Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2234

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2234 ón gComhairle an 14 Samhain 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    ST/14106/2022/INIT

    IO L 293I, 14.11.2022, p. 43–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2234/oj

    14.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 293/43


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/2234 ÓN gCOMHAIRLE

    an 14 Samhain 2022

    lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint do Chinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/235/CBES.

    (2)

    An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh an úsáid fhorleathan dhíréireach a bhain fórsaí slándála na hIaráine as an lámh láidir i gcoinne daoine a bhí páirteach in agóidíocht shíochánta, rud ba chúis le bás agus gortú líon mór daoine. Luadh sa dearbhú freisin nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú ionas go soiléireofar líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh, go scaoilfear saor iad siúd a bhí páirteach san agóidíocht shíochánta agus go gcuirfear próis chuí ar fáil do na daoine ar fad atá á gcoinneáil. Thairis sin, cuireadh i bhfios go láidir sa dearbhú gur glansárú ar an tsaoirse tuairimí a nochtadh é an cinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus bac a chur ar ardáin teachtaireachtaí meandracha. Ar deireadh, luadh sa dearbhú go mbreithneoidh an tAontas na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine do na léirsithe a bhí ann ina dhiaidh sin.

    (3)

    An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1956 (2), lena n-áirítear aon duine dhéag agus ceithre eintiteas ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES as a rannpháirtíocht i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    (4)

    Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna uile is ábhar imní maidir leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, ba cheart duine amháin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1956 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2011/235/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (IO L 269 I, 17.10.2022, lch. 9).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an duine seo a leanas le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES:

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “107.

    VAHIDI Ahmad

    وحیدی احمد

    Áit bhreithe: Shiraz (an Iaráin)

    Dáta breithe: an 27 Iúil 1958

    Náisiúntacht: Iaránach

    Inscne: fireann

    Post: An Aireacht Gnóthaí Baile

    Is é Ahmad Vahidi Aire Gnóthaí Baile na hIaráine ón 25 Lúnasa 2021. Dá réir sin, tá sé freagrach as Fórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF).

    Ó chuaigh sé i mbun oifige, ceapadh líon oifigeach míleata agus slándála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo mar ghobharnóirí cúigeacha a imríonn príomhróil maidir le comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí rialaithe sluaite ag fórsaí speisialta póilíneachta, ag mílíste Basij agus ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (Islamic Revolutionary Guard Corps) (IRGC).

    Tá cur síos cuimsitheach déanta cheana féin ar na sáruithe follasacha tromchúiseacha ar chearta an duine atá déanta ag LEF, amhail lámhach neamh-idirdhealaitheach agóideoirí síochánta le harmlón beo, lena n-áirítear leanaí, ó cuireadh tús le hagóidí a bhain le bás Mahsa Amini, agus a thosaigh i lár mhí Mheán Fómhair 2022. Fuair os cionn 70 agóideoir bás agus gortaíodh na céadta go dona, leanaí san áireamh. Ó thús na léirsithe, tá an iliomad cosantóirí agus iriseoirí ar chearta an duine coinnithe go treallach ag na fórsaí póilíneachta. Mhol Vahidi go poiblí freisin cur chuige fíordhian i leith daoine a ghlacann páirt sna léirsithe.

    Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

    14.11.2022”


    Top