EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0625
Council Regulation (EU) 2022/625 of 13 April 2022 amending Regulation (EU) No 269/2014 concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Rialachán (AE) 2022/625 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Rialachán (AE) 2022/625 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/8103/2022/INIT
IO L 116, 13.4.2022, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
13.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 116/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/625 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Aibreán 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/627 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (3), lena n-áirítear cistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí áirithe, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo, a reo. |
(2) |
I bhfianaise na géarchéime daonnúla atá ann mar thoradh ar ionradh gan údar na hÚcráine a rinne fórsaí armtha Chónaidhm na Rúise, an 13 Aibreán 2022 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/627, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES d’fhonn eisceachtaí a chur san áireamh i ndáil le reo sócmhainní daoine ainmnithe, eintiteas ainmnithe agus comhlachtaí ainmnithe, agus i ndáil le srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, le haghaidh catagóirí áirithe arna sainiú go soiléir de chomhlachtaí, daoine, eintiteas, eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí chun críoch daonnúil san Úcráin, agus chun na gcríoch sin amháin. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 2a
1. Ni bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir le cistí na acmhainní eacnamaíocha arna soláthar ag eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a ndéanann an tAontas measúnú colúin orthu agus lenar shínigh an tAontas comhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais ar comhaontú é ar bunaithe air a ghníomhaíonn na heagraíochtaí agus na gníomhaireachtaí mar chomhpháirtithe daonnúla de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil gá le soláthar cistí nó acmhainní den sórt sin go heisiach chun críoch daonnúil san Úcráin.
2. I gcásanna nach gcumdaítear le mír 1 den Airteagal seo, agus de mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha ginearálta agus sonracha is iomchuí leo, údaruithe sonracha nó ginearálta a dheonú chun chun go scaoilfear cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe nó chun go gcuirfear cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe ar fáil, ar choinníoll go mbeidh gá le soláthar cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin chun críoch daonnúil san Úcráin, agus chun na gcríoch sin amháin.
3. Mura ndéanann an t-údarás inniúil cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a bhfaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 2, measfar gur deonaíodh an t-údarú.
4. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 2 agus mír 3 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(2) Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).
(3) Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).