This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0525
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/525 of 1 April 2022 correcting certain language versions of Implementing Regulation (EU) 2019/947 on the rules and procedures for the operation of unmanned aircraft (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/525 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/525 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1925
IO L 105, 4.4.2022, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
4.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 105/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/525 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Aibreán 2022
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 57 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sa leagan Portaingéilise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún (2), tá earráidí in Airteagal 11(5)(a), agus in Aguisín 1, Caibidil I, Ceangaltán A, pointe 1(a)(viii), den Iarscríbhinn agus i bhFoscríbhinn 3, pointe 4(b), den Iarscríbhinn, earráidí a athraíonn brí na bhforálacha. |
(2) |
Sa leagan Gearmáinise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 tá earráid in Airteagal 14(5)(a)(i) a athraíonn brí na forála. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Gearmáinise agus an leagan Portaingéilise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
(4) |
I bhfianaise an ghá cothrom na Féinne a bheith ag gach oibreoir, leas sáraitheach shláine an mhargaidh inmheánaigh mar aon leis an ngá atá le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 31 Nollaig 2020. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2020.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2019 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 45).