Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2518

    Cinneadh (AE, Euratom) 2022/2518 ón gComhairle an 13 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

    ST/14958/2022/INIT

    IO L 326, 21.12.2022, p. 23–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2518/oj

    21.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 326/23


    CINNEADH (AE, Euratom) 2022/2518 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Nollaig 2022

    lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tráth atá gníomh le glacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe, ní mór a fhíorú gurb ionann na Ballstáit a seasann an tromlach cáilithe dóibh agus 65 %, ar a laghad, de dhaonra an Aontais.

    (2)

    Déantar an céatadán sin a ríomh de réir na bhfigiúirí daonra a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (“na Rialacha Nós Imeachta”) (1).

    (3)

    Foráiltear, le hAirteagal 11(6) de na Rialacha Nós Imeachta, go bhfuil an Chomhairle, le héifeacht ón 1 Eanáir gach bliain, chun na figiúirí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a leasú, i gcomhréir leis na sonraí atá ar fáil d’Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh an 30 Meán Fómhair den bhliain roimhe sin.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacha Nós Imeachta a leasú dá réir don bhliain 2023.

    (5)

    I gcomhréir le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag Airteagal 240 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta:

    “IARSCRÍBHINN III

    Na figiúirí maidir le daonra an Aontais agus daonra gach Ballstáit i gcás chur chun feidhme na bhforálacha maidir le vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle

    An Ballstát

    Daonra

    Céatadán de dhaonra an Aontais (%)

    an Ghearmáin

    83 203 320

    18,59

    an Fhrainc

    67 842 582

    15,16

    an Iodáil

    59 607 184

    13,32

    an Spáinn

    47 432 805

    10,6

    an Pholainn

    37 654 247

    8,41

    an Rómáin

    19 038 098

    4,25

    an Ísiltír

    17 734 036

    3,96

    an Bheilg

    11 631 136

    2,6

    an Ghréig

    10 603 810

    2,37

    an tSeicia

    10 545 457

    2,36

    an tSualainn

    10 440 000

    2,33

    an Phortaingéil

    10 352 042

    2,31

    an Ungáir

    9 689 010

    2,17

    an Ostair

    8 967 500

    2,00

    an Bhulgáir

    6 838 937

    1,53

    an Danmhairg

    5 864 667

    1,31

    an Fhionlainn

    5 541 241

    1,24

    an tSlóvaic

    5 434 712

    1,21

    Éire

    5 060 004

    1,13

    an Chróit

    3 862 305

    0,86

    an Liotuáin

    2 805 998

    0,63

    an tSlóivéin

    2 107 180

    0,47

    an Laitvia

    1 875 757

    0,42

    an Eastóin

    1 331 796

    0,3

    an Chipir

    904 700

    0,2

    Lucsamburg

    643 648

    0,14

    Málta

    520 971

    0,12

    EU 27

    447 533 143

     

    Tairseach (65 %)

    290 896 543

     

    ”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).


    Top