EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2369

Cinneadh (CBES) 2022/2369 ón gComhairle an 3 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

ST/14250/2022/REV/1

IO L 311I, 3.12.2022, p. 8–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2369/oj

3.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 311/8


CINNEADH (CBES) 2022/2369 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Nollaig 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

An 6 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1909 (2), lenar tugadh isteach díolúine ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis a iompar de mhuir chuig tríú tíortha, is é sin amhola nó táirgí peitriliam arna gceannach de réir caidhp phraghais réamhshocraithe arna comhaontú ag Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, nó faoi bhun na caidhpe praghais sin. Tá sé beartaithe, leis an díolúine sin, na drochiarmhairtí ar sholáthar fuinnimh chuig tríú tíortha a mhaolú agus géarmhéadú na bpraghsanna de bharr dálaí urghnácha sa mhargadh a laghdú, agus ioncam ola na Rúise a theorannú san am céanna.

(4)

I bhfianaise na staide, agus na pléití i gComhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, agus éifeachtacht an bhirt i dtéarmaí na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo, comhlíonadh idirnáisiúnta shásra na caidhpe praghais agus ailíniú neamhfhoirmiúil leis, mar aon leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an Aontas agus ar a Bhallstáit á gcur san áireamh, is iomchuí an chaidhp phraghais ar amhola a thabhairt isteach; is é sin an praghas in aghaidh an bhairille ar a bhfuil nó faoina bhun atá amhola ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann leis an muiriompar chuig tríú tíortha, a sholáthar.

(5)

Is iomchuí freisin bearta breise a thabhairt isteach. Go háirithe, is iomchuí soiléiriú a dhéanamh ar an toirmeasc atá ann faoi láthair maidir le hamhola agus táirgí peitriliam de chuid na Rúise a thrádáil nó bróicéireacht a dhéanamh maidir leo agus leathnaítear an díolúine ón gcaidhp phraghais nuair a thrádáiltear na hearraí sin ag an gcaidhp phraghais nó faoina bun.

(6)

Is iomchuí freisin síneadh a chur leis an idirthréimhse is infheidhme maidir le hiompar amhola agus táirgí peitriliam áirithe tar éis gach athrú ina dhiaidh sin ar an gcaidhp phraghais ar feadh tréimhse 90 lá chuig soláthar, go díreach nó go hindíreach, cúnaimh theicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnaimh airgeadais, a bhaineann leis an iompar, faoi réir na gcoinníollacha céanna. Tá gá leis an mbeart sin chun a áirithiú go gcuirfidh gach oibreoir an chaidhp phraghais chun feidhme go comhsheasmhach.

(7)

Is iomchuí freisin idirthréimhse 45 lá a thabhairt isteach le haghaidh soithí a bhfuil amhola de thionscnamh na Rúise á hiompar acu, is é sin amhola a ceannaíodh agus a luchtaíodh ar an soitheach roimh an 5 Nollaig 2022 agus a díluchtaíodh ag an gcalafort cinn scríbe deiridh roimh an 19 Eanáir 2023.

(8)

Thairis sin, is iomchuí a shoiléiriú maidir leis an toirmeasc ar sheirbhísí a sholáthar a bhaineann le hiompar amhola nó táirgí peitriliam de chuid na Rúise a dhéanann soitheach faoi bhratach tríú tír, go bhfuil feidhm ag an toirmeasc sin i ndáil le soithí a d’iompair na hearraí sin a ceannaíodh ar phraghas atá os cionn na caidhpe praghais san am atá caite, ar choinníoll go raibh a fhios ag an oibreoir a bhí freagrach as an iompar gurb amhlaidh an cás nó go raibh cúis réasúnach aige amhras a bheith air faoin méid sin. Is gá an méid sin a dhéanamh chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú.

(9)

Is iomchuí díolúine a thabhairt isteach ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann leis an muiriompar chuig tríú tíortha, i gcás inar gá sin chun teagmhas ar dócha go mbeidh tionchar tromchúiseach mór aige ar shláinte agus sábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol a chosc nó a mhaolú go práinneach, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha.

(10)

Ar deireadh, is iomchuí athbhreithniú rialta a thabhairt isteach ar shásra na caidhpe praghais chun éifeachtacht an bhirt a chur san áireamh i dtéarmaí na dtorthaí a meastar a bheidh aige, a chur chun feidhme, comhlíonadh idirnáisiúnta shásra na caidhpe praghais agus an t-ailíniú neamhfhoirmiúil leis, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, agus chun freagairt ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear aon suaitheadh a d’fhéadfadh tarlú. Leis an athbhreithniú sin, ní mór cuspóirí na caidhpe praghais a chur san áireamh, lena n-áirítear a chumas ioncam ola na Rúise a laghdú, chomh maith leis an bprionsabal gur cheart don chaidhp praghais a bheith 5 % ar a laghad faoi bhun mheánphraghas an mhargaidh do tháirgí ola agus peitriliam de chuid na Rúise. Ba cheart meánphraghas an mhargaidh a ríomh i gcomhar leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh. Aon cheist a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú agus do théarmaí na caidhpe praghais, dhéanfaí í a ardú le Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, tar éis plé sa Chomhairle. Chun meastóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh go tráthúil, ba cheart an t-athbhreithniú sin a dhéanamh ó lár mhí Eanáir 2023 agus ba cheart don Chomhairle filleadh ar an tsaincheist gach 2 mhí ina dhiaidh sin.

(11)

Agus na cúinsí atá ann faoi láthair á gcur san áireamh, atá dúshlánach d’iomaíochas loingseoireacht an Aontais, agus gur earnáil den gheilleagar é tionscal na loingseoireachta atá ag téarnamh de réir a chéile, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún bearta tacaíochta iomchuí a ghlacadh go práinneach, lena n-áirítear trí na hionstraimí atá ann cheana a fhorbairt tuilleadh faoin 5 Feabhra 2023 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm inchreidteacht agus tábhacht straitéiseach thionscal loingseoireachta an Aontais a chaomhnú, iomaíochas loingseoireacht an Aontais a chothabháil agus a fheabhsú tuilleadh, agus leas oibriú iomaíoch long a bhfuil bratacha na mBallstát ar foluain acu a chosaint ag an am céanna, chomh maith le hathrú bratach long chuig cláir long na mBallstát a spreagadh.

(12)

Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 4p mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Cuirfear toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis, a thrádáil, bróicéireacht a dhéanamh ina leith nó a iompar chuig tríú tíortha, lena n-áirítear aistrithe ó long go long, a sholáthar go díreach nó go hindíreach.”

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Cuirfear toirmeasc ar thrádáil, bróicéireacht nó iompar, lena n-áirítear trí aistrithe ó long go long, amhola a thagann faoi chód AC 2709 00 chuig tríú tíortha, ón 5 Nollaig 2022 ar aghaidh, nó táirgí peitriliam a thagann faoi chód AC 2710, ón 5 Feabhra 2023 ar aghaidh, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, ar de thionscnamh na Rúise iad nó ar onnmhairíodh ón Rúis iad.”

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Beidh feidhm ag an toirmeasc i mír 4 den Airteagal seo ó dháta theacht i bhfeidhm an chéad Chinneadh ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn XI, i gcomhréir le pointe (a) de mhír 9 den Airteagal seo, agus ón dáta sin ar aghaidh.

Ó dháta theacht i bhfeidhm gach Cinnidh ón gComhairle ina dhiaidh sin lena leasaítear Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ón dáta sin ar aghaidh, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, ar feadh tréimhse 90 lá, maidir le hiompar táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn XXV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 agus ar de thionscnamh na Rúise iad nó a onnmhairíodh ón Rúis, agus maidir le cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis an iompar a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil iompar nó soláthar cúnaimh theicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnaimh airgeadais a bhaineann leis an iompar bunaithe ar chonradh a tugadh i gcrích roimh dháta theacht i bhfeidhm gach Cinnidh ón gComhairle ina dhiaidh sin lena leasaítear Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gCinneadh seo; agus

(b)

nár mhó an praghas ceannaigh in aghaidh an bhairille ná an praghas a leagtar síos in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gCinneadh seo ar an dáta a tugadh an conradh sin i gcrích.”

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 4:

(a)

ón 5 Nollaig 2022 ar aghaidh, maidir le hamhola a thagann faoi chód AC 2709 00, agus ón 5 Feabhra 2023 ar aghaidh, maidir le táirgí peitriliam a thagann faoi chód AC 2710, ar táirgí ar de thionscnamh na Rúise iad nó a onnmhairíodh ón Rúis, ar choinníoll nach mó praghas ceannaigh na dtáirgí sin in aghaidh an bhairille ná na praghsanna a leagtar síos in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(b)

maidir le hamhola nó táirgí peitriliam mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 i gcás gur de thionscnamh tríú tír na hearraí sin agus nach bhfuil siad ach á luchtú sa Rúis, ag imeacht ón Rúis nó ar idirthuras tríd an Rúis, ar choinníoll nach de thionscnamh na Rúise na hearraí sin agus nach Rúiseach é úinéir na n-earraí sin;

(c)

maidir le hiompar, nó le cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann le hiompar den sórt sin, i gcás na dtáirgí a luaitear in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an gCinneadh seo chuig na tríú tíortha a luaitear ann, don thréimhse atá sonraithe san Iarscríbhinn sin;

(d)

ón 5 Nollaig 2022 ar aghaidh, maidir le hamhola a thagann faoi chód AC 2709 00, ar de thionscnamh na Rúise í nó a onnmhairíodh ón Rúis a ceannaíodh ag praghas atá os cionn an phraghais a leagtar síos in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an gCinneadh seo agus a luchtaítear ar shoitheach ag an gcalafort luchtaithe roimh an 5 Nollaig 2022 agus a dhíluchtaítear ag an gcalafort cinn scríbe deiridh roimh an 19 Eanáir 2023.”

;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.   I gcás ina ndearna soitheach, tar éis theacht i bhfeidhm Cinnidh ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn XI, an amhola nó táirgí peitriliam de chuid na Rúise dá dtagraítear i mír 4 a iompar, agus go raibh a fhios ag an oibreoir a bhí freagrach as an iompar gur ceannaíodh an amhola nó na táirgí peitriliam sin ar phraghas atá os cionn an phraghais a leagtar síos in Iarscríbhinn XI ar an dáta a tugadh an conradh don cheannach sin i gcrích nó go raibh cúis réasúnach aige amhras a bheith air faoin méid sin, beidh toirmeasc ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar a bhaineann le hamhola nó le táirgí peitriliam arna n-iompar ar an soitheach sin, ar amhola nó táirgí de thionscnamh na Rúise iad nó ar onnmhairíodh ón Rúis iad mar a thagraítear dóibh i mír 4, go ceann 90 lá tar éis dháta díluchtaithe an lasta a ceannaíodh ar phraghas atá os cionn na caidhpe praghais.”

;

(f)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“10.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 4 maidir le hiompar nó soláthar cúnaimh theicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnaimh airgeadais, a bhaineann leis an iompar is gá chun teagmhas ar dócha go mbeidh tionchar tromchúiseach mór aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol a chosc nó a mhaolú go práinneach, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha, ar choinníoll go dtabharfar fógra don údarás inniúil náisiúnta láithreach a luaithe a shainaithneofar an teagmhas.

11.   Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún a chéile ar an eolas faoi chásanna a bhraitear ina ndearnadh sárú nó imchéimniú ar na toirmisc a leagtar amach san Airteagal seo.

Aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, úsáidfear í chun na gcríoch a soláthraíodh í nó a fuarthas í, lena n-áirítear éifeachtacht an bhirt a áirithiú.

12.   Déanfar athbhreithniú ar fheidhmiú shásra na caidhpe praghais, lena n-áirítear Iarscríbhinn XI mar aon leis na toirmisc i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, ó lár mhí Eanáir 2023 agus gach 2 mhí ina dhiaidh sin.

Leis an athbhreithniú, cuirfear san áireamh éifeachtacht an bhirt i dtéarmaí na dtorthaí a meastar a bheidh aige, a chur chun feidhme, comhlíonadh idirnáisiúnta shásra na caidhpe praghais agus an t-ailíniú neamhfhoirmiúil leis, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an Aontas agus ar a Bhallstáit. Freagróidh sé ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear aon suaitheadh a d’fhéadfadh tarlú.

Chun cuspóirí na caidhpe praghais a bhaint amach, lena n-áirítear a cumas ioncam ola na Rúise a laghdú, beidh an chaidhp phraghais 5 % ar a laghad faoi bhun mheánphraghas an mhargaidh do tháirgí ola agus peitriliam de chuid na Rúise, arna ríomh ar bhonn sonraí arna soláthar ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh.”

.

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/1909 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 122).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn XI a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an tábla seo a leanas léi:

“Cód AC

Tuairisc

Praghas in aghaidh an bhairille (USD)

Dáta cur i bhfeidhm

2709 00

Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, iad amh

60

an 5 Nollaig 2022”.


Top