ais rothlach. |
5. |
Féadfar ‘in-atrialltacht aontreoch suíomhaimsiúcháin’ dhearbhaithe’a úsáid i gcás gach meaisín-uirlise de dhéanamh ar leith mar mhalairt ar thástálacha aonair ar na meaisíní agus déanfar é a chinneadh mar a leanas:
|
6. |
Chun críocha 2B001.a. go 2B001.c., ní mheasfar an neamhchinnteacht tomhais le haghaidh in-atrialltacht aontreoch suíomhaimsiúcháin meaisín-uirlisí, mar a shainítear i gCaighdeán idirnáisiúnta ISO 230/-2:2014 nó sna coibhéisí náisiúnta. |
7. |
Chun críoch 2B001.a. go 2B001.c., déanfar na haiseanna a thomhas de réir na nósanna imeachta tástála atá in 5.32 .de ISO 230-2:2014. Is ar dheighleoga 2 m a dhéanfar tástálacha ar aiseanna ar faide iad ná dhá mhéadar. Is gá roinnt tástálacha i gcás aiseanna is faide ná 4 m (e.g. dhá thástáil i gcás aiseanna ar faide iad ná 4 m agus suas le 8 m, trí thástáil i gcás aiseanna is faide ná 8 m agus suas le 12 m), agus déanfar gach ceann de na tástálacha sin ar dheighleoga 2 m agus iad dáilte go cothrom feadh fhad na haise. Bíonn an fad céanna idir na deighleoga tástála feadh fhad iomlán na haise, agus déantar aon fharasbarr san fhad a roinnt go cothrom ag tús na ndeighleog tástála, eatarthu agus ag a ndeireadh. Ní mór an luach ‘in-atrialltachta aontreoiche suíomhaimsiúcháin’ is lú atá ar na deighleoga tástála uile a thuairisciú. |
2B001
Meaisín-uirlisí agus aon mheascán díobh sin, chun miotail, ceirmigh nó ‘comhchodaigh’ a bhaint (nó a ghearradh), ar féidir, de réir shonraíocht theicniúil an mhonaróra, feistí leictreonacha don ‘rialú uimhriúil’ a fheistiú orthu mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 2B201 FREISIN. |
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 2B001 meaisín-uirlisí sainchuspóireacha atá teoranta do mhonarú giaranna. Le haghaidh meaisíní den sórt sin féach 2B003. |
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le 2B001 meaisín-uirlisí sainchuspóireacha atá teoranta d’aon cheann díobh seo a dhéanamh:
|
Nóta 3 : |
Meaisín-uirlis a bhfuil ar a laghad dhá cheann as trí cinn de na hacmhainní deilte, muilleála nó meilte aici (e.g. meaisín deilte a bhfuil acmhainn muilleála aige), ní mór í a mheas do gach iontráil infheidhme, i.e. 2B001.a., b. nó c. |
Nóta 4 : |
Meaisín-uirlis a bhfuil acmhainn déantúsaíochta breisithe in éineacht le hacmhainn deilte, mhuilleála nó mheilte aici, ní mór í a mheas do gach iontráil infheidhme, i.e. 2B001.a., b. nó c. N.B. |
N.B. |
Le haghaidh meaisíní bailchríche optúla, féach 2B002. a. |
a. |
Tá cúig cinn nó níos mó d’aiseanna ag meaisín-uirlis deilte ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach don ‘rialú comhrianaithe’ ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas;
|
b. |
Meaisín-uirlisí muilleála ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
c. |
I gcás meaisín-uirlisí meilte, is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
d. |
Tá dhá cheann nó níos mó d’aiseanna rothlacha ag na meaisíní díluchtaithe leictreacha (EDM) ar meaisíní den chineál neamhshreinge iad, ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach don ‘rialú comhrianaithe’; |
e. |
Meaisín-uirlisí chun miotail, ceirmigh nó ‘comhchodaigh’ a bhaint, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
f. |
Meaisíní druileála poll domhain agus meaisíní deilte atá modhnaithe chun poill dhoimhne a dhruileáil, a bhfuil uaschumas doimhneacht tollta acu ar mó é ná 5 m. |
2B002
Meaisín-uirlisí bailchríche optúla atá faoi rialú uimhriúil agus atá feistithe le haghaidh ábhar a bhaint go roghnaíoch chun dromchlaí optúla neamhsféarúla a tháirgeadh agus ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
a. |
Déantar an fhoirm a bhailchríochnú go luach ar lú (ar fearr) ná 1,0 μm é; |
b. |
Déantar an bailchríochnú chun gairbhe ar lú (ar fearr) í ná 100 nm rms. |
c. |
Tá ceithre cinn nó níos mó d’aiseanna acu ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach don ‘rialú comhrianaithe’; agus |
d. |
Úsáidtear leo aon cheann de na próisis seo a leanas:
|
Nótaí Teicniúla :
Chun críocha 2B002:
1. |
Is próiseas chun ábhar a bhaint é ‘MRF’ lena n-úsáidtear sreabhán maighnéadach scrábach a bhfuil a shlaodacht faoi rialú ag réimse maighnéadach. |
2. |
Is próiseas chun ábhar a bhaint é ‘ERF’ lena n- úsáidtear sreabhán scrábach a bhfuil a shlaodacht faoi rialú ag réimse leictreach. |
3. |
Le ‘bailchríochnú le léas cáithníní fuinniúla’, úsáidtear Plasmaí Adamhacha Imoibríocha (RAP) nó léasacha iain chun ábhar a bhaint go roghnaitheach. |
4. |
Is próiseas é an ‘bailchríochnú le huirlis scannáin inséidte’ lena n-úsáidtear scannán brúchóirithe a dhéanann teagmháil leis an saotharphíosa ar a dhífhoirmiú dó thar achar beag. |
5. |
Le ‘bailchríochnú le scaird sreabháin’, úsáidtear sruth sreabháin chun ábhar a bhaint. |
2B003
Meaisín-uirlisí ‘faoi rialú uimhriúil’, agus iad saindeartha chun giaranna spoir, héiliciúla agus déhéiliciúla cruaite (Rc = 40 nó níos mó ná sin) a bhearradh, a bhailchríochnú, a mheilt nó a mhíniú agus is fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Tá ‘trastomhas céime’ acu ar mó é ná 1 250 mm; |
b. |
Tá leithead éadain acu arb ionann é agus 15 % den trastomhas céime nó ar mó ná sin é; agus |
c. |
Tá bailchríoch curtha orthu go caighdeán AGMA 14 nó níos fearr ná sin (coibhéiseach le ISO 1328 aicme 3). |
2B004
‘Fáisceáin iseastatacha’ theo ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH FREISIN 2B104 agus 2B204. |
a. |
Tá timpeallacht theirmeach faoi rialú laistigh den chuas dúnta agus tá cuas cuasáin iontu a bhfuil trastomhas laistigh ag an gcuas arb ionann é agus 406 mm nó ar mó é ná sin; agus |
b. |
Is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
Nóta Teicniúil :
Maidir le toise an chuasáin thuas, is é an cuasán atá i gceist ná an ceann ina mbaintear amach an teocht oibriúcháin agus an brú oibriúcháin araon, agus ní áirítear daingneáin sa toise sin. Is é an toise atá i gceist ná an ceann is lú de thrastomhas laistigh an chuasáin brú nó trastomhas laistigh an chuasáin foirnéise inslithe, ag brath ar cé acu den dá chuasán atá suite taobh istigh den cheann eile.
N.B. |
Le haghaidh díslí, múnlaí agus uirlisiú atá saindeartha, féach 1B003, 9B009 agus na Rialuithe maidir le hEarraí Míleata. |
2B005
Trealamh atá saindeartha chun forleaganacha, bratuithe agus modhnuithe dromchla neamhorgánacha a dheascadh, a phróiseáil agus a phróiseas-rialú, mar a leanas, i gcás foshraitheanna atá sonraithe i gcolún a dó, leis na próisis a léirítear i gcolún a haon sa Tábla a ghabhann le 2E003.f., agus comhpháirteanna uathoibríocha, láimhseála, aimsithe suímh, ionramhála agus rialaithe atá saindeartha lena n-aghaidh:
a. |
Trealamh táirgeachta don deascadh gaile ceimicí (CVD) ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
b. |
Tá trealamh táirgeachta i gceist leis don ian-ionphlandú, a bhfuil léas-sruthanna 5 mA nó níos mó ná sin aige; |
c. |
Tá trealamh táirgeachta i gceist leis don deascadh fisiceach gaile le léas leictreoin (EB-PVD), lena n-ionchorpraítear córais chumhachta níos mó ná 80 kW, agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
d. |
Trealamh táirgeachta don spraeáil plasma ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
e. |
Trealamh táirgeachta don spriúchdheascadh a bhfuil ar a chumas dlús srutha 0,1 mA/mm2 nó níos airde ná sin a bhaint amach ag ráta deasctha 15 μm/h nó níos airde ná sin; |
f. |
Trealamh táirgeachta don deascadh stua chatóidigh lena n-ionchorpraítear greille leictreamaighnéad chun stiúradh an stuaspota a rialú ar an gcatóid; |
g. |
Trealamh táirgeachta don phlátáil iain lena bhfuiltear in ann aon cheann díobh seo a leanas a thomhas in situ:
|
Nóta : |
Ní rialaítear le 2B005 trealamh deasctha cheimicigh gaile, trealamh stua chatóidigh, trealamh spriúchdheasctha, trealamh don phlátáil iain nó don ian-ionphlandú, ar trealamh é atá saindeartha le haghaidh uirlisí gearrtha nó uirlisí meaisínithe. |
2B006
Córais iniúchta nó tomhais toisí, trealamh, aonaid aischothúcháin agus ‘cóimeálacha leictreonacha’ mar a leanas:
a. |
Meaisíní Tomhaiste Comhordanáidí (CMManna) faoi ríomhrialú nó faoi ‘rialú uimhriúil’, a bhfuil uasearráid incheadaithe sa léiriú (E0,MPE) tríthoiseach (toirtmhéadrach) acu ag aon phointe taobh istigh de raon oibriúcháin an mheaisín (i.e. laistigh d’fhad na n-aiseanna) arb ionann í agus (1,7 + L/1 000) μm ná ar lú (ar fearr) í ná sin (is é L an fad a tomhaiseadh, in mm), de réir ISO 10360-2:2009; Nóta Teicniúil : Déanfar E0,MPE na cumraíochta is cruinne de chuid an CMM a shonraíonn an monaróir (e.g., na cinn is fearr díobh seo a leanas: an tóireadóir, fad an stílis, paraiméadair na ngluaisní, an timpeallacht) agus ‘gach cúiteamh atá ar fáil’ aici, a chur i gcomparáid leis an tairseach 1,7+L/1 000 μm.
|
b. |
Córais nó trealamh don díláithriú líneach, aonaid aischothúcháin maidir le suíomh líneach agus ‘cóimeálacha leictreonacha’ mar a leanas:
Nóta Teicniúil : Chun críocha 2B006.b., is é ‘taifeach’ an breisiú is lú d'fheiste tomhaiste nó an giotán is lú tábhacht i gcás uirlisí digiteacha. |
c. |
Tá aonaid aischothúcháin maidir le suíomh rothlach acu atá saindeartha do mheaisín-uirlisí nó d’ionstraim tomhais do dhíláithriú uilleach, a bhfuil ‘cruinneas’ an tsuímh uilligh acu arb ionann é agus 0,9 soicind stua nó ar lú (ar fearr) ná sin é;
|
d. |
Trealamh chun gairbhe dromchla a thomhas (lena n-áirítear fabhtanna dromchla), trí scaipeadh optúil a thomhas, a bhfuil íogaireacht aige arb ionann í agus 0,5 nm nó ar lú (ar fearr) ná sin é.
|
2B007
‘Róbait’ ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas, agus rialaitheoirí agus ‘éifeachtóirí deiridh’ atá saindeartha lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH 2B207 FREISIN. |
a. |
Ní úsáidtear; |
b. |
Tá siad saindeartha chun caighdeáin náisiúnta sábháilteachta is infheidhme maidir le timpeallachtaí muinisean a d’fhéadfadh a bheith pléascach a chomhlíonadh;
|
c. |
Tá siad saindeartha nó rátáithe mar róbait atá radaíocht-chruaite a sheasfadh dáileog iomlán radaíochta ar mó í ná 5 × 103 Gy (sileacan) gan díghrádú oibríochta; nó Nóta Teicniúil : Is éard atá sa téarma Gy (sileacan) an fuinneamh i nGiúil de réir an chileagraim atá ionsúite ag sampla sileacain neamhchumhdaithe nuair a bhíonn sé nochta do radaíocht ianaithe. |
d. |
Tá siad saindeartha chun oibriú ag airdí arb airde iad ná 30 000 m. |
2B008
‘Comhtháblaí rothlacha’ agus ‘fearsaidí claoine’, atá saindeartha do mheaisín-uirlisí, mar a leanas:
a. |
Ní úsáidtear; |
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
‘Comhtháblaí rothlach’ ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Is é is‘comhthábla rothlach’ ann ná tábla inar féidir an saotharphíosa a chasadh agus a chlaoandh timpeall ar dhá ais neamh-chomhthreomhara |
d. |
‘Fearsaidí claoine’, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
2B009
Meaisíní guairnefhoirmiúcháin agus meaisíní sreabhfhoirmiúcháin ar féidir aonaid ‘rialaithe uimhriúil’ a fheistiú orthu nó ríomhrialú a dhéanamh orthu, de réir shonraíochtaí teicniúla an mhonaróra agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN 2B109 AGUS 2B209. |
a. |
Tá trí cinn nó níos mó d’aiseanna acu ar féidir iad a chomhordú go comhuaineach don ‘rialú comhrianaithe’; agus |
b. |
Tá fórsa rollach acu ar mó é ná 60 kN. |
Nóta Teicniúil :
Chun críocha 2B009, meaisíní ina bhfuil meascán d’fheidhm guairnefhoirmiúcháin agus d’fheidhm sreabhfhoirmiúcháin, measfar mar mheaisíní sreabhfhoirmiúcháin iad.
2B104
‘Fáisceáin iseastatacha’, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 2B004, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH 2B204 FREISIN. |
a. |
Tá uasbhrú oibriúcháin 69 MPa nó níos mó ná sin acu; |
b. |
Tá siad deartha chun timpeallacht teirmeach rialaithe 873 K (600 °C) nó níos mó ná sin a bhaint amach agus a choinneáil; agus |
c. |
Tá cuas cuasáin acu agus trastomhas laistigh 254 mm nó níos mó ná sin acu. |
2B105
Foirnéisí um dheascadh ceimiceach gaile (CVD) cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 2B005.a., atá deartha nó modhnaithe chun comhchodaigh carbón-charbóin a dhlúthú.
2B109
Meaisíní sreabhfhoirmiúcháin, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 2B009, is féidir a úsáid chun comhpháirteanna agus trealamh tiomána a ‘tháirgeadh’ (e.g. cásanna mótair agus idirstaideanna) do ‘dhiúracáin’, agus comhpháirteanna atá saindeartha mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 2B209 FREISIN. |
a. |
Meaisíní sreabhfhoirmiúcháin ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
b. |
Comhpháirteanna atá saindeartha le haghaidh meaisíní sreabhfhoirmiúcháin atá sonraithe in 2B009 nó in 2B109.a. |
Nóta Teicniúil :
Chun críocha 2B109, meaisíní ina bhfuil meascán den fheidhm ghuairnefhoirmiúcháin agus den fheidhm shreabhfhoirmiúcháin, measfar mar mheaisíní sreabhfhoirmiúcháin iad.
2B116
Córais tástála tonnchreathaí, agus trealamh agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, mar a leanas:
a. |
Córais tástála tonncreathaí ina n-úsáidtear aischothú nó teicnící lúbiata agus lena n-ionchorpraítear rialaitheoir digiteach, a bhfuil ar a gcumas córas a chur ag crith ag luasghéarú arb ionann é agus 10 g rms nó ar mó ná sin é agus idir 20 Hz agus 2 kHz agus fórsaí á dtabhairt uathu arb ionann iad nó ar mó iad ná 50 kN, á dtomhas le ‘bord lom’; |
b. |
Rialaitheoirí digiteacha, agus iad le chéile le bogearraí tástála tonnchreathaí atá saindeartha, agus a bhfuil ‘bandaleithead rialaithe i bhfíor-am’ acu ar mó é ná 5 kHz atá deartha le húsáid le córais tástála tonnchreathaí atá sonraithe in 2B116.a.; Nóta Teicniúil : In 2B116.b., ciallaíonn ‘bandaleithead rialaithe i bhfíor-am’ an t-uasráta ag ar féidir le rialaitheoir timthriallta iomlána samplála, próiseála sonraí agus tarchuir comharthaí rialaithe a fheidhmiú. |
c. |
Tionscnóirí tonnchreathanna (croiteoirí), bíodh na haimplitheoirí gaolmhara acu nó ná bíodh, a bhfuil ar a gcumas fórsa a thabhairt uathu arb ionann é agus 50 kN nó ar mó ná sin é, á thomhas le ‘bord lom’, agus ar féidir iad a úsáid sna córais tástála tonnchreathaí atá sonraithe in 2B116.a.; |
d. |
Struchtúir thacaíochta do thriailphíosaí agus d’aonaid leictreonacha atá deartha chun iliomad croiteoirí a thabhairt le chéile i gcóras a bhfuil ar a chumas comhfhórsa éifeachtach a chur ar fáil arb ionann é agus 50 kN nó ar mó ná sin é, á thomhas le ‘bord lom’, agus ar féidir iad a úsáid sna córais thonnchreathacha atá sonraithe in 2B116.a. |
Nóta Teicniúil :
In 2B116, ciallaíonn ‘bord lom’, tábla nó dromchla comhréidh, gan aon daingneáin nó gabhálais air.
2B117
Trealamh agus rialuithe próisis, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 2B004, 2B005.a., 2B104 nó 2B105, atá deartha nó modhnaithe chun buinní comhchodacha struchtúracha roicéid agus reanna sróine feithiclí athiontrála a dhlúthú agus a phirealú.
2B119
Meaisíní cothromaithe agus an trealamh gaolmhar, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 2B219 FREISIN. |
a. |
Meaisíní cothromaithe ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
|
b. |
Cinn tháscacha atá deartha nó modhnaithe le húsáid le meaisíní atá sonraithe in 2B119.a. Nóta Teicniúil : Uaireanta, tugtar ionstraimíocht chothromaithe ar chinn tháscacha. |
2B120
Ionsamhlóirí gluaisní nó táblaí ráta ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
a. |
Tá dhá cheann nó níos mó d’aiseanna acu; |
b. |
Tá siad deartha nó modhnaithe chun go n-ionchorprófaí leo sciorrfháinní nó feistí neamhtheagmhála comhtháite a bhfuil ar a gcumas cumhacht leictreach nó faisnéis chomharthaíochta, nó an dá cheann araon, a aistriú; agus |
c. |
Ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas:
|
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 2B120 boird rothlacha atá deartha nó modhnaithe le haghaidh meaisín-uirlisí nó trealamh leighis. Le haghaidh rialuithe maidir le boird rothlacha do mheaisín-uirlisí, féach 2B008. |
Nóta 2 : |
Beidh ionsamhlóirí gluaisní nó boird rátála atá sonraithe in 2B120 fós faoi rialú, bíodh sciorrfháinní nó feistí neamhtheagmhála comhtháite feistithe orthu tráth a n-onnmhairithe nó ná bíodh. |
2B121
Boird aimsithe suímh (trealamh atá in ann suíomh a aimsiú go rothlach agus go cruinn feadh ais ar bith), seachas na boird atá sonraithe in 2B120, agus ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
a. |
Tá dhá cheann nó níos mó d’aiseanna acu; agus |
b. |
Tá ‘cruinneas’ aimsithe suímh acu arb ionann é agus cúig stua sa soicind nó ar lú (ar fearr) ná sin é. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 2B121 boird rothlacha atá deartha nó modhnaithe le haghaidh meaisín-uirlisí nó trealamh leighis. Le haghaidh rialuithe maidir le boird rothlacha do mheaisín-uirlisí, féach 2B008. |
2B122
Lártheifneoirí a bhfuil ar a gcumas luasghéarú a thabhairt uathu ar mó ná 100 g é agus atá deartha nó modhnaithe le go n-ionchorprófaí leo sciorrfháinní nó feistí neamhtheagmhála comhtháite a bhfuil ar a gcumas cumhacht leictreach nó faisnéis chomharthaíochta, nó an dá cheann araon, a aistriú.
Nóta : |
Beidh lártheifneoirí atá sonraithe in 2B122 fós faoi rialú, bíodh sciorrfháinní nó feistí neamhtheagmhála comhtháite feistithe orthu tráth a n-onnmhairithe nó ná bíodh. |
2B201
Meaisín-uirlisí agus aon mheascán díobh sin, seachas iad siúd atá sonraithe in 2B001, chun miotail, ceirmigh nó ‘comhábhair’ a bhaint nó a ghearradh, ar féidir, de réir shonraíocht theicniúil an mhonaróra, feistí leictreonacha don ‘rialú uimhriúil’ a fheistiú orthu in dhá cheann nó níos mó d’aiseanna, mar a leanas:
Nóta Teicniúil :
Maidir leis na leibhéil do chruinneas aimsithe suímh dearbhaithe arna ndíorthú faoi na nósanna imeachta seo a leanas ó thomhais a rinneadh de réir ISO 230-2:1988 (6) nó a gcoibhéisí náisiúnta, féadfar iad a úsáid i gcás gach meaisín-uirlise de dhéanamh ar leith mar mhalairt ar thástálacha aonair ar mheaisíní má chuirtear ar fáil do na húdaráis náisiúnta iad, agus má ghlacann na húdaráis náisiúnta leo. Cruinneas aimsithe suímh dearbhaithe a chinneadh:
a. |
Roghnaítear cúig mheaisín den déanamh amháin atá le measúnú; |
b. |
Tomhaistear cruinneas na n-aiseanna líneacha de réir ISO 230-2:1988 (6); |
c. |
Cinntear luachanna cruinnis (A) gach aise i gcás gach meaisín. Tugtar tuairisc ar mhodh ríofa an luacha cruinnis sa chaighdeán ISO 230-2:1988 (6); |
d. |
Cinntear meánluach cruinnis gach aise. Is é an meánluach sin a bheidh mar chruinneas aimsithe suímh dearbhaithe ag gach ais don déanamh meaisíní (Âx Ây…); |
e. |
Ós rud é gur do gach ais líneach a thagraíonn ítim 2B201, beidh an líon céanna luachanna do chruinneas aimsithe suímh dearbhaithe ann agus a bheidh d’aiseanna líneacha; |
f. |
Maidir le haon ais de chuid meaisín-uirlise nach sonraítear i 2B201.a., 2B201.b. nó 2B201.c., más ionann an cruinneas aimsithe suímh dearbhaithe agus 6 μm nó más fearr (más lú) ná sin é do mheaisíní meilte, agus más ionann é agus 8 μm nó níos fearr (níos lú) do mheaisíní meilte agus deilte, agus an dá cheann sin de réir ISO 230-2:1988 (6), ba cheart é a bheith de cheangal ar an tógálaí an leibhéal cruinnis a athdheimhniú gach ocht mí dhéag. |
a. |
Meaisín-uirlisí muilleála ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas:
|
b. |
Meaisín-uirlisí meilte ar fíor ina leith aon cheann de na saintréithe seo a leanas:
|
c. |
Meaisín-uirlisí deilte a bhfuil cruinnis aimsithe suímh acu le ‘gach cúiteamh atá ar fáil’ is fearr (is lú) ná 6 μm de réir ISO 230-2:1988 (6) feadh aon ais líneach (aimsiú suímh foriomlán) do mheaisíní a bhfuil ar a gcumas trastomhais a mheaisíniú atá níos mó ná 35 mm;
|
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 2B201 meaisín-uirlisí sainchuspóireacha atá teoranta d’aon cheann de na páirteanna seo a leanas a mhonarú:
|
Nóta 2 : |
Meaisín-uirlis a bhfuil ar a laghad dhá cheann as trí cinn de na hacmhainní deilte, muilleála nó meilte aici (e.g. meaisín deilte a bhfuil acmhainn muilleála aige), ní mór í a mheas do gach iontráil infheidhme, i.e. 2B201.a., .b. nó .c. |
Nóta 3 : |
Áirítear le 2B201.a.3. agus 2B201.b.3. meaisíní atá bunaithe ar dhearadh comhthreomhar líneach cinéimiteach (e.g. séchosaigh) a bhfuil cúig ais nó níos mó acu agus gan aon cheann acu ina ais rothlach. |
2B204
‘Fáisceáin iseastatacha’ cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 2B004 nó 2B104, agus trealamh gaolmhar, mar a leanas:
a. |
‘Fáisceáin iseastatacha’ a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
b. |
Díslí, múnlaí agus rialuithe atá saindeartha le haghaidh na ‘bhfáisceán iseastatach’ atá sonraithe in 2B204.a. |
Nóta Teicniúil :
Maidir le trastomhas laistigh an chuasáin in 2B204 thuas, is é an cuasán atá i gceist an ceann ina mbaintear amach an teocht oibriúcháin agus an brú oibriúcháin araon. Is é an toise atá i gceist ná an ceann is lú de thrastomhas laistigh an chuasáin brú nó trastomhas laistigh an chuasáin foirnéise inslithe, ag brath ar cé acu den dá chuasán atá suite taobh istigh den cheann eile.
2B206
Meaisíní, ionstraimí córais iniúchta toisí, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 2B006, mar a leanas:
a. |
Meaisíní tomhaiste comhordanáidí (CMM) faoi ríomhrialú nó faoi rialú uimhriúil, ar fíor ina leith ceachtar den dá shaintréith seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Déanfar E0,MPE na cumraíochta is cruinne de chuid an CMM a shonraíonn an monaróir de réir ISO 10360-2:2009 (e.g., na cinn is fearr díobh seo a leanas: an tóireadóir, fad an stílis, paraiméadair na ngluaisní, an timpeallachtaí) agus gach cúiteamh atá ar fáil aici, a chur i gcomparáid leis an tairseach (1,7+L/800) μm. |
b. |
Córais chun iniúchadh comhuaineach líneach-uilleach a dhéanamh ar heimiscealla, a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
c. |
Tá ionstraimí tomhaiste ‘díláithrithe línigh’ ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas: Nóta Teicniúil : Chun críocha 2B206.c. ciallaíonn ‘díláithriú líneach’ an t-athrú san fhad idir an tóireadóir tomhaiste agus an ní a thomhaistear.
|
d. |
Córais claochladáin dhifreálaigh athraithigh línigh (LVDT) ar fíor ina leith an dá shaintréith seo a leanas: Nóta Teicniúil : Chun críocha 2B206.d. ciallaíonn ‘díláithriú líneach’ an t-athrú san fhad idir an tóireadóir tomhaiste agus an ní a thomhaistear.
|
Nóta 1 : |
Meaisín-uirlisí ar féidir iad a úsáid mar mheaisíní tomhaiste, déanfar iad a rialú má chomhlíonann siad na critéir, nó más fearr iad ná na critéir sin, atá sonraithe d’fheidhm na meaisín-uirlise nó d’fheidhm an mheaisín tomhaiste. |
Nóta 2 : |
Aon mheaisín atá sonraithe in 2B206, déanfar é a rialú más fearr é ná an tairseach don rialú aon áit laistigh dá raon oibriúcháin. |
Nótaí Teicniúla :
Is paraiméadair móide/lúide, murab ionann agus banda iomlán, iad na luachanna tomhais atá i gceist in 2B206.
2B207
‘Róbait’, ‘éifeachtóirí deiridh’ agus aonaid rialaithe, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 2B007, mar a leanas:
a. |
‘Róbait’ nó ‘éifeachtóirí deiridh’ atá saindeartha chun cloí le caighdeáin náisiúnta sábháilteachta is infheidhme maidir le hardphléascáin a láimhseáil (mar shampla, na gráduithe cód leictreach a chomhlíonadh d’ardphléascáin); |
b. |
Aonaid rialaithe atá saindeartha le haghaidh aon cheann de na ‘róbait’ nó na ‘héifeachtóirí deiridh’ atá sonraithe in 2B207.a. |
2B209
Meaisíní sreabhfhoirmiúcháin, meaisíní guairnefhoirmiúcháin a bhfuil ar a gcumas feidhmeanna eile sreabhfhoirmiúcháin a dhéanamh seachas iad siúd atá sonraithe in 2B009 nó 2B109, agus mandrailí, mar a leanas:
a. |
Meaisíní a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
b. |
Tá mandrailí rótarfhoirmiúcháin acu atá deartha chun rótair shorcóireacha a fhoirmiú a bhfuil trastomhas laistigh idir 75 mm agus 400 mm acu. |
Nóta : |
Áirítear le 2B209.a. meaisíní nach bhfuil ach rollóir aonair acu atá deartha chun miotal a dhífhoirmiú chomh maith le dhá rollóir chúntacha lena dtugtar tacaíocht don mhandrail ach nach mbíonn páirteach i bpróiseas an dífhoirmithe. |
2B219
Meaisíní ilphlánacha lártheifeacha cothromaithe, bídís suite nó iniompartha, cothrománach nó ceartingearach, mar a leanas:
a. |
Meaisíní lártheifeacha cothromaithe atá deartha chun rótair sholúbtha a chothromú agus a bhfuil fad 600 mm nó níos mó acu agus ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
|
b. |
Meaisíní lártheifeacha cothromaithe atá deartha chun comhpháirteanna sorcóireacha cuasacha rótar a chothromú agus ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
|
2B225
Cianláimhsitheoirí ar féidir iad a úsáid chun gníomhartha cianda a chur ar fáil in oibriúcháin radaicheimiceacha don dealúchán nó i dteo-chealla, ar fíor ina leith ceachtar de na saintréithe seo a leanas:
a. |
Tá ar a gcumas 0,6 m nó níos mó ná sin de bhalla teo-chille a threá (oibriúchán tríd-an-mballa); nó |
b. |
Tá ar a gcumas droicheadú thar bharr balla teo-chille a bhfuil tiús 0,6 m nó níos mó ná sin ann (oibriúchán thar-an-mballa). |
Nóta Teicniúil :
Le cianláimhsitheoirí, aistrítear gníomhartha oibreora daonna chuig géag chianda oibriúcháin agus chuig teirminéal daingnithe. D’fhéadfadh sé gur de chineál ‘máistir/sclábhaí’ iad nó d’fhéadfadh sé gur le luamhán stiúrtha nó le heochaircheap a d’oibreofaí iad.
2B226
Foirnéisí ionduchtaithe a bhfuil atmaisféar rialaithe (folús nó gás támh) acu, seachas iad siúd atá sonraithe in 9B001 agus 3B001, agus soláthairtí cumhachta lena n-aghaidh, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN 3B001 agus 9B001. |
a. |
Foirnéisí ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
|
b. |
Soláthairtí cumhachta a bhfuil aschur sonraithe cumhachta 5 kW nó níos mó ná sin acu, agus atá saindeartha le haghaidh foirnéisí atá sonraithe in 2B226.a. |
2B227
Foirnéisí folúis nó foirnéisí eile um leá miotalóireachta agus um theilgean faoi atmaisféar rialaithe agus trealamh gaolmhar, mar a leanas:
a. |
Stuafhoirnéisí athleáite, stuafhoirnéisí leáite, agus stuafhoirnéisí leáite agus teilgthe, a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
b. |
Foirnéisí leictreoinléis um leá agus foirnéisí adamhaithe plasma agus foirnéisí leáite plasma, a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
c. |
Córais um ríomhrialú agus faireacháin atá sainchumraithe le haghaidh aon cheann de na foirnéisí atá sonraithe in 2B227.a. nó 2B227.b.; |
d. |
Tóirsí plasma atá saindeartha le haghaidh foirnéisí atá sonraithe in 2B227.b., ar fíor ina leith an dá saintréith seo a leanas:
|
e. |
Gunnaí leictreonléis atá saindeartha le haghaidh foirnéisí atá sonraithe in 2B227.b. a fheidhmíonn ag cumhacht os cionn 50 kW; |
2B228
Trealamh monaraithe nó cóimeála rótar, trealamh dírithe rótar, mandrailí agus díslí boilgfhoirmiúcháin, mar a leanas:
a. |
Trealamh cóimeála rótar chun codanna feadáin do rótair lártheifneoirí gáis, sciatha agus barrchaidhpeanna a chóimeáil;
|
b. |
Trealamh dírithe rótar chun codanna feadáin do rótair lártheifneoirí gáis a ailíniú le hais choiteann; Nóta Teicniúil : In 2B228.b., is é a bhíonn i gceist le trealamh den sórt sin de ghnáth ná beacht-thóireadóirí tomhaiste atá nasctha le ríomhaire, lena ndéantar an ghníomhaíocht a rialú ina dhiaidh sin, mar shampla, reithí neomatacha a úsáidtear chun codanna feadáin an rótair a ailíniú. |
c. |
Mandrailí agus díslí boilgfhoirmiúcháin chun boilg aon-chonbhlóideacha a tháirgeadh. Nóta Teicniúil : Is fíor na saintréithe uile seo a leanas i leith na mbolg in 2B228.c.:
|
2B230
Gach cineál ‘trasduchtóirí brú’ a bhfuil ar a gcumas dearbh-bhrúnna a thomhas agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Eilimintí braite brú atá déanta as alúmanam, cóimhiotail alúmanaim, ocsaíd alúmanaim (alúmana nó saifír), nicil, cóimhiotal nicile a bhfuil níos mó ná 60 % de nicil de réir meáchain, nó polaiméirí hidreacarbóin lánfhluairínithe, nó atá cosanta acu; |
b. |
Séalaí, más ann dóibh, atá riachtanach chun an eilimint braite brú a shéalú, agus atá i dteagmháil dhíreach le meán an phróisis, atá déanta as alúmanam, cóimhiotail alúmanaim, ocsaíd alúmanaim (alúmana nó saifír), nicil, cóimhiotal nicile a bhfuil níos mó ná 60 % de nicil de réir meáchain, nó polaiméirí hidreacarbóin lánfhluairínithe, nó atá cosanta acu; agus |
c. |
Ar fíor ina leith ceachtar de na saintréithe uile seo a leanas:
|
Nótaí Teicniúla :
1. |
In 2B230, ciallaíonn ‘trasduchtóir brú’ feiste a thiontaíonn tomhas brú ina chomhartha leictreach. |
2. |
Chun críocha 2B230, áirítear le ‘cruinneas’ neamhlíneacht, histéiréis agus in-atrialltacht ag teocht chomhthimpeallach. |
2B231
Caidéil folúis ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
a. |
Tá méid scóige ionchuir acu arb ionann í agus 380 mm nó ar mó í ná sin; |
b. |
Tá luas caidéalaithe acu arb ionann é agus 15 m3/s nó ar mó é ná sin; agus |
c. |
Tá ar a gcumas folús deiridh a tháirgeadh ar fearr é ná 13 mPa. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Déanfar an luas caidéalaithe a chinneadh ag an bpointe tomhais le gás nítrigine nó le haer. |
2. |
Déanfar an folús deiridh a chinneadh ag ionchur an chaidéil agus ionchur an chaidéil bhlocáilte. |
2B232
Córais ardluais gunnaí (tiomántán, gás, corna, den chineál leictreamaighnéadach nó leictriteirmeach, agus córais ardleibhéil eile) a bhfuil ar a gcumas diúracáin a luasghéarú go 1,5 km/s nó níos mó.
N.B. |
FÉACH FREISIN NA RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA. |
2B233
Comhbhrúiteoirí bolgshéalaithe de chineál scrolla, agus caidéil folúis bholgshéalaithe de chineál scrolla, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH 2B350.i FREISIN. |
a. |
Tá ar a gcumas ráta sreafa toirte ionraoin 50 m3/uair nó níos mó; |
b. |
Tá ar a gcumas cóimheas brú 2:1 nó níos mó; agus |
c. |
Na dromchlaí ar fad a dhéanann teagmháil le gás an phróisis, is déanta de cheann de na hábhair seo a leanas atá siad:
|
2B350
Saoráidí, trealamh agus comhpháirteanna monaraithe ceimiceán, mar a leanas:
a. |
Soithí imoibrithe nó imoibreoirí, bíodh suathairí acu nó ná bíodh, a bhfuil toirt inmheánach (geoiméadrach) iomlán acu ar mó í ná 0,1 m3 (100 lítear) agus ar lú í ná 20 m3 (20 000 lítear), ina bhfuil na dromchlaí uile a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil nó á gcoimeád iontu déanta as aon cheann de na hábhair seo a leanas:
|
b. |
Suathairí atá deartha chun a n-úsáide i soithí imoibrithe nó in imoibreoirí atá sonraithe in 2B350.a.; agus gluaisirí, lanna nó fearsaidí atá deartha le haghaidh suathairí den chineál sin, ina bhfuil dromchlaí uile an tsuathaire a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil nó á gcoimeád déanta as aon cheann de na hábhair seo a leanas:
|
c. |
Umair stórála, soithí nó glacadóirí a bhfuil toirt inmheánach (geoiméadrach) iomlán acu ar mó í ná 0,1 m3 (100 lítear), ina bhfuil na dromchlaí uile a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil nó á gcoimeád iontu déanta as aon cheann de na hábhair seo a leanas:
|
d. |
Malartóirí teasa nó comhdhlúthadáin a bhfuil achar dromchla aistrithe teasa acu ar mó é ná 0,15 m2 agus ar lú ná 20 m2 é; agus feadáin, plátaí, cornaí nó bloic (croíleacáin) atá deartha le haghaidh malartóirí teasa nó comhdhlúthadán den chineál sin, ina bhfuil na dromchlaí uile a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil iontu déanta as aon cheann de na hábhair seo a leanas:
|
e. |
Colúin don driogaireacht nó don ionsú a bhfuil trastomhas acu ar mó é ná 0,1 m; agus dáileoirí leachta, dáileoirí gaile nó tiomsaitheoirí leachta atá deartha do cholúin driogaireachta nó do cholúin ionsúite den sórt sin, ina bhfuil na dromchlaí uile a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil iontu déanta as aon cheann de na hábhair seo a leanas:
|
f. |
Trealamh cianoibrithe um líonadh, ina bhfuil na dromchlaí uile a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil déanta as aon cheann de na hábhair seo a leanas:
|
g. |
Comhlaí agus comhpháirteanna, mar a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
h. |
Píobánra ilbhallaí a bhfuil port braite sceite ann, ina bhfuil na dromchlaí uile a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil nó á gcoimeád déanta as aon cheann de na hábhair seo a leanas:
|
i. |
Caidéil ilséalaí agus caidéil gan séalaí a bhfuil ráta sreafa sonraithe an mhonaróra acu ar mó é ná 0,6 m3/uair, nó caidéil folúis a bhfuil ráta sreafa sonraithe an mhonaróra acu ar mó é ná 5 m3/uair (faoi chúinsí caighdeánacha teochta (273 K (0 °C)) agus brú (101,3 kPa)) cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 2B233; agus cásálacha (coirp chaidéil), líneálacha cásála réamhfhoirmithe, gluaisirí, rótair nó soic de chuid caidéal scairde atá deartha do na caidéil sin, ina bhfuil na dromchlaí uile a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil déanta as aon cheann de na hábhair seo a leanas:
Nóta Teicniúil : In 2B350.i., is do na séalaí sin amháin a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil (nó arna ndearadh chun a leithéid a dhéanamh) agus a bhfuil feidhm séalaithe acu áit a dtéann seafta tiomána rothlach nó frithingeach trí chorp an chaidéil, is do na séalaí sin amháin a thagraíonn an téarma séala. |
j. |
Loisceoirí atá deartha chun ceimiceáin atá sonraithe in iontráil 1C350 a scriosadh, agus a bhfuil córais soláthair dramhaíola atá saindeartha acu, saoráidí láimhseála speisialta agus meánteocht cuasáin dócháin ar mó í ná 1 273 K (1 000 °C), agus ina bhfuil na dromchlaí uile a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis na dramhtháirgí iontu déanta as aon cheann de na hábhair seo a leanas nó líonáilte leo:
|
k. |
Cóimeálacha deisithe réamhdhéanta a bhfuil dromchlaí miotalacha acu a mbíonn teagmháil dhíreach acu leis an gceimiceán (nó leis na ceimiceáin) atá á bpróiseáil agus atá déanta as tantalam nó cóimhiotail tantalaim mar a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
|
Nóta : |
Chun críocha 2B350, ní hiad na hábhair arna n-úsáid do ghaiscéid, pacáistiú, séalaí, scriúnna, leicneáin nó aon ábhar eile a bhfuil feidhm séalaithe aige, ní hiad na hábhair sin a chinneann an stádas rialaithe, más arna ndearadh lena n-idirmhalartú atá na comhpháirteanna sin. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Is comhdhéanamh í ‘graifít charbóin’ a bhfuil carbón dímhorfach agus graifít inti, agus a bhfuil cion graifíte inti arb ionann é is 8 % de réir meáchain nó ar mó ná sin é. |
2. |
I gcás na n-ábhar atá liostaithe sna hiontrálacha thuas, tuigtear leis an bhfocal ‘cóimhiotal’, nuair nach bhfuil tiúchan dúile ar leith ag gabháil leis, na cóimhiotail sin a bhfuil an miotal aitheanta iontu i gcéatadán níos airde de réir meáchain ná aon dúil eile. |
2B351
Monatóirí gáis thocsainigh agus córais faireacháin, agus a sain-chomhchodaigh braite, seachas iad siúd atá sonraithe in 1A004, mar a leanas; agus brathadóirí; feistí braiteacha; agus cartúis bhraiteacha in-athsholáthraithe lena n-aghaidh:
a. |
Atá deartha chun oibriú go leanúnach agus atá inúsáidte chun oibreáin cogaíochta ceimicí nó ceimiceáin eile atá sonraithe in 1C350 a bhrath, ag tiúchan ar lú é ná 0,3 mg/m3; nó |
b. |
Atá deartha chun an ghníomhaíocht coiscthe coilíneistearáis a bhrath. |
2B352
Trealamh monaraíochta agus láimhseála bitheolaíochta, mar a leanas:
a. |
Saoráidí srianta agus trealamh gaolmhar mar a leanas:
|
b. |
Soithigh choipthe agus comhpháirteanna, mar a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
c. |
Deighilteoirí lártheifeacha, inar féidir deighilt leanúnach a dhéanamh gan aerasóil a fhorleathadh, ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Le deighilteoirí lártheifeacha, áirítear deacantair. |
d. |
Trealamh agus comhpháirteanna scagacháin cros-sreafa (tadhlaíocha) mar a leanas:
|
e. |
Trealamh reo-intriomaithe insteirilithe trí ghal uisce, trí ghás nó trí ghal, a bhfuil toilleadh comhdhlúthacháin aige ar mó é ná 10 kg de leac oighir i gceithre huaire is fiche agus ar lú é ná 1 000 kg de leac oighir i gceithre huaire is fiche; |
f. |
Trealamh cosanta agus srianta, mar a leanas:
|
g. |
Trealamh ionanálaithe aerasóil atá deartha don tástáil dhúshlánach ar aerasóil a dhéantar le ‘miocrorgánaigh’, víris nó ‘tocsainí’ mar a leanas:
|
h. |
Trealamh spraethriomúcháin lenar féidir tocsainí nó ‘miocrorgánaigh’ phataigineacha a thriomú, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
i. |
Cóimeálaithe agus sintéiseoirí aigéid núicléasaigh, atá uathoibrithe go páirteach nó go hiomlán, agus atá deartha chun aigéid núicléasacha leanúnacha ar mó iad ná 1,5 cileabhun ar fad a ghiniúint le rátaí earráide níos lú ná 5 % acu in aon raon amháin. |
2C
Ábhair
Nóta ar bith.
2D
Bogearraí
2D001
‘Bogearraí’, seachas na bogearraí atá sonraithe in 2D002, mar a leanas:
a. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh atá sonraithe in 2A001 nó 2B001 a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’. |
b. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh atá sonraithe in 2A001.c., 2B001 nó ó 2B003 go 2B009 a ‘úsáid’. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 2D001 ‘bogearraí’ ríomhchláraithe páirteanna a ghineann cóid ‘rialaithe uimhriúil’ chun páirteanna éagsúla a mheaisíniú. |
2D002
‘Bogearraí’ i gcomhair gléasanna leictreonacha, fiú amháin má tá siad suite i ngléas nó i gcóras leictreonach, lena gcuirtear ar chumas na ngléasanna nó na gcóras sin feidhmiú mar aonad ‘rialaithe uimhriúil’, a bhfuil ar a gcumas níos mó ná ceithre ais don ‘rialú comhrianaithe’ a chomhordú go comhuaineach.
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 2D002 ‘bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun ítimí nach bhfuil sonraithe i gCatagóir 2 a oibriú. |
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le 2D002 ‘bogearraí’ d’ítimí atá sonraithe in 2B002. Féach 2D001 agus 2D003 i gcomhair ‘bogearraí’ d’ítimí atá sonraithe in 2B002. |
Nóta 3 : |
Ní rialaítear le 2D002 ‘bogearraí’ a onnmhairítear le hítimí nach bhfuil sonraithe i gCatagóir 2, ná an íosmhéid is gá chun na hítimí sin a oibriú. |
2D003
‘Bogearraí’, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh atá sonraithe in 2B002 a oibriú, a thiontaíonn dearadh optúil, tomhaiseanna saotharphíosa agus feidhmeanna chun ábhar a bhaint ina n-orduithe maidir le ‘rialú uimhriúil’ chun an fhoirm den saotharphíosa atá ag teastáil a fháil.
2D101
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh atá sonraithe in 2B104, 2B105, 2B109, 2B116, 2B117 nó 2B119 go 2B122 ‘a úsáid’.
N.B. |
FÉACH 9D004 FREISIN. |
2D201
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun trealamh atá sonraithe in 2B204, 2B206, 2B207, 2B209, 2B219 nó 2B227 ‘a úsáid’.
2D202
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó atá sainmhodhnaithe chun trealamh atá sonraithe in 2B201 ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.
Nóta : |
Ní rialaítear le 2D202 ‘bogearraí’ ríomhchláraithe páirteanna a ghineann cóid ordaithe maidir le ‘rialú uimhriúil’ ach ní cheadaítear leis úsáid dhíreach a bhaint as trealamh chun páirteanna éagsúla a mheaisíniú. |
2D351
‘Bogearraí’, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 1D003, atá saindeartha chun trealamh atá sonraithe in 2B351 ‘a úsáid’.
2D352
‘Bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh cóimeálaithe agus sintéiseoirí aigéid núicléasaigh atá sonraithe in 2B352.i., atá ar a chumas dúile géiniteacha feidhmiúla ó shonraí faoi sheichimh dhigiteacha a dhearadh agus a thógáil.
2E
Teicneolaíocht
2E001
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht le trealamh ‘a fhorbairt’. nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 2A, 2B nó 2D.
Nóta : |
Áirítear le 2E001 ‘teicneolaíocht’ chun córais tóireadóirí a chomhtháthú sna meaisíní tomhais chomhordanáidigh a shonraítear in 2B006.a. |
2E002
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh atá sonraithe in 2A nó 2B ‘a tháirgeadh’.
2E003
‘Teicneolaíocht’ eile, mar a leanas:
a. |
Ní úsáidtear; |
b. |
‘Teicneolaíocht’ do phróisis mhonaraithe sa mhiotalóireacht, mar a leanas:
|
c. |
‘Teicneolaíocht’ chun meaisíní don fhoirmiú hiodrálach trí shíneadh agus díslí lena n-aghaidh ‘a fhorbairt’ agus ‘a tháirgeadh’ chun struchtúir aerfhrámaí a mhonarú; |
d. |
Ní úsáidtear; |
e. |
‘Teicneolaíocht’ chun ‘bogearraí’ don chomhtháthú ‘a fhorbairt’ chun córais shaineolaíocha tacaíochta don ardchinnteoireacht i leith oibríochtaí urláir na monarchan a ionchorprú in aonaid ‘rialaithe uimhriúil’; |
f. |
‘Teicneolaíocht’ chun bratuithe forleagtha neamhorgánacha nó bratuithe neamhorgánacha dromchla-mhodhnaitheacha (atá sonraithe i gcolún 3 sa tábla thíos) a chur ar fhoshraitheanna neamhleictreacha (atá sonraithe i gcolún 2 sa tábla thíos), trí phróisis atá sonraithe i gcolún 1 sa tábla thíos agus atá sainmhínithe sa Nóta Teicniúil.
|
2E101
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 2B004, 2B009, 2B104, 2B109, 2B116, 2B119 go 2B122 nó 2D101 ‘a úsáid’.
2E201
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 2A225, 2A226, 2B001, 2B006, 2B007.b., 2B007.c., 2B008, 2B009, 2B201, 2B204, 2B206, 2B207, 2B209, 2B225 go 2B233, 2D201 nó 2D202 ‘a úsáid’.
2E301
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun earraí atá sonraithe in 2B350 go dtí 2B352 ‘a úsáid’.
Tábla
Teicnící deascaidh
|
|
|
||||||
|
‘For-chóimhiotail’ |
Alúmainídí le haghaidh pasáistí inmheánacha |
||||||
|
Ceirmigh (19) agus Gloiní íseal-leathnúcháin (14) |
Silicídí Cairbídí Cisil thréleictreacha (15) Diamant Carbón diamantach (17) |
||||||
|
‘Comhchodaigh’‘maitríse’ charbón-carbóin, cheirmeacha agus mhiotail |
Silicídí Cairbídí Miotail theasfhulangacha Meascáin díobh sin (4) Cisil thréleictreacha (15) Alúmainídí Alúmainídí cóimhiotalacha (2) Nítríd bhóróin |
||||||
|
Cairbíd tungstain dhlúite (16), Cairbíd sileacain (18) |
Cairbídí Tungstan Meascáin díobh sin (4) Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Molaibdéineam agus cóimhiotail Mholaibdéinim |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Beirilliam agus cóimhiotail Bheirilliam |
Cisil thréleictreacha (15) Diamant Carbón diamantach (17) |
||||||
|
Ábhair fhuinneog an bhraiteora (9) |
Cisil thréleictreacha (15) Diamant Carbón diamantach (17) |
||||||
|
|
|
||||||
|
‘For-chóimhiotail’ |
Silicídí cóimhiotalacha Alúmainídí cóimhiotalacha (2) MCrAlX (5) Siorcóinia mhodhnaithe (12) Silicídí Alúmainídí Meascáin díobh sin (4) |
||||||
|
Ceirmigh (19) agus Gloiní íseal-leathnúcháin (14) |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Cruach fhrithchreimneach (7) |
MCrAlX (5) Siorcóinia mhodhnaithe (12) Meascáin díobh sin (4) |
||||||
|
‘Comhchodaigh’‘maitríse’ charbón-carbóin, cheirmeacha agus mhiotail |
Silicídí Cairbídí Miotail theasfhulangacha Meascáin díobh sin (4) Cisil thréleictreacha (15) Nítríd bhóróin |
||||||
|
Cairbíd tungstain dhlúite (16), Cairbíd sileacain (18) |
Cairbídí Tungstan Meascáin díobh sin (4) Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Molaibdéineam agus cóimhiotail Mholaibdéinim |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Beirilliam agus cóimhiotail Bheirilliam |
Cisil thréleictreacha (15) Bóirídí Beirilliam |
||||||
|
Ábhair fhuinneog an bhraiteora (9) |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Cóimhiotail tíotáinaim (13) |
Bóirídí Nítrídí |
||||||
|
Ceirmigh (19) agus Gloiní íseal-leathnúcháin |
Cisil thréleictreacha (15) Carbón diamantach (17) |
||||||
|
‘Comhchodaigh’‘maitríse’ charbón-carbóin, cheirmeacha agus mhiotail |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Cairbíd tungstain dhlúite (16), Cairbíd sileacain |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Molaibdéineam agus cóimhiotail Mholaibdéinim |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Beirilliam agus cóimhiotail Bheirilliam |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Ábhair fhuinneog an bhraiteora (9) |
Cisil thréleictreacha (15) Carbón diamantach (17) |
||||||
|
Ceirmigh (19) agus Gloiní íseal-leathnúcháin (14) |
Silicídí Cisil thréleictreacha (15) Carbón diamantach (17) |
||||||
|
‘Comhchodaigh’‘maitríse’ charbón-carbóin, cheirmeacha agus mhiotail |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Cairbíd tungstain dhlúite (16), Cairbíd sileacain |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Molaibdéineam agus cóimhiotail Mholaibdéinim |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Beirilliam agus cóimhiotail Bheirilliam |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Ábhair fhuinneog an bhraiteora (9) |
Cisil thréleictreacha (15) Carbón diamantach (17) |
||||||
|
‘For-chóimhiotail’ |
Silicídí cóimhiotalacha Alúmainídí cóimhiotalacha (2) MCrAlX (5) |
||||||
|
Polaiméirí (11) agus ‘Comhchodaigh’‘mhaitríse’ orgánacha |
Bóirídí Cairbídí Nítrídí Carbón diamantach (17) |
||||||
|
‘Comhchodaigh’‘maitríse’ charbón-carbóin, cheirmeacha agus mhiotail |
Silicídí Cairbídí Meascáin díobh sin (4) |
||||||
|
Cóimhiotail tíotáinaim (13) |
Silicídí Alúmainídí Alúmainídí cóimhiotalacha (2) |
||||||
|
Miotail theasfhulangacha agus cóimhiotail theasfhulangacha (8) |
Silicídí Ocsaídí |
||||||
|
‘For-chóimhiotail’ |
MCrAlX (5) Siorcóinia mhodhnaithe (12) Meascáin díobh sin (4) Nicil Ghraifíte Inscríobtha Ábhair inscríobtha ina bhfuil Ni-Cr-Al Al-Si-Poileistear Inscríobtha Alúmainídí cóimhiotalacha (2) |
||||||
|
Cóimhiotail alúmanaim (6) |
MCrAlX (5) Siorcóinia mhodhnaithe (12) Silicídí Meascáin díobh sin (4) |
||||||
|
Miotail theasfhulangacha agus cóimhiotail theasfhulangacha (8) |
Alúmainídí Silicídí Cairbídí |
||||||
|
Cruach fhrithchreimneach (7) |
MCrAlX (5) Siorcóinia mhodhnaithe (12) Meascáin díobh sin (4) |
||||||
|
Cóimhiotail tíotáinaim (13) |
Cairbídí Alúmainídí Silicídí Alúmainídí cóimhiotalacha (2) Nicil Ghraifíte Inscríobtha Ábhair inscríobtha ina bhfuil Ni-Cr-Al Al-Si-Poileistear Inscríobtha |
||||||
|
Miotail theasfhulangacha agus cóimhiotail theasfhulangacha (8) |
Silicídí comhleáite Alúmainídí comhleáite seachas eilimintí téimh friotaíochta |
||||||
|
‘Comhchodaigh’‘maitríse’ charbón-carbóin, cheirmeacha agus mhiotail |
Silicídí Cairbídí Meascáin díobh sin (4) |
||||||
|
‘For-chóimhiotail’ |
Silicídí cóimhiotalacha Alúmainídí cóimhiotalacha (2) Alúmainídí triathmhiotal-mhodhnaithe (3) MCrAlX (5) Siorcóinia mhodhnaithe (12) Platanam Meascáin díobh sin (4) |
||||||
|
Ceirmigh agus Gloiní Íseal-leathnúcháin (14) |
Silicídí Platanam Meascáin díobh sin (4) Cisil thréleictreacha (15) Carbón diamantach (17) |
||||||
|
Cóimhiotail tíotáinaim (13) |
Bóirídí Nítrídí Ocsaídí Silicídí Alúmainídí Alúmainídí cóimhiotalacha (2) Cairbídí |
||||||
|
‘Comhchodaigh’‘maitríse’ charbón-carbóin, cheirmeacha agus mhiotail |
Silicídí Cairbídí Miotail theasfhulangacha Meascáin díobh sin (4) Cisil thréleictreacha (15) Nítríd bhóróin |
||||||
|
Cairbíd tungstain dhlúite (16), Cairbíd sileacain (18) |
Cairbídí Tungstan Meascáin díobh sin (4) Cisil thréleictreacha (15) Nítríd bhóróin |
||||||
|
Molaibdéineam agus cóimhiotail Mholaibdéinim |
Cisil thréleictreacha (15) |
||||||
|
Beirilliam agus cóimhiotail Bheirilliam |
Bóirídí Cisil thréleictreacha (15) Beirilliam |
||||||
|
Ábhair fhuinneog an bhraiteora (9) |
Cisil thréleictreacha (15) Carbón diamantach (17) |
||||||
|
Miotail theasfhulangacha agus cóimhiotail theasfhulangacha (8) |
Alúmainídí Silicídí Ocsaídí Cairbídí |
||||||
|
Cineálacha cruach ardteochta |
Méideanna breise Cróimiam, Tantalaim nó Niaibiam (Colaimbiam) |
||||||
|
Cóimhiotail tíotáinaim (13) |
Bóirídí Nítrídí |
||||||
|
Beirilliam agus cóimhiotail Bheirilliam |
Bóirídí |
||||||
|
Cairbíd tungstain dhlúite (16) |
Cairbídí Nítrídí |
TÁBLA - TEICNÍCÍ DEASCAIDH - NÓTAÍ
1. |
Leis an téarma ‘próiseas an bhrataithe’, áirítear deisiú agus athfheistiú an bhrataithe mar aon leis an mbratú bunaidh. |
2. |
Leis an téarma ‘bratú alúmainíde cóimhiotalaí’, áirítear bratuithe aonchéime nó ilchéime ina ndeasctar dúil nó dúile sula ndéantar an bratú alúmainíde nó le linn a dhéanta, fiú amháin i gcás ina ndeasctar na dúile sin trí phróiseas brataithe eile. Ní áirítear leis, áfach, ilúsáid próiseas aon chéime suimintithe paca chun alúmainídí cóimhiotalacha a bhaint amach. |
3. |
Leis an téarma bratú ‘alúmainídí triathmhiotal-mhodhnaithe’, áirítear bratuithe ilchéime ina leagtar síos an triathmhiotal nó na triathmhiotail le próiseas brataithe éigin eile sula ndéantar an bratú alúmainíde. |
4. |
Leis an téarma ‘meascáin díobh sin’, áirítear ábhar insíothlaithe, comhdhéanaimh ghrádaithe, comhdheascáin agus deascáin ilsrathacha agus faightear iad trí cheann amháin nó níos mó de na próisis bhrataithe atá sonraithe sa Tábla. |
5. |
Le ‘MCrAIX’, tagraítear do chóimhiotal brataithe áit arb ionann M agus cóbalt, iarann, nicil nó teaglamaí díobh sin agus arb ionann × agus haifniam, itriam, sileacan, tantalam de mhéid ar bith nó méideanna breise eile a chuirtear leis d’aon ghnó agus atá os cionn 0,01 % de réir meáchain i gcomhréireanna agus i dteaglamaí éagsúla, seachas:
|
6. |
Leis an téarma ‘cóimhiotail alúmanaim’, tagraítear do chóimhiotail a bhfuil neart teanntachta deiridh 190 MPa nó níos mó acu, á thomhas ag 293 K (20 °C). |
7. |
Leis an téarma ‘cruach fhrithchreimneach’, tagraítear do chruach shraith 300 AISI (An Institiúid Mheiriceánach um Iarann agus um Chruach) nó do chruach choibhéiseach de réir an chaighdeáin náisiúnta. |
8. |
Le ‘miotail theasfhulangacha agus cóimhiotail theasfhulangacha’, áirítear na miotail seo a leanas agus a gcóimhiotail: niaibiam (colaimbiam), molaibdéineam, tungstan agus tantalam. |
9. |
‘Ábhair fhuinneog an bhraiteora’, mar a leanas: alúmana, sileacan, gearmáiniam, suilfíd since, seiléiníd since, arsainíd ghailliam, diamant, foisfíd ghailliam, saifír agus na hailídí miotail seo a leanas: ábhair fhuinneog an bhraiteora a bhfuil trastomhas acu ar mó é ná 40 mm i gcás fluairíd siorcóiniam agus fluairíd haifniam. |
10. |
Ní áirítear i gCatagóir 2 ‘teicneolaíocht’ chun suimintiú paca aon chéime a dhéanamh ar aereiteoga soladacha. |
11. |
‘Polaiméirí’, mar a leanas: poilimíd, poileistear, polasuilfíd, polacarbónáití agus polúireatáin. |
12. |
Le ‘siorcóinia mhodhnaithe’, tagraítear d’ocsaídí miotail eile (e.g. cailcia, maignéis, itria, haifnia, ocsaídí tearc-chré) a chur le siorcóinia chun pasanna áirithe criostalagrafacha agus comhdhéanaimh pasanna a chobhsú. Ní rialaítear bratuithe bacainne teirmí atá déanta as siorcóinia agus atá modhnaithe le cailcia nó maignéis trí mheascadh nó trí chomhleá. |
13. |
Leis an téarma ‘cóimhiotail tíotáiniam’, ní thagraítear ach amháin do chóimhiotail aeraspáis a bhfuil neart teanntachta deiridh 900 MPa nó níos mó acu, á thomhas ag 293 K (20 °C). |
14. |
Le ‘gloiní íseal-leathnúcháin’, tagraítear do ghloiní a bhfuil comhéifeacht leathnúcháin theirmigh 1 × 10–7 K–1 nó níos lú acu, á tomhas ag 293 K (20 °C). |
15. |
Is éard is ‘cisil thréleictreacha’ ann bratuithe ilchisealacha déanta d’ábhair insliúcháin ina n-úsáidtear airíonna trasnaíochta de chuid dearadh atá comhdhéanta d’ábhair a bhfuil innéacsanna éagsúla athraonta acu chun bandaí difriúla tonnfhaid a fhrithchaitheamh, a tharchur nó a ionsú. Le cisil thréleictreacha, tagraítear do níos mó ná ceithre chiseal thréleictreacha nó níos mó ná ceithre chiseal ‘chomhchodacha’ miotal/thréleictreacha. |
16. |
Le ‘cairbíd tungstain dhlúite’, ní áirítear ábhair le haghaidh uirlisí gearrtha agus foirmithe arb é atá iontu cairbíd tungstain/(cóbalt, nicil), cairbíd tíotáiniam/(cóbalt, nicil), cairbíd cróimiam/nicil-chróimiam agus cairbíd cróimiam/nicil. |
17. |
Ní rialaítear ‘Teicneolaíocht’ chun carbón diamantach a dheascadh ar aon cheann díobh seo a leanas: tiomántáin dioscaí mhaighnéadacha agus cnogaí dioscaí maighnéadacha, trealamh chun earraí aon uaire a mhonarú, comhlaí le haghaidh sconnaí, scairteacha fuaimiúla le haghaidh callairí, codanna innill i gcomhair gluaisteán, uirlisí gearrtha, díslí puinseála-fháiscthe, trealamh uathoibrithe oifige, micreafóin nó feistí leighis nó múnlaí le haghaidh plaistigh a theilgeadh nó a mhúnlú atá monaraithe as cóimhiotail a bhfuil níos lú ná 5 % de bheirilliam iontu. |
18. |
Le ‘cairbíd sileacain’, ní áirítear ábhair le haghaidh uirlisí gearrtha agus foirmithe. |
19. |
Le foshraitheanna ceirmeacha, mar a chuirtear síos orthu san iontráil seo, ní áirítear ábhair cheirmeacha a bhfuil 5 % de chré nó stroighin de réir meáchain iontu, nó níos mó ná sin, bídís ina gcomhchodaigh aonair nó ina dteaglamaí le chéile. |
TÁBLA - TEICNÍCÍ DEASCTHA - NÓTA TEICNIÚIL
Na próisis sin atá sonraithe i gColún 1 den Tábla, sainmhínítear mar a leanas iad:
a. |
Is éard atá sa Deascadh Ceimiceach Gaile (CVD) próiseas brataithe forleagain nó próiseas brataithe chun dromchla a mhodhnú ina ndeasctar miotal, cóimhiotal, ‘comhchodach’, tréleictreach nó ceirmeach ar fhoshraith théite. Dianscaoiltear imoibreáin ghásacha nó cuingrítear iad i ngiorracht foshraithe agus dá bharr sin, deasctar an t-ábhar eliminteach, cóimhiotail nó comhdhúileach inmhianaithe ar an bhfoshraith. Féadfaidh teas na foshraithe, plasma díluchtaithe breoch nó ionradaíocht ‘léasair’ fuinneamh a sholáthar don dianscaoileadh nó don phróiseas imoibriúcháin cheimicigh sin.
|
b. |
Is éard atá sa Deascadh Fisiceach Gaile trí Ghalú Teirmeach (TE-PVD) próiseas brataithe forleagain a dhéantar i bhfolús faoi bhrú ar lú é ná 0,1 Pa ina n-úsáidtear foinse fuinnimh theirmigh chun an t-ábhar brataithe a ghalú. De bharr an phróisis sin, comhdhlúthaítear an speiceas galaithe ar fhoshraitheanna atá suite in áiteanna iomchuí nó deasctar an speiceas ar na foshraitheanna sin. Is gnáthmhodhnú ar an bpróiseas é gáis a chur isteach sa chuasán folúis i rith phróiseas an bhrataithe d’fhonn bratuithe comhdhúileacha a shintéisiú. Déantar modhnú ar an teicníc sin go coitianta freisin trí léasacha iain nó leictreonléasacha nó plasma a úsáid chun deascadh an bhrataithe a ghníomhachtú nó chun cuidiú leis. Féadfar monatóirí a úsáid mar chuid den phróiseas sin chun tréithe optúla agus tiús na mbratuithe a thomhas le linn an phróisis. Seo a leanas na próisis shainiúla TE-PVD:
|
c. |
Is éard atá i Suimintiú Paca próiseas brataithe chun dromchla a mhodhnú nó próiseas brataithe forleagain ina dtumtar foshraith i meascán púdair (paca), arb iad seo a leanas atá sa phaca:
Bíonn an meascán dfhoshraith agus púdar i bhfreangán a théitear sin go dtí idir 1 030 K (757 °C) agus 1 375 K (1 102 °C) ar feadh tréimhse cuí chun an bratú a dheascadh. |
d. |
Is éard atá sa Spraeáil Plasma próiseas brataithe forleagain ina ndéantar plasma a tháirgeadh agus a rialú le gunna (spraethóirse), ar gunna é a ghlacann le hábhair phúdair nó le hábhair don sreangbhratú, agus lena ndéantar iad a leá agus a thiomáint i dtreo foshraithe, ar a bhfoirmítear bratú atá nasctha go hiomlán. Spraeáil plasma lagbhrú nó ardluais a bhíonn i gceist leis an spraeáil plasma.
|
e. |
Próiseas brataithe chun dromchla a mhodhnú nó próiseas brataithe forleagain atá sa Draoibdheascadh, lena ndéantar púdar miotalach nó ceirmeach a bhfuil ceanglóir orgánach ann a fhuaidreamh i leacht agus a chur ar fhoshraith trí spraeáil, trí thumadh nó trí phéinteáil, trína thriomú faoin aer nó in oigheann ina dhiaidh sin, agus trí chóireáil teasa chun an bratú inmhianaithe a bhaint amach. |
f. |
Is éard atá sa Spriúchdheascadh próiseas brataithe forleagain atá bunaithe ar fheiniméan aistrithe móimintim ina luathaítear iain dhearfacha, le réimse leictreach, i dtreo dromchla sprice (ábhar brataithe). Is leor fuinneamh cinéiteach na n-ian tuinsimh chun go scaoilfí adaimh an dromchla sprice agus chun go ndeascfaí iad ar fhoshraith a bheadh suite in áit iomchuí.
|
g. |
Is éard atá san ian-ionchlannú próiseas brataithe chun dromchla a mhodhnú ina n-ianaítear an dúil atá le cóimhiotalú, ina luathaítear í trí ghrádán poitéinsil agus ina n-ionchlannaítear í i réigiún dromchla na foshraithe. Áirítear leis seo próisis ina ndéantar ian-ionchlannú go comhuaineach le deascadh fisiceach gaile le leictreonléas nó le spriúchdheascadh. |
CUID V
Catagóir 3
CATAGÓIR 3 - LEICTREONAIC
3A
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
Nóta 1 : |
Is tríd an stádas rialaithe atá ag an trealamh eile a chinntear stádas rialaithe an trealaimh agus na gcomhpháirteanna a bhfuil cur síos orthu in 3A001 nó 3A002, seachas an trealamh agus na comhpháirteanna a bhfuil cur síos orthu in 3A001.a.3. go 3A001.a.10., nó 3A001.a.12 go 3A001.a.14, nó 3A001.b.12, atá saindeartha le haghaidh trealamh eile nó a bhfuil na tréithe feidhmeacha céanna acu agus atá ag an trealamh eile. |
Nóta 2 : |
Maidir leis na ciorcaid iomlánaithe a bhfuil cur síos orthu in 3A001.a.3. go 3A001.a.9., nó 3A001.a.12. go 3A001.a.14 agus atá ríomhchláraithe nó deartha ar bhealach neamh-inathraithe i gcomhair sainfheidhme i dtrealamh eile, is tríd an stádas rialaithe atá ag an trealamh eile a chinntear an stádas rialaithe atá acu.
|
Nóta 3 : |
Maidir le sliseoga (bídís críochnaithe nó neamhchríochnaithe), ar cinneadh a bhfeidhm, is de réir pharaiméadair 3A001.a., 3A001.b., 3A001.d., 3A001.e.4., 3A001.g., 3A001.h., nó 3A001.i. a mheasfar a stádas rialaithe. |
3A001
Itimí leictreonacha, mar a leanas:
a. |
Ciorcaid iomlánaithe ilfheidhmeacha, mar a leanas:
|
b. |
Ítimí tonnta micreathoinne nó tonnta miliméadair, mar a leanas: Nóta Teicniúil : Chun críocha 3A001.b., féadfar tagairt a dhéanamh do pharaiméadar an aschuir cumhachta bhuaicsháithithe freisin ar bhileoga sonraí táirgí mar chumhacht aschuir, aschur cumhachta sáithithe, uaschumhacht aschuir, nó aschur cumhachta ag barr an imchlúdaigh modhnúcháin.
|
c. |
Feistí tonnta fuaimiúla mar a leanas agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
|
d. |
Feistí leictreonacha agus ciorcaid leictreonacha a bhfuil comhpháirteanna iontu atá monaraithe as ábhair ‘fhorsheoltacha’, agus atá saindeartha chun go bhfeidhmeoidh ar a laghad ceann amháin de na comhchodaigh ‘fhorsheoltacha’ ag teochtaí arb ísle ná an ‘teocht chriticiúil’ iad, agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
e. |
Feistí ardfhuinnimh mar a leanas:
Nóta Teicniúil : Le ‘AM0’, nó ‘Aermhais Nialasach’, déantar tagairt d’ionradantas speictreach sholas na gréine in atmaisféar seachtrach an domhain nuair is aonad réalteolaíoch (AR) amháin an fad idir an domhan agus an ghrian. |
f. |
Ionchódóirí dearbhshuímh a bhfuil ionchur rothlach acu agus a bhfuil ‘cruinneas’ acu arb ionann é agus 1,0 soicind stua nó ar lú (ar fearr) é ná sin, agus fáinní, dioscaí nó scálaí ionchódóra atá saindeartha lena n-aghaidh; |
g. |
Feistí tíreastóra agus ‘modúil tíreastóra’ soladstaide bíogacha um lascadh, lena n-úsáidtear modhanna lasctha atá faoi rialú leictreach, go hoptúil nó trí radaíocht leictreoin agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
h. |
Lasca, dé-óidí, nó ‘modúil’ leathsheoltóra de chumhacht soladstaide, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Chun críocha 3A001.h., bíonn lasc nó dé-óid leathsheoltóra de chumhacht soladstaide amháin nó níos mó i ‘modúil’. |
i. |
Modhnóirí leictrea-optacha déine, aimplitiúide, nó pas, atá deartha le haghaidh comharthaí analógacha, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Chun críocha 3A001.i., is éard is ‘voltas leath-thonna’ (‘Vπ’) ann an voltas feidhmithe is gá chun athrú pas 180 céim a dhéanamh ar thonnfhad an tsolais a scaipeann tríd an modhnóir optúil. |
3A002
‘Cóimeálacha leictreonacha’ ilchuspóireacha, modúil agus trealamh, mar a leanas:
a. |
Trealamh taifeadta agus ascalascóip, mar a leanas:
|
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
‘Anailíseoirí comharthaí’ ar a leanas:
|
d. |
‘Gineadóirí comharthaí’ ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
e. |
Anailíseoirí gréasáin ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
f. |
Glacadóirí tástála micreathoinne ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
g. |
Caighdeáin minicíochta admhaí ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
h. |
‘Cóimeálacha leictreonacha’, modúil, nó trealamh atá sonraithe chun gach ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:
Nótaí Teicniúla :
|
3A003
Córais spraefhuaraithe um bainistiú teirmeach lena n-úsáidtear trealamh láimhsithe agus athchóirithe sreabhán i lúba dúnta agus é in iniamh séalaithe ina spraeáltar sreabhán tréleictreach ar chomhpháirteanna leictreonacha trí shoic spraeála atá saindeartha chun comhpháirteanna leictreonacha a choinneáil laistigh dá raon teochta oibriúcháin, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.
3A101
Trealamh, gairis agus comhpháirteanna leictreonacha seachas iad sin atá sonraithe in 3A001, mar a leanas:
a. |
Tiontairí ó analógach go digiteach, atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’, agus atá deartha chun sonraíochtaí míleata i leith trealamh stóinsithe a chomhlíonadh; |
b. |
Luasairí a bhfuil ar a gcumas radaíocht leictreamaighnéadach a sheachadadh a dhéantar le Bremsstrahlung ó leictreoin luasghéaraithe dhá MeV nó níos mó ná sin, agus córais a bhfuil na luasairí sin iontu.
|
3A102
‘Ceallraí teirmeacha’ atá deartha nó modhnaithe do ‘dhiúrcáin’.
Nótaí Teicniúla :
1. |
In 3A102 is éard atá i ‘gceallraí teirmeacha’ ceallraí aonúsáide a bhfuil salann neamhorgánach neamhsheoltach soladach iontu mar leictrilít. Ionchorpraítear leis na ceallraí sin ábhar pirilíte ar ábhar é, ach a bheith lasta, lena leáitear an leictrilít agus lena ngníomhachtaítear an ceallra. |
2. |
In 9B105, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km. |
3A201
Comhpháirteanna leictreonacha seachas iad sin atá sonraithe in 3A001, mar a leanas:
a. |
Toilleoirí ar fíor ina leith aon cheann den dá thacar tréithe seo a leanas:
|
b. |
Leictreamaighnéid fhorsheoltacha sholanóideacha ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
c. |
Gineadóirí X-ghathacha splaince nó luasairí leictreoin bíogacha ar fíor ina leith aon cheann den dá thacar tréithe seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
3A225
Athróirí nó gineadóirí minicíochta, seachas iad sin atá sonraithe in 0B001.b.13., ar féidir iad a úsáid mar mhótarthiomáint minicíochta athraitheach nó seasta agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
N.B.1. |
Sonraítear in 3D225 na ‘bogearraí’ atá saindeartha chun feidhmíocht athróra nó gineadóra minicíochta a fheabhsú nó a scaoileadh chun na saintréithe in 3A225 a chomhlíonadh. |
N.B.2. |
Sonraítear in 3E225 ‘teicneolaíocht’, i bhfoirm cód nó eochracha, lena bhfeabhsaítear nó lena scaoiltear feidhmíocht athróra nó gineadóra minicíochta chun na saintréithe in 3A225 a chomhlíonadh. |
a. |
Tá aschur ilphasach acu lena soláthraítear cumhacht arb ionann í agus 40 VA nó ar mó í ná sin; |
b. |
Oibríonn siad ag minicíocht 600 Hz nó níos mó; agus |
c. |
Tá rialú minicíochta acu ar fearr (ar lú) é ná 0,2 %; |
Nóta : |
Le 3A225, ní rialaítear athróirí ná gineadóirí minicíochta i gcás ina bhfuil srianta crua-earraí, ‘bogearraí’ nó ‘teicneolaíocha’ orthu a d’fhágfadh a bhfeidhmíocht faoi bhun na leibhéal atá sonraithe thuas, ar choinníoll gur fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
Nótaí Teicniúla :
1. |
Tugtar tiontairí nó inbhéartóirí freisin ar na hathróirí minicíochta in 3A225. |
2. |
Is féidir na hathróirí minicíochta in 3A225 a mhargú mar Ghineadóirí, Trealamh Tástála Leictreonach, Soláthairtí Cumhachta Srutha Ailtéarnaigh, Mótarthiomáintí Luais Athraitheacha, Tiomáintí Luais Athraitheacha (VSDanna), Tiomáintí Minicíochta Athraitheacha (VFDanna), Tiomáintí Minicíochta Inchoigeartaithe (AFDanna) nó Tiomáintí Luais Inchoigeartaithe (ASDanna). |
3A226
Soláthairtí ardchumhachta srutha dhírigh, seachas na soláthairtí atá sonraithe in 0B001.j.6., ar fíor ina leith an dá thréith seo a leanas:
a. |
Tá ar a gcumas 100 V nó níos mó a tháirgeadh go leanúnach thar thréimhse 8 n-uair an chloig, agus aschur srutha acu arb ionann é agus 500 A nó ar mó é ná sin; agus |
b. |
Tá cobhsaíocht srutha nó voltais acu ar fearr í ná 0,1 % thar thréimhse 8 n-uair an chloig; |
3A227
Soláthairtí cumhachta srutha dhírigh ardvoltais, seachas na soláthairtí atá sonraithe in 0B001.j.5., ar fíor ina leith an dá thréith seo a leanas:
a. |
Tá ar a gcumas 20 kV nó níos mó a tháirgeadh go leanúnach thar thréimhse 8 n-uair an chloig, agus aschur srutha acu arb ionann é agus 1 A nó ar mó é ná sin; agus |
b. |
Tá cobhsaíocht srutha nó voltais acu ar fearr í ná 0,1 % thar thréimhse 8 n-uair an chloig; |
3A228
Gairis um lascadh, mar a leanas:
a. |
Feadáin catóide fuaire, bídís líonta le gás nó ná bídís, a oibríonn ar an gcuma chéanna le spréachbhearna, ar fíor ina leith na tréithe uile seo a leanas:
|
b. |
Spréachbhearnaí truicearaithe ar fíor ina leith an dá thréith seo a leanas:
|
c. |
Modúil nó cóimeálacha a bhfuil feidhm lasctha tapa acu, seachas na modúil agus na cóimeálacha atá sonraithe in 3A001.g. nó in 3A001.h., agus ar fíor ina leith na tréithe seo a leanas:
|
3A229
Gineadóirí bíog ardsrutha mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN NA RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA. |
a. |
Gléasanna lámhachta do mhaidhmitheoirí (córais tionscanta, gléasanna lámhachta), lena n-áirítear gléasanna lámhachta atá luchtaithe go leictreonach agus tiomáinte go pléascach agus go hoptúil, seachas iad sin atá sonraithe in 1A007.a., agus atá deartha chun na maidhmitheoirí ilrialaithe atá sonraithe in 1A007.b. a thiomáint; |
b. |
Gineadóirí bíog modúlacha leictreacha (bíogóirí) ar fíor ina leith na tréithe uile seo a leanas:
|
c. |
Micrealámhachta ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
3A230
Gineadóirí bíog ardluais agus ‘cinn bíge’ lena n-aghaidh a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
a. |
Tá voltas aschurtha acu ar mó é ná 6 V in ualach sainfhriotaíoch ar lú é ná 55 óm; agus |
b. |
Tá ‘aga trasdula bíge’ acu ar lú é ná 500 ps. Nótaí Teicniúla :
|
3A231
Córais ghineadóra neodrón, lena n-áirítear feadáin ag a bhfuil an dá thréith seo a leanas:
a. |
Tá siad deartha chun feidhmiú gan córas le folús seachtrach; agus |
b. |
A bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas á úsáid acu:
|
3A232
Córais ilphointeach tionscanta, seachas iad siúd atá sonraithe in 1A007, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN NA RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA. |
N.B. |
Féach 1A007.b. le haghaidh maidhmitheoirí. |
a. |
Ní úsáidtear; |
b. |
Cóirithe ina n-úsáidtear maidhmitheoirí aonair nó iolracha atá deartha chun dromchla pléascáin thar achar ar mó é ná 5 000 mm2 a thionscnamh beagnach go comhuaineach ó chomhartha lámhaigh aonair agus le hamú tionscanta leata ar fud an dromchla ar lú é ná 2,5 μs.
|
3A233
Mais-speictriméadair, seachas na cinn a shonraítear in 0B002.g., a bhfuil ar a gcumas iain 230 u nó níos mó a thomhas agus a bhfuil taifeach acu ar fearr é ná dhá pháirt in 230, mar a leanas, agus foinsí iain lena n-aghaidh:
a. |
Mais-speictriméadair phlasma atá cúpláilte go hionduchtach (ICP/MS); |
b. |
Mais-speictriméadair le díluchtú breoch (GDMS); |
c. |
Mais-speictriméadair ianúcháin theirmigh (TIMS); |
d. |
Mais-speictriméadair thuairgneála leictreon a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
e. |
Ní úsáidtear; |
f. |
Mais-speictriméadair atá feistithe le foinse ian micreafhluairínithe atá deartha le haghaidh achtainídí nó fluairídí achtainíde. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Na mais-speictriméadair tuairgneála leictreon in 3A233.d., tugtar mais-speictriméadair tuinsimh leictreon nó mais-speictriméadair ianúcháin leictreon orthu freisin. |
2. |
In 3A233.d.2., a, is éard atá i gceist le ‘fuarghaiste’ feiste a ghaistíonn móilíní gáis trí na móilíní sin a chomhdhlúthú nó a reo ar dhromchlaí fuara. Chun críocha 3A233.d.2., ní mheastar gur ‘fuarghaiste’ é folúschaidéal crióigineach de chineál héiliam ghásaigh lúbiata. |
3A234
Stiall-línte lena soláthraítear conair ionduchtais ísil do mhaidhmitheoirí agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Tá ráta voltais acu ar mó é ná 2 kV; agus |
b. |
Tá ionduchtas srathach acu ar lú é ná 20 nH; |
3B
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
3B001
Trealamh chun feistí nó ábhair leathsheoltacha a mhonarú, mar a leanas, agus na comhpháirteanna agus na gabhálais atá saindeartha lena aghaidh:
N.B. |
FÉACH 2B226 FREISIN |
a. |
Trealamh atá deartha i gcomhair fás eipealuadrach:
|
b. |
Trealamh atá deartha chun iain a ionchlannú, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
c. |
Ní úsáidtear; |
d. |
Ní úsáidtear; |
e. |
Córais uathlódáilte ilchuasacha láimhseála sliseog lárnach, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
f. |
Trealamh liteagrafaíochta, mar a leanas:
|
g. |
Maisc agus mioneangaí atá deartha do na ciorcaid iomlánaithe atá sonraithe in 3A001; |
h. |
Maisc ilchisealacha a bhfuil sraith phasaistrithe acu nach bhfuil sonraithe in 3B001.g. agus atá deartha lena n-úsáid le trealamh liteagrafaíochta a bhfuil tonnfhad na foinse solais aige ar lú é ná 245 nm;
|
i. |
Teimpléid liteagrafaíochta inphrionta atá deartha do na ciorcaid iomlánaithe atá sonraithe in 3A001. |
j. |
‘Crotáin foshraithe’ ag a bhfuil struchtúr frithchaiteoirí ilsrathacha arb é molaibdéineam agus sileacan atá ann, agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Tagraíonn ‘Ultraivialait Foircneach’ (‘EUV’) do thonnfhaid speictrim leictreamaighnéadacha ar mó iad ná 5 nm agus ar lú iad ná 124 nm. |
3B002
Trealamh tástála atá saindeartha chun leathsheoltóirí críochnaithe nó neamhchríochnaithe a thástáil, mar a leanas, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha le aghaidh an trealaimh sin:
a. |
Chun S-pharaiméadair na n-ítimí atá sonraithe in 3A001.b.3. a thástáil; |
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
Chun ítimí atá sonraithe in 3A001.b.2. a thástáil. |
3C
Ábhair
3C001
Ábhair heitrea-eipealuadracha arb éard atá iontu ‘foshraith’ ina bhfuil ilchisealacha cruachta a fhástar go heipealuadrach de cheann ar bith díobh seo a leanas:
a. |
Sileacan (Si); |
b. |
Gearmáiniam (Ge); |
c. |
Cairbíd sileacain (SiC); |
d. |
‘Comhdhúile III/V’ gailliam nó indiam. |
e. |
Ocsaíd gailliam (Ga2O3); nó |
f. |
Diamant. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 3C001.d. ‘foshraith’ ag a bhfuil ceann amháin nó níos mó de chisil eipealuadracha P-chineáil de Gan, InGaN, AlGaN, InAlN, InAlGaN, GaP, GaAs, AlGaAs, InP, InGaP, AlInP nó InGaAlP, neamhspleách ar sheicheamh na ndúl, ach amháin más rud é go bhfuil an ciseal eipealuadrach P-chineálach idir cisil N-chineálacha. |
3C002
Friotáin mar a leanas agus ‘foshraitheanna’ atá brataithe leis na friotáin seo a leanas:
a. |
Friotáin atá deartha le haghaidh liteagrafaíocht leathsheoltach mar a leanas:
|
b. |
Na friotáin uile atá deartha lena n-úsáid le léasacha leictreon nó le léasacha ian, a bhfuil íogaireacht acu arb ionann í agus 0,01 μcoulomb/mm2 nó ar fearr ná sin í; |
c. |
Ní úsáidtear; |
d. |
Na friotáin eile atá optamaithe do theicneolaíochtaí íomháúcháin dromchla; |
e. |
Na friotáin uile atá deartha nó atá optamaithe lena n-úsáid le trealamh liteagrafaíochta inphrionta atá sonraithe in 3B001.f.2. agus lena n-úsáidtear próiseas teirmeach nó próiseas fóta-inleasaithe. |
3C003
Comhdhúile orgána-neamhorgánacha mar a leanas:
a. |
Comhdhúile orgána-mhiotalacha alúnanaim, gailliam nó indiam, a bhfuil íonacht (íonacht an mhiotail) acu ar fearr í ná 99,999 %; |
b. |
Comhdhúile orgáno-arsanaic, orgáno-antamóin agus orgáno-fhosfair, a bhfuil íonacht (íonacht na ndúile neamhorgánaí) acu ar fearr í ná 99,999 %. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 3C003 ach amháin comhdhúile a bhfuil a ndúil mhiotail, pháirt-mhiotail nó neamh-mhiotail nasctha go díreach le carbón sa chuid sin den mhóilín atá orgánach. |
3C004
Hidrídí fosfair, arsanaice nó antamóin, a bhfuil íonacht acu ar fearr í ná 99,999 %, fiú más caolaithe i ngáis thámha nó in hidrigin atá siad.
Nóta : |
Ní rialaítear le 3C004 hidrídí ina bhfuil 20 % de mhóil nó níos mó ná sin de gháis thámha nó de hidrigin. |
3C005
Ábhair ardfhriotaíochta mar a leanas:
a. |
‘Foshraitheanna’ leathsheoltóra de chairbíd shileacain (SiC), de nítríd ghailliam (GaN), de nítríd alúmanaim (AlN), de nítríd ghailliam alúmanaim (AlGaN), d’ocsaíd gailliam (Ga2O3) nó foshraitheanna diamaint, nó tinní, búiléanna, réamhfhoirmeacha eile na n-ábhar sin, a bhfuil friotachas acu ar mó é ná 10 000 óm-cm ag 20 °C; |
b. |
‘Foshraitheanna’ polachriostalacha nó ‘foshraitheanna’ polachriostalacha ceirmeacha, a bhfuil friotachas acu ar mó é ná 10 000 óm-cm ag 20 °C agus a bhfuil aon chiseal aonchriostail neamh-epitaxialach sileacain (Si), cairbíd sileacain (SiC), nítríd ghailliam (GaN), nítríd alúmanaim (AlN), nó nítríd ghailliam alúmanaim (AlGaN), ocsaíd gailliam (Ga2O3) nó foshraitheanna diamaint amháin ar a laghad acu ar dhromchla na ‘foshraithe’. |
3C006
Ábhair, nach bhfuil sonraithe in 3C001, ina bhfuil ‘foshraith’ atá sonraithe in 3C005 a bhfuil ar a laghad aon chiseal eipeatacsach amháin de chairbíd sileacain (SiC), de nítríd ghailliam (GaN), de nítríd alúmanaim (AIN) nó de nítríd ghailliam alúmanaim (AlGaN), d’ocsaíd gailliam (Ga2O3) nó diamant aici.
3D
Bogearraí
3D001
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun trealamh atá sonraithe in 3A001.b. go 3A002.h. nó in 3B. a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’.
3D002
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun trealamh atá sonraithe in 3B001.a. go f., in 3B002 nó in 3A225 a ‘úsáid’.
3D003
‘Bogearraí liteagrafaíochta ríomhaireachtúla’ atá saindeartha chun patrúin a ‘fhorbairt’ ar mhascanna nó comharthaí EUV-liagrafaíochta.
Nóta Teicniúil :
Is éard atá i gceist le ‘liteagrafaíocht ríomhaireachtúil’ samhaltú ríomhaireachta chun feidhmíocht íomháithe an phróisis liteagrafaíochta a thuar, a cheartú, a optamú agus a fhíorú thar raon patrún, próiseas agus coinníollacha córais.
3D004
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun trealamh a shonraítear in 3A003 a ‘fhorbairt’.
3D005
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun gnáthfheidhmiú micriríomhaire, ‘micreachiorcad micreaphróiseálaí’ nó ‘micreachiorcad micriríomhaire’ a athbhunú laistigh de 1 ms tar éis cur isteach ar Bhíog Leictreamaighnéadach (EMP) nó ar Dhíluchtú Leictreastatach (ESD), gan aon chaillteanas oibríochta leanúnaí.
3D006
‘Bogearraí’ don Dearadh Leictreonach Ríomhchuidithe (‘ECAD’) atá saindeartha chun ciorcaid iomlánaithe a bhfuil aon struchtúr ‘Trasraitheoir Tionchair Réimse Timpeallgheatach’ (‘TTRT’) acu, agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
a. |
Tá siad saindeartha chun ‘Leibhéal Aistrithe a Chlárú’ do ‘Caighdeán II an Bhunachair Sonraí Geoiméadracha’ nó caighdeán coibhéiseach a chur chun feidhme. nó |
b. |
Saindeartha do leas iomlán a bhaint as cumhacht nó rialacha amú. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Is catagóir uirlisí ‘bogearraí’ ‘Dearadh Leictreonach Ríomhchuidithe’ (‘ECAD’) a mbaintear úsáid astu chun feidhmíocht ciorcaid iomlánaithe nó clár ciorcad priontáilte a dhearadh, chun anailís a dhéanamh uirthi, chun leas iomlán a bhaint aisti, agus chun í a bhailíochtú. |
2. |
Is aistarraingt deartha é ‘Leibhéal Aistrithe a Chlárú’ a léiríonn ciorcad digiteach sioncronach i dtéarmaí sreabhadh na comharthaí digiteacha idir cláir crua-earraí, agus na hoibríochtaí loighiciúla a dhéanann na comharthaí sin. |
3. |
Is bunachar sonraí i bhformáid comhaid é ‘Caighdeán II an Bhunachair Sonraí Geoiméadracha’ le haghaidh malartú sonraí ciorcaid iomlánaithe nó obair ealaíne leagan amach ciorcaid iomlánaithe. |
3D101
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó atá sainmhodhnaithe chun an trealamh atá sonraithe in 3A101.b. a ‘úsáid’.
3D225
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun feidhmíocht athróirí nó gineadóirí minicíochta a fheabhsú nó a scaoileadh chun na saintréithe in 3A225 a chomhlíonadh.
3E
Teicneolaíocht
3E001
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta um Theicneolaíocht chun trealamh nó ábhair atá sonraithe in 3A, 3B, nó 3C a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’.
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 3E001 ‘teicneolaíocht’ do threalamh nó comhpháirteanna a shonraítear in 3A003. |
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le 3E001 ‘teicneolaíocht’ do chiorcaid iomlánaithe a shonraítear in 3A001.a.3. go 3A001.a.12., ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
Nóta 3 : |
Ní rialaítear le 3E001 ‘Fearais Deartha Próisis’ (‘PDKanna’) mura n-áirítear iontu leabharlanna a chuireann feidhmeanna nó teicneolaíochtaí chun feidhme le haghaidh na n-ítimí atá sonraithe in 3A001.
Nóta Teicniúil : Is éard atá i ‘bhFearas Deartha Próisis’ (‘PDK’) uirlís bogearraí arna soláthar ag monaróir leathsheoltóra chun a áirithiú go gcuirtear na cleachtais agus na rialacha deartha is gá san áireamh chun dearadh ciorcaid iomlánaithe sonrach a tháirgeadh go rathúil i bpróiseas leathsheoltóra ar leith, i gcomhréir le srianta teicneolaíochta agus monaraíochta (bíonn ‘PDK’ ar leith ag gach próiseas monaraithe leathsheoltóra). |
3E002
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, seachas an teicneolaíocht atá sonraithe in 3E001, le haghaidh ‘micrichiorcad micreaphróiseálaí’, ‘micrichiorcad micriríomhaire’ nó croí micrichiorcaid micririalaitheora a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’, a bhfuil aonad loighce uimhríochta aici a bhfuil leithead rochtana aige arb ionann é agus 32 ghiotán nó ar mó é ná sin agus ar fíor ina leith aon cheann de na tréithe nó de na hairíonna seo a leanas:
a. |
Tá ‘aonad próiseálaí veicteora’ aici atá deartha chun níos mó ná dhá ríomh ar veicteoirí snámhphointe a dhéanamh (eagair aontoiseacha 32-ghiotán nó uimhreacha níos mó) go comhuaineach; Nóta Teicniúil : Is eilimint próiseálaí é ‘aonad próiseálaí veicteora’ ag a bhfuil treoracha ionsuite agus lena ndéantar ríomhanna iolracha ar veicteoirí snámhphointe (eagair aontoiseacha 32-ghiotán nó uimhreacha níos mó) go comhuaineach, agus a bhfuil ar a laghad aonad loighce uimhríochta veicteora aici. |
b. |
Tá sí saindeartha chun níos mó ná ceithre thoradh oibríochta ‘snámhphointe’ 64-ghiotán (nó níos mó ná 64-ghiotán) in aghaidh an timthrialla a dhéanamh; nó |
c. |
Tá sí saindeartha chun níos mó ná ocht dtoradh 16-ghiotán ‘pointe fhosaithe’ iolrúcháin-carnaidh in aghaidh an timthrialla a dhéanamh (e.g., ionramháil dhigiteach ar fhaisnéis analógach a tiontaíodh roimhe sin go foirm dhigiteach, ar a dtugtar ‘próiseáil comharthaí’ dhigiteach freisin). |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Chun críoch 3E002.a. agus 3E002.b., sainmhínítear ‘snámhphointe’ le IEEE-754. |
2. |
Chun críoch 3E002.c., tagraíonn ;‘pointe fosaithe’ d’fhíoruimhir leithid fhosaithe a bhfuil comhpháirt slánuimhir agus comhpháirt codánach aici, agus nach n-áirítear inti formáidí slánuimhir amháin. |
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 3E002 ‘teicneolaíocht’ le haghaidh breisithe ilmheán. |
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le 3E002 ‘teicneolaíocht’ do chroíthe micreaphróiseálaithe, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
Nóta 3 : |
Áirítear in 3E002 ‘teicneolaíocht’ chun próiseálaithe comharthaí digiteacha agus próiseálaithe eagair dhigitigh a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’. |
3E003
‘Teicneolaíocht’ eile chun iad seo a leanas a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’:
a. |
Feistí micrileictreonacha folúis; |
b. |
Feistí leathsheoltacha heitrea-struchtúir amhail trasraitheoirí ard-soghluaiseachta leictreon (HEMT), trasraitheoirí heitrea-dépholacha (HBT), mar aon le feistí tobair chandamaigh agus feistí sár-laitíse;
|
c. |
Feistí leictreonacha ‘forsheoltacha’; |
d. |
Foshraitheanna diamaint le haghaidh comhpháirteanna leictreonacha; |
e. |
Foshraitheanna sileacain ar inslitheoir (SOI) do chiorcaid iomlánaithe nuair is dé-ocsaíd shileacain an t-inslitheoir; |
f. |
Foshraitheanna cairbíde sileacain le haghaidh comhpháirteanna leictreonacha; |
g. |
‘Feistí leictreonacha folúis’ a bhíonn ag oibriú ag minicíochtaí arb ionann iad agus 31,8 GHz nó arb airde iad ná sin. |
h. |
Foshraitheanna ocsaíde gailliam le haghaidh comhpháirteanna leictreonacha; |
3E004
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun sliseoga sileacain a bhfuil trastomhas 300 mm acu a shliseadh, a mheilt agus a shnasú chun ‘Raon Íos-Chearnóg Thosach an tSuímh ’ (‘SFQR’) a bhaint amach arb ionann é agus 20 nm nó ar lú ná sin é ag aon suíomh arb ionann a achar agus 26 mm × 8 mm ar dhromchla tosaigh na sliseoige agus eisiamh ciumhais arb ionann é agus 2 mm nó ar lú ná sin é.
Nóta Teicniúil :
Chun críocha 3E004, is éard atá in ‘SFQR’ raon an uasdiallais agus an íosdiallais ón bplána tagartha tosaigh, arna ríomh de réir mhodh na n-íoschearnóg leis na sonraí dromchla tosaigh uile, lena n-áirítear teorainn an tsuímh laistigh de shuíomh.
3E101
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 3A001.a.1. nó 2., in 3A101, in 3A102 nó in 3D101 a ‘úsáid’.
3E102
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht le ‘bogearraí’ atá sonraithe in 3D101 ‘a fhorbairt’.
3E201
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh atá sonraithe in 3A001.e.2., in 3A001.e.3., in 3A001.g., in 3A201, agus in 3A225 go 3A234 ‘a úsáid’.
3E225
‘Teicneolaíocht’, i bhfoirm cód nó eochracha, lena bhfeabhsaítear nó lena scaoiltear feidhmíocht athróirí nó gineadóirí minicíochta chun na saintréithe in 3A225 a chomhlíonadh.
CUID VI
Catagóir 4
CATAGÓIR 4 - RÍOMHAIRÍ
Nóta 1 : |
Ní mór ríomhairí, trealamh gaolmhar agus ‘bogearraí’ lena ndéantar feidhmeanna teileachumarsáide nó feidhmeanna ‘líonra logánta’ a mheasúnú de réir thréithe feidhmíochta Chatagóir 5, Cuid 1 (Teileachumarsáid). |
Nóta 2 : |
Aonaid rialúcháin lena ndéantar busanna nó cainéil na n-aonad próiseála lárnach, ‘na príomhchuimhne’ nó na rialaitheoirí diosca a nascadh, ní mheastar iad mar threalamh teileachumarsáide a ndéantar cur síos air i gCatagóir 5, Cuid 1 (Teileachumarsáid).
Nóta Teicniúil : Ciallaíonn ‘príomhchuimhne’ an chuimhne phríomhúil ina ndéantar sonraí nó treoracha a stóráil chun go mbeidh rochtain sciobtha ag an láraonad próiseála orthu. Is éard atá ann cuimhne inmheánach ‘ríomhaire dhigitigh’ agus aon bhreisiú ordlathach a ghabhann leis, mar shampla taisce nó cuimhne bhreisithe a dhéantar a rochtain go neamhsheicheamhach. |
4A
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
4A001
Ríomhairí leictreonacha agus trealamh gaolmhar, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas, agus ‘cóimeálacha leictreonacha’ agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.
N.B. |
FÉACH 4A101 FREISIN. |
a. |
Atá saindeartha sa chaoi gur fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
b. |
Ní úsáidtear. |
4A003
‘Ríomhairí digiteacha’, ‘cóimeálacha leictreonacha’, agus trealamh gaolmhar lena n-aghaidh, mar a leanas agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
Nóta 1 : |
Le 4A003 áirítear na nithe seo a leanas:
|
Nóta 2 : |
Is tríd an stádas rialaithe atá ag trealamh agus córas eile a chinnfear stádas rialaithe na ‘ríomhairí digiteacha’ agus an trealaimh ghaolmhair a ndéantar cur síos orthu in 4A003, ar na coinníollacha seo a leanas:
|
a. |
Ní úsáidtear; |
b. |
‘Ríomhairí digiteacha’ a bhfuil ‘Buaicfheidhmiú Coigeartaithe’ (‘APP’) acu ar fearr é ná 70 Theireaflap Ualaithe (TU); |
c. |
‘Cóimeálacha leictreonacha’ atá saindeartha nó modhnaithe chun feidhmíocht a fheabhsú trí phróiseálaithe a chomhbhailiú ionas go sáróidh ‘APP’ an chomhbhailiúcháin an teorainn atá sonraithe in 4A003.b.;
|
d. |
Ní úsáidtear; |
e. |
Ní úsáidtear; |
f. |
Ní úsáidtear; |
g. |
Trealamh atá saindeartha chun feidhmiú na ‘ríomhairí digiteacha’ a chomhiomlánú trí idirnaisc sheachtracha a chur ar fáil trínar féidir cumarsáid a dhéanamh ag rátaí sonraí aontreocha a sháraíonn 2,0 ghigibheart/s in aghaidh an naisc.
|
4A004
Ríomhairí mar a leanas agus trealamh atá saindeartha lena n-aghaidh, ‘cóimeálacha leictreonacha’, agus comhpháirteanna lena n-aghaidh:
a. |
‘Ríomhairí eagair shiostólaigh’; |
b. |
‘Ríomhairí néaracha’; |
c. |
‘Ríomhairí optúla’. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Is éard atá i ‘ríomhairí eagair shiostólaigh’ ríomhairí ina bhfuil sreabh agus modhnú na sonraí inrialaithe ag an úsáideoir go dinimiciúil ag leibhéal an gheata loighce. |
2. |
Is éard atá i ‘ríomhairí néaracha’ feistí ríomhaireachtúla atá deartha nó atá modhnuithe le haithris a dhéanamh ar néarón nó ar chnuasach néarón, i.e. feistí ríomhaireachtúla a bhfuil sé mar shaintréith acu go bhfuil an cumas ina gcuid crua-earraí meáchan agus uimhreacha na n-idirnasc idir an iliomad comhpháirteanna ríomhaireachtúla a mhodhnú, bunaithe ar shonraí a bhí ann roimhe sin. |
3. |
Is éard atá i ‘ríomhairí optúla’ ríomhairí atá deartha nó atá modhnaithe le leas a bhaint as solas chun sonraí a thaispeáint agus a bhfuil a gcuid eilimintí loighce ríomhaireachtúla bunaithe ar fheistí optúla dírchúpláilte. |
4A005
Córais, trealamh agus comhpháirteanna lena n-aghaidh atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun ‘bogearraí ionraidh’ a ghiniúint, a ordú agus a rialú nó a sheachadadh.
4A101
Ríomhairí analógacha, ‘ríomhairí digiteacha’ nó anailíseoirí difreálacha digiteacha, seachas iad siúd atá sonraithe in 4A001.a.1., atá stóinsithe agus atá deartha nó atá modhnaithe lena n-úsáid sna feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004, nó sna roicéid sondála atá sonraithe in 9A104.
4A102
‘Ríomhairí hibride’ atá saindeartha chun na feithiclí spáislainseála atá sonraithe in 9A004 nó chun na roicéid sondála atá sonraithe in 9A104 a shamhaltú, a ionsamhlú nó chun comhtháthú dearaidh a dhéanamh orthu.
Nóta : |
Ní bheidh feidhm ag an rialú seo ach amháin nuair a sholáthraítear an trealamh leis na ‘bogearraí’ a shonraítear in 7D103 nó in 9D103. |
4B
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
Nóta ar bith.
4C
Ábhair
Nóta ar bith.
4D
Bogearraí
Nóta : |
Déileáiltear sa Chatagóir oiriúnach le stádas rialaithe ‘bogearraí’ le haghaidh trealamh a bhfuil cur síos air i gCatagóirí eile. |
4D001
‘Bogearraí’ mar a leanas:
a. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 4A001 go 4A004, nó in 4D a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’. |
b. |
‘Bogearraí’, seachas na bogearraí atá sonraithe i 4D001.a., atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’, mar a leanas:
|
4D002
Ní úsáidtear.
4D003
Ní úsáidtear.
4D004
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun ‘bogearraí ionraidh’ a ghiniúint, a ordú agus a rialú nó a sheachadadh.
Nóta : |
Ní rialaítear le 4D004 ‘bogearraí’ atá saindeartha agus sainteoranta chun nuashonruithe nó uasghráduithe ‘bogearraí’ a sholáthar, ar nuashonruithe nó uasghráduithe iad lena gcomhlíontar na nithe seo a leanas:
|
4E
Teicneolaíocht
4E001
a. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 4A nó in 4D a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’. |
b. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, seachas an teicneolaíocht atá sonraithe in 4E001, le haghaidh trealamh a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’ mar a leanas:
|
c. |
‘Teicneolaíocht’ le haghaidh ‘bogearraí ionraidh’ a ‘fhorbairt’.
|
NÓTA TEICNIÚIL MAIDIR LE ‘BUAICFHEIDHMIÚ COIGEARTAITHE’ (‘APP’)
Is ráta buaice coigeartaithe é ‘APP’ ag a ndéanann ‘ríomhairí digiteacha’ suimiúcháin nó iolrúcháin snámhphointe 64-ghiotán nó níos mó ná sin.
Sloinntear ‘APP’ i dTeireaflaip Ualaithe (WT), in aonaid de 1012 oibríochtaí snámhphointe coigeartaithe in aghaidh an tsoicind.
Giorrúcháin a úsáidtear sa Nóta Teicniúil seo
n |
líon na bpróiseálaithe atá sa ‘ríomhaire digiteach’ |
i |
uimhir an phróiseálaithe (i,…n) |
ti |
aga timthrialla an phróiseálaithe (ti = 1/Fi) |
Fi |
minicíocht próiseálaí |
Ri |
ráta ríofa bhuaic an tsnámhphointe |
Wi |
fachtóir coigeartaithe na hailtireachta |
Cur síos achomair ar mhodh ríofa ‘APP’
1. |
Do gach próiseálaí i, cinntear líon buaice na n-oibríochtaí snámhphointe 64-ghiotán nó níos mó, FPOi, a dhéantar in aghaidh gach timthrialla do gach próiseálaí sa ‘ríomhaire digiteach’.
|
2. |
Déantar ráta R an snámhphointe a ríomh do gach próiseálaí Ri = FPOi/ti. |
3. |
Ríomh ‘APP’ mar ‘APP’ = W1 × R1 + W2 × R2 + … + Wn × Rn. |
4. |
Do ‘phróiseálaithe veicteoirí’, Wi = 0,9. Do phróiseálaithe nach ‘próiseálaithe veicteoirí’ iad, Wi = 0,3.
|
CUID VII
Catagóir 5
CATAGÓIR 5 – TEILEACHUMARSÁID AGUS ‘SLÁNDÁIL FAISNÉISE’
Cuid 1 - TEILEACHUMARSÁID
Nóta 1 : |
Maidir le stádas rialaithe na gcomhpháirteanna, an trealaimh tástála agus ‘táirgeachta’ agus na mbogearraí lena n-aghaidh, atá saindeartha do threalamh nó do chórais teileachumarsáide, cinntear i gCatagóir 5, Cuid 1 é.
|
Nóta 2 : |
Nuair a bhíonn ‘ríomhairí digiteacha’, trealamh gaolmhar nó ‘bogearraí’ sár-riachtanach chun an trealamh teileachumarsáide a bhfuil cur síos air sa Chatagóir seo a fheidhmiú agus chun tacú leis, measfar gur comhpháirteanna saindeartha iad, ar choinníoll gur den déanamh caighdeánach a sholáthraíonn an monaróir de ghnáth iad. Áirítear leis sin córais ríomhaireachta feidhmithe, riaracháin, cothabhála, innealtóireachta nó billeála. |
5A1
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
5A001
Córais, trealamh, comhpháirteanna agus gabhálais teileachumarsáide, mar a leanas:
a. |
Aon chineál trealaimh teileachumarsáide ar fíor ina leith aon cheann de na tréithe, feidhmeanna nó gnéithe seo a leanas:
|
b. |
Córais agus trealamh teileachumarsáide, agus comhpháirteanna agus gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh, ar fíor ina leith aon cheann de na tréithe, feidhmeanna nó gnéithe seo a leanas:
|
c. |
Snáithíní optúla ar faide iad ná 500 m, agus a sonraíonn an monaróir ina leith go bhfuil ar a gcumas strus teanntachta ‘tástála cruthúnais’ arb ionann é agus 2 × 109 N/m2 nó ar mó é ná sin, a sheasamh;
Nóta Teicniúil : ‘Tástáil Chruthúnais’: trialáil scáileáin táirgeachta ar líne nó as líne lena gcuirtear i bhfeidhm go dinimiciúil strus teanntachta ar leith thar fhad 0,5 go 3 m de snáithín ag ráta reatha 2 go 5 m/s agus é ag gabháil idir capstain a bhfuil trastomhas timpeall is 150 mm acu. Is é 293 K (20 °C) an teocht thimpeallach ainmniúil agus 40 % an bhogthaise choibhneasta atá ann. Féadfar caighdeáin náisiúnta choibhéiseacha a úsáid don tástáil chruthúnais freisin. |
d. |
‘Aeróga eagair chéimnithe atá instiúrtha go leictreonach’, mar a leanas
Nóta Teicniúil : Chun críocha 5A001.d. is éard is ‘aeróg eagair chéimnithe atá instiúrtha go leictreonach’ ann ná aeróg lena gcruthaítear léas trí chúpláil pas, (i.e. is iad comhéifeachtaí coimpléascacha flosctha na ndúl gathúcháin a rialaíonn treo an léis) agus is féidir treo an léis sin a bheith éagsúil (ina tharchur agus ina ghlacadh araon) in asamait nó in airde, nó sa dá cheann, trí chomhartha leictreach a chur i bhfeidhm. |
e. |
Trealamh raidió treo-aimsithe a oibríonn ag minicíochtaí os cionn 30 MHz agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena aghaidh:
|
f. |
Trealamh idircheaptha nó trasnaíochta teileachumarsáide móibílí, agus trealamh faireacháin lena aghaidh, mar a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena aghaidh:
|
g. |
Córais nó trealamh an Aimsithe Chomhtháitigh Éighníomhaigh (PCL), atá saindeartha chun réada gluaisteacha a bhrath agus a rianú trí fhrithchaitheamh na n-astaíochtaí radaimhinicíochtaí timpeallacha a sholáthraíonn tarchuradóirí neamhradair a thomhas. Nóta Teicniúil : Le tarchuradóirí neamhradair, féadfar an méid seo a leanas a áireamh: bunstáisiúin raidió tráchtála, teilifíse tráchtála nó teileachumarsáide ceallaí tráchtála.
|
h. |
Trealamh in aghaidh Gairis Phléascacha Sheiftithe (IED) agus trealamh gaolmhar, mar a leanas:
|
i. |
Ní úsáidtear; |
j. |
Córais nó trealamh faireacháin do líonraí cumarsáide Prótacal Idirlín (IP) agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
5A101
Trealamh teiliméadrachta agus cianrialaithe, lena n-áirítear trealamh ar talamh, atá deartha nó modhnaithe le haghaidh ‘diúracán’.
Nóta Teicniúil :
In 9B105, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
Nóta : |
Ní rialaítear le 5A101:
|
5B1
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
5B001
Trealamh, comhpháirteanna agus gabhálais tástála, iniúchta agus táirgthe teileachumarsáide, mar a leanas:
a. |
Trealamh agus comhpháirteanna nó gabhálais atá saindeartha lena aghaidh, agus atá saindeartha chun trealamh, feidhmeanna nó gnéithe atá sonraithe in 5A001 a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’, nó a ‘úsáid’;
|
b. |
Trealamh, agus comhpháirteanna nó gabhálais atá saindeartha lena aghaidh, atá saindeartha chun aon chuid den trealamh tarchuradóireachta nó lasctha don teileachumarsáid a leanas a ‘fhorbairt’:
|
5C1
Ábhair
Nóta ar bith.
5D1
Bogearraí
5D001
‘Bogearraí’ mar a leanas:
a. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhmodhnaithe chun trealamh, feidhmeanna nó gnéithe atá sonraithe in 5A001 a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’. |
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
‘Bogearraí’ sonracha atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun tréithe, feidhmeanna nó gnéithe de chuid an trealaimh atá sonraithe in 5A001 nó in 5B001 a sholáthar; |
d. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun aon chuid den trealamh tarchuradóireachta nó lasctha teileachumarsáide a leanas ‘a fhorbairt’:
|
e. |
‘Bogearraí’, seachas iad siúd atá sonraithe in 5D001.a. nó in 5D001.c., atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun faireachán nó anailís a dhéanamh trí fhorfheidhmiú an dlí, agus a soláthraítear na nithe uile seo a leanas leo:
Nótaí Teicniúla :
|
5D101
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh atá sonraithe in 5A101 a ‘úsáid’.
5E1
Teicneolaíocht
5E001
‘Teicneolaíocht’ mar a leanas:
a. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh, feidhmeanna nó gnéithe atá sonraithe in 5A001 nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 5D001.a. nó in 5D001.e. a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’ (seachas iad a oibriú); |
b. |
‘Teicneolaíocht’ shonrach mar a leanas:
|
c. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun aon cheann díobh seo a leanas a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’:
|
d. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun Amplitheoirí ‘Cumhachta Ciorcad Iomlánaithe Monailiotach Micreathoinne’ (‘MMIC’), atá saindeartha don teileachumarsáid a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’ agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas: Nóta Teicniúil : Chun críocha 5E001.d., féadfar tagairt a dhéanamh do pharaiméadar an aschuir cumhachta bhuaicsháithithe freisin ar bhileoga sonraí táirgí mar chumhacht aschuir, aschur cumhachta sáithithe, uaschumhacht aschuir, nó aschur cumhachta ag barr an imchlúdaigh modhnúcháin.
|
e. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun gairis leictreonacha agus ciorcaid leictreonacha a ‘fhorbairt’agus a ’tháirgeadh’, atá saindeartha don teileachumarsáid agus a bhfuil comhpháirteanna iontu atá monraithe as ábhair ‘fhorsheoltacha’, atá saindeartha chun oibriú ag teocht arb ísle í ná ‘teocht chriticiúil’ ceann amháin ar a laghad de na comhábhair ‘fhorsheoltacha’ agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
5E101
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh atá sonraithe in 5A101 a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’.
Cuid 2 - ‘SLANDÁIL FAISNÉISE’
Nóta 1 : |
Ní úsáidtear. |
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le Catagóir 5, Cuid 2 táirgí a ghabhann lena n-úsáideoir i gcomhair úsáid phearsanta an úsáideora. |
Nóta 3 : |
Nóta Cripteagrafaíochta
Ní rialaítear le 5A002, 5D002.a.1., 5D002.b. agus 5D002.c.1. ítimí mar a leanas:
Nóta a bhaineann leis an Nóta Cripteagrafaíochta :
|
5A2
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
5A002
Córais ‘slándála faisnéise’, agus trealamh agus comhpháirteanna, mar a leanas:
N.B. |
Maidir le trealamh glactha ‘córas loingseoireachta satailíte’ a bhfuil díchriptiú ann nó lena n-úsáidtear díchriptiú, féach 7A005 agus le haghaidh ‘bogearraí’ agus ‘teicneolaíocht’ díchriptiúcháin ghaolmhar, féach 7D005 agus 7E001. |
a. |
Tá sé deartha nó modhnaithe chun úsáid a bhaint as ‘cripteagrafaíocht le haghaidh rúndacht sonraí’ a bhfuil ‘algartam tuairiscithe slándála’ aici, i gcás ina bhfuil an cumas cripteagrafach sin inúsáidte, ina bhfuil sé gníomhachtaithe, nó inar féidir é a ghníomhachtú ar bhealach ar bith seachas trí ‘ghníomhachtú cripteagrafach’ slán, mar a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
b. |
Ar ‘ceadchomhartha gníomhachtaithe cripteagrafach’ iad; Nóta Teicniúil : Is éard is ‘ceadchomhartha gníomhachtaithe cripteagrafach’ ann ítim atá deartha nó modhnaithe le haghaidh aon cheann díobh seo a leanas:
|
c. |
Tá sé deartha nó modhnaithe chun ‘cripteagrafaíocht chandamach’ a dhéanamh. Nóta Teicniúil : Tugtar Dáileadh Candamach Eochracha (QKD) ar an ‘gcripteagrafaíocht chandamach’ freisin. |
d. |
Tá sé deartha nó modhnaithe chun teicnící cripteagrafacha a úsáid chun cóid um chainéalú, cóid um scrobhadh nó cóid aitheantais líonra a ghiniúint do chórais lena n-úsáidtear teicnící modhnúcháin ultra-leathanbhanda agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
e. |
Tá sé deartha nó modhnaithe chun teicnící cripteagrafacha a úsáid chun an cód leata a ghiniúint do chórais ‘spréspeictrim’, seachas na córais atá sonraithe in 5A002.d., agus lena n-áirítear an cód ábhógach do chórais na ‘n-abhóg minicíochta’. |
5A003
Córais, trealamh agus comhpháirteanna le haghaidh ‘slándáil faisnéise’ neamh-chripteagrafaíochta, mar a leanas:
a. |
Córais cáblaí cumarsáide atá deartha nó modhnaithe chun meáin mheicniúla, leictreacha nó leictreonacha a úsáid chun foghlú fáilí a bhrath;
|
b. |
Tá siad saindeartha nó sainmhodhnaithe chun sceitheadh amhrasach comharthaí a bhfuil faisnéis iontu a laghdú de bhreis ar an méid is gá ar mhaithe le cúrsaí sláinte, cúrsaí sábháilteachta nó ar mhaithe le caighdeáin trasnaíochta leictreamaighnéadaí. |
5A004
Córais, trealamh agus comhpháirteanna le haghaidh ‘slándáil faisnéise’ a shárú, a lagú nó a sheachthreorú, mar a leanas:
a. |
Tá siad deartha nó modhnaithe chun ‘feidhmeanna crioptanailíseacha’ a dhéanamh.
Nóta Teicniúil : Is é is ‘feidhmeanna crioptanailíseacha’ ann feidhmeanna atá deartha chun sásraí crioptanailíseacha a shárú chun athróga rúnda nó sonraí íogaire, lena n-áirítear glantéacs, pasfhocail nó eochracha crioptanailíseacha, a bhaint as. |
b. |
Ítimí, nach bhfuil sonraithe in 4A005 ná in 5A004.a., atá deartha chun gach ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:
|
5B2
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
5B002
Trealamh tástála, iniúchta agus ‘táirgeachta’
‘slándála faisnéise’, mar a leanas:
a. |
Trealamh atá saindeartha chun trealamh atá sonraithe in 5A002, 5A003, 5A004 nó 5B002.b a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’; |
b. |
Trealamh tomhais atá saindeartha chun feidhmeanna ‘slándála faisnéise’ an trealaimh atá sonraithe in 5A002, 5A003 nó 5A004 a mheasúnú nó a bhailíochtú nó chun feidhmeanna ‘slándála faisnéise’ na ‘mbogearraí’ atá sonraithe in 5D002.a. nó in 5D002.c. a mheasúnú nó a bhailíochtú. |
5C2
Ábhair
Nóta ar bith.
5D2
Bogearraí
5D002
‘Bogearraí’ mar a leanas:
a. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhmodhnaithe chun aon cheann díobh seo a leanas a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’:
|
b. |
‘Bogearraí’ a bhfuil na tréithe de ‘chomhartha gníomhachtaithe cripteagrafaigh’ atá sonraithe in 5A002.b. acu; |
c. |
‘Bogearraí’ ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas, nó lena bhfeidhmítear nó lena n-ionsamhlaítear feidhmeanna aon cheann díobh seo a leanas:
|
d. |
Ní úsáidtear. |
5E2
Teicneolaíocht
5E002
‘Teicneolaíocht’ mar a leanas:
a. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh atá sonraithe in 5A002, 5A003, 5A004 nó 5B002, nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 5D002.a. nó 5D002.c. a ‘fhorbairt’, a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’.
|
b. |
‘Teicneolaíocht’ a bhfuil na tréithe de ‘chomhartha gníomhachtaithe cripteagrafaigh’ atá sonraithe in 5A002.b. aici; |
Nóta : |
Áirítear le 5E002 sonraí teicniúla ‘faisnéise slándála’ ar toradh iad ar nósanna imeachta a dhéantar chun cur chun feidhme na bhfeidhmeanna, na dtréithe agus na dteicnící atá sonraithe i gCatagóir 5, Cuid 2 a mheas nó a chinneadh. |
CUID VIII
Catagóir 6
CATAGÓIR 6 - BRAITEOIRÍ AGUS LÉASAIR
6A
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
6A001
Fuaimchórais, trealamh agus comhchodanna, mar a leanas:
a. |
Fuaimchórais mhuirí, trealamh agus comhchodanna atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
b. |
Trealamh loga sonóra um threoluas comhghaolaithe agus um threoluas Doppler, atá deartha chun luas cothrománach iompróir an trealaimh a thomhas i gcoibhneas le grinneall na farraige, mar a leanas:
|
c. |
Ní úsáidtear. |
6A002
Braiteoirí optúla nó an trealamh agus na comhchodanna a bhaineann leo, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 6A102 FREISIN. |
a. |
Brathadóirí optúla mar a leanas:
|
b. |
‘Braiteoirí um íomháú monaspeictreach’ agus ‘braiteoirí um íomháú ilspeictreach’, atá deartha don chianbhraiteacht agus ar fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
c. |
Trealamh íomháithe um ‘amharc díreach’ lena n-ionchorpraítear aon cheann de na nithe seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Tagraítear le ‘hamharc díreach’ do threalamh um íomháú a léiríonn amharcíomhá do bhreathnóir daonna gan an íomhá a thiontú ina comhartha leictreonach lena taispeáint ar scáileán teilifíse, agus nach féidir an íomhá a thaifeadadh nó a stóráil go fótagrafach, go leictreonach nó ar aon bhealach eile.
|
d. |
Comhchodanna tacaíochta speisialta le haghaidh braiteoirí optúla, mar a leanas:
|
e. |
Ní úsáidtear. |
f. |
‘Ciorcaid iomlánaithe uatheolais’ (‘ROIC’) atá saindeartha le haghaidh ‘eagair plánaí fócasacha’ atá sonraithe in 6A002.a.3.
Nóta Teicniúil : Is éard is ‘Ciorcad Iomlánaithe Uatheolais’ (‘ROIC’) ann ná ciorcad iomlánaithe atá deartha chun ‘eagar plána fhócasaigh’ (‘FPA’) a fholuí nó chun bheith nasctha leis agus a úsáidtear chun comharthaí arna soláthar ag na heilimintí brathadóireachta a léamh amach. Déanann ‘ROIC’ ar a laghad, an lucht a thagann ó na heilimintí brathadóireachta a léamh tríd an lucht a eastóscadh agus trí fheidhm ilphléacsach a fheidhmiú ar bhealach lena ndéantar an suíomh spásúil faoi seach agus an fhaisnéis maidir le treoshuíomh na n-eilimintí brathadóireachta a choimeád i gcás próiseála laistigh nó lasmuigh de ‘ROIC’. |
6A003
Ceamaraí, córais nó trealamh agus na comhchodanna a bhaineann leo, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 6A203 FREISIN. |
a. |
Ceamaraí ionstraimíochta agus comhpháirteanna atá saindeartha ina leith, mar a leanas:
|
b. |
Ceamaraí um íomháú mar a leanas:
|
6A004
Trealamh agus comhchodanna optúla, mar a leanas:
a. |
Scatháin optúla (brathadóirí) mar a leanas: Nóta Teicniúil : Chun críoch 6A004.a., tomhaistear Tairseach an Damáiste Léasar-Aslaithe (LIDT) de réir ISO 21254-1:2011.
|
b. |
Comhchodanna optúla atá déanta as seiléiníd since (ZnSe) nó as suilfíd (ZnS) lena ndéantar tarchur sa réimse tonnfhaid ar mó é ná 3 000 nm ach nach mó é ná 25 000 nm agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
c. |
Comhchodanna ‘spáscháilithe’ do chórais optúla, mar a leanas:
|
d. |
Trealamh um rialú optúla mar a leanas:
|
e. |
‘Eilimintí optúla neamhsféarúla’ ar fíor ina leith na nithe uile seo a leanas:
|
f. |
Trealamh tomhaiste tonnbhráide dinimiciúla ar fíor ina leith na nithe uile seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Chun críocha 6A004.f.,is éard is ‘ráta frámaithe’ ann ná an mhinicíocht ag a ndéantar na ‘picteilíní gníomhacha’ atá san ‘eagar plána fhócasaigh’ a chomhtháthú chun taifeadadh a dhéanamh ar na híomhánna a theilgeann na hoptaic braiteora tonnbhráide. |
6A005
‘Léasair’, seachas iad siúd a shonraítear in 0B001.g.5. nó in OB001.h.6., comhchodanna agus trealamh optúil, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 6A205 FREISIN. |
Nóta 1 : |
Airítear le ‘léasair’ bhíogacha léasair a fheidhmíonn i mód toinne leanúnaí (CW) le bíoga forshuite. |
Nóta 2 : |
Is in 6A005.d. agus sa mhír sin amháin a shonraítear ‘léasair’ um dhémhéir flosctha, léasair leathsheoltóra, léasair cheimiceacha, léasair CO, léasair CO2 agus léasair ‘neamhatriallacha ghloine bhíogacha’ Nd.
Nóta Teicniúil : Tagraítear le léasair ‘bhíogacha neamhatriallacha’ do léasair’ lena ndéantar aonbhíog aschurtha a tháirgeadh nó ag a bhfuil eatramh ama ar mó é ná nóiméad amháin idir na bíoga. |
Nóta 3 : |
Áirítear ‘léasair’ snáithíní in 6A005. |
Nóta 4 : |
Maidir le stádas rialúcháin ‘léasar’, ar léasair iad lena n-ionchorpraítear tiontú miníochta (i.e., athrú tonnfhaid) trí bhealach seachas ‘léasar’ amháin a bheith á phumpáil ag ‘léasar’ eile, cinntear an stádas rialúcháin sin trí na paraiméadair rialúcháin a chur i bhfeidhm ar aschur an bhun-‘léasair’ agus ar an aschur optúil araon i ndiaidh iompú minícíochta. |
Nóta 5 : |
Ní rialaítear le 6A001 ‘léasair’ mar a leanas:
|
Nóta 6 : |
Chun críocha 6A005.a. agus 6A005.b., tagraíonn ‘aonmhód trasnach’ do ‘léasair’ ag a bhfuil próifíl léis a bhfuil fachtóir-M 2 acu ar lú é ná 1,3, agus tagraíonn ‘ilmhóid thrasnacha’ do ‘léasair’ ag a bhfuil próifíl léis a bhfuil fachtóir-M 2 1,3 acu nó ar mó é ná sin. |
Nóta Teicniúil :
In 6A005, is é an sainmhíniú atá ar ‘éifeachtúlacht ag an bplocóid’ an cóimheas idir an chumhacht aschurtha ‘léasair’ (nó ‘an mheánchumhacht aschurtha’) agus an chumhacht ionchuir leictrigh iomlán a theastaíonn chun an ‘léasar’ a fheidhmiú, lena n-áirítear an soláthar cumhachta/an comhoiriúnú agus an comhoiriúnú teirmeach/an malartóir teasa.
a. |
‘Léasair (CW)’ toinne leanúnaí, ar léasair iad nach féidir a ‘thiúnadh’ agus ag a bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
b. |
‘Léasair bhíogacha’ nach féidir a ‘thiúnadh’ ar fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
c. |
‘Léasair bhíogacha’ ar féidir iad a ‘thiúnadh’ ar fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
d. |
‘Léasair’ eile, nach sonraítear in 6A005.a., in 6A005.b. nó in 6A005.c. mar a leanas:
|
e. |
Na comhchodanna seo a leanas:
|
f. |
Trealamh optúil mar a leanas:
|
g. |
‘Trealamh braite fuaimiúil léasair’ ar fíor ina leith na nithe uile seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Tagraítear ar uairibh do ‘Threalamh braite fuaimiúil léasair’ mar Mhicreafón ‘Léasair’ nó mar Mhicreafón chun Sreabhadh Caithníní a Bhrath. |
6A006
‘Maighnéadaiméadair’, ‘grádaiméadair mhaighnéadacha’, ‘grádaiméadair mhaighnéadacha intreacha’, braiteoirí um réimse leictreach faoi uisce, ‘córais chúitimh’, agus comhchodanna lena n-aghaidh atá saindeartha, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 7A103.d FREISIN. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 6A006 ionstraimí atá saindeartha d’fheidhmeanna iascaigh nó do thomhais bhithmhaighnéadacha i gcas diagnóisic míochaine. |
a. |
‘Maighnéadaiméadair’ agus fochórais mar a leanas:
|
b. |
Braiteoirí um réimse leictreach faoi uisce ag a bhfuil ‘íogaireacht’ arb ísle (ar fearr) í ná 8 nanavolta in aghaidh an mhéadair in aghaidh na fréimhe cearnaí de heirts nuair a dhéantar í a thomhas ag 1 Hz; |
c. |
‘Grádaiméadair mhaighnéadacha’ mar a leanas:
|
d. |
‘Córais chúitimh’ do bhraiteoirí maighnéadacha nó do bhraiteoirí réimsí leictreacha faoi uisce lena bhfaightear feidhmíocht arb ionann í agus na paraiméadair atá sonraithe in 6A006.a., 6A006.b. nó 6A006.c. nó ar fearr í ná sin; |
e. |
Glacadóirí leictreamaighnéadacha faoi uisce lena n-ionchorpraítear braiteoirí um réimse maighnéadach atá sonraithe in 6A006.a. nó braiteoirí um réimse leictreach faoi uisce atá sonraithe in 6A006.b. |
Nóta Teicniúil :
Chun críocha 6A006., ciallaíonn ‘íogaireacht’ (an leibhéal torainn) fréamh mheán na gcearnóg de chuid an leibhéil gaireas-teoranta torainn arb é an comhartha is ísle is féidir a thomhas.
6A007
Meá-mhéadair agus meá-ghrádaiméadair, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 6A107 FREISIN. |
a. |
Meá-mhéadair atá deartha nó modhnaithe don úsáid ar talamh agus ag a bhfuil ‘cruinneas’ statach ar lú (ar fearr) é ná 10 μGal;
|
b. |
Grádaiméadair atá deartha do chláir shoghluaiste agus ar fíor ina leith na nithe uile seo a leanas:
|
c. |
Meá-ghrádaiméadair. |
6A008
Córais, trealamh agus cóimeálacha radair ar fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas, agus comhchodanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH 6A108 FREISIN. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 6A008:
|
a. |
Feidhmíonn siad ag minicíochtaí ó 40 GHz go 230 GHz agus ar fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
b. |
Tá bandaleithead intiúnta acu ar mó é ná ± 6,25 % den ‘mhinicíocht lároibriúcháin’; Nóta Teicniúil : Is éard atá sa ‘mhinicíocht lároibriúcháin’ leath amháin de shuim na minicíochtaí oibriúcháin is airde a shonraítear agus na minicíochtaí oibriúcháin is ísle a shonraítear. |
c. |
Tá ar a gcumas feidhmiú go comhuaineach ar níos mó ná dhá mhinicíocht iompróra; |
d. |
Tá ar a gcumas feidhmiú sa mhód radair um chró sintéiseach (SAR), sa mhód radair um chró sintéiseach inbhéartach (ISAR), nó sa mhód radair aerbheirthe um aeróga cliathánacha (SLAR); |
e. |
Ionchorpraítear leo aeróga eagair atá scanta go leictreonach; Nóta Teicniúil : Tugtar aeróga eagair atá instiúrtha go leictreonach freisin ar aeróga eagair atá scanta go leictreonach. |
f. |
Tá ar a gcumas airde spriocanna neamhchomhoibríocha a aimsiú; |
g. |
Tá siad saindeartha don fheidhmiú aerbheirthe (suite ar bhalún nó ar aerfhráma) agus tá ‘próiseáil comharthaí’ Doppler acu chun spriocanna gluaisteacha a bhrath; |
h. |
Baintear úsáid leo as próiseáil comharthaí radair agus lena n-úsáidtear aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
i. |
Soláthraítear leo feidhmiú ar talamh le ‘raon ionstraimithe’ uasta ar mó é ná 185 km;
Nóta Teicniúil : Chun críocha 6A008.i. is ionann ‘raon ionstraimíochta’ agus an raon sonraithe, soiléir, taispeána atá ag radar. |
j. |
Is trealamh um radar ‘léasair’ nó trealamh Braite agus Raonaimsithe Solais (LIDAR) iad agus is fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
k. |
Tá fochórais um ‘phróiseáil chomharthaí’ acu lena n-úsáidtear ‘bíog-chomhbhrú’ agus is fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas acu:
|
l. |
Tá fochórais acu chun sonraí a phroiseáil agus is fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
6A102
‘Brathadóirí’ radaíocht-chruaite, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 6A002, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe mar chosaint ar éifeachtaí núicléacha (e.g. bíog leictreamaighnéadach (EMP), X-ghathanna, éifeachtaí pléisce agus éifeachtaí teirmeacha cuingrithe) agus atá inúsáidte i leith ‘diúracán’, agus atá deartha nó rátaithe chun leibhéil radaíochta a sheasamh arb ionann iad agus dáileog iomlán ionradaíochta de raid 5 × 105 (sileacan) nó ar mó iad ná sin.
Nóta Teicniúil :
In 6A102, is é an sainmhíniú atá ar ‘brathadóir’ ná gaireas meicniúil, leictreach, optúil nó ceimiceach lena ndéantar spreagadh a shainaithint agus a thaifeadadh nó a chlárú go huathoibríoch, ar spreagadh amhail athrú timpeallachta ar an mbrú nó ar an teocht é nó comhartha leictreach nó leictreamaighnéadach nó radaíocht ó ábhar radaighníomhach. Áirítear leis seo gairis lena mbraitear trí fheidhmiú aon ama nó trí theip aon ama.
6A107
Meá-mhéadair agus comhchodanna do mheá-mhéadair agus do mheá-ghrádaiméadair, mar a leanas:
a. |
Meá-mhéadair, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 6A007.b., atá deartha nó modhnaithe le haghaidh úsáid aerbheirthe nó mhuirí, agus a bhfuil cruinneas statach nó oibríochtúil acu arb ionann é agus 0,7 milleagal (mgal) nó ar lú (fearr) ná sin é, agus a bhfuil am go foistine acu arb ionann é agus 2 nóiméad nó ar lú ná sin é; |
b. |
Comhchodanna atá saindeartha do mheá-mhéadair a shonraítear in 6A007.b. nó in 6A107.a. agus meá-ghrádaiméadair a shonraítear in 6A007.c. |
6A108
Córais radair, córais rianúcháin agus cóin radair cé is moite de na cinn a shonraítear i dtaifead 6A008, mar a leanas:
a. |
Córas radair agus córais um radar léasair atá deartha nó modhnaithe le haghaidh úsáid i bhfeithiclí spáslainseála a shonraítear in 9A004 nó i roicéid shondála atá sonraithe in 9A104;
|
b. |
Córais beacht-rianaithe, atá inúsáidte le haghaidh ‘diúracán’, mar a leanas:
Nóta Teicniúil : In 6A108.b. is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km. |
c. |
Cóin radair atá deartha chun turraing theirmeach chuingrithe ar mó í ná 4,184 × 106 J/m2 a sheasamh lena ngabhann buaic-róbhrú ar mó é ná 50 kPa, agus atá inúsáidte ‘i ndiúracáin’ mar chosaint ar éifeachtaí núicléacha (e.g. bíog leictreamaighnéadach (EMP), X-ghathanna, éifeachtaí pléisce agus éifeachtaí teirmeacha cuingrithe). |
6A202
Feadáin fóta-iolraitheacha a bhfuil an dá saintréith seo a leanas acu:
a. |
Achar fótacatóide ar mó é ná 20 cm2; agus |
b. |
Aga éirithe na bíge anóide ar lú é ná 1 ns. |
6A203
Ceamaraí agus comhchodanna, cé is moite díobh siúd a shonraítear in 6A003, mar seo a leanas:
N.B.1. |
Sonraítear in 6D203 na ‘bogearraí’ atá saindeartha chun feidhmíocht an cheamara nó na feiste íomháúcháin a fheabhsú nó a chumasú chun na saintréithe atá sonraithe in 6A203.a., 6A203.b. nó 6A203.c. a chomhlíonadh. |
N.B.2. |
Sonraítear in 6E203 an “teicneolaíocht” i bhfoirm cód nó eochracha chun feidhmíocht an cheamara nó na feiste íomháúcháin a fheabhsú nó a chumasú chun na saintréithe atá sonraithe in 6A203.a., 6A203.b. nó 6A203.c. a chomhlíonadh. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 6A203.a. go 6A203.c. ceamaraí nó feistí íomháúcháin má tá srianta crua-earraí, ‘bogearraí’ nó ‘teicneolaíochta’ orthu lena dteorannaítear an fheidhmíocht go leibhéal feidhmíochta ar lú é ná mar a shonraítear thíos, ar choinníoll go gcomhlíonann siad aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
a. |
Stríoc-cheamaraí agus comhchodanna atá saindeartha ina leith, mar a leanas:
|
b. |
Ceamaraí frámaithe agus comhchodanna atá saindeartha ina leith, mar a leanas:
Nóta Teicniúil : In 6A203.b., féadfar ceamaraí frámaí aonair ardluais a úsáid leo féin chun íomhá aonair d’ócáid dhinimiciúil a sholáthar, nó féadfar roinnt ceamaraí den sórt sin a chuingriú i gcóras a spreagtar go seicheamhach chun íomhánna iolracha den ócáid a sholáthar. |
c. |
Ceamaraí soladstaide nó ceamaraí leictreonfheadáin agus comhchodanna atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:
|
d. |
Ceamaraí teilifíse atá cruaite in aghaidh na radaíochta, nó lionsaí lena n-aghaidh, atá saindeartha nó rátaithe mar cheamaraí atá radaíocht-cruaite chun dáileog iomlán radíochta a sheasamh ar mó í ná 50 × 103 Gy(sileacan) (5 × 106 rad (sileacan)) gan díghrádú oibríochtúil. Nóta Teicniúil : Tagraítear leis an téarma Gy(sileacan) don fhuinneamh i nGiúil de réir an chileagraim atá súite ag sampla sileacain neamhchumhdaithe nuair a bhíonn sé nochta do radaíocht ianaithe. |
6A205
‘Léasair’, aimplitheoirí ‘léasair’ agus ascaltóirí ‘léasair’, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 0B001.g.5., 0B001.h.6. agus 6A005, mar a leanas:
N.B. |
Maidir le léasair gaile chopair, féach 6A005.b. |
a. |
‘Léasair’ iain argóin a bhfuil an dá shaintréith seo a leanas acu:
|
b. |
Ascaltóirí léasair ruaime aonmhóid bíogacha intiúnta, ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
|
c. |
Ascaltóirí agus aimplitheoirí léasair ruaime aonmhóid bíogacha intiúnta, ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
|
d. |
‘Léasair’ dé-ocsaíde carbóin bhíogacha (CO2) ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
|
e. |
Iomlaoideoirí Raman paraihidrigine atá deartha chun feidhmiú ag tonnfhad aschuir arb ionann é agus 16 μm agus ag ráta atriallach ar mó é ná 250 Hz; |
f. |
‘Léasair’ atá dópailte le neoidimiam (seachas ‘léasair’ ghloine), ar ‘léasair’ iad a bhfuil tonnfhad aschurtha idir 1 000 agus 1 100 nm acu agus a bhfuil ceachtar de na nithe seo a leanas acu:
|
g. |
‘Léasair’ aonocsaíde carbóin (CO) bhíogacha cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 6A005.d.2, ar fíor ina leith na nithe uile seo a leanas:
|
6A225
Trasnamhéadair threoluais chun treoluasanna ar mó iad ná 1 km/s a thomhas le linn eatraimh ama ar lú iad ná 10 micreashoicind.
Nóta : |
Áirítear le 6A225 trasnamhéadair threoluais amhail VISARanna (Córais Trasnamhéadair Treoluais do Fhrithchaiteoir Ar Bith) agus DLIanna (Trasnamhéadair Léasar Doppler) agus PDVanna (Luasmhéadair Fótónaice Doppler) ar a dtugtar freisin Het-Vanna (Luasmhéadair Heitridín). |
6A226
Brú-bhraiteoirí, mar a leanas;
a. |
Brúthomhsairí turrainge a bhfuil ar a gcumas brúnna ar mó iad ná 10 GPa a thomhas, lena n-áirítear tomhsairí atá déanta as mangainin, as itéirbiam, agus as fluairíd pholaivinilídéine (PVDF) / défhluairíd pholaivinile (PVF2); |
b. |
Trasduchtóirí grianchloiche brú do bhrúnna ar mó iad ná 10 GPa. |
6B
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
6B002
Maisc agus mioneangaí atá saindeartha do bhraiteoirí optúla atá sonraithe in 6A002.a.1.b nó in 6A002.a.1.d.
6B004
Trealamh optúil mar a leanas:
a. |
Trealamh chun dearbh-fhrithchaitis a thomhas go ‘cruinneas’ arb ionann é agus 0,1 % den luach frithchaitis nó ar mó ná sin é; |
b. |
Trealamh seachas trealamh tomhaiste an scaipthe ar dhromchla optúil, ag a bhfuil cró neamhfholaithe ar mó é ná 10 cm, agus atá saindeartha chun fíor (próifíl) dromchla optúil neamhphlánaigh a thomhas go ‘cruinneas’ arb ionann é agus 2 nm nó ar lú (ar fearr) ná sin é i gcomparáid leis an bpróifíl is gá. |
Nóta : |
Ní rialaítear micreascóip le 6B004. |
6B007
Trealamh chun meá-mhéadair ar talamh a tháirgeadh, a ailíniú agus a chalabrú le ‘cruinneas’ statach ar fearr é ná 0,1 mGal.
6B008
Córais tomhaiste trasghearrtha radair bhíogaigh a bhfuil bíogleithid tarchuir acu arb ionann é agus 100 ns nó ar lú ná sin é, agus comhchodanna atá saindeartha lena n-aghaidh.
N.B. |
FÉACH 6B108 FREISIN. |
6B108
Córais, seachas na cinn atá sonraithe in 6B008, atá saindeartha chun trasghearradh radair a thomhas agus atá inúsáidte i leith ‘diúracán’ agus a bhfochóras.
Nóta Teicniúil :
In 9B105, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
6C
Ábhair
6C002
Ábhair um braiteoirí optúla, mar a leanas:
a. |
Teallúiriam eiliminteach (Te) a bhfuil leibhéil íonachta aige arb ionann iad agus 99,9995 % nó ar mó ná sin iad; |
b. |
Criostail aonair (lena n-áirítear sliseoga eipealuadracha) de chuid aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
6C004
Ábhair optúla, mar a leanas:
a. |
‘Crotáin foshraithe’ seiléiníde since (ZnSe) agus ‘crotáin foshraithe’ suilfíde since (ZnS), a tháirgtear mar thoradh ar an bpróiseas um dheascadh gaile ceimicí agus ar fíor ina leith aon cheann de na nithe seo a leanas:
|
b. |
Ábhair leictrea-optaice agus ábhair optúla neamhlíneacha, mar a leanas:
|
c. |
Ábhair optúla neamhlíneacha, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 6C004.b., ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
d. |
‘Crotáin foshraithe’ ábhar deasctha cairbíde sileacain nó beirilliam beirilliam (Be/Be), a bhfuil trastomhas nó fad príomhaise acu ar faide é ná 300 mm; |
e. |
Gloine, lena n-áirítear silice chomhleáite, gloine fosfáite, gloine fluarafosfáite, fluairíd siorcóiniam (ZrF4) (CAS 7783-64-4) agus fluairíd haifniam (HfF4) (CAS 13709-52-9) agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
f. |
Ábhar diamantach a tháirgtear go sintéiseach a bhfuil leibhéil ionsúcháin aige ar lú iad ná 10–5 cm–1 do thonnfhaid ar mó iad ná 200 nm ach nach mó iad ná 14 000 nm. |
6C005
Ábhair ‘léasair’, mar a leanas:
a. |
Ábhar criostalach sintéiseach ar óstach é do ‘léasair’ agus é i bhfoirm neamhchríochnaithe, mar a leanas:
|
b. |
Snáithíni déchumhdaithe dópáilte le miotal tearc-chré ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
6D
Bogearraí
6D001
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun trealamh atá sonraithe in 6A004, 6A005, 6A008 nó in 6B008 ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’.
6D002
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun trealamh atá sonraithe in 6A002.b., in 6A008 nó in 6B008 a ‘úsáid’.
6D003
‘Bogearraí’ eile, mar a leanas:
a. |
‘Bogearraí’ mar a leanas:
|
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
‘Bogearraí’ atá deartha nó modhnaithe do cheamaraí a n-ionchorpraítear iontu ‘eagair plánaí focasacha’ atá sonraithe in 6A002.a.3.f. agus atá deartha nó modhnaithe chun deireadh a chur le srian ar an ráta frámaí agus chun a ligean don cheamara an ráta frámaí atá sonraithe in 6A003.b.4. a shárú; Nóta 3.a. |
d. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun ailíniú agus céimniú na gcóras scáthán deighilte a chaomhnú, arb é atá iontu scátháin dar trastomhas deighleoige nó dar fad príomhaise arb ionann é agus 1 m nó ar mó é ná sin; |
e. |
Ní úsáidtear; |
f. |
‘Bogearraí’ mar a leanas:
|
g. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun tionchair ghluaisne meá-mheadar nó meá-ghrádaiméadar a cheartú; |
h. |
‘Bogearraí’ mar a leanas:
|
6D102
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun earraí atá sonraithe in 6A108 a ‘úsáid’.
6D103
‘Bogearraí’ lena ndéantar sonraí taifeadta iareitilte a phróiseáil, lena bhfágtar gur féidir suíomh na feithicle a dhearbhú ar feadh a conaire eitilte, agus atá saindeartha nó sainmhodhnaithe le haghaidh ‘diúracán’.
Nóta Teicniúil :
In 6D103, ciallaíonn ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann, a bhfuil ar a gcumas raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
6D203
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun feabhas a chur ar fheidhmíocht ceamaraí nó gaireas íomháithe agus iad a scaoileadh chun na saintréithe atá sonraithe in 6A203.a. go 6A203.c a chomhlíonadh.
6E
Teicneolaíocht
6E001
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun ‘bogearraí’ atá sonraithe in 6A, in 6B, in 6C nó in 6D a ‘fhorbairt’.
6E002
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir leis an Teicneolaíocht chun trealamh nó ábhair a shonraítear in 6A, in 6B nó in 6C ‘a tháirgeadh’.
6E003
‘Teicneolaíocht’ eile, mar a leanas:
a. |
‘Teicneolaíocht’ mar a leanas:
|
b. |
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun ionstraimí diagnóiseacha saindeartha nó spriocanna saindeartha ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’ i saoráidí tástála don tástáil ‘SHPL’ nó chun ábhair atá ionradaithe ag léasacha ‘SHPL’ a thástáil nó a mheas; |
6E101
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, chun trealamh nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 6A002, 6A007.b. agus .c., 6A008, 6A102, 6A107, 6A108, 6B108, 6D102 nó 6D103 a ‘úsáid’.
Nóta : |
Ní rialaítear in 6E101 ach amháin ‘teicneolaíocht’ do na hitimí atá sonraithe in 6A002, 6A007 agus 6A008 i gcás inar dearadh na hitimí d’fheidhmeanna aerbheirthe agus nuair is inúsáidte iad i ‘ndiúracáin’. |
6E201
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, chun ‘leas’ a bhaint as an trealamh atá sonraithe in 6A003, 6A005.a.2., 6A005.b.2., 6A005.b.3., 6A005.b.4., 6A005.b.6., 6A005.c.2., 6A005.d.3.c., 6A005.d.4.c., 6A202, 6A203, 6A205, 6A225 nó 6A226.
Nóta 1 : |
Ní rialaítear le 6E201 ach ‘teicneolaíocht’ do cheamaraí atá sonraithe in 6A003 má shonraítear na ceamaraí freisin le haon cheann de na paraiméadair rialaithe in 6A203. |
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le 6E201 ach ‘teicneolaíocht’ le haghaidh léasair in 6A005.b.6. atá dópáilte le neoidimiam agus atá sonraithe in aon cheann de na paraiméadair rialaithe 6A205.f. |
6E203
‘Teicneolaíocht’, i bhfoirm cód nó eochracha, lena bhfeabhsaítear nó lena scaoiltear feidhmíocht ceamaraí nó gairis íomháithe chun na saintréithe atá sonraithe in 6A203.a. go 6A203.c a chomhlíonadh.
CUID IX
Catagóir 7
CATAGÓIR 7 - LOINGSEOIREACHT AGUS EITLEONAIC
7A
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
N.B. |
Maidir le huathstiúracha d’fheithiclí faoi uisce, féach Catagóir 8. |
Maidir le radair, féach Catagóir 6.
7A001
Méadair luasghéaraithe mar a leanas agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH 7A101 FREISIN. |
N.B. |
Maidir le méadair luasghéaraithe uilleacha nó rothlacha, féach 7A001.b. |
a. |
Méadair luasghéaraithe líneacha ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
b. |
Tá méadair luasghéaraithe uilleacha nó rothlacha acu, agus sonraítear go bhfeidhmeoidh siad ag leibhéil luasghéaraithe líneacha níos mó ná 100 g. |
7A002
Gíreascóip nó braiteoirí ráta uilligh, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH 7A102 FREISIN. |
N.B. |
Maidir le méadair luasghéaraithe uilleacha nó rothlacha, féach 7A001.b. |
a. |
Tá siad sonraithe le feidhmiú ag leibhéil luasghéaraithe líneacha arb ionann iad agus 100 g nó ar lú iad ná sin agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
b. |
Tá siad sonraithe le feidhmiú ag leibhéil luasghéaraithe líneacha ar mó iad ná 100 g. |
7A003
‘Trealamh nó córais tomhaiste támhúla’, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH 7A103 FREISIN. |
Nóta 1 : |
Ionchorpraítear le ‘trealamh nó córais tomhaiste támhúla’ méadair luasghéaraithe nó gíreascóip chun athruithe ar an treoluas agus ar an treoshuíomh a thomhas chun treo-cheann nó suíomh a choinneáil gan gá le tagairt sheachtrach a luaithe a dhéantar iad a ailíniú. Áirítear le ‘trealamh nó córais tomhaiste támhúla’:
|
Nóta 2 : |
Ní rialaítear le 7A003 ‘trealamh nó córais tomhaiste thámhúil’ a bhfuil deimhniú faighte acu lena n-úsáid ar ‘aerárthaí sibhialta’ ó údaráis um eitlíocht shibhialta i gceann amháin nó níos mó de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó i stát atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar. |
Nóta Teicniúil :
‘Áiseanna cuidithe suímh’ lena léirítear suíomh go neamhspleách, agus lena n-áirítear:
a. |
‘córas loingseoireachta satailíte’; |
b. |
‘Loingseoireacht Sonraí-Thagartha’ (‘DBRN’). |
a. |
Deartha chun a n-úsáide in ‘aerárthaí’, feithiclí agus soithí talún, lena léirítear suíomh gan ‘áis cuidithe suímh’ a úsáid, ag a bhfuil, i ndiaidh gnáth-ailínithe, na ‘cruinnis’ seo a leanas:
Nóta Teicniúil : De ghnáth, is le ‘trealamh nó córais tomhaiste thámhúil’ atá deartha chun a n-úsáide in ‘aerárthaí’, feithiclí agus soithí atá feidhm ag na paraiméadair feidhmíochta atá sonraithe in 7A003.a.1., 7A003.a.2. agus 7A003.a.3 faoi seach. As úsáid áiseanna tagartha speisialaithe neamhshuíomhacha (e.g. airdemhéadair, odaiméadar, logálaithe treoluais) a d’eascair na paraiméadair sin. Ar an ábhar sin, ní furasta na luachanna sonraithe feidhmíochta a thiontú laistigh de na paraiméadair sin. Déanfar trealamh atá deartha le haghaidh cláir iolracha a mheasúnú de réir gach iontrála infheidhme i.e. 7A003.a.1., 7A003.a.2., nó 7A003.a.3. |
b. |
Deartha chun a n-úsáide in ‘aerárthaí’, feithiclí nó soithí talún, ina bhfuil ‘áiseanna cuidithe suímh’ neadaithe agus lena léirítear suíomh tráth a chailltear na ‘háiseanna cuidithe suímh’ ar fad ar feadh tréimhse nach faide ná 4 nóiméad í, agus ag a bhfuil ‘cruinneas’ ar lú (ar fearr) é ná 10 méadar ‘CEP’; Nóta Teicniúil : In 7A003.b., tagraítear do chórais a bhfuil ‘trealamh nó córais tomhaiste thámhúil’ agus ‘áiseanna cuidithe suímh’ neamhspleácha eile leabaithe iontu in aon aonad amháin chun feidhmíocht fheabhsaithe a bhaint amach. |
c. |
Deartha chun a n-úsáide in ‘aerárthaí’, feithiclí nó soithí talún, lena léirítear treo-chinn nó treo fíor ó thuaidh, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
d. |
Tomhais luasghéaraithe nó tomhais an ráta uilligh a sholáthar, i níos mó ná toise amháin, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
7A004
‘Réaltrianairí’ agus comhpháirteanna díobh, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 7A104 FREISIN. |
a. |
‘Réaltrianairí’ a bhfuil ‘cruinneas’ asamait sonraithe acu arb ionann é agus 20 soicind de stua ar feadh shaolré sonraithe an trealaimh, nó ar lú (ar fearr) é ná sin; |
b. |
Comhpháirteanna atá saindeartha don trealamh atá sonraithe in 7A004.a., mar a leanas:
|
Nóta Teicniúil :
Tagraítear do ‘réaltrianairí’ freisin mar bhraiteoirí sainstiúracha réaltaí nó mar ghírea-réaltchompáis.
7A005
Trealamh glacachta le haghaidh ‘córais loingseoireachta satailíte’ ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas acu agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
N.B. |
FÉACH 7A105 FREISIN. |
N.B. |
Maidir le trealamh atá saindeartha le haghaidh úsáid mhíleata, FÉACH NA RIALUITHE MAIDIR LE hEARRAÍ MÍLEATA. |
a. |
Úsáidtear iontu algartam díchriptithe atá saindeartha nó sainmhodhnaithe le haghaidh úsáid an rialtais chun rochtain a fháil ar an gcód raoin le haghaidh suímh agus ama; nó |
b. |
Úsáidtear ‘córais aeróg oiriúnaitheach’ iontu.
Nóta Teicniúil : Chun críocha 7A005.b. gineann ‘córais aeróg oiriúnaitheach’ ceann amháin nó níos mó de neamhnithe spásúla go dinimiciúil i bpátrún eagair aeróige trí chomharthaí a phróiseáil san fhearann ama nó san fhearann minicíochta. |
7A006
Airdemhéadair ar eite a oibríonn ag minicíochtaí seachas 4,2 go 4,4 GHz, san áireamh, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH 7A106 FREISIN. |
a. |
Tá ‘bainistiú cumhachta’ acu; nó |
b. |
Úsáidtear modhnú eochraithe pasiomlaoide iontu. Nóta Teicniúil : Ciallaíonn ‘bainistiú cumhachta’ an chumhacht a tharchuirtear ó chomhartha an airdemhéadair a athrú ionas go mbeidh an chumhacht a fhaightear ag airde ‘aerárthaigh’ i gcónaí ag an leibhéal íosta is gá chun an airde a dhéanamh amach. |
7A008
Córais loingseoireachta sonóra faoi uisce a úsáideann treoluas Doppler nó logálaithe treoluais chomhghaolaithe atá comhtháite le foinse treo-chinn agus a bhfuil ‘cruinneas’ aimsithe suímh atá cothrom le 3 % den fhad taistealaithe ‘Earráid Chiorclach atá Dóchúil’ (‘CEP’) nó ar lú (ar fearr) é ná sin agus comhpháirteanna saindeartha lena n-aghaidh.
Nóta : |
Ní rialaítear le 7A008 na córais atá saindeartha lena suiteáil ar shoithí barr uisce ná córais a bhfuil rabhcháin fuaime nó baoithe de dhíth orthu chun sonraí aimsithe suímh a sholáthar. |
N.B. |
Maidir le córais fuaimiúla, féach 6A001.a., agus maidir le trealamh sonóra logálaithe treoluais-comhghaolaithe agus threoluas-Doppler, féach 6A001.b.
Maidir le córais mhuirí eile, féach 8A002. |
7A101
Méadair luasghéaraithe, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 7A001, atá deartha lena n-úsáid i gcórais támhloingseoireachta nó i gcórais treoraíochta de gach cineál, atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’, agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
a. |
Tá acu ‘in-atriallacht’‘laofachta’ ar lú (ar fearr) í ná 1 250 micrea g; agus |
b. |
Tá acu ‘in-atriallacht’ an ‘fhachtóra scála’ ar lú (ar fearr) í ná 1 250 csm acu; |
Nóta : |
Ní rialaítear le 7A101 luasmhéadair atá saindeartha agus sainfhorbartha mar Bhraiteoirí don Tomhas-le-linn-Druileála (MWD) lena n-úsáid in oibreacha seirbhísithe i bpoll an tobair. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
In 7A101, ciallaíonn ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann a bhfuil ar a gcumas raon a bheith acu ar mó é ná 300 km; |
2. |
In 7A101, le tomhas ‘laofachta’ agus an ‘fhachtóra scála’, tagraítear do dhiall caighdeánach aon sigme amháin ó chalabrú seasta thar thréimhse aon bhliana amháin; |
7A102
Gach saghas gíreascóip is inúsáidte i ‘ndiúracáin’, seachas iadsan atá sonraithe in 7A002, le ‘ráta cáite’ rátaithe ‘laofachta’ níos lú ná 0,5o (1 sigme nó rms) in aghaidh uair an chloig i dtimpeallacht 1 g agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.
Nótaí Teicniúla :
1. |
In 7A102, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km. |
2. |
In 7A102, sainmhínítear ‘cobhsaíocht’ mar mhéid an chumais a bhíonn ag meicníocht ar leith nó ag comhéifeacht feidhmíochta ar leith leanúint de bheith do-athraitheach agus í nochta do chúinse seasta oibriúcháin ar bhonn leanúnach (Caighdeán Institiúid na nInnealtóirí Leictreacha agus Leictreonacha (IEEE) 528-2001 mír 2.247). |
7A103
Ionstraimíocht, trealamh loingseoireachta agus córais loingseoireachta, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 7A003, mar a leanas; agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
a. |
‘Trealamh nó córais tomhaiste thámhúil’, lena n-úsáidtear méadair luasghéaraithe nó gíreascóip mar a leanas:
Nóta Teicniúil : Ionchorpraítear le ‘trealamh nó córais tomhaiste thámhúil’ atá sonraithe in 7A103.a. méadair luasghéaraithe nó gíreascóip chun athruithe ar an treoluas agus ar an treoshuíomh a thomhas chun treo-cheann nó suíomh a choinneáil gan gá le tagairt sheachtrach a luaithe a dhéantar iad a ailíniú.
|
b. |
Córais chomhtháite ionstraimí eitilte ina bhfuil cobhsaitheoirí gíreascóip nó uathstiúir, atá deartha nó modhnaithe lena n-úsáid i ‘ndiúracáin’; |
c. |
‘Córais chomhtháite loingseoireachta’, atá deartha nó modhnaithe le haghaidh ‘diúracán’ agus a bhfuil ar a gcumas cruinneas loingseoireachta a sholáthar arb ionann é agus 200 m ‘CEP’ nó ar lú é ná sin; Nótaí Teicniúla :
|
d. |
Braiteoirí treo-chinn maighnéadacha trí aiseacha, atá deartha nó modhnaithe lena gcomhtháthú le córais rialaithe agus loingseoireachta eitilte, seachas iad sin atá sonraithe in 6A006, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh;
|
Nóta Teicniúil :
In 7A103, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
7A104
Gírea-réaltchompáis agus gléasanna eile, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 7A004, lena ndíorthaítear suíomh nó treoshuíomh trí na reanna neimhe nó satailítí a rianú go huathoibríoch, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.
7A105
Trealamh glacachta le haghaidh ‘córais loingseoireachta satailíte’, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 7A005, ar fíor ina leith aon cheann de na tréithe seo a leanas, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
a. |
Tá sé deartha nó modhnaithe chun a úsáide sna feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004, sna roicéid sondála atá sonraithe in 9A104 nó sna haerfheithiclí gan foireann atá sonraithe in 9A012 nó 9A112.a; nó |
b. |
Tá sé deartha nó modhnaithe le haghaidh feidhmchláir aerbheirthe agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
Nóta Teicniúil :
In 7A105, áirítear le ‘córas satailíte loingseoireachta’ Córais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte (GNSS; e.g., GPS, GLONASS, Galileo nó BeiDou) agus Córais Satailíte Réigiúnacha Loingseoireachta (RNSS; e.g., NavIC, QZSS).
7A106
Airdemhéadair, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 7A006, den chineál léasair nó radair, atá deartha nó modhnaithe lena n-úsáide i bhfeithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004, nó i roicéid sondála atá sonraithe in 9A104.
7A115
Braiteoirí éighníomhacha chun an treo-uillinn a chinneadh i leith foinsí sonracha leictreamaighnéadacha (trealamh aimsithe treo) nó saintréithe sonracha an tír-raoin atá deartha nó modhnaithe lena n-úsáide i bhfeithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó i roicéid sondála atá sonraithe in 9A104.
Nóta : |
Le trealamh atá sonraithe in 7A105, in 7A106, agus in 7A115, áirítear na nithe seo a leanas:
|
7A116
Córais rialaithe eitilte agus seirbheachomhlaí, mar a leanas: atá deartha nó modhnaithe lena n-úsáide sna feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004, i roicéid sondála atá sonraithe in 9A104 nó i ‘ndiúracáin’.
a. |
Córais hiodrálacha, mheicniúla, leictrea-optúla nó leictrea-meicniúla rialaithe eitile (lena n-áirítear córais den chineál eitilte sreangrialaithe agus solasrialaithe); |
b. |
Trealamh rialaithe sainstiúrach; |
c. |
Seirbhachomhlaí le haghaidh eitilt a rialú arna ndearadh nó arna modhnú do na córais atá sonraithe in 7A116.a. nó i 7A116.b., agus atá deartha nó modhnaithe chun go bhfeidhmeoidh siad i dtimpeallacht chreatha a bheadh níos mó ná 10 g rms idir 20 Hz agus 2 kHz. |
Nóta : |
Maidir le haerárthaí le foireann a athchóiriú chun feidhmiú mar ‘dhiúracáin’, áirítear le 7A116 na córais, an trealamh agus na comhlaí atá deartha nó modhnaithe chun go mbeifear in ann aerárthaí le foireann a oibriú mar aerfheithiclí gan foireann. |
7A117
‘Tacair treoraíochta’ atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’ agus a bhfuil ar a gcumas cruinneas córais a bheith acu arb ionann é agus 3,33 % den raon nó ar lú ná sin é (e.g. ‘CEP’ arb ionann é agus 10 km ag raon de 300 km, nó ar lú é ná sin).
Nóta Teicniúil :
In 7A117, is ionann ‘CEP’ (Earráid Chiorclach Dhóchúil nó Ciorcal na Dóchúlachta Comhionainne) agus tomhas cruinnis, a shainmhínítear mar gha an chiorcail i lár na targaide, ag raon sonrach, ina ndéanann 50 % de na pálastaí teagmháil.
7B
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
7B001
Trealamh tástála, calabraithe nó ailínithe atá saindeartha do threalamh atá sonraithe in 7A.
Nóta : |
Le 7B001, ní rialaítear trealamh tástála, calabraithe nó ailínithe do ‘Leibhéal Cothabhála I’ ná do ‘Leibhéal Cothabhála II’. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
‘
Leibhéal Cothabhála I
’
I gcás ina dteipeann ar aonad loingseoireachta táimhe ar an ‘aerárthach’, is le tásca ón Aonad Rialaithe agus Taispeána (CDU) nó leis an teachtaireacht stádais ón bhfochóras comhfhreagrach a bhraitear an teip. Trí lámhleabhar an mhonarórá a leanúint, is féidir cúis na teipe a aimsiú ar leibhéal an Aonaid atá In-athsholáthraithe sa Líne (LRU) nach raibh ag feidhmiú i gceart. Baineann an t-oibreoir LRU amach ansin agus cuireann sé an pháirt spártha ina ionad. |
2. |
‘
Leibhéal Cothabhála II
’
Cuirtear an LRU lochtach chuig an gceardlann chothabhála (ceardlann an mhonaróra nó ceardlann an oibreora atá freagrach as leibhéal cothabhála II). Sa cheardlann chothabhála, déantar an LRU lochtach a thástáil le modhanna éagsúla iomchuí chun modúl lochtach na Cóimeála is In-athsholáthraithe sa Siopa (SRA) a fhíorú agus a aimsiú. Baintear amach an modúl SRA sin agus cuirtear páirt spártha a oibríonn ina ionad. Ina dhiaidh sin, cuirtear an SRA lochtach (nó an LRU iomlán, b’fhéidir) chuig an monaróir. Ní áirítear le ‘Leibhéal Cothabhála II’ dí-chóimeáil nó deisiú a dhéanamh ar mhéadair luasghéaraithe nó ar bhraiteoirí gíreascóip atá faoi rialú. |
7B002
Trealamh atá saindeartha chun tréithe scáthán, ar scátháin iad le haghaidh gíreascóip fáinne ‘léasair’ a léiriú, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 7B102 FREISIN. |
a. |
Scaipmhéadair a bhfuil ‘cruinneas’ tomhais acu arb ionann é agus 10 csm nó ar lú (ar fearr) ná sin é; |
b. |
Próifíliméadair a bhfuil ‘cruinneas’ tomhais acu arb ionann é agus 0,5 mhuirmhíle (5 angstram) nó ar lú (ar fearr) é ná sin. |
7B003
Trealamh atá saindeartha chun an trealamh atá sonraithe in 7A a ‘tháirgeadh’.
Nóta : |
Áirítear le 7B003:
|
7B102
Athraonmhéadair atá saindeartha chun scáthán a thréithriú do ghíreascóip ‘léasair’, a bhfuil cruinneas tomhais acu arb ionann é agus 50 csm nó ar lú (ar fearr) é ná sin.
7B103
‘Saoráidí táirgeachta’ agus ‘trealamh táirgeachta’, mar a leanas:
a. |
‘Saoráidí táirgeachta’ atá saindeartha don trealamh atá sonraithe in 7A117; |
b. |
‘Trealamh táirgeachta’ agus trealamh eile tástála, calabraithe agus ailínithe, seachas é siúd atá sonraithe in 7B001 go 7B003, atá deartha nó modhnaithe lena n-úsáid le trealamh atá sonraithe in 7A. |
7C
Ábhair
Nóta ar bith.
7D
Bogearraí
7D001
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh atá sonraithe in 7A. nó in 7B. ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’.
7D002
‘Cód foinseach’ le haghaidh aon trealamh loingseoireachta táimhe a oibriú nó a chothabháil, lena n-áirítear trealamh táimhe nach bhfuil sonraithe in 7A003 nó 7A004, nó Córais Tagartha um Shainstiúir agus um Threo-cheann (‘AHRS’).
Nóta : |
Ní rialaítear le 7D002 ‘cód foinseach’ chun ‘AHRS’ den chineál giombail a ‘úsáid’. |
Nóta Teicniúil :
Is í an difríocht ghinearálta idir ‘AHRS’ agus Córais Támhloingseoireachta (INS) go soláthraítear leis an ‘AHRS’ faisnéis maidir le sainstiúir agus treo-cheann agus nach soláthraítear de ghnáth leo an fhaisnéis maidir le luasghéarú, treoluas nó suíomh a dhéantar a shamhlú le INS.
7D003
‘Bogearraí’ eile, mar a leanas:
a. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun feidhmiú oibríoch na gcóras a fheabhsú nó chun a n-earráid loingseoireachta a laghdú chuig na leibhéil atá sonraithe in 7A003, 7A004 nó 7A008; |
b. |
‘Cód foinseach’ do chórais chomhtháite hibride lena ndéantar feidhmiú oibríoch na gcóras a fheabhsú nó a n-earráid loingseoireachta a laghdú chuig na leibhéil atá sonraithe in 7A003 nó 7A008, trí shonraí treo-chinn a chomhcheangal go leanúnach le ceann ar bith díobh seo a leanas:
|
c. |
Ní úsáidtear; |
d. |
Ní úsáidtear; |
e. |
‘Bogearraí’ don Dearadh Ríomhchuidithe (CAD) atá saindeartha chun ‘córais ghníomhacha rialaithe eitilte’, rialaitheoirí eitilte ilaiseacha, sreangrialaithe nó solasrialaithe do héileacaptair nó ‘córais imshruthaithe frith-chasmhóiminte nó córais rialaithe treo imshruthaithe’ a ‘fhorbairt’, a bhfuil a ‘dteicneolaíocht’ sonraithe in 7E004.b.1., 7E004.b.3. Go 7E004.b.5., 7E004.b.7., 7E004.b.8., 7E004.c.1. nó 7E004.c.2. |
7D004
‘Cód foinseach’ ina n-ionchorpraítear an ‘teicneolaíocht’
‘um Fhorbairt’ atá sonraithe in 7E004.a.2., 7E004.a.3., 7E004.a.5., 7E004.a.6. nó 7E004.b. d’aon cheann díobh seo a leanas:
a. |
Córais dhigiteacha rialaithe eitilte le haghaidh ‘rialú iomlán eitilte’; |
b. |
Córais chomhtháite scairdtiomána agus rialaithe eitilte; |
c. |
‘Córais eitilte shreangrialaithe’ nó ‘córais eitilte sholasrialaithe’; |
d. |
‘Córais ghníomhacha rialaithe eitilte’ atá lochtamhálach nó féin-athchumraitheach; |
e. |
Ní úsáidtear; |
f. |
Córais aershonraí atá bunaithe ar shonraí statacha dromchla; nó |
g. |
Taispeántais thríthoiseacha. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 7D004 ‘cód foinseach’ a bhfuil baint aige le heilimintí agus fóntais choiteanna ríomhaireachta (e.g., sealbhú an chomhartha imghabhála, tarchur an chomhartha aschuir, lódáil sonraí agus lódáil ríomhchlár, tástáil ionsuite, sásra sceidealúcháin tascanna) nach léirítear leo feidhm shonrach de chuid an chórais rialaithe eitilte. |
7D005
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun díchriptiú a dhéanamh ar chód raoin do Chórais Dhomhanda Loingseoireachta Satailíte (GNSS) a dearadh le haghaidh úsáid rialtais.
7D101
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó atá sainmhodhnaithe chun an trealamh atá sonraithe in 7A001 go 7A006, 7A101 go 7A106, 7A115, 7A116.a., 7A116.b., 7B001, 7B002, 7B003, 7B102 nó 7B103 ‘a úsáid’.
7D102
‘Bogearraí’ don chomhtháthú, mar a leanas:
a. |
‘Bogearraí’ don chomhtháthú le haghaidh an trealaimh atá sonraithe in 7A103.b; |
b. |
‘Bogearraí’ don chomhtháthú atá saindeartha don trealamh atá sonraithe in 7A003 nó in 7A103.a.; |
c. |
‘Bogearraí’ don chomhtháthú atá deartha nó modhnaithe don trealamh atá sonraithe in 7A103.c. |
Nóta : |
I bhfoirm choitianta ‘bogearraí’ don chomhtháthú, baintear feidhm as scagadh Kalman. |
7D103
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun na ‘tacair treoraíochta’ atá sonraithe in 7A117 a mhodhnú nó a ionsamhlú nó chun a ndearadh a chomhtháthú leis na feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó leis na roicéid sondála atá sonraithe in 9A104.
Nóta : |
Fanann ‘bogearraí’ atá sonraithe in 7D103 faoi rialú nuair a chomhtháthaítear iad le cruaearraí atá deartha go speisialta agus atá sonraithe in 4A102. |
7D104
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun ‘tacair treoraíochta’ atá sonraithe in 7A117 a oibriú nó a chothabháil.
Nóta : |
Áirítear le 7D104 ‘bogearraí’, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun feidhmíocht na ‘dtacar treoracha’ a fheabhsú chun an cruinneas atá sonraithe in 7A117 a bhaint amach nó a shárú. |
7E
Teicneolaíocht
7E001
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 7A, 7B, 7D001, 7D002, 7D003, 7D005 agus 7D101 go 7D103 ‘a fhorbairt’.
Nóta : |
Áirítear le 7E001 ‘teicneolaíocht’ bainistíochta ríthábhachtach a úsáidtear go heisiach don trealamh atá sonraithe in 7A005.a. |
7E002
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh atá sonraithe in 7 A nó 7 B ‘a tháirgeadh’.
7E003
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, chun an trealamh atá sonraithe in 7A001 go 7A004 a dheisiú, a athchóiriú nó a ollchóiriú.
Nóta : |
Ní rialaítear le 7E003, ‘teicneolaíocht’ chothabhála a bhfuil baint dhíreach aici le LRUnna nó SRAnna lochtacha neamhfhóinteacha de chuid ‘aerárthaí sibhialta’ a chalabrú, a bhaint amach nó a athsholáthar, mar a thuairiscítear i ‘Leibhéal Cothabhála I’ nó i ‘Leibhéal Cothabhála II’. |
N.B. |
Féach na Nótaí Teicniúla a ghabhann le 7B001. |
7E004
‘Teicneolaíocht’ eile, mar a leanas:
a. |
‘Teicneolaíocht’ eile chun iad seo a leanas ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’:
|
b. |
‘Teicneolaíocht’‘forbartha’, mar a leanas, le haghaidh ‘córais ghníomhacha rialaithe eitilte’ (lena n-áirítear ‘córais eitilte shreangrialaithe’ nó ‘córais eitilite sholasrialaithe’):
|
c. |
‘Teicneolaíocht’ chun córais héileacaptair a ‘fhorbairt’, mar a leanas:
|
7E101
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh atá sonraithe i 7A001 go 7A006, i 7A101 go 7A106, i 7A115 go 7A117, i 7B001, i 7B002, i 7B003, i 7B102, i 7B103, i 7D101 go 7D103 ‘a úsáid’.
7E102
‘Teicneolaíocht’ chun eitleonaic agus fo-chórais leictreacha a chosaint ar ghuaiseacha bíog leictreamaighnéadach (EMP) agus ar ghuaiseacha trasnaíochta leictreamaighnéadaí (EMI), a thagann ó fhoinsí seachtracha, mar a leanas:
a. |
‘Teicneolaíocht’ um dhearadh chun córais a sciathadh; |
b. |
‘Teicneolaíocht’ um dhearadh chun ciorcaid agus fochórais leictreacha chruaite a chumrú; |
c. |
‘Teicneolaíocht’ um dhearadh chun critéir chruachana 7E102.a. agus 7E102.b. a chinneadh. |
7E104
‘Teicneolaíocht’ chun comhtháthú a dhéanamh ar shonraí rialaithe eitilte, sonraí treoraíochta agus sonraí rialaithe tiomána chun go mbeidh siad ina gcóras bainistithe eitilte ar mhaithe le ruathag an chórais roicéad a optamú.
CUID X
Catagóir 8
CATAGÓIR 8 - CURSAÍ MUIRÍ
8A
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
8A001
Feithiclí intumtha agus soithí barr uisce, mar a leanas:
N.B. |
Maidir le stádas rialaithe an trealaimh a ghabhann le feithiclí intumtha, féach:
|
a. |
Feithiclí intumtha, ar teaghrán, le foireann, atá deartha chun oibriú ag doimhneachtaí ar doimhne iad ná 1 000 m; |
b. |
Feithiclí intumtha, gan teaghrán, le foireann, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
c. |
Feithiclí intumtha, gan foireann, mar a leanas:
|
d. |
Ní úsáidtear; |
e. |
Córais um tharrtháil san aigéan a mbeadh cumas um ardú acu a bheadh níos mó ná 5 MN, ar córais iad le haghaidh nithe a tharrtháil as doimhneachtaí níos mó ná 250 m agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
f. |
Ní úsáidtear; |
g. |
Ní úsáidtear; |
h. |
Ní úsáidtear; |
i. |
Ní úsáidtear. |
8A002
Córais mhuirí, trealamh agus comhpháirteanna, mar a leanas:
Nóta : |
Maidir le córais chumarsáide faoi uisce, féach Catagóir 5, Cuid 1 - Teileachumarsáid. |
a. |
Córais, trealamh agus comhpháirteanna, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe le haghaidh feithiclí intumtha agus atá deartha chun oibriú ag doimhneachtaí ar doimhne iad ná 1 000 m, mar a leanas:
|
b. |
Córais atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun gluaiseacht na bhfeithiclí intumtha atá sonraithe in 8A001 a rialú go huathoibríoch, agus a n-úsáidtear iontu sonraí loingseoireachta, agus a bhfuil seirbhirialuithe lúb-iata acu agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
c. |
Treáiteoirí cabhlacha brú snáthoptaice; |
d. |
Tá córais radhairc faoi uisce acu ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
e. |
Ní úsáidtear; |
f. |
Ní úsáidtear; |
g. |
Córais solais atá saindeartha nó sainmhodhnaithe lena n-úsáid faoi uisce, mar a leanas:
|
h. |
‘Róbait’ atá saindeartha lena n-úsáid faoi uisce, a rialaítear le ríomhaire tiomnaithe agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
i. |
Tá cianláimhsitheoirí altacha acu atá saindeartha nó sainmhodhnaithe lena n-úsáid le feithiclí intumtha, agus is fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
|
j. |
Córais chumhachta atá neamhspleách ar aer agus atá saindeartha lena n-úsáid faoi uisce, mar a leanas:
|
k. |
Ní úsáidtear; |
l. |
Ní úsáidtear; |
m. |
Ní úsáidtear; |
n. |
Ní úsáidtear; |
o. |
Liáin, córais tarchurtha cumhachta, córais giniúna cumhachta, agus córais maolaithe torainn, mar a leanas:
|
p. |
Córais tiomána a bhfuil scaird-phumpa acu agus ar fíor ina leith na tréithe uile seo a leanas:
|
q. |
Tá trealamh um shnámh agus um thumadóireacht faoi uisce acu mar a leanas:
|
r. |
Fuaimchórais díspreagtha tumadóirí atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun cur isteach ar thumadóirí agus a bhfuil leibhéal fuaimbhrú acu arb ionann é agus 190 dB nó ar mó é ná sin (tagairt 1 μPa ag 1 m) ag minicíochtaí 200 Hz agus níos lú.
|
8B
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
8B001
Tolláin uisce a bhfuil torann cúlra acu ar lú é ná 100 dB (tagairt 1 μPa, 1Hz), sa raon minicíochta ar mó é ná 0 Hz ach ar lú é ná 500 Hz, agus atá deartha chun réimsí fuaime a thomhas, ar réimsí fuaime iad a ghintear le hidrea-sreabhadh thart timpeall ar shamhaltáin córas tiomána.
8C
Ábhair
8C001
‘Cúrphlaisteach comhréireach’ atá deartha lena n-úsáide faoi uisce agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
N.B. |
Féach freisin 8A002.a.4. |
a. |
Tá sé deartha do dhoimhneachtaí muirí ar doimhne iad ná 1 000 m; agus |
b. |
Tá dlús acu ar lú é ná 561 kg/m3; |
Nóta Teicniúil :
Is éard atá i ‘gcúrphlaisteacht chomhréireach’ sféir chuasacha plaistigh nó gloine atá leabaithe i maitrís roisín.
8D
Bogearraí
8D001
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh nó ábhair atá sonraithe in 8A, 8B nó 8C ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.
8D002
‘Bogearraí’ sonracha atá saindeartha nó sainmhodhnaithe le haghaidh liáin ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’, a dheisiú, a athchóiriú, a athfheistiú (a athmheaisíniú), ar liáin iad atá saindeartha le haghaidh torann faoi uisce a mhaolú.
8E
Teicneolaíocht
8E001
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht, chun trealamh nó ábhair atá sonraithe in 8A, in 8B nó in 8C ‘a fhorbairt’ nó ‘a tháirgeadh’;
8E002
‘Teicneolaíocht’ eile, mar a leanas:
a. |
‘Teicneolaíocht’ le haghaidh liáin ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’, a dheisiú, a athchóiriú, a athfheistiú (a athmheaisíniú), ar liáin iad atá deartha go speisialta le haghaidh torann faoi uisce a mhaolú; |
b. |
‘Teicneolaíocht’ le haghaidh trealamh atá sonraithe in 8A001, 8A002.b., 8A002.j., 8A002.o. nó in 8A002.p. a athchóiriú nó a athfheistiú. |
c. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun aon cheann díobh seo a leanas a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’:
|
CUID XI
Catagóir 9
CATAGÓIR 9 – AERSPÁS AGUS TIOMÁINT
9A
Córais, Trealamh agus Comhpháirteanna
N.B. |
Do chórais tiomána atá deartha nó rátáilte chun seasamh i gcoinne na radaíochta neodróin nó na radaíochta ianaithe díomuaine, féach ar na Rialuithe maidir le hEarraí Míleata. |
9A001
Aerinnill tuirbíní gáis ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH 9A101 FREISIN. |
a. |
Ionchorpraítear iontu aon cheann de na ‘teicneolaíochtaí’ atá sonraithe in 9E003.a., in 9E003.h. nó in 9E003.i.; nó
|
b. |
Tá siad deartha chun ‘aerárthaí’ a chumhachtú chun cúrsáil ag Mach 1 nó níos mó, ar feadh níos mó ná tríocha nóiméad. |
9A002
‘Muirinnill tuirbín gáis’ atá deartha chun leachtbhreosla a úsáid agus ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas, agus cóimeálacha agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh:
a. |
Tá uaschumhacht leanúnach 24 245 kW nó níos mó acu agus iad ag feidhmiú i ‘modh foistine’ ag coinníollacha caighdeánacha tagartha arna sonrú in ISO 3977-2:1997 (nó a gcoibhéis náisiúnta); agus |
b. |
‘An t-ídiú sonrach breosla atá ceartaithe’ nach mó é ná 0,219 kg/kWh ag 35 % den uaschumhacht leanúnach agus breosla leachtach á úsáid. |
Nóta : |
Leis an téarma ‘muirinnill tuirbín gáis’, áirítear na hinnill thionsclaíocha nó aeraidhíorthacha sin atá curtha in oiriúint chun cumhacht leictreach loinge a ghiniúint nó chun an long a thiomáint. |
Nóta Teicniúil :
Chun críocha 9A002, is éard atá in ‘ídiú sonrach breosla atá ceartaithe’ ídiú sonrach breosla an innill a ceartaíodh maidir le breosla leachtach driogáite muirí a bhfuil glanfhuinneamh sonrach (i.e. glanluach téimh) 42MJ/kg (ISO 3977-2:1997) aige.
9A003
Cóimeálacha agus comhpháirteanna saindeartha, lena n-ionchorpraítear aon cheann de na ‘teicneolaíochtaí’ atá sonraithe in 9E003.a., in 9E003.h. nó in 9E003.i., d’aon cheann de na haerinnill gástuirbín seo a leanas:
a. |
Mar atá sonraithe in 9A001; nó |
b. |
A bhfuil a dtionscnamh deartha nó táirgthe i mBallstáit nach Ballstáit den Aontas iad nó i Stáit atá rannpháirteach i gComhshocraíocht Wassenaar nó nach eol don mhonaróir a dtionscnamh. |
9A004
Feithiclí spáslainseála, ‘spásárthaí’, ‘busanna spásárthaigh’, ‘pálasta spásárthaí’, trealamh nó córais ar bord ‘spásárthaigh’, trealamh talamhbhunaithe, ardáin spéirlainseála agus ‘árthaigh fo-fhithiseacha’, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 9A104 FREISIN. |
a. |
Feithiclí spáslainseála; |
b. |
‘Spásárthaí’; |
c. |
‘Busanna spásárthaigh’; |
d. |
‘Pálastaí spásárthaí’ ina n-ionchorpraítear na hearraí sin a luaitear in 3A001.b.1.a.4., 3A002.g., 5A001.a.1., 5A001.b.3., 5A002.c., 5A002.e., 6A002.a.1., 6A002.a.2., 6A002.b., 6A002.d., 6A003.b., 6A004.c., 6A004.e., 6A008.d., 6A008.e., 6A008.k., 6A008.l. nó 9A010.c.; |
e. |
Trealamh nó córais ar bord, atá saindeartha chun a n-úsáide i ‘spásárthach’ agus a bhfuil aon cheann de na feidhmeanna seo a leanas acu:
|
f. |
Trealamh talamhbhunaithe, atá saindeartha do ‘spásárthaí’, mar a leanas:
|
g. |
‘Aerárthaí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe le bheith ina n-ardáin spéirlainséala i gcomhair feithiclí spáslainseála nó ‘árthach fo-fhithiseach’; |
h. |
‘Árthach fo-fhithiseach’. |
9A005
Córais tiomána roicéad leachtach a bhfuil aon cheann de na córais nó na comhpháirteanna atá sonraithe in 9A006 iontu.
N.B. |
FÉACH FREISIN 9A105 AGUS 9A119. |
9A006
Córais agus comhpháirteanna atá saindeartha do chórais tiomána roicéad leachtach, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN 9A106, 9A108 agus 9A120. |
a. |
Cuisneoirí crióigineacha, fleascáin Dewar de mheáchan eitilte, píopaí teasa crióigineacha nó córais chrióigineacha, atá saindeartha le haghaidh a n-úsáide i bhfeithiclí spáis agus a bhfuil ar a gcumas an caillteanas sreabhán crióigineach a shrianadh go níos lú ná 30 % sa bhliain; |
b. |
Coimeádáin chrióigineacha nó córais chuisniúcháin ag a bhfuil timthriall iata, inniúil ar theochtaí 100 K (– 173 °C) nó faoina bhun a chur ar fáil le haghaidh ‘aerárthaí’ atá inniúil ar eitilt ag luasanna os cionn Mach 3, le haghaigh feithiclí lainseála nó le haghaidh ‘spásárthaí’; |
c. |
Córais stórála nó aistrithe do ghreallach hidrigine; |
d. |
Turbachaidéil ardbhrú (os cionn 17,5 MPa), comhpháirteanna caidéil nó an gineadóir gáis gaolmhar nó na córais ghaolmhara tiomána tuirbíní de chineál an timthrialla fhorbarthaigh; |
e. |
Sá-chuasáin ardbhrú (os cionn 10,6 MPa) agus buinní lena n-aghaidh; |
f. |
Córais stórála tiomántáin lena n-úsáidtear prionsabal an tsrianta ribigh nó an ionnarbtha dhearfaigh (i.e. tá máilíní solúbtha acu); |
g. |
Insteallairí leacht-tiomáinte a bhfuil oirifísí aonair acu arb ionann a dtrastomhas agus 0,381 mm nó ar lú ná sin iad (achar 1,14 × 10–3 cm2, nó níos lú i gcás oirifísí neamh-chiorcalacha) agus atá saindeartha d’innill roicéad leachtach; |
h. |
Sá-chuasáin aonphíosa carbón-carbóin nó cóin aonphíosa amach carbón-carbóin, ag a bhfuil dlús os cionn 1,4 g/ cm3 mar aon le neart inteannta os cionn 48 MPa. |
9A007
Córais sholadacha tiomána roicéad ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN 9A107 AGUS 9A119. |
a. |
Tá achmhainn iomlán ríge acu atá os cionn 1,1 MNs; |
b. |
Tá ríog shonrach acu arb ionann í agus 2,4 kNs/kg nó ar mó í ná sin, nuair a dhéantar sruth an bhuinne a fhairsingiú go cúinsí comhthimpeallacha an leibhéil mhara le haghaidh brú leasaithe cuasáin 7 MPa; |
c. |
Codáin chéim-mhaise ar mó iad ná 88 % agus luchtaithe tiomántán soladach ar mó iad ná 86 %; |
d. |
Comhpháirteanna atá sonraithe in 9A008; nó |
e. |
Córais inslithe agus córais nasctha tiomántán, lena n-úsáidtear dearaí den chineál ina mbíonn an mótar nasctha go díreach, chun ‘nasc láidir meicniúil’ a fháil nó bac a chur ar an ascnamh ceimiceach idir an tiomántán soladach agus ábhar inslithe na cásála. Nóta Teicniúil : Ciallaíonn ‘nasc láidir meicniúil’ neart nasctha arb ionann é agus neart an tiomántáin nó ar mó é ná sin. |
9A008
Comhpháirteanna atá saindeartha do chórais sholadacha tiomána roicéad, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 9A108 FREISIN. |
a. |
Córais inslithe agus córais nasctha tiomántán, lena n-úsáidtear líneálaigh chun ‘nasc láidir meicniúil’ a chur ar fáil nó chun bac a chur ar an ascnamh ceimiceach idir an tiomántán soladach agus ábhar inslithe na cásála; Nóta Teicniúil : Ciallaíonn ‘nasc láidir meicniúil’ neart nasctha arb ionann é agus neart an tiomántáin nó ar mó é ná sin. |
b. |
Cásálacha ‘comhchodacha’ mótair atá tochraiste le filiméad agus a bhfuil trastomhas acu ar mó é ná 0,61 m nó a bhfuil ‘cóimheas éifeachtúlachta struchtúraí (PV/W)’ acu ar mó é ná 25 km; Nóta Teicniúil : Ciallaíonn ‘cóimheas éifeachtúlachta struchtúraí (PV/W)’ an brú pléasctha (P) iolraithe faoi thoirt an tsoithigh (V) roinnte ar mheáchan iomlán an tsoithigh bhrú (W). |
c. |
Buinní a bhfuil leibhéil sá acu ar mó iad ná 45 kN nó rátaí creimthe scornach an bhuinne acu ar lú iad ná 0,075 mm/s; |
d. |
Córais rialaithe sá-veicteora trí bhíthin buinní soghluaiste nó instealladh tánaisteach sreabháin, a bhfuil ar a gcumas aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:
|
9A009
Córais hibrideacha tiomána roicéad ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN 9A109 AGUS 9A119. |
a. |
Tá achmhainn iomlán ríge acu atá os cionn 1,1 MNs; nó |
b. |
Tá leibhéil sáite acu ar mó iad ná 220 kN faoi choinníollacha folúis amach. |
9A010
Comhpháirteanna, córais agus struchtúir atá saindeartha d’fheithiclí lainseála, do chórais tiomána feithiclí lainseála nó do ‘spásárthaí’, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH FREISIN 1A002 AGUS 9A110. |
a. |
Comhpháirteanna agus struchtúir, ar troime gach ceann acu ná 10 kg agus atá saindeartha d’fheithiclí lainseála a mhonaraítear le haon cheann díobh seo a leanas:
|
b. |
Comhpháirteanna agus struchtúir, atá saindeartha do na córais tiomána feithiclí lainseála atá sonraithe in 9A005 go 9A009, a mhonaraítear le haon cheann díobh seo a leanas:
|
c. |
Comhpháirteanna struchtúracha agus córais leithlisithe, atá saindeartha chun rialú gníomhach a dhéanamh ar fhreagairt dhinimiciúil nó ar shaobhadh struchtúr na ‘spásárthaí’; |
d. |
Innill bhíogtha roicéad leachtach a bhfuil cóimheas idir sá agus meáchan acu arb ionann é agus 1 kN/kg nó ar mó ná sin é agus ‘aga freagartha’ acu ar lú é ná 30 ms. Nóta Teicniúil : Chun críocha 9A010.d., is éard atá i gceist le ‘haga freagartha’ an t-am is gá chun 90 % den sá rátáilte iomlán a bhaint amach ó thús. |
9A011
Rop-scairdinnill, rop-scairdinnill fhorshonacha dó nó ‘innill timthriallta comhcheangailte’, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.
N.B. |
FÉACH FREISIN 9A111 AGUS 9A118. |
Nóta Teicniúil :
Chun críocha 9A011, comhcheanglaítear le ‘hinnill timthrialla comhcheangailte’ dhá cheann nó níos mó de na cineálacha innill seo a leanas:
— |
Inneall gástuirbín (inneall turba-scairde, turba-liáin agus turba-fean); |
— |
Rop-scairdinnill nó rop-scairdinnill fhorshonacha; |
— |
Mótar nó inneall roicéad (leacht/glóthach/glóthach-tiomáinteach agus hibrideach). |
9A012
‘Aerfheithiclí gan foireann’ (‘UAVanna’), ‘aerárthaí’ gan foireann, trealamh gaolmhar agus comhpháirteanna gaolmhara, mar a leanas:
N.B.1. |
FÉACH 9A112 FREISIN. |
N.B.2. |
Maidir le ‘UAVanna’ ar ‘árthach fo-fhithiotach’ iad, féach 9A004.h. |
a. |
‘UAVanna’ nó ‘aerárthaí’ gan foireann, atá deartha chun gur féidir iad a eitilt faoi rialú le ‘radharc cinn’ an ‘oibreora’, agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
b. |
Trealamh agus comhpháirteanna gaolmhara, mar a leanas:
|
9A101
Innill turba-scairde agus innill turba-fean, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A001, mar a leanas;
a. |
Innill ar fíor ina leith na saintréithe uile seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
b. |
Innill atá deartha nó modhnaithe le haghaidh a n-úsáide i ‘ndiúracáin’ nó in aerfheithiclí gan foireann atá sonraithe in 9A012 nó 9A112.a. |
9A102
‘Córais innill turba-liáin’ atá saindeartha le haghaidh aerfheithiclí gan foireann atá sonraithe in 9A012, maille le comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, a bhfuil ‘uaschumhacht’ acu ar mó í ná 10 kW.
Nóta : |
Ní rialaítear le 9A102, innill dheimhnithe shibhialta. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Chun críocha 9A102, ionchorpraítear le ‘hinneall turba-liáin’ gach ceann díobh seo a leanas:
|
2. |
Chun críocha 9A102, sroichtear an ‘uaschumhacht’ agus an t-inneall neamh-shuiteáilte i gcúinsí statacha caighdeánacha leibhéal na mara ICAO. |
9A104
Roicéid sondála, a bhfuil ar a gcumas raon a bheith acu arb ionann é agus 300 km ar a laghad.
N.B. |
FÉACH 9A004 FREISIN. |
9A105
Tá innill roicéad leacht-tiomáinte nó mótair roicéad glóthach-tiomáinte acu, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 9A119 FREISIN. |
a. |
Innill roicéad leacht-tiomáinte nó mótair roicéad glóthach-tiomáinte, atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A005, atá comhtháite, nó atá deartha nó modhnaithe lena gcomhtháthú, isteach i gcóras tiomána leacht-tiomáinte nó i gcóras glóthach-tiomáinte a bhfuil cumas iomlán na ríog acu arb ionann í agus 1,1 MNs nó ar mó ná sin í; |
b. |
Innill roicéad leacht-tiomáinte nó mótair roicéad glóthach-tiomáinte, atá inúsáidte i gcórais iomlána roicéad nó in aerfheithiclí gan foireann, a bhfuil ar a gcumas raon a bheith acu arb ionann é agus 300 km, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A005 nó 9A105.a., atá comhtháite, nó atá deartha nó modhnaithe lena gcomhtháthú, isteach i gcóras tiomána leacht-tiomáinte nó glóthach-tiomáinte arb ionann acmhainn iomlán na ríog acu agus 0,841 MNs nó ar mó ná sin í. |
9A106
Córais nó comhpháirteanna, cé is moite díobh siúd a shainítear in 9A006 mar a leanas, a dheartar go sonrach le haghaidh córais tiomána roicéad leachtach nó córais roicéad glóthach-tiomáinte;
a. |
Ní úsáidtear; |
b. |
Ní úsáidtear; |
c. |
Fo-chórais rialaithe veicteora sháite, inúsáidte i ‘ndiúracáin’; Nóta Teicniúil : Seo a leanas samplaí de mhodhanna rialaithe sá-veicteora mar atá sonraithe in 9A106.c. iad:
|
d. |
Córais rialaithe le haghaidh tiomáint leachta, sciodair nó glóthaí (lena n-áirítear ocsaídeoirí), maille le comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, inúsáidte i ‘ndiúracáin’, atá deartha nó modhnaithe chun feidhmiú i dtimpeallachtaí creatha ar mó iad ná 10 g rms idir 20 Hz agus 2 kHz;
|
e. |
Cuasáin dócháin agus buinní d’innill roicéad leacht-tiomáinte nó do mhótair roicéad glóthach-tiomáinte atá sonraithe in 9A005 nó in 9A105. |
9A107
Innill roicéad solad-tiomáinte, atá inúsáidte i gcórais iomlána roicéad nó in aerfheithiclí gan foireann, a bhfuil ar a gcumas raon a bheith acu arb ionann é agus 300 km, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A007, a bhfuil cumas iomlán na ríog acu arb ionann í agus 841 MNs.
N.B. |
FÉACH 9A119 FREISIN. |
9A108
Comhpháirteanna, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A008, mar a leanas, atá saindeartha do chórais inneall roicéad hibrideacha agus solaid-tiomáinte:
a. |
Cásálacha mótar roicéad agus comhpháirteanna ‘inslithe’ lena n-aghaidh, atá inúsáidte i bhfochórais mar atá sonraithe in 9A007, 9A009, 9A107 nó 9A109.a.; |
b. |
Buinní roicéad, atá inúsáidte i bhfochórais mar atá sonraithe in 9A007, 9A009, 9A107 nó 9A109.a.; |
c. |
Fo-chórais rialaithe veicteora sháite, inúsáidte i ‘ndiúracáin’; Nóta Teicniúil : Seo a leanas samplaí de mhodhanna rialaithe sá-veicteora mar atá sonraithe in 9A108.c. iad:
|
9A109
Mótair roicéad hibrideach agus comhpháirteanna atá saindeartha mar a leanas:
a. |
Mótair roicéad hibrideach atá inúsáidte i gcórais iomlána roicéad nó in aerfheithiclí gan foireann, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A009, agus a bhfuil cumas iomlán na ríog acu arb ionann í agus 0,841 MNs nó ar mó ná sin í, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh; |
b. |
Comhpháirteanna atá saindeartha do mhótair roicéad hibrideach atá sonraithe in 9A009 atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’. |
N.B. |
FÉACH FREISIN 9A009 AGUS 9A119. |
9A110
Struchtúir chomhchodacha, agus lannáin agus táirgí a mhonaraítear astu, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A010, agus atá saindeartha le haghaidh úsáid i ‘ndiúracáin’ nó sna fo-chórais atá sonraithe in 9A005, 9A007, 9A105, 9A106.c., 9A107, 9A108.c., 9A116 nó 9A119.
N.B. |
FÉACH 1A002 FREISIN. |
Nóta Teicniúil :
In 9A110, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
9A111
Scairdinnill bhíge nó inill mhadhmtha, inúsáidte i ‘ndiúracáin’ nó in aerfheithiclí gan foireann atá sonraithe in 9A012 nó 9A112.a., agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.
N.B. |
FÉACH FREISIN 9A011 AGUS 9A118. |
Nóta Teicniúil :
In 9A111, in innill mhadhmtha, úsáidtear madhmadh chun brú éifeachtach a ardú ar fud an chuasáin dócháin. Áirítear ar shamplaí d’innill mhadhmtha bíog-innill madhmtha, innill mhadhmtha rothlacha nó innill mhadhmtha de thonn leanúnach.
9A112
‘Aerfheithiclí gan foireann’ (‘UAVanna’), seachas iad sin atá sonraithe in 9A012, mar a leanas:
a. |
‘Aerfheithiclí gan foireann’ (‘UAVanna’) ar cumas dóibh raon 300 km; |
b. |
‘Aerfheithiclí gan foireann’ (‘UAVanna’) ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
9A115
Trealamh tacaíochta lainseála, mar a leanas:
a. |
Gaireas agus feistí láimhseála, rialaithe, gníomhachtaithe nó lainseála, atá deartha nó modhnaithe le haghaidh feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004, roicéid sondála atá sonraithe in 9A104 nó ‘diúracáin’; Nóta Teicniúil : In 9A115.a. is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km. |
b. |
Feithiclí iompair, láimhseála, rialaithe, gníomhachtaithe nó láinseála, atá deartha nó modhnaithe d’fheithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó do na roicéid sondála atá sonraithe in 9A104 nó ‘diúracáin’. |
9A116
Feithiclí athiontrála, atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’, agus trealamh atá deartha nó modhnaithe lena n-aghaidh, mar a leanas:
a. |
Feithiclí athiontrála; |
b. |
Teas-sciatha agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, atá déanta as ábhair cheirmeacha nó as ábhair eisídeacha; |
c. |
Slogaidí teasa agus comhpháirteanna lena n-aghaidh, atá déanta as ábhair éadrom ardchumais teasa; |
d. |
Trealamh leictreonach atá saindeartha le haghaidh feithiclí athiontrála. |
9A117
Meicníochtaí stáitsithe, meicníochtaí scartha, agus idirstaideanna, atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’.
N.B. |
FÉACH 9A121 FREISIN. |
9A118
Gairis rialaithe dócháin, mar atá sonraithe in 9A011 nó 9A111, atá inúsáidte in innill, atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’ nó sna haerfheithiclí gan foireann atá sonraithe in 9A012, nó 9A112.a.
9A119
Staideanna aonair roicéid, atá inúsáidte i gcórais iomlána roicéad nó in aerfheithiclí gan foireann, a bhfuil ar a gcumas raon a bheith acu arb ionann é agus 300 km, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A005, 9A007, 9A009, 9A105, 9A107 agus in 9A109.
9A120
Umair leacht-tiomáinte nó glóthach-tiomáinte, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A006, atá saindeartha le haghaidh na dtiomántán atá sonraithe in 1C111 nó le haghaidh ‘tiomántán leachtach nó glóthaí eile’, a úsáidtear i gcórais roicéad a bhfuil ar a gcumas pálasta 500 kg ar a laghad a sheachadadh ag raon 300 km ar a laghad.
Nóta : |
Le ‘tiomántáin leachtacha nó glóthaí eile’ in 9A120, áirítear tiomántáin atá sonraithe sna Rialuithe maidir le hEarraí Míleata, ach níl sé teoranta chucu sin. |
9A121
Nascóirí leictreacha imleacánacha agus idirstaideacha atá saindeartha le haghaidh ‘diúracán’, feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó roicéid sondála atá sonraithe in 9A104.
Nóta Teicniúil :
Airítear freisin leis na nascóirí idirstaideacha atá sonraithe in 9A121 na nascóirí leictreacha atá suiteáilte idir an ‘diúracán’, an fheithicil spáslainseála nó roicéad sondála, agus a bpálasta.
9A350
Córais spraeála nó córais cheo, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun a bhfeistithe ar aerárthaí, ar ‘fheithiclí atá níos éadroime ná an t-aer’ nó ar aerfheithiclí gan foireann, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, mar a leanas:
a. |
Córais iomlána cheo nó spraeála atá inniúil ar thúsbhraoinín ‘VMD’ níos lú ná 50 μm a sholáthar, ó thiomántán leachtach, ag ráta sreafa níos mó ná dhá lítear an nóiméad; |
b. |
Búmanna spraeála nó eagair aonad ginte aerasóil atá inniúil ar thúsbhraoinín ‘VMD’ ar lú é ná 50 μm a sholáthar, ó fhuaidreán leachtach, ag ráta sreafa ar mó é ná dhá lítear in aghaidh an nóiméid; |
c. |
Aonaid ginte aerasóil atá saindeartha chun a bhfeistithe ar na córais atá sonraithe in 9A350.a. agus b.
|
Nóta : |
Ní rialaítear le 9A350 córais spraeála ná córais cheo agus comhpháirteanna a bhfuil sé léirithe ina dtaobh nach bhfuil ar a gcumas oibreáin bhitheolaíocha a sheachadadh i bhfoirm aerasóil thógálacha. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Ba cheart méid an bhraoinín do threalamh spraeála nó do bhuinní atá saindeartha lena n-úsáid ar aerárthaí, i ‘bhfeithiclí atá níos éadroime ná an t-aer’ nó in aerfheithiclí gan foireann a thomhas le ceann de na modhanna seo a leanas:
|
2. |
In 9A350, is é atá i gceist le ‘VMD’ ná Meántrastomhas Toirte agus, i gcás córais uiscebhunaithe, is ionann sin agus Meántrastomhas Maise (MMD). |
9B
Trealamh Tástála, Iniúchta agus Táirgeachta
9B001
Trealamh monaraithe, uirlisiú nó daingneáin, mar a leanas:
N.B. |
FÉACH 2B226 FREISIN |
a. |
Trealamh soladaithe treoraigh nó trealamh múnlaithe criostail aonair atá deartha le haghaidh ‘for-chóimhiotal’; |
b. |
Uirlisiú teilgin, atá saindeartha chun lanna innill tuirbíní gáis, eití nó ‘scriútaí rinne’ a mhonarú, a mhonaraítear as miotail theasfhulangacha nó as ceirmeacht, mar a leanas:
|
c. |
Trealamh soladaithe treoraigh nó trealamh mhonarú suimitheach criostail aonair atá deartha le haghaidh ‘for-chóimhiotal’. |
9B002
Córais rialaithe (fíor-ama) ar-líne, ionstraimíocht (lena n-áirítear braiteoirí) nó trealamh uathoibríoch sealbhaithe nó próiseála faisnéise, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Tá siad saindeartha chun innill, cóimeálacha nó comhpháirteanna gástuirbín a ‘fhorbairt’; agus |
b. |
Ionchorpraítear iontu aon cheann de na ‘teicneolaíochtaí’ atá sonraithe in 9E003.h. nó in 9E003.i.; |
9B003
Trealamh atá saindeartha chun séalta scuaibe tuirbíní gáis a ‘tháirgeadh’ nó a thastáil, ar séalta iad atá saindeartha chun feidhmiú ag luasanna ar mó iad ná 335 m/s ag an rinn agus ag teochtanna ar mó iad ná 773 K (500 °C), agus comhpháirteanna nó gabhálais atá saindeartha lena n-aghaidh:
9B004
Uirlisí, díslí nó daingneáin chun na teaglamaí aereiteog-go-diosca ‘for-chóimhiotail’, tíotáiniam nó idirmhiotalacha atá sonraithe in 9E003.a.3. nó in 9E003.a.6. a shiúntú le chéile go soladstaideach le haghaidh tuirbíní gáis.
9B005
Córais rialaithe (fíor-ama) ar-líne, ionstraimíocht (lena n-áirítear braiteoirí) nó trealamh uathoibríoch sealbhaithe agus próiseála faisnéise, atá saindeartha le haghaidh a n-úsáide le haon cheann díobh seo a leanas:
N.B. |
FÉACH 9B105 FREISIN. |
a. |
Gaoth-tholláin atá deartha le haghaidh luasanna Mach 1,2 nó níos mó;
|
b. |
Gairis chun timpeallachtaí sreafa a ionsamhlú ag luasanna arb airde iad ná Mach 5, lena n-áirítear tolláin gunna the, stuatholláin phlasma, feadáin turrainge, tolláin turrainge, tolláin gháis agus gunnaí éadroma gáis; nó |
c. |
Gaoth-tholláin nó gairis, cé is moite de mhíreanna dé-thoiseacha, atá inniúil ar shreafaí uimhreacha Reynolds a ionsamhlú arb airde iad ná 25 × 106. |
9B006
Trealamh tástála an chreathaidh fhuaimiúil atá inniúil ar leibhéil fuaimbhrú a tháirgeadh arb ionann iad agus 160 dB nó ar mó ná sin iad (faoi thagairt do 20 μPa) a bhfuil aschur rátaithe acu arb ionann é agus 4 kW nó ar mó ná sin é ag teocht cille tástála arb airde í ná 1 273 K (1 000 °C), agus téitheoirí grianchloiche atá saindeartha lena n-aghaidh.
N.B. |
FÉACH 9B106 FREISIN. |
9B007
Trealamh atá saindeartha chun sláine mótar roicéad a imscrúdú agus lena n-úsáidtear teicnící Tástála Neamhscriosaí (NDT) seachas x-ghathú plánach nó anailís bhunúsach fhisiceach nó cheimiceach.
9B008
Trasduchtóirí chun frithchuimilt chraiceann an bhalla a thomhas go díreach atá saindeartha chun oibriú ag teocht iomlán (mharbhántachta) an tsreafa tástála arb airde í ná 833 K (560 °C).
9B009
Uirlisiú atá saindeartha chun comhpháirteanna rótair miotalóireachta púdair d’inneall gástuirbín a tháirgeadh, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
a. |
Tá siad deartha chun a n-oibrithe ar leibhéil struis arb ionann iad agus 60 % den Neart Teanntachta Deiridh (UTS) nó níos mó, á thomhas ag teocht 873 K (600 °C); agus |
b. |
Tá siad deartha chun a n-oibrithe ag teocht 873 K (600 °C) nó níos airde ná sin; |
Nóta : |
Ní rialaítear le 9B009 uirlisiú chun púdar a tháirgeadh. |
9B010
Trealamh atá saindeartha chun na hítimí atá sonraithe in 9A012 a tháirgeadh.
9B105
‘Saoráidí tástála aeraidinimiciúla’ le haghaidh luasanna Mach 0,9 nó níos mó, atá inúsáidte do ‘dhiúracáin’ agus a bhfochórais.
N.B. |
FÉACH 9B005 FREISIN. |
Nóta : |
Ní rialaítear le 9B105 gaoth-tholláin le haghaidh luas arb ionann é agus Mach 3 nó ar mó é ná sin, a bhfuil ‘méid trasghearrtha tástála’ acu arb ionann í agus 250 mm nó ar lú í ná sin. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
In 9B105, áirítear le ‘saoráidí tástála aeraidinimiciúla’ gaoth-tholláin agus tolláin turraing lena ndéantar staidéar ar aershreabh os cionn oibiachtaí. |
2. |
Sa Nóta a ghabhann le 9B105, is é atá i gceist le ‘méid trasghearrtha tástála’ trastomhas an chiorcail, nó taobh na cearnóige, nó an taobh is faide den dronuilleog, nó príomhais an éilips ag an suíomh is mó den ‘trasghearradh tástála’. Is ionann ‘an trasghearradh tástála’ agus an mhír sin atá ingearach leis an sreabhthreo. |
3. |
In 9B105, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km. |
9B106
Seomraí timpeallachta agus seomraí neamh-mhacallacha, mar a leanas:
a. |
Seomraí timpeallachta ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
b. |
Seomraí timpeallachta atá inniúil ar na coinníollacha eitilte seo a leanas a ionsamhlú:
|
9B107
‘Saoráidí tástála aeraidinimiciúla’, atá inúsáidte do ‘dhiúracáin’, do chórais ‘diúracán’ tiomána roicéad, agus d’fheithiclí athiontrála agus don trealamh atá sonraithe in 9A116, ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
a. |
Tá soláthar cumhachta leictrí acu arb ionann é agus 5 MW nó ar mó é ná sin; nó |
b. |
Tá brú iomlán an tsoláthair gáis acu arb ionann é agus 3 MPa nó ar mó ná sin é. |
Nótaí Teicniúla :
1. |
Le ‘saoráidí tástála aeraiteirmidinimiciúla’, áirítear saoráidí scairdphlasma agus gaoth-tholláin phlasma chun staidéar a dhéanamh ar éifeachtaí teirmeacha agus meicniúla an aershreafa ar oibiachtaí. |
2. |
In 9B107, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km. |
9B115
‘Trealamh táirgeachta’ atá saindeartha do na córais, na fo-chórais agus na comhpháirteanna atá sonraithe in 9A005 go 9A009, 9A011, 9A101, 9A102, 9A105 go 9A109, 9A111, 9A116 go 9A120.
9B116
‘Áiseanna táirgeachta’ atá saindeartha d’fheithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004, nó do chórais, fo-chórais agus comhpháirteanna atá sonraithe in 9A005 go 9A009, 9A011, 9A101, 9A102, 9A104 go 9A109, 9A111, 9A116 go 9A120 nó do ‘dhiúracáin’.
Nóta Teicniúil :
In 9B116, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
9B117
Binsí tástála agus seastáin tástála do roicéid sholad-tiomáinte nó do roicéid leacht-tiomáinte nó d’innill roicéad, a bhfuil ceachtar den dá shaintréith a leanas acu:
a. |
Tá acu an cumas níos mó ná 68 kN de shá a láimhseáil; nó |
b. |
Tá siad in ann trí chomhpháirt an tsá aisigh a thomhas go comhuaineach. |
9C
Ábhair
9C108
Ábhar ‘inslithe’ ar an mórchóir agus ‘líneáil inmheánach’, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9A008, le haghaidh cásanna mótar roicéad atá inúsáidte i ‘ndiúracáin’ nó atá saindeartha d’innill roicéad solad-tiomáinte atá sonraithe in 9A007 nó in 9A107.
9C110
Réamhthuilte snáithíneacha atá tuilte le roisín agus réamhfhoirmeacha snáithíneacha miotal-bhrataithe lena n-aghaidh, le haghaidh na struchtúr comhchodach, na lannán agus na dtáirgí a shonraítear in 9A110, iad déanta le maitrís orgánach nó le maitrís miotail lena n-úsáidtear atreisiúcháin shnáithíneacha nó fhiliméadacha a bhfuil ‘neart teanntachta sonrach’ acu ar mó é ná 7,62 × 104 m agus ‘modal sonrach’ acu ar mó é ná 3,18 × 106 m.
N.B. |
FÉACH FREISIN 1C010 AGUS 1C210. |
Nóta : |
Na réamhthuiltí snáithíneacha atá tuilte le roisín agus atá sonraithe in 9C110, is iadsan na cinn lena n-úsáidtear roisíní a bhfuil teocht thrasdulach ghloine (Tg) acu, i ndiaidh a leasaithe, ar mó í ná 418 K (145 °C) mar a chinntear í le ASTM D4065 nó a choibhéis. |
9D
Bogearraí
9D001
‘Bogearraí’, nach bhfuil sonraithe in 9D003 ná in 9D004, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh nó ‘teicneolaíocht’ atá sonraithe in 9A001 go 9A119, 9B nó 9E003 ‘a fhorbairt’.
9D002
‘Bogearraí’, nach bhfuil sonraithe in 9D003 ná in 9D004, atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun trealamh atá sonraithe in 9A001 go 9A119 nó 9B ‘a tháirgeadh’.
9D003
‘Bogearraí’ lena n-ionchorpraítear ‘teicneolaíocht’ atá sonraithe in 9E003.h. agus a úsáidtear i ‘gcórais FADEC’ le haghaidh córais atá sonraithe in 9A nó trealamh atá sonraithe in 9B.
9D004
‘Bogearraí’ eile, mar a leanas:
a. |
‘Bogearraí’ slaodacha 2D nó 3D, atá bailíochtaithe leis na sonraí gaoth-tholláin nó leis na sonraí tástála eitilte atá riachtanach chun sreabhadh an innill a shamhaltú go mionsonrach; |
b. |
‘Bogearraí’ chun aerinnill, cóimeálacha nó comhpháirteanna gástuirbín a thástáil, ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
c. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun an soladú treoch nó an múnlú criostail aonair a rialú sa trealamh atá sonraithe in 9B001.a. nó 9B001.c.; |
d. |
Ní úsáidtear; |
e. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó modhnaithe chun ítimí atá sonraithe in 9A012 a oibriú; |
f. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun pasáistí inmheánacha fuaraithe a dhearadh d’aerlanna, aereití agus ‘aerscriútaí rinne’ gástuirbín; |
g. |
‘Bogearraí’ ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
|
9D005
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó modhnaithe chun ítimí atá sonraithe in 9A004.e. nó 9A004.f. a oibriú;
N.B. |
Le haghaidh ‘bogearraí’ d’ítimí atá liostaithe in 9A004.d. agus atá ionchorpraithe i ‘bpálastaí spásárthaigh’, féach na Catagóirí iomchuí. |
9D101
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun earraí atá sonraithe in 9B105, 9B106, 9B116 nó 9B117 a ‘úsáid’.
9D103
‘Bogearraí’ atá saindeartha chun na feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004, na roicéid sondála atá sonraithe in 9A104 nó ‘diúracáin’, nó na fo-chórais atá sonraithe in 9A005, 9A007, 9A105, 9A106.c., 9A107, 9A108.c., 9A116 nó 9A119 a shamhaltú, a ionsamhlú nó chun comhtháthú dearaidh a dhéanamh orthu.
Nóta : |
Fanann ‘bogearraí’ atá sonraithe in 9D103 faoi rialú nuair a chomhtháthaítear iad le cruaearraí atá deartha go speisialta agus atá sonraithe in 4A102. |
9D104
‘Bogearraí’ mar a leanas:
a. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun na hearraí atá sonraithe in 9A001, 9A005, 9A006.d., 9A006.g., 9A007.a., 9A009.a., 9A010.d., 9A011, 9A101, 9A102, 9A105, 9A106.d., 9A107, 9A109, 9A111, 9A115.a., 9A117 nó 9A118 ‘a úsáid’. |
b. |
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun earraí atá sonraithe in 9A008.d., 9A106.c., 9A108.c. nó 9A116.d a oibriú nó a chothabháil. |
9D105
‘Bogearraí’ atá saindeartha nó sainmhodhnaithe chun feidhm níos mó ná fochóras amháin, cé is moite díobh siúd atá sonraithe in 9D004.e., a chomhordú sna feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004 nó sna roicéid sondála atá sonraithe in 9A104 nó i ‘ndiúracáin’.
Nóta : |
Áirítear le 9D105 ‘bogearraí’ atá saindeartha le haghaidh ‘aerárthach’ le foireann, atá tiontaithe chun oibriú mar ‘aerfheithicil gan foireann’, mar a leanas:
|
Nóta Teicniúil :
In 9D105, is é atá i gceist le ‘diúracán’ córais iomlána roicéad agus córais aerfheithiclí gan foireann atá inniúil ar raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.
9E
Teicneolaíocht
Nóta : |
‘Teicneolaíocht’ ‘forbartha’ nó ‘táirgeachta’ atá sonraithe in 9E001 go 9E003 d’innill gástuirbín, is faoi rialú a bheidh sí i gcónaí nuair a úsáidtear í chun críoch deisithe nó athchóirithe. Eisítear iad a leanas ón rialú: sonraí teicniúla, tarraingtí nó doiciméadacht le haghaidh gníomhaíochtaí cothabhála a bhaineann le haonaid atá in-athsholáthraithe sa líne a bhfuil damáiste déanta dóibh nó nach aonaid fóinteacha iad, a chalabrú, a bhaint amach nó aonaid nua a chur in n-áit, lena n-áirítear an t-inneall iomlán nó modúil de chuid an innill a athrú. |
9E001
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh nó ‘bogearraí’ atá sonraithe in 9A001.b., 9A004 go 9A012, 9A350, 9B nó 9D ‘a fhorbairt’.
9E002
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun trealamh atá sonraithe in 9A001.b., 9A004 go 9A011, 9A350 nó 9B ‘a tháirgeadh’.
N.B. |
Maidir le ‘teicneolaíocht’ chun struchtúir, lannáin nó ábhair atá faoi rialú a dheisiú, féach 1E002.f. |
9E003
‘Teicneolaíocht’ eile, mar a leanas:
a. |
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun aon cheann de na comhpháirteanna nó de na córais seo a leanas de chuid an innill tuirbín gáis a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’:
|
b. |
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun aon cheann díobh seo a leanas a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’:
|
c. |
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun poill fuaracháin a mhonarú, i gcomhpháirteanna de chuid innill gástuirbín ina n-ionchorpraítear aon cheann de na ‘teicneolaíochtaí’ atá sonraithe in 9E003.a.1., in 9E003.a.2. nó in 9E003.a.5., agus ar fíor ina leith aon cheann díobh seo a leanas:
Nótaí Teicniúla :
|
d. |
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun córais aistrithe cumhachta héileacaptair nó rótar claonta nó córais aistrithe cumhachta do ‘aerárthaigh’ le sciathán claonta a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’; |
e. |
‘Teicneolaíocht’ chun córais tiomána feithiclí talaimh a bhfuil innill fhrithingeacha díosail acu a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’ ar fíor ina leith gach ceann díobh seo a leanas:
Nóta Teicniúil : Is é atá i ‘dtoirt bosca’ in 9E003.e. ná toradh na dtrí toise ingearacha agus iad á dtomhas mar a leanas:
|
f. |
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun comhpháirteanna saindeartha le haghaidh innill díosail ard-aschurtha ‘a tháirgeadh’, mar a leanas:
|
g. |
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun innill díosail d’ardtáirgeacht a ‘fhorbairt’ nó a ‘tháirgeadh’ do phas soladach, pas gáis nó pas scannáin leachtaigh (nó teaglamaí díobh sin) um bealú ballaí sorcóirí agus lena gceadaítear teochtaí is mó ná 723 K (450 °C), arna dtomhas ar bhalla an tsorcóra ag uasteorainn taistil bharrfháinne na loine; Nóta Teicniúil : Is innill díosail iad ‘innill díosail ard-aschurtha’ a bhfuil meánbhrú éifeachtach coscáin acu arb ionann é agus 1,8 MPa nó ar mó é ná sin ag luas 2 300 r.p.m., ar choinníoll gurb ionann an luas rátaithe agus 2 300 r.p.m. nó gur mó ná sin é. |
h. |
‘Teicneolaíocht’ do ‘chórais FADEC’ innill gástuirbín mar a leanas:
|
i. |
‘Teicneolaíocht’ do chórais chonair inchoigeartaithe an tsreafa atá deartha chun cobhsaíocht an innill a chothabháil do ghineadóirí gástuirbín, do thuirbíní gaothráin nó do thuirbíní cumhachta nó do bhuinní tiomána, mar a leanas:
|
j. |
‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun córais sciathfhillte atá deartha ‘d’aerárthaí’ ag a bhfuil sciatháin dhobhogtha arna gcumhachtú le haerinnill gástuirbín a ‘fhorbairt’,
|
9E101
a. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun earraí atá sonraithe in 9A101, 9A102, 9A104 go 9A111, 9A112.a. nó 9A115 go 9A121 a ‘fhorbairt’. |
b. |
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun ‘UAVanna’ atá sonraithe in 9A012 nó earraí atá sonraithe in 9A101, 9A102, 9A104 go 9A111, 9A112.a. nó 9A115 go 9A121 a ‘thairgeadh’. Nóta Teicniúil : In 9E101.b. Ciallaíonn ‘UAV’ córais aerfheithiclí gan foireann a bhfuil ar a gcumas raon a bheith acu ar mó é ná 300 km. |
9E102
‘Teicneolaíocht’ de réir an Nóta Ghinearálta maidir le Teicneolaíocht chun feithiclí spáslainseála atá sonraithe in 9A004, earraí atá sonraithe in 9A005 go 9A011, ‘UAVanna’ atá sonraithe in 9A012 nó earraí atá sonraithe in 9A101, 9A102, 9A104 go 9A111, 9A112.a., 9A115 go 9A121, 9B105, 9B106, 9B115, 9B116, 9B117, 9D101 nó 9D103 a ‘úsáid’.
Nóta Teicniúil :
In 9E102, ciallaíonn ‘UAV’ córais aerfheithiclí gan foireann a bhfuil ar a gcumas raon a bheith acu ar mó é ná 300 km.’
(1) https://www.australiagroup.net/
(2) http://mtcr.info/
(3) http://www.nuclearsuppliersgroup.org/
(4) http://www.wassenaar.org/
(5) https://www.opcw.org/chemical-weapons-convention
(6) Agus monaróirí ag ríomh an chruinnis aimsithe suímh i gcomhréir le ISO 230-2:1997 nó 2006, ba cheart dóibh dul i gcomhairle le húdaráis inniúla Bhallstát AE ina bhfuil siad bunaithe.
(*1) Leis na huimhreacha idir lúibíní, tagraítear do na Nótaí atá i ndiaidh an Tábla seo.