Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0987

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/987 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    ST/9046/2023/INIT

    IO L 134I, 22.5.2023, p. 6–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/987/oj

    22.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 134/6


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/987 ÓN gCOMHAIRLE

    an 22 Bealtaine 2023

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES.

    (2)

    An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna mar aon le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini, agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine ar na léirsithe ina dhiaidh sin.

    (3)

    Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, mar a deimhníodh sna conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022, ba cheart cúigear agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘222.

    ADINEHVAND Salman

    سلمان آدینه وند

    Feidhm: Ceannasaí reatha Aonad Fóirithinte Phóilíní Tehran i bhFórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF)

    Náisiúntacht: Iaránach

    Dáta breithe: an 20 Bealtaine 1980

    Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

    Inscne: fireann

    Ó mhí Eanáir 2021, Is é Ceannasaí Aonad Fóirithinte Phóilíní Tehran i bhFórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine é Salman Adinehvand, an phríomheagraíocht slándála atá i gceannas ar shlua-rialú agus ar chur faoi chois agóide. Bhí aonad Adinehvand freagrach go díreach as agóidí a chur faoi chois go foréigneach in Tehran i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2022, agóidí inar mharaigh fórsaí slándála a raibh armlón beo á úsáid acu an iliomad agóideoirí lena linn.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    22.5.2023

    223.

    AGHAMIRI Seyyed Mohammad Amin

    سید محمد امین آقامیری

    Feidhm: rúnaí Ard-Chomhairle Chibearspáis na hIaráine

    Náisiúntacht: Iaránach

    Dáta breithe: an 21 Meán Fómhair 1986

    Áit bhreithe: an Iaráin

    Inscne: fireann

    Is é rúnaí Ard-Chomhairle Chibearspáis na hIaráine é Seyyed Mohammad Amin Aghamiri, an t-údarás láraithe do cheapadh beartas i réimse an chibearspáis. Tá Ard-Chomhairle Chibearspáis na hIaráine freagrach as an mbac a chuir an Iaráin ar ardáin nuachta agus chumarsáide ar líne, ardáin a bhfuil an-tóir orthu, agus bhain sí úsáid freisin as teicneolaíocht dhigiteach chun spiaireacht a dhéanamh ar iriseoirí agus ar easaontóirí réimis agus chun ciapadh a dhéanamh orthu.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    22.5.2023

    224.

    NIKVARZ Mohsen

    Feidhm: Ionchúisitheoir poiblí Sirjan.

    Náisiúntacht: Iaránach

    Áit bhreithe: an Iaráin

    Inscne: fireann

    Ina fheidhm mar ionchúisitheoir poiblí Sirjan, bhí Mohsen Nikvarz freagrach as roinnt gabhálacha treallacha dlíodóirí agus pionóis báis in Sirjan le linn agóidí 2019.

    I gcomhthéacs na n-agóidí a bhris amach i mí Mheán Fómhair 2022, bhí Nikvarz páirteach freisin sa chás ‘Maryam Arvin’, ina ndearna sé í a ionchúiseamh as a cuid gníomhaíochtaí mar dhlíodóir cosanta d’agóideoirí. Tar éis ghabháil di, agus freagracht phearsanta ar Nikvarz i leith na gabhála sin, rinneadh céastóireacht bhrúidiúil uirthi sa phríosún.

    Tá Nikvarz freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    22.5.2023

    225.

    MORADI Nader

    نادر مرادی

    Feidhm: Leas-Mhaoirseoir Spásanna Poiblí na bPóilíní Slándála Poiblí

    Grád míleata: Coirnéal

    Náisiúntacht: Iaránach

    Áit bhreithe: an Iaráin

    Inscne: fireann

    Ina fheidhm reatha mar Leas-Mhaoirseoir Spásanna Poiblí na bPóilíní Slándála Poiblí, tá an Coirnéal Nadar Moradi freagrach as dlíthe maidir leis an hidseab a fhorfheidhmiú., ar dlíthe iad ar Bhain údaráis na hIaráine feidhm as na dlíthe sin chun agóideoirí síochánta a chur faoi choi.

    Tá Moradi freagrach as géarleanúint agus gabháil na mban as neamhchomhlíonadh rialacha an hidseab. Tá sé freagrach freisin as gnólachtaí, bialanna agus spásanna poiblí eile a dhúnadh i ndáil le neamh-fhorfheidhmiú na rialacha maidir leis an hidseab, agus na litreacha a fhaigheann na gnólachtaí sin le cur in iúl dóibh go bhfuil siad le dúnadh a shíniú.

    Le linn na n-agóidí a thosaigh i mí Mheán Fómhair 2022 agus a mhair roinnt míonna,, bhí Moradi freagrach freisin as géarleanúint agus gabháil úinéirí siopa a dhún a ngnólachtaí agus a raibh sé i gceist acu dul ar stailc chun agóid a dhéanamh i gcoinne bhás Mahsa Amini.

    Tá Moradi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    22.5.2023

    226.

    MONTAZER AL-MAHDI Saeed

    (ar a dtugtar freisin MONTAZER AL-MAHDI Said)

    Feidhm: Urlabhraí na bPóilíní

    Céim Mhíleata Briogáidireghinearál

    Náisiúntacht: Iaránach

    Dáta breithe: an 8 Samhain 1971

    Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

    Inscne: fireann

    Is urlabhraí phóilíní na hIaráine (Fórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine atá ar liostú an Aontais) é Saeed Montazer Al-Mahdi.

    I mí Aibreán 2023, is é a d'fhógair forfheidhmiú dian na ndlíthe maidir leis an hidseab, mar atá faoi láthair, ar dlíthe iad a d’úsáid údaráis na hIaráine chun agóideoirí síochánta a chur faoi chois. Ag gníomhú dó ina cháil mar urlabhraí, cosnaíonn sé gníomhaíochtaí diansmachtúla na bpóilíní agus cuireann sé chun cinn iad.

    Tá tionchar sriantach an-suntasach ag na ráitis bhagracha uaidh maidir le faireachán, ag dúnadh gnólachtaí agus spásanna poiblí eile agus ag na téacsanna rabhaidh atá á seoladh ag na húdaráis. Ina theannta sin, ina ról mar urlabhraí na bpóilíní, rinne sé beag arís agus arís eile de nimhiú na gcailíní scoile a thuairiscítear go forleathan, trína mhaíomh nach raibh ‘tromlach na gcásanna’ sin ‘fíor’, rud a cheileann ar na híospartaigh cosaint a fháil ó na póilíní agus rud a bhaineann an bonn dá gceart chun sábháilteachta.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    22.5.2023’

    Eintitis

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    ‘36.

    Student Basij Organization (SBO)

    Image 1

    (ar a dtugtar freisin Student and Talabeh Basij)

    Cineál eintitis: brainse d’Eagraíocht Basij Chór Garda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

    Áit chláraithe: an Iaráin

    Dáta clárúcháin: Samhain 1989

    Daoine aonair comhlachaithe: Issa Zarepour

    Eintitis chomhlachaithe eile: IRGC; Eagraíocht IRGC Basij

    Is brainse é Student Basij Organization (SBO) (Eagraíocht Mac Léinn Basiji) laistigh d’Eagraíocht Basij a fheidhmíonn mar fhorfheidhmitheoir foréigneach IRGC ar champais ollscoile. Tá Eagraíocht Mac Léinn Basij comhdhéanta de na baill is óige agus is radacaí de mhílíste Basiji, a bhí gníomhach go háirithe maidir le campais ollscoile - campais ina ndearnadh mic léinn agóidí - a dhéanamh ina bpríomhláithreacha coise ar bolg i bhfómhar 2022. Le linn na ruathar ar roinnt campais ollscoile – lena n-áirítear in Ollscoil Sharif, Ollscoil Shahid Beheshti agus Ollscoil Amirkabir – d’úsáid na fórsaí slándála, lena n-áirítear Eagraíocht Mac Léinn Basiji, armlóin bheo agus scaoil siad urchar leis na mic léinn.

    Dearbhaítear leis an méid sin, in éineacht leis na tuairiscí iomadúla ar fhuadach mac léinn agus ar chéastóireacht a bhaineann leis na ruathair sin, go bhfuil Eagraíocht Mac Léinn Basiji freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    22.5.2023

    37.

    IRGC Cooperative Foundation

    Image 2

    (ar a dtugtar freisin IRGC Cooperation Bonyad; Bonyad Taavon Sepah; Bonyad-e Ta'avon-e; Sepah Cooperative Foundation)

    Seoladh: Mórbhealach Niayes, Sráid Seoul, Tehran, an Iaráin

    Cineál eintitis: fondúireacht

    Áit chláraithe: an Iaráin

    Dáta clárúcháin: 1989

    Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi;

    Seyyed Amin Ala; Emami Tabatabai;

    Ahmad Hasan Karimi;

    Yahya Alaoddini

    Eintitis chomhlachaithe eile: Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

    Ba é IRGC ba mhó a chuir na hagóidí san Iaráin ó mhí Mheán Fómhair 2022, faoi chois, rud a d’fhág, de réir foinsí neamhspleácha, go bhfuair os cionn 520 duine bás, lena n-áirítear bás os cionn 70 díobh ar mionaoisigh iad, agus gabhadh nó cuireadh i bpríosún níos mó ná 22 000 duine.

    Is é IRGC Cooperative Foundation (Fondúireacht Chomharchumann IRGC) an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus mar sin tá sé freagrach as an gcos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas a mhaoiniú. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    22.5.2023’.


    Top